Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

Duanaire Finn

Author: [unknown]

File Description

Gerard Murphy

Electronic edition compiled by Emer Purcell

proof corrections by Hilary Lavelle, University of Ulster at Coleraine

Funded by University College, Cork and
The HEA via the LDT Project. and
The IRCHSS via the Digital Dinneen Project.

2. Second draft, revised and corrected.

Extent of text: 45430 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork
College Road, Cork, Irelan—http://www.ucc.ie/celt

(2006) (2008) (2011)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402562

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Copyright for the printed edition rests with the Irish Texts Society. The electronic edition was compiled with the kind permission of the copyright owner.

Notes

You can purchase the book containing this text via the ITS website (http://www.irishtextssociety.org/). Click on the link to the RIA shop.

Sources

    Manuscript sources
  1. Dublin, University College L, OFM, A 20; (1626–7); 230 folios; paper (olim Fransciscan Library Killiney). The manuscript also contains a version of Agallamh na seanórach. The scribes are Niall Ó Catháin (writing in Ostend and Louvain in 1626–1627) and Aodh Ó Dochartaigh writing in Ostend in 1626–1627. Aodh Ó Dochartaigh is the sole scribe of Duanaire Finn. Captain Somhairle Mac Domhnaill of Clann Domhnaill of the Route in County Antrim commissioned this collection.
    Further reading
  1. Edmund Crosby Quiggin, Prolegomena to the study of the later Irish bards, 1200–1500 (Oxford 1911).
  2. Eleanor Knott, An introduction to Irish syllabic poetry of the period 1200–1600: with selections, notes and glossary (Cork; Cork University Press, 1928).
  3. Gerard Murphy, Duanaire Finn III: additions to Addenda and corrigenda, Éigse 8 (1956) 168–171.
  4. Eleanor Knott, Irish classical poetry: commonly called bardic poetry (Dublin 1957.
  5. Osborn J. Bergin (ed), Irish bardic poetry, ed. David Greene & Fergus Kelly (Dublin 1970).
  6. Katharine Simms, 'Bardic poetry as a historical source'. In: T. Dunne (ed), The writer as witness (Cork 1987).
  7. Paul Walsh, 'The books of Captain Sorley MacDonnell', Irish Ecclesiastical Record, 5th ser., 30 (1927), 337–51, 561–68; repr. in Paul Walsh, Irish chiefs and leaders (Dublin 1960), 110–141.
  8. John Carey (ed), Duanaire Finn: Reassessments, Irish Texts Society Subsidiary Series, 13 (London: Irish Texts Society, 2003).
    Editions
  1. Gerard Murphy (ed.), Duanaire Finn. The book of the lays of Finn, Part 2
    The edition used in the digital edition
  1. Duanaire Finn. The book of the lays of Finn, Part 2. Gerard Murphy (ed), first edition [xvii + 409 pp.] London (1933) Irish Texts Society. Irish Texts Society [Cumann na Scríbheann nGaedhilge]. , No. 28

    Notes

    This edition is part 2 of 3 editions of the text; Eoin MacNeill, Dunaire Finn, part 1 (London: Irish Texts Society 1908) and Gerard Murphy, Duanaire Finn, part 3 (London: Irish Texts Society 1953).

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

The present text represents even pages 2–408 of the volume. All editorial introduction, notes and indexes have been omitted.

Editorial Declaration

Correction

Text has been proof-read twice.

Normalization

The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is tagged sup resp="GM". Expansions to the text are marked ex.

Quotation

There are no quotations.

Hyphenation

The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation

div0=the poem book; div1=the section; stanzas are marked lg; metrical lines are marked.

Interpretation

Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles. Such encoding is envisaged in a future edition.

Canonical References

This text uses the DIV1 element to represent the section.

Profile Description

Created: By the scribe Aodh Ó Dochartaigh. The work was commissioned by Captain Somhairle Mac Domhnaill of Clann Domhnaill of the Route. Date range: 1626–1627.

Use of language

Language: [GA] Text is in Classical Modern Irish.
Language: [LA] Notes are in Latin.
Language: [EN] Editor's notes are in English.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G402562

Duanaire Finn: Author: [unknown]


p.2

    1. Sgríobh sin a Brogáin sgribhinn
      do comrádh fhírgrinn fheassach
      ní d'imteachtoibh mic Cumhaill
      do fhulaing mor ttaom ndeacrach
    2. Eisdeacht ré n-abair Oissín
      do comrádh roimhín ríoghlan
      ní chúala ón cheithrinn chródha
      sgél budh cora 1 do sgriobadh
    3. Innis a mheic na flatha
      do glór bhlasta is beag mbréige
      sloinn duinn go milis milla
      sgéla fíora na Féine
    4. Innis duinn gan dol seacha
      narab é in freagra failleach
      cía fath fa ttucadh Caoílte
      ar fhear sgaoílte na sgainnear
    5. Teagmit lá ar Lúachair Deaghadh
      da ceathrar cródha in buigean2
      móirsheisear dhúinn mun airdrígh
      ionmhuin dream airdmhín fhuilteach
    6. Meise is Daolgus is Díarmaid
      tríar fuair a ffíanbhoith fulacht
      tri mic Áonchearda Berra
      Finn féine is mac Lughach

    7. p.4

    8. Gairit duinn ar in tulaigh
      cían bhus cumhain an sgélsoin
      go ttainic sa magh 3 fodbhán
      óglach morard ar enchois
    9. Iongnad ionnioll an óglaigh
      togbhamaíd airm re a fhaixin
      trí lamha leis ar lúamhain
      gné in ghúalaigh ar 'aghoidh
    10. Áonchos faoí ar lár in tsléibhe
      don beinn go chéile chugainn
      áonshuil a cclár a edain
      'sé a feghain mheic Cumhaill
    11. Ní raibhe acht áonleim dhosan
      tar gach ngleann ffodbhán ffasaigh
      ní roicheadh dhó acht ar eigin
      bord a edaigh4 tar a mhásaiph
    12. {MS page 51a}Léine do chíarsnaith chasda
      ionar lachtna is rúadhbrat
      cochall mór ciordhubh cíartha
      do sheiche fhíadha ar a úachtar
    13. Mo na lán duirn gach milidh
      'na chois mhóir dhírigh dubhguirm
      fuide nó crann gach sleighe
      ó a ghlúin go roiche a modharn
    14. Ceinnbeirt don cochall cetna
      fan maoíl ghlesta mar ghúalach
      ba lór do gabadh dhúine
      sgath a laime 'sa ghruamdhacht

    15. p.6

    16. Ar tteacht dhó ar in tulaigh
      adubairt ar ttoigheacht chugainn
      gur beannachaid na dée
      duit féin a mheic Cumhaill
    17. Gur bheannachsa ar Fionn feinnidh
      cía tú a énfhir nach aithnighim
      innis duinn bar n-ainm bunaigh
      a fhir go gculaidh gcroicinn
    18. Lon mac Liomtha mh'ainm baisde
      rug mé ar aisde gach céirdi
      is mé is ollamh gabhonn
      ag rígh Lochlann sa Bheirbhe
    19. Líomhthach óg inghean Bholcáin
      nírb olc a conách cloinne
      ní mairg fear fuair mo mháthair
      rug mé 's mo brathair eile
    20. D'iarraidh coimreatha cubhaidh
      tanac chugaibh ón Bheirbhe
      adeirid is lúath sibhsi
      a dhream is clisde ceirde
    21. Geis oirbh is troigh mhná troghain
      a lucht thosaig gach teannta
      muna leantaoi bhar n-ochtar
      me go dorus mo cheardcha
    22. Lingidh uainn mar ghaoíth n-earraigh
      ag dol tar beannaibh sleibhe
      gur leabamar é in uairsin
      beagán d'úaisliph na Féine

    23. p.8

    24. Do leathtaoibh Lúachra Dheaghaidh
      seach dhorus Bhealaigh Luimnigh
      tar slíabh Oigidh tar Eachtghe
      glúaismit ar gceitri buídhnibh
    25. Buidhean dhíbh sin in gabha
      cach go fada 'na íairnéis
      aga mhór aige ó Dháolghus
      Fionn 'na aonar 'na ndíaighséin5
    26. Díarmaid & mac Lughach
      feadh tri ttulach 'na ndeaghaidh
      meise is tri mic in Cearda
      'nar mbuidhin chalma cheatrair
    27. Tré Mhagh Maín tré Mhagh Maine
      cían uainn d'aithle ar tturuis
      {MS page 51a}a gceann Mhoighe mhóir Mhéadhbha
      tar Áth Bearbha tar Mucais
    28. Laimh re feart Fraoích mhic Fidaigh
      nírbh é in siubhal nár sháothrac
      tar Gleann Cuilt is tar Cruachain
      ann sin do lúathaigh Dáolghus
    29. A Magh Luirg síos go Séaghais6
      beirmit cheana ar a chéile
      do-chúaidh in gobha is Daolghus
      uainn a máolchnoc Chinn Sléibhe
    30. Teagmaoíd ucht ar Úaimh Chorainn
      ceachaing romainn bar Dáolgus
      fuirigh go foill a ghabha
      ní ragha asteach at áonar

    31. p.10

    32. Tíaghaid ar áon san úamhaidh
      Fionn ga ffúabhairt go fearrdha
      fúarattar builc da séideadh
      fuarattar cré is ceardcha
    33. Inneóin is uird ga mbúaladh
      lé trénbhuinne lúath lasrach
      seacht ccloidhme leó arna síneadh
      'na mbróinibh dirge dhata
    34. Ro ráidh Lon féin ga ttoghdha
      risin sgoil ndorrdha n-adhbhoil
      mo chuidsi so 'na hénor
      gan denamh dona harmoibh
    35. Cuiris teanchoir fon teallaigh
      togbhais lía ceithre ndromann
      do-rinne in gabha is Dáolghus
      urlaighi fháobhrach udmhall
    36. Da ord mora ag in ghabha
      & teanchair thailc tháobhglas
      tri lamha leis ga ffreastal
      is maith do freagair Dáolghus
    37. Do-níd lann crúaidhghér crithreach
      fa maith biseach ré búaladh
      feadh duirn dhi gan da fháobhar
      'na buinne caomhghlas crúadha
    38. Teidhis re cneas na ceardcha
      Dáolghus ba teann a throda
      ba deirge na gúal gartha
      a shnúadh d'aithle na hopra

    39. p.12

    40. Do ráidheastar na gaíbhne
      ba lór gairbhe is grúamdhacht
      cía in fear caílti gan time
      shíneas in tinne crúadha
    41. Ro ráidh Fionn aga ffreagra
      fear gach ceisde do sháoradh
      budh hé sin a ainm choídhche
      Caoílti da rádh re Dáolghus
    42. Ag sin dhaoíbh mar do baisdeadh
      maith a gaisgead[lsqb ]h[rsqb ] 's a gniomhradh
      Caoílte leis nár ghnáth éra
      cóir a sgéla do sgriobadh
    43. {MS page 52a}Fritheóiltear ar Lon láidir
      in coinneamh tainic chugainn
      dentur teagh lóghmar leaptha
      bhus cneasta do mac Cumhaill
    44. Tabhraidh dhóibh féin dha ttaisgidh
      lúach an aistir gach aoinfhir
      do fhreastal catha is comhlainn
      sleagh is gormlann go ffírnimh
    45. Leigidh dhamhsa Fionn fosaigh
      do-bher dhó coingir chatha
      sleagh dhíreach sleagh roidhíreach
      is cloidheamh fírdheas fada
    46. Tugaid dhuinn na hairm shénta
      tar éis a ndénta in úairsin
      ocht ccloidhmhe is naoí sleagha
      ór mhinic cneadha a crúaidhneinmh

    47. p.14

    48. Mac in Luin lann mhic Cumaill
      do chuir ar fulang feóil daoíne7
      in Drithlinn ag Diarmaid drechtach
      in Crechtach lann chrúaidh Chaoílti
    49. Fead & Fí is Fosgadh
      mór gcoscar riam rom-cuirseat
      cloidhme triar mac in Cearda
      mor tteannta riam ro-dhluighseat
    50. Ag so um laim Gearr na cColann
      do bhíodh toram a ttrodaibh
      an Échtach ag mac Lughach
      ba subach ar ceann chosgair
    51. Ba maith ar n-édach dubhdhonn
      ar gceól n-én cclumdhonn gcochlach
      um trath eirghe arna mhárach
      dhúine ba sasadh colla
    52. D'eirge ghréine arna mhárach
      ar slíaph langhlan Lúacra
      ba maith ar lanna léapra
      ar sleagha reamhra rúadha
    53. Is ionnsa críoch go foircionn
      ar in slúagh foiltfhionn fhíorghlan
      a sgríbhneóir peinnghil Pátraic
      is mairg tarraidh a sgríobadh

      SGIOBH [sic]


p.16

    1. Fiafraighis Patraic Macha
      d'Oissín mac na flatha
      cía tír dot athair a fhir
      don Mumhain no do Laighnibh
    2. Is mé inneóssas duit sin
      a Tháilghinn a thairrngeartaigh
      in tír ó a ttigid na fir
      clanna Baoísgne meic Deaghaidh
    3. {MS page 52b}Lios Beag ainm in leasa shíar
      a n-Uibh Badhain mhóir na ffían
      is as do geineadh Fionn fáidh
      mh'athairsi is athair Fhaoláin
    4. Ba Lios Beag ainm in leasa
      inar8 geineadh fáidh feasa
      ro chinsead go fíor na fir
      ó chlannoiph dísle Deaghaidh
    5. Fionn mac Cumaill go lí ccroth
      meic Baoisgne meic Fir dha Roth9
      meic Cuinn mhic Garaidh go ngoil
      meic Daire dhuinn meic Deaghoidh
    6. Ceitri mic Dáire go ngoil
      feirdi in tír ar gheinstair
      Cú Rí ba ri ar gach tír shoir
      Baoisgne Fiachaidh is Eochaidh

    7. p.18

    8. Cu Rí mac ba sine dhibh
      is Baoísgne a ndeaghaidh Chon Rí
      Fiachaidh ba foixe dhó sin
      & Eochaidh 'na dheaghaidh
    9. Mac Baoísgne Garadh na slógh
      mac do Garadh Conn cathmór
      mac Cuinn Fear da Roth nar ffoil
      is mac d'Fior da Roth Trenmór
    10. Mac Trenmhóir Cumholl na ccath
      mac do Cumall Fionn fathach
      mac don Fionnsin mé budhdhéin
      ionnsa mo bheith for micheill
    11. Ag sin mar deaghlaid na fir
      ó Dháire dhonn mac Deaghaidh
      gan mo spéis a cceól go lí
      tar éis na cceól ad-chluintí
    12. Dén re Críosd mo dháil go grod
      ní fuil acht mh' iasacht agad
      do líon cumha mo croidhi
      d'eis na ccuradh fiafraighe
    13. FIAFRAIGHIS


p.20

    1. A Lorcáin mheic Luighdheach láin
      meic Brenoinn bhaíth mic Baodain
      an ní día ttá Dún nGáire

      sam eólach 'na tromgháire
    2. Inghean do bhoí ag Dubh mac Duinn
      dar comainm Daolach dioghainn
      carais Fionn na ffían ffearrdha
      an inghean fhíal inneallda
    3. Cuiris eachlach d'iarraidh Fhinn
      feacht día mbádhmar a cCroimghlinn
      do lodmar as go Beinn mBroin
      da hiarraidh ar a hathair
    4. {MS page 53a}Trí céd láoch go ngniom ngrod
      lodmar atúaidh dia tochmharc
      fúaramar earradh gach fir
      an oidhchesin ón ingin
    5. Ba maith leisin ingean uill
      is ba maith le mac Cumhoill
      an toisc tangamar dia tigh
      & ba maith lé a mhuinntir
    6. Ro ráidh Dirraing mac Doghair
      & nochar rádh fholaigh10
      do-gephthaoi congal is cath
      isin maidinsi amarach

    7. p.22

    8. Adubairt Fionn flaith na ffían
      a Dirraing mic Doghair shíar
      cía eidir ar tír ar tuinn
      chuireas iomarghal eadroinn
    9. Clíabhach ri Coinceann coir
      gabhus a tTraig Inbeir11 Móir
      ar tteacht co dún Beinne Brain
      isse chuirius an iorghail
    10. Ann sin ro ráidh Duph mac Duinn
      go molbthach re mac Cumhaill
      dingébhsa in loingius lán
      dia ngabhaid sa tracht ttonnbhán
    11. Eirgis uainne Dubh mac Duinn
      tri c[h]éd deaghláoch druim ar druim
      gabhaid seachnóin na fairrge
      go srothaibh criche Cairbhre12
    12. Do gapsat Coinchinn chrúaidhe
      fa Cliabach go mét n-uaille
      leigid airgne síar is soir
      fo sliabh Colláin meic Crimthain
    13. Teagaid laimh re traigh atúaidh
      tri mhíle Coincheannach crúaidh
      ro marbhsat ar maidin Dubh
      cona muinnteir 'na ccodladh
    14. Tuitis sís isin sruthair
      Dubh mac Duibh óir ba duthain
      ó bheith da corp sa ghlaisi
      do lean ó Dhubh Dubhghlaisi

    15. p.24

    16. Teagaid íar sin go Dún mBrain
      leigit trí garrtha gabhaidh13
      ro lean don dún Dún nGaire
      od-ratsat trí tromghaire
    17. Cuirid fir ar fud fairrge
      go rainic Ceann na Cairrge
      gur gabh cách ceann a chéile
      a ttracht Oirir Uirshleibhe
    18. Teilgis Clíabhach cleitín cruinn
      tre slogh meic Mórna in mórghluinn
      nir fed coisceim seacha sin
      rob áil le cách é d'oighidh
    19. {MS page 53b}Ro theilgsean cleitín eile
      go Fionn do budh sgél sgeile
      go ttorcair Fionn Failbhe
      d'fuiliugadh a áonlaimhe
    20. Teilgis in treas cleitin cuir
      go ro marp Glas mac Ingair
      go ttorchair Glas a Moigh Mhaín
      do leathtaobh Droma Deargchaín
    21. Do riacht mac Lugach Lágha
      go lúath docom14 na tragha
      go ttorchair Cliabach sa ghleó
      do comrac Gaíne ghairgbheo
    22. Do marb Torcán & Tarbh
      ro marb Garbhán & Garbh
      do marbh Labraigh is Leasgor
      ar áon Maolán & Measgor

    23. p.26

    24. Marbhuis tri cháoga sa cath
      don mhanaoís moir meic Lughach
      ba hainm don láoch ag cur cleath
      in lásin Cáol crodha cedach
    25. Tucadh leis ceann Cliabhach cruaidh
      go Fionn a ffíadhnuise in tsluaigh
      agus fagbais 'na luidhe
      ag mac Cumaill Almhaine
    26. Adhaig is Uath is Uath
      a gcomlann ba brúach ré brúach
      na trí galgada gábhaidh
      ro marbh Faolán fíorlamaigh
    27. Torchair lé Faolán mac Finn
      Accais & Ágh is Éislinn
      Corrán in ceatramadh con
      rodus-marbh Ailbhe a áonor
    28. Torchair Troma sa tráigh shiar
      lé Dubh Dromán nar bhó dían
      gin go ttainic slán da tigh
      marbh Dubh Dromán doiligh
    29. Ro mharbh lucht na ccenn gcon
      a marbadh ba mór in modh
      fearrdorn a ffiacoil gach con
      lán glaice laich na timcioll
    30. An cathsin tuc Fionn fearrda
      & Coinchinn ceanngarbha
      ní tucsat cath 'na deaghaidh
      acht cath Átha Breó a mBreaghoibh

    31. p.28

    32. Do bhui Dáolach 'na deaghaidh
      ag mac Cumhaill airmleabhair
      gur baithead[h] ag snámh in bhean
      a Moigh.Aird in da Inbhear
    33. Do lean Aidhne d'Aidhnidh shoir
      do lean Dáolach do Daolaigh
      bean Finn & a hingean
      atáid sonna a dhá n-inbhear
    34. {MS page 54a}Do rad Fionn a bheannacht mbúain
      do Cháol crodha ba mait búaidh
      tré bheannachtain fhire Finn
      tarraidh creideamh in Táilghinn
    35. Díarmaid úa Duibhne is Cáol
      is Oissín mac Finn fíorcháomh
      ag lámhach ar tír ar tuinn
      nír teilgseat urchar n-imruill
    36. Gach ní do teilgeadh Caol cas
      ro gonadh é go hamhnus
      ní bhlaiseadh bíadh no beathaid[h]
      ar in talmain tromleathain
    37. Ingean Ábhartaigh fuiligh
      cedsearcus Caoíl chédghuinigh
      do rad in sleigh mbric mbreachtaigh
      do Cháol ina cédsearcaibh
    38. Coicc lamha Chaoíl ina crann
      triocha urlach na hiaronn
      do budh bláith áluinn a halt
      tuilleadh 'na dhorn15 duthracht

    39. p.30

    40. Duthracht Duirn buidhe bhúadhach
      a hainm a ghaoís anúabhar
      Duthracht sleagh Abhartaigh finn
      do lean a hainm don abhoinn
    41. Mar do ghlantaoí in ga glas
      a hInbear in da Eachlus
      do bhí an sruth mear amoigh
      ina dhíaigh go dearg ón fhuil
    42. Sabharn tuc in brat bladhach
      do Cháol crodha comramhach
      tug inor ingantach leis
      nach gontaidhi faoí no thaireis
    43. Sábharn ba bean bhunaidh
      do Caol mor asin Mumhain
      is hí dus-rad Cáol gan chloinn
      trena sidhe sa sabhrainn16
    44. Marbh Caol re cois Patraic féin
      thuaidh isin Midhe moighreidh
      gur adhnacht a cCrosaibh Caoíl
      mac Lughac[h] ann da leathtaoíbh
    45. Is misi Feargus féine
      fada dam tar éis na Féine
      ro chosnus mo chuid don tráigh
      sa lathairsin a Lorcáin
    46. A LORGAIN


p.32

    1. A Oisín cía in feart dona
      ga ffuil in luige fada
      sloinn duinn a seanóir gan oil
      cía in feart ós na feartoibh
    2. Cía in feart do claidhead go mór
      a Oisín go n-imad slógh
      a fhad is méd a luighe
      uime atú da fhíafraighe
    3. {MS page 54b}Cía in làoch ro hadhlaiceadh ann
      a mheic Finn nar ob comhlann
      sloinn duinn a seanóir ma-le
      fearr leinn na comradh eile
    4. Leasc liom a innisin duibh
      lomlán mo clí día cumhaidh
      in líon slóigh ro torchair ann
      d'fíanoibh Alban is Eirionn
    5. Na habairsi sin a fhir
      a Oisín a fhir eólaigh
      rachaid sloigh in beatha búain
      a fhir áitheasaigh armrúaidh
    6. Treig do cumha creid budhdhéin
      a mheic Finn ba láochdha leim
      gaph creidiom cóir gan séna
      tug dot úidh na soisgéla

    7. p.34

    8. A Patraic an rim anois
      go ffreagrainn ar fhíafraighis
      go sloinninn a chleirigh cháidh
      cía dar claoídheadh an feartán
    9. Feart Osgair mhic Garadh fhéil
      feart fhir aitheasaigh airmghéir
      feart laoích go n-iomat ttreideadh
      feart curadh feart fírfheindeadh
    10. Feart laoích do chuireadh catha
      is do commbriseadh craoíseacha
      feart airdrigh go ngniom tréinfhir
      feart mic Morna moirfhéindidh
    11. Ata uirsgél agam dhuit
      a Patraic día mbeantar cluig
      ar sluaghoibh Teamra gan fheall
      's ar fhíanoibh aille Eireann
    12. Smúainis mac Cumhaill gan on
      airdrigh oireagdha Almhan
      an cuimdhe ceann na n-uile
      athair teann na trocaire
    13. Glúaisis día oilithre uainn
      mac Muirne gusin morbúaidh17
      is tri cháoga láoch gan ceilg
      do mhuinntir Fhinn faobuirdeirg
    14. Is é ba tigearna ann sin
      a nEirinn álainn iúbhraigh
      fear borb brighmor um creachoibh
      Cairbre líonmar Lifeachair
    15. Meisi i n-ionadh Finn fhearrdha
      anm tríath is am thighearna
      ba hé ar ttinol riogdha in reim
      tri rúadhcata do roifhéin

    16. p.36

    17. Meisi & Caoílti na ccath
      Osgar & mac Lughach
      Goth Gaoíthe do beireadh búaidh
      is meic eile Chaoilti crannrúaidh
    18. {MS page 55a}Domhnall mac Caoílti rom-car
      & Téghmall tren talcar
      Colla mac Caoílti ní chél
      is in fear fírluath Faoíllén
    19. Baí ag Caílte cumhain leinn
      ceathrar eile nach airmhim
      fir do ládh tossach goile
      laoích nár obtach n-irghaile
    20. Fionn mac Breasail fa borb dhe
      & Fionn bán úa Baoísgni
      Dolbh Sgéine ba fear go neimh
      & Feargus fírfhilidh
    21. Áodh mac Finn ba fear go cceill
      & Faolán a mhacséin
      Baoísgne mac Finn fear go rath
      & in Dearg deigheanach
    22. Dís oile ba hionmhain liom
      do cloinn Bhaoísgni na mbeimionn
      fa borb a mbrosgor 'sa mbrígh
      dá mac Osgair mic Oisín

    23. p.38

    24. Dursan leam aireamh a láoch
      's a fféindeadh ffuileach ffíorgháoth
      le himat a ttaoísseach ffían
      tan do biodhmaois ar áonrían
    25. Laithe duinn ina díaigh sin
      a nAlmhain a n-ibhthe miodh
      a ndún mheic Cumhaill na ttreabh
      ag ól is ag oirfideadh
    26. Glúaisis teachta go hAlmhain
      mac Corbmac in t-óg angbaidh
      d'iarroidh chomhadh ar in fféin
      nó a mbeith uile dhá mhíréir
    27. Ann sin fuighlimsi gan fheall
      ré teachtoibh airdrigh Éireann
      sloinnidh bhar ttosga gan oil
      ó Choirbre lonn Liffeachair
    28. Seilg Eirionn do leigean dó
      do rí Teamhra nar chan gó
      gan lúadh ciosa ó sin amach
      nó go ttoir an brath bráonach
    29. Adubairt Osgar amhra
      ba hé in milidh mor calma18
      sealg Eirionn ní tiubram uainn
      do Cairbre coscrach crannrúadh
    30. Ro ráidh mac Lughach go lúath
      do-dhenam tabach tréntúath
      sealg Éirionn do-ghéntar linn
      nó go ttigidh mac Cumhaill

    31. p.40

    32. Cuirmitne teachta go fíor
      go mac Cormaic aibhlibh gniomh
      go Teamraigh nach treabhdaoís groidh
      a mbíodh Cairbre Liffeachair
    33. {MS page 55b}Innisit sgéla gan fheall
      na teacta d'airdrigh Eirionn
      fograid cath ogal eangach
      for Cairbre na claoinTeamrac
    34. Tinóilis Cairbri na ccreach
      colamhain teanna Teamhrach
      timairgis Laíghneacha19leis
      is slúagh Cruachan go coimhdheis
    35. Cruinnigit Ulaidh Eamhna
      fa Cairbri chosgrach Chearma
      ba hé a ttinól líth nár lag
      seacht gcatha fráochdha ficm[h]ar20
    36. Do-rónsam comairle chrúaidh
      Fíena Eirionn a n-énúair
      cath do tabairt gan chairde
      do rígh Eirionn imairdhe
    37. Cuiris teachta go hAlbain
      mac Cormaic in t-óg angbaidh
      go hOsgar mac Garadh fhéil
      fa borb cosgar a caithréim
    38. Maith do freagradh ag Osccar
      teachta in rígh od-chúalastar
      triallaid tar in ffairrge ffúair
      deich ccéd do ghléire ghlanslúaigh

    39. p.42

    40. Rainic roimhe go Teamraigh
      Osgar mac Garaidh ghreadhnaidh
      rí Teamra ó nach fúair ann sin
      tainic roimhe go Gabhair
    41. Níor airigh airdrigh Teamrach
      an t-óg alainn ildhealbhach
      nó go ffacaidh sa ffaiche
      deich ccéd curadh cóirighthe
    42. Láoch rompa ba ríghdha réim
      mac Garadh an airm aithghéir
      dhó ro budh comainm Osgar
      nír b'fearr láoch um thúarustal
    43. Eirghis in rí 'na aghaidh
      mac Cormaic chrúaidh chostadaigh
      fearais fáilti fris gan fheall
      suidhis ar deis righ Eirionn
    44. Inbhaidh dhuit do ló bádha
      ro ráidh Coirbri go dána
      do tabairt leinne ma-lle
      a n-aghaidh Fhinn Almhaine
    45. Ní mhair a Osgair re headh
      acht tríar calma curadh
      nachar thuiteadair uile
      le cloinn Bhaoísgne bharrbhuidhi
    46. Cuimhneóchadsa dhuitsi sin
      a rí Éirionn go móirneimh
      a Chairbre chóir gan anadh
      dhóibh treisi na tromfhaladh

    47. p.44

    48. {MS page 56a}Ro ráidh rí Uladh go rath
      Áodhan angbaidh anghlonnach
      cubhaidh bar ccomlann ma-le
      tú féin 's a' t-Osgar eile
    49. Glór nár bh'ionráidh dhuitsi é
      a rí Uladh go gcaoímhgné
      ni imtigh talmhain na ttor
      láoch budh ioncomlainn d' Osgar
    50. Do-bersa briathar oile
      a rí Eamhna íathghloine
      nar gabh sgíath no cloidheam corr
      láoch da seachonainn comhlann
    51. Gairit ro bamar ann sin
      a mheic Carploinn a chléirigh
      nó go ffacamar san magh
      deich gced catharmach curadh
    52. Láoch rompa go sgeith ccorcra
      go n-earradh sáor somholta
      go lúirigh ffirthréin ffearrdha
      go gceinnbeirt óir oireaghdha
    53. Go sleig rinnghasta roiréidh
      go lainn ffada ffaobairghéir
      fogha cóir is ceis oile
      baí a laim in cathaighe
    54. Ba hé sin in láoch fuileach
      mac rígh Lochlann lúathghuineach
      for tteasdaibh tainic ó a thigh
      on Bheirbhe bháinghlain bhothaigh

    55. p.46

    56. Fostaighim Osgar go ngráin
      is mac rígh Lochlann d'enlaimh
      mo-ghenor tríath ga ttarla
      dá dheich cced curaidh calma
    57. Mac rígh Lochlann ba lonn goil
      geallais diongbháil meic Garaidh
      mor in feidm freagra d'Osgar
      fear a theasta um tuarustal
    58. Cuirthear linn a chleirigh cáidh
      ar moigh Gabhra go morgráin
      sonn sgíath is geirreann nár mhín
      um tríath Eirionn 's um Oisín
    59. Tiagmaid a cceann a chéile
      ba curata ar ccoiméirge
      leigmit tri gáire cinnte
      go gclos íatt a ffirminnte
    60. Diubraicmit ar a chéile
      ba curata ar ccoiméirge
      teascmid dar lannaibh leabra
      ar lúireacha loinnearrdha
    61. Ba hiomdha sgíath 'na blodhaibh
      ar moigh Gabhra graineamhail
      & corp go gcrechtoibh21 dhe
      ó ar n-eachtaibh22 ar a chéile
    62. Do radsam torannchleas teann23
      sinne is muinntir rígh Éirionn
      nir sguiriomar don treas te
      gur dithaigh cach a chéile

    63. p.48

    64. {MS page 56b}Tucc céim cruadh as ar n-ucht
      mac rígh Lochlann na longport
      cona deich gcéd curadh cain
      re gaisgeadh ré gnathiorgoil
    65. Ro marbh céd gacha cearna
      sa cath cródha choimhfhearrdha
      tainic fein 'na chró catha
      mac úasal an ardfhlatha
    66. Od-chlos sin d'Osgar uallach
      an cur calma catbhuadhac[h]
      freagruis mac Garadh go lonn
      mac rígh loingleabair Lochlann
    67. Saitid do chur in catha
      an dís curadh comhfhlatha
      corcraid a sleagha ma-le
      a ngeilchneasoibh a chéile
    68. Nochtaid a lanna liomtha
      an dís crodha coimfhíochdha
      ar sgaoíleadh a sgíath mballghlan
      mairg tarraidh in chathirghail
    69. Ba hé sin in brath fíre
      cía comlann rob ainmín[e]
      dar thuit mac rígh24 Lochlann lir
      do laim Oscair mhic Garaidh
    70. Deich gcéd na Lochlannach lonn
      ro thuitseatar bonn ar bhonn
      le deic ccéd mic Garadh ghloin
      nochar chabhair dar bfíanoibh

    71. p.50

    72. Tug a aghoidh oirne dream
      deaghmac Garaidh na ngéirreann
      nir gabhadh ris ríoghdha in reim
      gur dhithaigh pairt dar ngnaithfhéin
    73. Dearcuis Osgar eile air
      ag sloighe in chatha crechtaigh
      tig 'na chuinne anba in gnimh
      deaghmhac aitheasach Oisín
    74. Od-connairc mac Garadh fhéil
      díanreim Osgair go míchéill
      leigis úadha coscar cháigh
      ar Osgar mhór do dhingbháil
    75. Tucsat ann sin beim ar bheim
      in dís curadh ba coimhréil
      tollaid da sleagoibh seacda
      a sgeith aille óirgreanta
    76. Fuaim a lann ba laochdha in troid
      cían ó ionadh in comhraic
      's a gcroidheadha ag rodháil reann
      ag gearradh chnamha is chathbharr
    77. A Patraic ni dearnadh ríamh
      a ffogus nó a n-eidirchían
      ní dingentar go la in Lúain
      a measraightear na morshlúaigh
    78. Sochtaid fir Eirionn uile
      ag eisteacht re a n-urluidhe
      no gur tuit mac Garadh gloin
      do laim aitheasaigh Osgair

    79. p.52

    80. {MS page 57a}Ata liom do mheabhair ghloin
      deich gcéd meanmnach mic Garadh
      gur chuir Osgar go roghrod
      a gcoscar 'sa gcrúadhchomhrac
    81. Eirgis fearg adhbhal ann sin
      íar cciorrbhadh a chuirp choimhghil
      a gcoinne rígh Eirionn áin
      robudh deacair a n-eadráin
    82. Timceall in cro catha
      is teaghlac an ardflatha
      gur chuir ár in catha crúaidh
      ag rochtain Cairbre crannrúaidh
    83. Togbhais Cairbri in sgíath uallach
      's an lann breachtach bhithbhúadhach
      togbhais in da sleigh go neim
      a n-aghaidh Osgair échtaigh
    84. Léigid úaidhi in sleigh seadhmhair
      go mac Oisín úirfheadhmaigh
      go ndeachaidh thrid in tsleigh theann
      corp in churaidh gur chróighearr
    85. Le hOsgar maith ro freagradh
      is urchur fuair airleagadh
      do theasc ceann Cairbre go neimh
      do bheim curata cloidheimh
    86. Od-connairc Oscar Eamhna25
      nach raibhe féin infheadhma
      téid dia choiriugadh mun ccath
      ar cholamhnoibh na Teamhrach

    87. p.54

    88. Deich gcéd is tri catha ar slúaigh
      ar moigh Gabra go mórbhúaidh
      ba hé ar ttinol ag teacht as
      fiche ced feindeadh foltchas
    89. Fada damh dia n-áireamh sin
      a mic Calprainn a chléirigh
      ag feitheamh a ffeart go ndath
      ar moigh goirtiomdha Gabhra
    90. Go riomtar gaineamh mara
      ar áon agus réltana
      ní haireamhtar trían a ttrín
      ar marb Osgar mac Oisín
    91. Creidim duit a cleirigh chaoímh
      a Patraic iodhain foltchaoímh
      is creidim do rígh neamhdha
      gurab é mo tigearna
    92. Barrán mac 26 Milidh don moigh
      Togán mac Dáire Breathnaigh
      tuitid in dís ba garbh goil
      do laim aitheasaigh Osgair
    93. Tuitis rí Uladh liom féin
      Áodhan aiteasaigh aigmhéil
      a los sgeith is chloidhimh chuirr
      ar lathair chatha is comlainn
    94. {MS page 57b}Ro thuit rí Laighean na learg
      lé hOsccar chruaidh cloidheamhdhearg
      tuitid láochraidh Laighean de
      le deaghchloinn chosgraigh Chaoílti

    95. p.56

    96. Ro bhásaidh Cairbre go neimh
      Forlámh mac fir Chuirb crechtaigh
      tri bronaibh27 do laimh Osgair
      le mac Garadh gormrosccaigh
    97. Le Barrán mac Milidh Mhúaidh
      taoth seacht mic Chaoílti crannrúaidh
      da mac Osgair réil go n-ágh
      do thuitseat fós lé Barrán
    98. Mór in gniom do-rónadh ann
      Osgar is airdrigh Éireann
      Art mac Cairbre líon a shlúaigh
      is Mac Lughach go lánbhúaidh
    99. Seacht meic Chaoílte ba garbh goil
      & Osgar mac Garaidh
      ro thuitseat ba borb a mbrigh
      's da mac Osgair mhic Oisín
    100. Da mac rígh Laighean na long
      ro thuitsead tra bonn ar bhonn
      mac le hOsgar ba garbh gnímh
      is mac eile le hOisín
    101. A OISIN


p.58

    1. An seisior
      tríar a ttigim ar deisiol
      triúr frithir fallsa focham
      is triúr coirpseang cnisgeal
    2. An deacair
      is isi a' bhean rom-tachair
      taibhseach sliocht a dhá gegbhonn
      ní hettrom mar a saltair
    3. An tsuirghe
      macamh meallta gach buidhne
      gerb annsa í na in t-anam
      agam ní ffuil a cuimne
    4. An réidhe
      mo-chean neach diarab céile
      dhi ríamh ni deachaidh rogha
      fearr ina gach togha sbreidhi
    5. An eigion
      pudarlach ó ló in chéidfhir
      treisi naid mná na cruinne
      smacht uirre nochan éidir
    6. An mheanma
      ríoghan ur bhuilidh breaghdha
      gidh inmhain an bhean bhunaidh
      dhamh ó 'nuraidh ní tharla
    7. {MS page 58a}An chumha
      uimpe bhíd na bruit dubha
      ní mo-chean bean a léra
      ní híad a sgéla is llugha
    8. AN


p.60

    1. Clíabhán cuill cía do-róine
      innisidh a sheanóire
      & do-rinne cleas cuir
      agaibh ar tús ar énoibh
    2. An ccluineann tu a sheanóir thall
      an ceist a chuireas in Táilgheann
      innis mar is aithnidh dhuit
      an cheist ad28 chuireas Patraic
    3. Laithe n-áon día raibhe Fionn
      ar sliabh Lúachra na láinghlionn
      go ttarla sé ar leith on fhéin
      tri fichit láoch go láinmhéin
    4. Ro bhádhmar gin gur threórach
      go neamhshadhal aineólach
      fa cheó ndraoítheachta ndoirche
      nó gur chinnseam comhairle
    5. Silleadh da ttug thairis síar
      Finn mac Cumhaill flaith na fFían
      ad-chí óglach ard aistreac
      go n-earradh ndearg ndeaghmhaiseach
    6. Do bhaí ar deaslaim in fhir mhóir
      cliabhán dathalainn deargóir
      do ghabhadh mar budh mian lais
      a ngabadh d'énoibh thairis

    7. p.62

    8. Sa ttulaigh ttaobhálainn ttruim
      tainic in t-óglach chugainn
      is ro bheannaigh dhuinne tra
      do bríathraibh glesta glaná
    9. Día ttigthæ lim lín d'fheadhna
      a Fhinn na fFían ffiorchalma
      sean gach dighe do-bhér dhíbh29
      & nua gacha seanbhídh
    10. Ro eirgeamar súas go grod
      muinntir Fhinn na n-arm n-úrnocht
      gidh ar leas ni tainic dhe
      leinne nir leasg an eirghe
    11. Glúaisis romhainn in fear mór
      do leanamar é 's ba trogh
      go cathair Inbhir dhá Shál
      áit ar hinnleadh in clíabhán
    12. Ar ndol don fior mhór amach
      uainn tar dorus na caithrach
      comla ghairbhiarainn gan mhoill
      íadhais an uairsin orainn
    13. Seacht lo go n-oidhche gan bhíadh
      dhuinn sa chathraigh cladhard críadh
      {MS page 58b}gan aoínneach do teacht díar ffios
      do chían nó do comhfhogus
    14. Ar aithris in chliabháin chuir
      ar saith énaigh gach éinfhir
      do-rinne Fionn cliabhán cuill
      dhuinn nír seachmidh in fhoghluim
      go ffaghmaoís ón chliabhán chuir
      ar saith énaigh gach éinfhir

    15. p.64

    16. A gcionn seacht laithe mar sin
      tig mac Troghain díar fféghain
      do mheas sé nach rabhsam beó
      díer ndicheannad i n-énló30
    17. teagmaid aníar is anoir
      fa mac Troghain an úairsoin
      ar tteacht duinn uime go reacht
      nochar foghain do a draoíthacht
    18. Beiris Fionn uainn in fear dearg
      risséin ger adhbal ar ffearg
      & cuiris slán da thigh
      gin gur dheóin leinn a chleirigh
    19. Iocht is fearr do-rinne riam
      deaghmac Cumaill flaith na fFían
      fear dearg d'idhlacadh slán
      & sinne d'eadradhán
    20. Ag sin iocht do-rinne Finn
      a chleirigh na mbachall mionn
      an fear do i mbread gach n-ágh
      leis ro hinn leadh in clíabhán
    21. A Chaoílte gé atú go fann
      na leig leam31 día n-abair breg
      aoínneach budh commaith le Fionn
      in ffacaidh tú ríamh red32
    22. Fo a anam cona chorp
      acht gidh dubh anocht mo lí
      ni bhí commaith einigh Finn
      a nduine re a linn a cclí
    23. CLIABHÁN


p.66

    1. A Lía Thulcha Tuaithe shuas
      gus ttigdís curaidh go gcruas
      dainim da gach ergna33 uaiph
      narsat berla go mbithbhúaidh
    2. A n-us deach Gaoidhealg is glór
      & ciall bhuilidh blathmhór
      ag cur cúart fom chlí do chin
      gurab súairc ag seanchaid[h]ibh
    3. Na sgéla ro shirseam ort
      innis damsa rádh gan locht
      gacha nona lor do bhrath
      sgéla mora Mhic Lughach
    4. {MS page 59a}Os duinne féin tuc Dia dil
      ré a n-innisin ré a n-áirimh
      cía día mbeinn día séna ar seilg
      sgéla meic Dáire drechdeirg
    5. Dáire dearg mac Conaill chain
      mheic Oilealla mhic Eóghain
      issé sin athair airmhid
      ag Mac Lughach lánfháilidh
    6. Lughaidh roime d'agalloimh Fhinn
      Dáire a gCluain Oirrthir aoíbhinn
      tar gach ardbrugh gusan moigh
      suaill nach rainic go hAlmhaigh

    7. p.68

    8. An tan tainic Dáire donn
      bealach Gabhráin na ngarbhghlonn
      ro íadhsat uime ar in ngurt
      tri meic Rossa go rúadhfhult
    9. Teagaid ag fiefraidhe sgél
      do Dháire úasal airmghér
      ro ráidh ba hé Fionn fearrdha
      a tríath is a thighearna
    10. Ni hí so do conair chóir
      ráidhid meic Rossa romhóir
      issé in Fionnsin líth go ngoil
      ro bhássaigh ar seanathair
    11. Canaidh créd is maith ann
      ar Dáire mór na ccathbharr
      acht ar marbadh féin fír dhe
      madh hí críoch bhar ccomairle
    12. Ni iarrmaid comairle ar neach
      a óga tigidh d'einleath
      is fíor in fath gan aga
      's bar n-airm diomór difhreagra
    13. Trí nonbhair ro bháttar sin
      tri meic Rosa go roghail
      & nonbhar do Dháire
      ba hé líon a gcomhairmhe
    14. Tuitid tri meic Rosa réidh
      d'armaibh Dháire deirg budhdhéin
      gidheadh do marbadh uile
      muinntear Dháire dhúalbhuidhe

    15. p.70

    16. Innisidh a sgéla íar sin
      do mac Cumhaill a hAlmhain
      ba maith lé Fionn flaith na fFían
      gach a ndearna in righníadh
    17. Fuirigh sunn a nAlmhain fhúair
      ag so meisi ag dol budhthúaidh
      agad leigheas go líon gceird
      a chur fhosaigh fháobairdheirg
    18. An tan tainic leigheas lán
      & ro bhaí go hógshlan
      glúaisis i ndeaghaidh in tslúaigh
      arna leigheas go lánbhúaidh
    19. La día raibhe 'na áonar
      Dáire dearg nar dreacháoradh
      {MS page 59b}a ttosach oidhche fúaire
      ag Sith Buidhbh go móruaille34
    20. Suidhis in féindidh íar sin
      tuirrseach d'aithle a aistir
      go ttuc día úidh in t-amus
      a anshódh cona ocobhrus
    21. Ad-chí & ní a gcodhladh
      brugh alainn día oslagadh
      slógh gan tuirrsi & muirn mór
      soillsi & cuirm go gcomól
    22. Teid sa mbrugh in feindidh fíal
      fiadhaightear é soir is síar
      suidhis Dáire 'na deaghaidh
      tuc a airm ar áighleandoibh

    23. p.72

    24. Fritheóiltear é sa tigh thall
      go maith ag Túadh De Dhanann
      ro éirigh go dían íar sin
      téid eidir an ingheanraidh
    25. Boí dalta ag rígh in tsíodha
      díerb ainm Eochaidh ailtmhilla
      bean tsubach nar cáineadh ceill
      Lughach laimgheal a hainmséin
    26. An tan ad-connairc Dáire
      an mnaoí gceinnfhinn go n-aille
      ro tidhlaic dhi searc ní35 sáobh
      maith le meanmain in macaoim
    27. Faoídhid sa dun ar áon
      Dáire 's an ainnear fholtcaomh
      gur foillsigh do Dháire íar sin
      gurbh am lamhnaidh don ingin
    28. Madh torrach tra thu a bhean
      ro ráidh ría Dáire dreichgheal
      tug leat go Fionn fath gan gheis
      madh mac bheire gan eisleis
    29. Budh maith mac berthor ann
      ro ráidh Eochaidh go hinmhall
      foigheolaidh mor maine amach
      budh é a ainm Gaíne Gaisgeadhach
    30. An úair tainic a hinbaidh
      is ro dhealaigh re a troimiodhnoibh
      rug sí mac ba caoime bladh
      díar comainm Gaíne glégheal

    31. p.74

    32. Tainic fo tri tar a bél
      is amlaidh ro-chúala in sgél
      istig ag triall a bhíadhtha
      in eas alainn aimríadhta
    33. Gabhais in eas 'na laim laích
      mór an obair meic bhig bhaíth
      an eass ina laim ro lean
      no gur eirigh an inghean
    34. Ro hinniseadh in gniom ghlan
      tainic cách día coimhfegadh
      an eas i laim in leinimh
      nír fedadh a n-imdeaghail
    35. {MS page 60a}Gidh bé do innisfeadh thall
      eidir sloghaibh na sáorchlann
      iss é sin gan táidhe amach
      ceidgnimh laimhe mic Lughach
    36. Ro bhoí bliadhain sa dún dhe
      aga mháthair budhdhéine
      is tainic a ccionn bliadhna
      go Fionn fossaidh firníamhdha
    37. Do luidh leis a mhathair mhín
      día innisin don airdrigh
      is do rad dhó a ccogar chain
      gurb e Dáire a dheaghathair
    38. Mar tangattar Fíana Fáil
      go teagh Fhinn uile d'énlaimh
      ro shuidhseat an slógh ier sin
      mar do bhíadh ól a nAlmain

    39. p.76

    40. Íar suidhe don Fhéin uile
      a ttigh mhóir na hAlmhuine
      tugadh go Fionn ba dearg dreach
      Lughach cona mac muirneach
    41. Gabhais in leanam ar laim
      Fionn nár adhair d'iomarbháidh
      do toirbhir dhó poig
      don mac alainn gan urchóid
    42. A mheic aithin h'athair fein
      adubairt Finn flaith go gceill
      ameasg cáich gidh feidm doiligh
      & eirg dhá innsaigidh
    43. Ger lionmar an Fían uile36
      eidir righ agus ruire
      suidhis a n-ucht Dháire dhil
      an mac ba haille a nAlmain37
    44. Gabhais éd bean Dháire dhil
      iar ffaixin in mheic mhéirghil
      d'olc as a haithle nír fhan
      on mac ar n-aithne a athor
    45. Is hí bean do bhoí ag Dáire
      Aíbhinn óg go n-iolgháire
      bean gan tacha each na óir
      ingean data meic Dimhóir
    46. Na déna éd a Oíbhinn38 fhíal
      adubairt Fionn flaith na fFían
      raghoidh dhuit is beart go mblaidh
      sloindeadh in mheic ó a mathair

    47. p.78

    48. Beir leat ar Fionn mac Lughach
      in naoídhe suilbhir subhach
      a inghean dhata mar dhoigh 39
      budh hé in dalta go ttrenghoil
    49. Ann sin rug lé mac Lughach
      an inghean seghainn subhach
      go teagh a hathor uallaigh
      go Clúain Cheasáin chathbhuadaigh
    50. Go ceann seacht mbliadhan íar sin
      ro bhoí in mac aga mháthair
      {MS page 60b}día oileamhain anba in gníomh
      samalta d'adhbar airdríogh
    51. Tig sa fFéin ó sin amach
      ba maith a lúth 's a lamhach
      mar tainic gniomha goile
      d'úa na ríoghna róghloine
    52. Ceidbhean do rad searc go sochla
      Túadha ingean ard Áongusa
      isí do rad 40 thúaidh ga tigh
      a ttulaigh úaine fosaigh
    53. Mac Lughach ar áon is Fionn
      ro saith in gcloich os a cionn
      os feart Túaidhe attaoissi ann sin
      a líog úaine áith fhosaidh
    54. Is hé ro sáith in lía lom
      giolla uallach úr ettrom
      ge do mharbh áibhlibh níadh
      do saith le a laimh in láochlíag

    55. p.80

    56. A cloch ata a tTeamhair Breagh
      ro sáith Fionn tre maith meanman
      fut atá 41 Aillen 42 amhra
      an siodhaighe sáorcalma
    57. A cloch Feadha Gaibhle glain
      ro sháith Finn nar ob iorghail
      ata Díanartach mar dhoigh
      fut is Dearg mac Díanartaigh
    58. Is fear roghain 43 ba garbh gráin
      Domnall mac Finn mic Cuáin
      fút ata & is dearbh dhe
      Conn leidmheach mac Lathairne
    59. A cloch Chairn Fhearadhaigh uill
      ro sháith mac crodha Cumhaill
      is fútsa ro cuireadh dhe
      Daíghre ceóilbhinn cruitire
    60. A cloch ata ar Moigh Raíghne
      ro saith Finn flaith go saidhbre
      ata Goll fut mar deirtear
      & Raíghne roiscleathan
    61. A cloch ata a n-Almhain uill
      ro saith go moch mac Cumhaill
      Daolgus mac Cairill chais chain
      tú os loighe in laoích láidir
    62. A cloch Mhoighe Dithláin dhéin
      ro sáith Fionn in treasa threin
      fut ata Dolbh Sgoinne in sgáil
      & Fionnláoch óg adhnáir

    63. p.82

    64. A clochúd Áonaigh Pataoín
      is fúd ataid na deaghmacaoímh
      Patan mac rígh mhara hIocht
      ionmhain láoch ata fon ffiort
    65. A cloch shleibhe Colláin crúaidh
      gus a gceimnighdis ar slúaigh
      as red44 tháobh ad-bath in fear
      in láoch Collán coisreamhar
    66. {MS page 61a}A cloch ata a nGréin mar Ghloin
      do sáith go moch Maoíl Eanaigh
      is leis ro cuireadh gan cheilg
      uas cionn mic Dhaire drechdheirg
    67. A cloch Cronnmhóna an catha
      ro saith Fionn fear in ratha
      fúd ataid in tríar ba trom neimh
      Conn Codhnach45 is Cuingidh
    68. A cloch atá a nDún os Loch
      ro ráidh46 Fionn narbhó hoglach
      is fúd ata Bodhmann binn
      is Fiacoil Aoí mac Conchind
      ocht meic Bodhmainne go mbúaidh
      in cuire calma comhcrúaidh
    69. A cloch ata a nDruim Sgartha
      do saith Fionn fear in ratha
      fúd ata Druim Sionna slán
      giolla do thuit le Conán
    70. A clochud Teamra Luachra
      ro sháith Finn feindidh fúachdha
      fúd do cuireadh ní fios foill
      Blathnoid bheag is Cnú Dearóil

    71. p.84

    72. A cloch Ollarbha gan fheall
      a ttorchair airdrigh Eirionn
      fud ata Leagán luaimneach
      & Ronán roúaibhreach
    73. A cloch Seisginn Úairbheoil fhúair
      ro saith Finn ba gnáth go mbúaidh
      fud ata in láoch ba dearg ga
      Sgiath Breag mac Loga Lágha
    74. Dubhchosach Dubhthnuthach donn
      dhá mac Morna na mórghlonn
      atáid fud sunna re seal
      is Iubhar mac rígh Laigean
    75. A cloch ata a nDruim Righe
      do shaith Fionn flaith ar ffine
      is fud ata Cairioll cóir
      & Colla mór ua Conbhroin
    76. A clochud Cairn Fhearadhaigh fhuair
      ro saith Fionn códhnach ar slúaigh
      fúd ata curaidh na ngiall
      Lughaidlh mac Con mheic Mhaicníadh
    77. A cloch mor ata sa Ráith
      do saith Fionn feindidh foltbhláith
      fúd atáid arna ffolach
      Clídhna is Ciabhán casmhongach
    78. A cloch ata ar Tuinn Clíodhna
      ro sáith Finn na n-echt n-imdha
      rí Easpainne na n-arm ngér
      fúd ata Rinnal roithrén

    79. p.86

    80. A chloch mhór ata a gCuan Dor
      ro sháith Finn go neart ffáobar
      Tor mhac Díancrotha go ngoil
      rí Easpainne fot eochair
    81. {MS page 61b}A chloch Glaisi Cró in Chomair
      ro sháith Fionn lerbh ait ollaimh
      fúd ata Sgorán na sgíath
      mac righ Breatan na mboirbtríath
    82. A cloch ata a gCionn Mhara
      ró shaith Fionn in fiorchara
      fúd ata Cas cuilfhionn cáidh
      is Gotha Gaoíthe mac Rónáin
    83. A cloch Bhealaigh Chonghlais gairbh
      ro saith47 Finn ar nach ffrith faill
      fúd ata Art og an áigh
      nar ob cath nar char bannáil
    84. A cloch Finntragha an áir truim
      ro sháith mac calma Cumaill
      mac righ Uladh Goll go ngoil
      fúd ata is Cáol mac Crimthain
    85. A cloch ata ar móin Mhacha
      do sait Fionn fear in ratha
      ata fot ardbrugh ní chél
      rígh Alban Deidgheal Duirbhel
    86. A cloch mhór ata ar Moigh Linn
      ro sháith mac Cumaill airmgrinn
      fúd ata in triath nar lag rían
      ceann na slogh Coinnceann coimfhíal

    87. p.88

    88. A cloch ata a tTráigh Lí lóir
      ro sháith Finn tigearna ar slóigh
      uch mo cuma aibhlibh níadh
      fúd ata Fearghus finnlíath
    89. A cloch mór ata ar Slíabh48 Mis
      ro sháith Finn flaith gan eislis
      ata Dáire ba dearg dreach
      fúd 'na luighe is Flann fuileach
    90. A chloch ata ag Carn Sealbaigh
      ro shaith mac Cumhaill49 armglain
      fúd ata in láoch ba teann treóir
      Sealbach in Berla ó Bhreaghbhoinn50
    91. A cloch mhór ata ag in Eas
      do shaith mac Cumhaill airmdheas
      fúd ata láoch gan dóghra
      Geibhtine dheagmac Morna
    92. A cloch ata 'gCionn Tíre
      ro sháith Fionn flaith ar ndhíne
      Finn mac Cuáin51 'na luighe
      fúd ata is mac Geibhtine
    93. A cloch Eachrusa52 in fheóir truim
      ro shaith mac calma Cumaill
      fúd ata láoch ba garbh gráin
      Dubhán mac Cais meic Cannáin
    94. A cloch ata sa Bhlárna
      fúd atáid in dís ághdha
      's an da Art don táobh oile
      nírbh e in fianláoch fingoile
    95. A cloch Tulcha Cheapáin chain
      ro thogaibh Goll in ghaisgidh
      {MS page 62a}fút do fagbhadh ger chéim crúaidh
      Ceapán mac Morna mhongrúaidh

    96. p.90

    97. A cloch Dhúnaidh na n-Ochtar
      fud atáid trí deagochtair
      ocht mic Copthaigh ocht mic Cuinn
      ocht meic Ursgaith Átha Truim53
    98. A cloch ata a gCuillinn Chlíach
      ros-togaibh Feargus finnlíath
      gidh bé rod-cuirfeadh tar ais
      do gepadh seóid is ionmhuis
    99. A chloch Bheinne Muilt nár mhaoth
      o do saith Dáire in deaghláoch
      ataoí gan deacair mar dhoigh
      os cionn leaptha Mhaoil Eanaigh
    100. A chloch Gaphra ba garbh gráin
      ro sháith Caoilti mac Ronáin
      fo attaid in dís ba garbh gal
      mac Lughach & Osgar
    101. A cloch Thulcha in comlainn chrúaidh
      umar thochtadar na slúaigh
      fúd atá deagláoch go ngoil
      Osgar mac Garaidh greadhnaigh
    102. A clochso Gaphra thúaidh
      rus-togaibh Finnb faobarchrúaidh
      Cairbre Liffeachair nár lag
      fúd atá cona dheaghmhac

    103. p.92

    104. A clochso theas sa chnoc chorr
      rus-togaibh Oisín armlonn
      dhá mac rígh Lochlann tar lear
      fud ataid in dá thréinfear
    105. A clochso oile theas tshíar
      in mhaicne ba mór soimhíadh
      sé mic Chaoílti ba garbh goil
      fud is deaghmac Osgair
    106. A cloch Átha Barráin bhúain
      umar gháireador ar slúaigh
      urchor tug Osgar ard
      dar thuit Barrán bríatargharg
    107. A cloch ata a cCarn Craoibhe
      ro sháith Fionn flaith Formaoíle
      is fúd ro cuireadh Flann rúadh
      in tuir calma chloidimrúadh
    108. A cloch ata a gCrois Áodha
      ro saith Finn ba fear áobhdha
      is fúd do cuireadh gan oil
      an deaghláoch Áodh mac Garaidh
    109. A clochud Ghlaisi Builge
      ro sháith Finn mór mac Múirne
      is fúdsa ro cuireadh dhe
      Daire deidgheal is Daíghre
    110. A cloch lánmhor ó Luighdheac
      is lem54 croidhe féin is cuimhneach
      as fud ro cuiread 's ní a ngioll
      Dubhán dían & Moingfhionn

    111. p.94

    112. {MS page 98b}A cloch Átha Glinne caoín cain
      ro saith Finn in flaithfheindidh
      Logharn ua Baoísgne go mbúaidh
      fud ata in feindidh fíorcrúaidh
      fear ba maith luth ar láthair
      is Dáolgus a dearbhrathair
    113. A cloch Dhunaid Lodhairn lóir
      is fúd ata in cuire cóir
      coigear mac Díarmada déin
      mar áon is Echtach airmgheir
    114. A cloch ata a n-Eachthghe aird
      fud atá ger mór in mhairg
      Sealbach úa Duibhne ba deas
      óigfear ris nár chiall coimmeas
      íar gcur deargáir Féine Finn
      maidin a marbhtha a gCruimglinn
    115. A cloch Áonaigh Cairn mhic Táil
      ro sháith mac Rosa rinnbhláith
      rod-fhagbadh go cliste dhe
      os cionn chiste Chróinfhinne
    116. A cloch ata ar Slíabh Aillbhe
      ro sháith Fionn flaith gan doilghe
      is fúd ro cuireadh nír mhíadh linn
      Aillbhe ard uallach airmgrinn
    117. A cloch Croimghlinne ba glas
      ro thogaibh Fionn fioramhnus
      do-gebhtha agat go gcáil
      mor do sgéloibh Bruacharáin
    118. A chloch Chinn Mhorna is dearg dreach
      ro sháith Fionn ba línmar creach
      is fúdsa ro cuireadh dhe
      Dubhán mac Breasoil Bhoirne

    119. p.96

    120. A cloch ata n-Eichtghe aird uill
      isí ro sháith mac Cumhaill
      ata Gluinfhinn mac Mórna
      fud is Dolor gan doghra
    121. A chloch Mhoighe Line láin
      ro sháith Fionn féin día láochlaimh
      is fúd do cuireadh gan oil
      Duibhgreann dána mac Doghair
    122. A chloch Tolcha Fíadhmhoir fúair
      ro thogaibh Fionn fáobharchrúaidh
      fo a ttáid55 in tríar ba garbh gal
      rí Alban 's a dhís brathar
    123. A chloch ata a tTailltin teinn
      ro sháith mac Cumhaill airmgrinn
      Íodhlann og ro budh mór míadh
      fúd ata in feinnidh firfhíal
    124. A chloch Atha Glonnaidh ghloin
      ros-togaibh Goll glunladair
      attaoí os da Dhuph dhata
      calma crodha curata
      Dubh mac Morna ro lúadh56 goil
      Dubh Róid mac Maoíl Tnuthaigh
    125. {MS page 63a}A cloch ata a gCinn Chluidh57 chrúaidh
      ro saith Fionn deaghfhlaith ar slúaigh
      fud ata Duphthach mac Duibh
      láoch ba harrachta a n-iorghail
    126. A cloch mor ata sa mBrugh
      ro sháith Áongus 'na áonor
      is fúdsa ro cuireadh dhe
      Díarmaid dealbhcamoh ua Duibhne

    127. p.98

    128. A cloch ata a nDruim Chríadh chain
      is fúd ro cuireadh Finn feindidh
      fear ba hiolardha céd sgíath
      tigearna láoch gcalma coimhfial58
    129. Go n-airrchisi Mac Muire
      Finn mac Cumaill Almhaine
      go ruga leis códhnaibh níadh
      in fear ro saith gach rílía
    130. Athair is Mac Rí talmhan
      Íosa Criosd dar ccomadhradh
      rom-fagbad a ndíaigh na fFían
      go críon arsaidh aradhlíath
    131. ALIA


p.100

    1. Ag so in fód inar ghein Fionn
      nochan eadh nach meabhair liom
      Muirn mathair in meic mhóir
      deighmheic Cumaill meic Treinmóir
    2. Oisín mac Finn feae go neimh
      ro geineadh a gClúain Iochtair
      ingean Dheirg a nmhathair mhaith
      íerna toirrceadh ón ríghfhlaith
    3. Áine inghean in Deirg budhdhéin
      mathair Feargusa fhírthrein
      céile Eathach Gunat glain
      aga mboi Banba bliadhain
    4. Is hí robudh bean do Gholl
      Sgannlach ingean do Conall
      Dearp conpalta Cuinn go ngoil
      matair Chuinn oile is Chodnaigh
    5. Lughach laimgheal ingean Fhinn
      mathair Gaine in ghaisgidh grinn
      Dáirc dearg mac Finn na ffleadh
      athair Gháire59 na ccorrsleagh
    6. Báine mathair in da ríogh
      ingean rígh Connacht na ngniomh
      mathair Fheidhlimidh in óir
      & Cumaill mhic Trénmhóir

    7. p.102

    8. Bean Luighdheach Laga don linn
      Dathchaoín ingean Taidg thaoíbhsheing
      Úain ingean Crimhthain ní cél
      mathair Bhainb Sionna na séd
    9. Cruithgheal siúr Ghuill Féine Fáil
      mathair Áodha meic Ronáin
      Aoíffe ingean Aodha Rinn an leirg
      bean meic Leith Lúacra laimhdheirg
    10. {MS page 63b}Cana inghean Chiothrúaidh ní chél
      í fo bean d'Fearghus Fínbhél
      Loch inghean Maicníadh gan gheis
      mathair Núadhat Finn éigis
    11. Lathoirt inghean Dhá Neasa60
      trí teóra bliadhan rus-beara61
      mathair Osgair í dana62
      ron-boí ag Oisín naoí mbliadhna
    12. Muirionn ag Oisín go beacht
      seacht mbliadhna dhi re draoítheacht
      mathair a thrí mac oile
      ingean Chúalann Cíochmhuine
    13. Da ingean Cumhoill sa fFéin
      Sídhe & Súanach budhdhéin
      Súanach mathair Fhíachra dhe
      is Sidhe mathair Chaoílte
    14. Ainnear inghean Bharráin na ffleadh
      bean Chaoílti chruaidh na gcorrshleagh
      ingean brughadh ón Bhóin fféil
      mathair Teadhmaill is Fhailléin

    15. p.104

    16. Da mac Crochnaide caise
      seinge seimhe súlghlaisi
      ionmhoin dís búadhach on Brugh
      Díarmaid uallach is Osgar
    17. Anmanna mac Diarmada duinn
      re hingin Cormaic uí Chuinn
      Donnchadh is Sealbach na slúagh
      Eochaidh ard & Irúath
    18. Mathair tríair ba calma in chlann
      Connla Aodh & Iollann
      tri bliadhna ag Díarmaid dha dheóin
      Dubhinbhir ingean Fhúairbheóil
    19. Luchar ingean Maicníadh mhúaidh
      rug dá mac d'Fionn i n-enuair
      Aodh beag Áodh foda
      marbh d'aithle na moropra
    20. Áine ag mac Cumhaill gan oil
      ní tug mnaoí 'na deaghaid
      Dáolghus ba hainm da hathair
      mac Lir Síthe Fionnachaidh
    21. Ceatrar ag Trénmor sluaghach
      Criomall Cumall cathbhúadach
      Conall & Aodh Eangach
      ba ceathrar mear moirmeanmnach
    22. Is ceist ar seanchadhaibh sunn
      in tríar mac ro bhoí ag Cumall
      Fionn &Fiothal fior damh
      is Feindidh feta fiorghlan

    23. p.106

    24. Ingean rígh Breatan go mbúaidh
      mathair in Fheindeadh armrúaidh
      mathair a mheic Chaíl63 nar ffann
      ingean righ Innsi Finnghall
    25. Rug dhá mac do Cáol go gcáil
      ingein Finn64
      Dáolgus ba dían ag dáil arm
      iss in láoch laidir Lodharn
    26. {MS page 64a}Bódhmann mathair Fithil fhéil
      ceist ar seanchaidhibh íadsdin
      & Cumhall a athair
      Fithil osna hardfhlathaibh
    27. Clann da dheirbhseatar ma-le
      Eochaidh Fionn Fiachaidh Suidhe
      Crimall is Áodh anosa
      Conall athair Dhíengasa
    28. Cnucha inghean rígh Alban
      mathair Fhíacra go n-ardbladh
      Taisi taoibhgheal a siúir chóir
      ba hí mathair mic Trénmóir
    29. Ba hi mathair Cairill chain
      Maoín ingean Smóil a Mumhain
      Áine ingean Ealcmhair anoir
      mathair Fhearrdhomhain áirmhigh
    30. Teide ingean Chaíl Smirrga
      mathair Guill na n-arm n-ímdha
      da mac dhég um Gholl na nglac
      rug in rioghan do Chormac

    31. p.108

    32. Mathair seacht mac ndeg oile
      do chloinn mhóir mhoingbhuidhi
      isí do rug do Dhaíghre ón leirg
      Aillbhe ingean Labraidh laimhdeirg
    33. Samhaoir ingean Finn breagdha
      bean mheic Oilealla fhearrdha
      rug Tinnle Cnodhbha is Connla
      is Mogh Corb chatha Gabra
    34. Creidhe ingean Coirbre ón linn
      ba hí bean Chaoíl í Neamhnainn
      Aoíffe ingean Trenmoir anoir
      mathoir Chaoíl cona bhrathair
    35. Bean Conaill mic Trenmoir thuaidh
      Aillinn siúr Daigre dreachrúaidh
      & isí rug re a rádh
      dís mac Díangus is Ronán
    36. Da mac ag Conall gan chrádh
      Ronán is Díengus dreachnár
      aonmac maith ag Áodh Eangach
      Conbron cetach caithreandach
    37. Mac Conbróin Díanghus na ndámh
      mac dhóséin Cairioll comhlán
      feindidh núa an bhúainghlóir ré a linn
      ba húa d'úa Conbroin Cairill
    38. Athoir Cairill Díangus Donn
      le[i]s65 nár gabh cath nó comhlann
      mac do Conall Díangus Fionn66
      'sé ba mó ágh a n-Éirinn

    39. p.110

    40. Ni raibh mac ag Diangus Fionn
      ó ro dalladh é lé Fionn
      acht Diangus d'eg 'na leabaidh
      a gCionn Droma Finnteagair.
    41. Nir codail Fionn oidhche ríamh
      gur bhó líonmar a chlann 's a fhían
      {MS page 64b}gan deóir ghola 'na cridhe
      tre dalladh a dheirbhfhine
    42. Gan dol a gcath le mac Cuinn
      dha bhron mora mhic Cumhaill
      beith 'na ffarradh rob fhusa
      's gan dalladh Dhíanghusa
    43. Nir urmais ar a leas
      nír mhían leis ól nó aoíbhneas
      ro bhí seacht lá gan labra
      gerbh e ba fearr urlabhra
    44. An tan do-chluineadh Fionn féin
      dalladh Diangusa dreichréidh
      a eineach a chiall 's a chruth
      do-bheireadh úaidh in t-áonguth
    45. Bás Finn a mBroic ar ndul di
      do easgar um líg nDoire
      bás Crimaill a Loch dhá Dhall
      taoth a ccat Cnuch67 Cumall
    46. Gidh Fithil ba laige lamh
      don tríar brathar go morágh
      comhlann da chéd leis gan lén
      gur thuit re Feargus Fínbhél

    47. p.112

    48. Is é súd in feart fo ffuil
      Fionn mac Cumaill is a athair
      is Criomall cían ro-clos
      & Dáire donnsholus
    49. Trúagh mo sgaradh risin fFéin
      feaar dam ádhradh De budhdhéin
      mar a rugad Fionn go ngné
      adeirimsi ribh as é
    50. AG


p.114

    1. Cairdius Logha ré droing don Fhéin
      is meabhair liomsa budhdhéin
      gé do-chodar uile in slógh
      ad-bhiursa gan iomarghó
    2. Mathair Logha Eithne ard
      do radadh iséin do Tadhg
      uaithe ro chinsead sliocht sáor
      Tuirn mhor & Muirn mhuncáomh
    3. Tugad do Conall ní chel
      an ríoghan Uirne áithbhél
      rug sí mac 's nir bhó donus
      an flaith Daire dedsolus
    4. Mac do Dháire mac Lughach
      an giolla seghainn subhach
      Lughach ingean Finn go mbríogh
      mathair Gaíne na nglainghniomh
    5. Naisgis Fionn flaith na gcuradh
      Tuirn le deaghtríath Uladh
      ro bhoí ag in righ go rath
      go ttarla táobhtrom torrach
    6. {MS page 65a}Bean do bhoi roimpe ag in rígh
      ingean Buidhph ba mór a brigh
      a riocht con ba mor in sgél
      ro chuir sí Uirne aithbhél

    7. p.116

    8. Assaighthear in rioghan réidh
      i ttigh Feargusa fhinnleith
      go rug sí ba cáomh in clann
      Bran ar áon & Sgeólang
    9. Ro fhúagair Lughaidh Lagha
      óir ba heiséin a slána
      a cor as deilbh chon go teann
      a ffiadhnuise ffear nEireann
    10. Tugadh do Lughaidh Lágha
      an rioghan fhíal fiormhalla
      rug sí mac Sgíath fuileach
      is Caol crodha cédghuineach
    11. Ceithre mic Lughaidh Lágha
      ro brisdís cath go dána
      Cáol cedguineach corcras crann
      Sgiath breac Áodh & Iollann
    12. Moirsheisior do cloinn ní chél
      is eadh rug Uirne áithbhél
      da triar mac ba meabhair liom
      d'ardmhathaibh úaisle Ereann
    13. A áonmac ro bhoí ag Muirn mhín
      nocharbh é ba measa dhíbh
      flaith ar ffulaing mionn ar slóigh
      Fionn mac Cumaill meic Trénmhóir
    14. Ba he sin cairdeas nár lag
      da ingean Taidg moir mhic Núadat
      gin go mairit fein ro-feas
      mairidh budhdhéin a ccairdeas


p.118

    1. Innis a Oisin echtaigh
      an aignidh gléghloin ghusmhair
      an raibh gaol ag Cnaoí Deireoil
      re Fionn in chineóil cruthghloin
    2. Cnú Deireoil cnú mo cridhe
      ceol is binne da gcúala
      séd is fearr boí a síthbrugh
      an ghein brigmar bhúadha
    3. Ba hé in ghein ghasta ghlórmar
      ba hé in ceól nósmar neimhsearbh
      le a ccoideóldis fir ghonta
      deagmac Logha meic Eithlinn
    4. Lugh mór mac Cein mic Cáinti
      mac mná ba haille i nErinn
      ba hí Eithne ingean Bhalair
      bean in fhuilt cladhaigh chéibhfhinn
    5. Ar ngabhail ríghe nEreann
      do Lugh na mbeimionn mbailctrén
      {MS page 65b}ro bhásaigh fine Fomra
      neimh a fhoghla san aiér
    6. Iar marbadh Bhaloir bheimnigh
      do Lugh an eidigh fearrdha
      tainic Eithne ingean Bhaloir
      'na dheagoidh go teagh Theamra

    7. p.120

    8. Tainic Tadg mor mac Núadhat
      feadhan uasal san áonach
      ba maith fíadhoin na feisi
      d'iarraidh Eithne ar a háonmac
    9. Do radad dhó an deighbhean
      do Tadhg ba calma in deighfear
      ro bhoí 'na haonmhnaoí aige
      go ttainic a dhíanoigeadh
    10. Ba hí ceidghein na deisi
      on feisin a ttigh Theamra
      Muirn ingean Taidg mic Nuadhat
      in bean ba húaso cearda
    11. Ag sin a ngáol re chéile
      a cleirigh tainic chugainn
      Eithne ingean Bhaloir bhadhaigh
      mathair mathar mic Cumaill
    12. Guidh ar mh'anmain a cleirigh
      aga bfuil leighionn laingrinn
      do-ghébhair ó rígh Parrthais
      neamh dom anmain a Tailghinn68
    13. Guidh ar anmain Chnú Dheireóil
      fa binn cineoil a gcoimseinm
      giolla ro gabhadh dúana
      ní chúala ceol a coimmbinn
    14. INNIS


p.122

    1. Fíamhain mac Foraigh go fíor
      & Oisin mac in ríogh
      ger imchían eattorra sin
      da deirbhsiur a dhá mathair
    2. Righlinn fionn ingean in Deirg
      mathair Fiamhoin lith gan ceilg
      Cruithgheal ingean Deirg go mblaidh
      mathair Oisin iolchrothaigh
    3. Gidh tearc neach ga ffuil eól
      nochan eidir a aithcheó
      clann da deirbseatar na fir
      Oisin mac Finn is Fíamhoin
    4. FIAMHain


p.124

    1. Iss é súd colg in laoích láin
      Chaoílti mcic roglain Ronáin
      ar in tulaigh os Druim Lir
      is í a lamh féin rus-folaigh
    2. {MS page 66a}Adersa riot a laoích luinn
      a Diarmaid móir mhic Cearbhoill
      nocha gcúala cloidheamh crúaidh
      ba fearr aitheas is ardbúaidh
    3. Ro marb sé ced ag Ath Lúain
      is ced a tTulaigh Mongrúaidh
      an treas ced a fFiodh dhá Bhan
      an ceathramhad[h] ced a nDurmagh
    4. Maith ro himreadh thu gan feall
      a gcath Fionntragha na mbeimionn
      & tú a laim in laoích láin
      Chaoílti mic roglain Ronáin
    5. An coigeadh ced ag Áth Lúain
      do macroidh eachaigh armrúaidh
      an seisead[h] ced meabhoir linn
      ag Áth na nÉg ar Sionainn
    6. Dít ro cuireadh cath Cuailgne
      ier tteacht ó Inbear Mhúaidhe
      cath do chaoíneadar mna amach
      da ttorcair Conoll cedach

    7. p.126

    8. Dít ro marbadh Corc is Cían
      seal beag o Teamraigh aníar
      & dít go ngairbe ngluinn
      do thuit Loingseach mac Domnainn
    9. Dit ro marbad[h] gan meaboil
      an Liath a Luachair Deaghoidh
      nochar é in t-écht gan dioghail
      duinn nír chóir a commaoidhiomh
    10. Fear gach énlá sa mbliad[h]ain
      is eadh ros-marb dar bfíanoibh
      fa Conán fa Mhac in Luin
      ní rangattar a leas a athghuin
    11. Dit ro marbadh mac Luighdheach69
      seal beag uasan Áth Buidhneach
      do lamhach Finn na Féine
      do budh crúaidh in coiméirge
    12. Iris caillighe Glinne Marc
      tuc in cloidheam do Sithbhac
      mairidh fo a chruth gan a gné
      is dearbh liomsa gurab é
    13. Sithbhac fos do-rad día mac
      in cruaidh claisleatan coimneart
      d'eais Poil meic Coirbre treoraigh
      a gcathoibh nírb aineolach
    14. Coirbre garbhsron triath ba teann
      dual dó oireachus Eireann
      éulais ó Choirbri nár lag
      ó Trénmor go a deaghmac

    15. p.128

    16. Do-rad Trénmor gan iarraidh
      in cloidheamhsin da chlíamhoin
      do-rad in clíamhoin nar lag
      arna iarraidh dhá deaghmac
    17. Do-rad Cumall é dha éis
      do Crimall ag so a fhaisnéis
      {MS page 66b}gé ata sé go cobhsaidh cóir
      uch is arsaidh in seanóir
    18. An Criomallsin uas gach dionn
      rus-toirbeir é dha deoin d'Fionn
      do thoirbhir Fionn mór in ró
      d'Fíanoibh Eirionn a n-áonló
    19. Ann sin tiagaid Fíana Fáil
      a n-áonionadh a n-áondháil
      ba gairid leó teacht uile
      go háonach na hAlmhaine
    20. Ann sin adubairt Fionn Fáil
      cred fo ttangobair san dáil
      do breith uaim deimhin go ngoil
      ar ceann mh'einigh tangabhair
    21. Iongnadh leinn a Finn aistrigh
      séd agaibh is é a ttaisgidh
      tussa in coigeadh gan fheall
      is fearr eineach d'íath Eireann
    22. Ag súd dhaoíbhsi in cloidheam cóir
      ar mac Cumaill mic Treinmóir
      ón ló aniú go brath na mbétt
      ar mo seilbh ní bhíaidh a coiméd

    23. p.130

    24. Caidhe mar do-beire dhóibh
      ro ráidh Oisin a gcedóir
      an é a chosnam as a neart
      nó in crannchar cubaidh coimneart
    25. Aigillidh ingin í Cuinn
      in ríoghan ó Theamraigh truim
      is í bainbretiomh gan feall70
      is fearr71 a n-inis Eireann
    26. Ann sin ro chan Aillbhe cháidh
      in bhean dob fearr ciall do mnáibh
      seanbrethir72 so go brath mbil
      denadh cách ceart in cloidhim
    27. Denaidhsi coimrith a gcéin
      eidir réidh & aimréidh
      ce be dibh bus deach rus-reath
      rod-ría in cloidim claisleathan
    28. Ann sin reathaid Fíana Fáil
      a n-áonchonair as in dáil
      ní fhaca coimrith ba mó
      a n-áonionad a n-áonló
    29. Ann sin do-chóidh Caoílti don Fhéin
      eidir reidh & aimréidh
      ba hé Fionn budh foixe dhó
      is fíor is ni hiomarghó
    30. Tarraidh Caoílte in cloidiom cáidh
      tarraid[h] Fionn in truaill 'na laimh
      rug Caoílti an cloidheam glan
      an truaill d'Fionn mor Alman

    31. p.132

    32. Damsa ceart a Caoilti chrúaidh
      fon gcloidheamsin cona truaill
      ad-cíad fiadhoin sunn go glan
      gur a n-aoínfeacht tarramar
    33. {MS page 67a}Do-bersa ceart na caingne
      mar as fearr bherus Aillbhe
      mad fearr leat munbudh treorach
      beraidh Fithiol fireolach
    34. Do-ghén bar gceart ar Aillbhe
      sol deachus sibh a rógairge
      reith dháor oraibhsi ré headh
      is mairg duine do beradh
    35. Do budh é sin is ceart cóir
      ar mac Cumaill meic Trenmhóir
      acht gemadh áil duinn teacht ris
      is duinne ro breathnaighis
    36. Na habairsi sin a rí
      gin gub áil lim sibh gan ní
      aderad Fithil na mbreath
      dlighidh gach láoch a deigheach
    37. Día ndlighidh cloidheamh a truaill
      a meic Cumaill cloidheamcrúaidh
      dligidh in truaill sgél go lí
      in beilfhleasg óir go gcaoimlí
    38. Ag súd duitsi a Chaoílti chrúaidh
      in cloidheamsin cona trúaill
      & ag súd suairc in séd
      béilfhleasg óir go n-imcoiméd

    39. p.134

    40. tri fichit uinge d'ór dhearg
      mar do innill Iollann dearg
      iss eadh ata suairc a lí
      ar in mbeilfhleisg go gcaoimlí
    41. Deich cced each is deich cced bó
      is do-bheradh ní budh
      ar son in cloidhim go maoín
      targaidh dhó Fionn a Formaoíl
    42. Mar tairnic duinn ceart na ffear
      dirim cairpteach na ndeighfear
      Fithiol is Flaithri amach73
      ad-ciam cugainn is Cormac
    43. Ceiltear uainn ceart na caingne
      iss eadh adubairt Aillbhe
      mo breithsi munbudh treorach
      beraidh Fithil fíreolach
    44. Fearaid fáilti Fíana Fáil
      risin gcaom gconchar gcomchair
      gur suidheadar ar deis Finn
      an ceathrar uallach airmgrinn
    45. Sona go ttigit leasa
      adubairt Fionn fáidh feasa
      mo ceart is Caoílte gan on
      daoibhsi tig a leasughadh
    46. Sgél agamsa duit a Finn
      adubairt Cormac caomgrinn
      sibsi & Aillbhe uas gach modh
      is áil leinn diar siodhughadh

    47. p.136

    48. Gabhoir Fithil crodh gan locht
      do-deachadar am lupgort
      {MS page 67b}do itheadar mo losa dhe
      's do millseador mo bláth blaithi
    49. Innisidh Fionn na sgéla
      's ní roibh Caoílti74 día séna
      an breathsin rug Aillbhe doibh
      rus-mol an ceathrar comcoir
    50. Nochan eadarsa nach íad
      ro mhill lubhgort Átha Líag
      teagaid mo gobhair am dháil
      gan fostadh gan iomgabhail
    51. Búachail a ndíaigh na ngopar
      gan eagla gan iomomhan
      is búachail oile gan locht
      agatsa thall ad lubhgort
    52. Do-ghen bar gceart ar Aillbhe
      nocha bhiú día comairle
      iocadh in lubhgartoir ribh
      ar millseat gabhair Fithil
    53. Ag sin breath do bhermaoís féin
      ro raidh Cormbac go gcoimcheill
      is í do bermaois uile
      ar mac Cumaill 75Almhaine
    54. Fleadh agamsa duit a Fhinn
      adubairt Cormac caoimhgrinn
      aire tanac ar do cionn
      mar onóir d'Fíanoibh Eireann

    55. p.138

    56. Deich cced do taoiseachaibh Fían
      lodmar go Teamraigh na ngiall
      gan caolbháidh gan caingean locht
      Aillbe caomnár 's a banntracht
    57. Coig tratha duinn a tTeamraigh
      a ttigh in ríogh mhóirmeanmnaigh
      ag caitheam bídh is leanna
      ba haoíbhinn ar n-airrdheana
    58. Suairc in tuarustal dar liom
      dus-rad Cormac da dheóin d'Fionn
      tri fichid uinge d'ór dearg
      & caoga cú croibhdhearg
    59. Cáoga ceangaltach na gcorn
      cáoga fithchioll go ndath ngorm
      & cáoga each n-áonaigh
      do mac Cumaill armfháobhraigh
    60. Maith ríghe Cormaic is Finn
      mairg fuil na ndíaigh a nEirinn
      ba hé bleaghan gach bó abhus
      lán a sreabhainn ré a tomhus
    61. Mairg táir an aimseir día n-éis
      re a hinnisin re a haisnéis
      budh sladaighe fir domhain
      bradaige mná a gcuileadhoibh
    62. Reacfaigtear iasg mara móir
      risna Gallaibh a gcedóir
      ar ttoigheacht docum tíre
      budh comartha drochríghe

    63. p.140

    64. {MS page 68a}A ndíaigh na naom go n-aille
      cleirigh dhíana diogháire
      ag foláir chrábhaidh go beacht
      is íad féin nocha ndingneat
    65. Gidh olc na cleirigh gan bhrígh
      measa go mor na hairdrigh
      gidh olc na rígha rabhaigh
      measa na maoír threintaphaigh
    66. Día labhraid cluig a gceallaibh
      gidh ard leighionn gach seanoidh
      nocha mó do-cluin Criost cáidh
      no sanais isin camáir
    67. Nochan feadar créd do-dhén
      fil mo rosc ag sileadh dér
      cloidhiomh Caoilti ba caom gné
      is meabhair leamsa gurab é
    68. ISE


p.144

    1. Deargrúathar cloinne Morna
      sochaid[h]e día ttugsat dógra
      o Tuinn Túaidhe nír treas tim
      budhdheas go Clíodhna cheinnfinn
    2. Ro marbsat a nDún da Bheann76
      Maine & Dían is Deileann
      ionmhain tríar ar gcur a neirt
      meic Feardhomhain móir feirceirt
    3. Do marbhsat a nGleann Umha
      Uaithne fionn mac Finnumha
      ro marbsat a cCarn Alloidh
      Faolán & Follamhoin
    4. Ro marbsat na tri Finn
      is na tri Duinn cinn ar chinn
      ro marbsat is rob olc lion
      in seanóir crimnach Crimall
    5. Do marbsat Tuathal nár thim
      do marbhsat Áodh is Oilill
      do marbsat Tadg ina tigh
      & Fionn bán mac Breasail
    6. Ro marbhsat Sgíath breac77 búadach
      ro marbhsat Áongus uallach
      ro marpsat mo dhá daltán dil
      Leagán lúaimhneach a Lúachair

    7. p.144

    8. Do loiscseat Formaoíl na fFían
      go n-iomat geimhiol is giall
      do marbhsat Raíghne go rath
      do loisgseat Aillbhe uallach
    9. Ro marpsat a tTulach Óg
      Iollann mac Finn is deaghÓg
      Óg mac Finn fear go rath
      úaidhe sloinntear in tulach
    10. Áodh ó Geimhnáin nár laga
      & Áodh ó hÚaineagda
      Áodh o Teamhair ro-chlos
      ro marbhsat uile a gCláonros
    11. A gCláonros mac n-Uisneach n-ard
      sochaidhe día ttuscat mairg
      mar ar fhagoibh Caoínce cíath78
      mo macsa féin forrach níadh
      budh é ainm na tulcha dhe
      go ttí in brath Cainsgíath Chaoínche
    12. Caoince cearr a cCionn Tíre
      Áodh mac Áodha is79 Íle
      {MS page 68b}Áodh & Íle & Bran
      is leósan do-rochrador
    13. Trí chéd80 allmarrach ar caí
      um Bháire um Labraidh Gaí
      do geallsatar damh ni breg
      Alma uile do choimhéd
    14. Tugattar deargár na ffear
      Bodhmann luchoir láingheal
      nochar fagaibhseat 'na beathaidh
      ingean Iochtoir airmleathain

    15. p.146

    16. Ro marbadar na81 trí chéd
      um Bháire um Labhraidh ní breg
      marbsat Bodhmann líth ngal
      & ro gonsat Sgannal
    17. A gcionn bliadhna nocha gó
      ba marbh Sgannal do gaibh cró
      tren rom-gabh sniom arna dul
      Almha do beith gan Sgannal
    18. Ced rioghan nach lúaidhead[h] cláon
      da ched um an da macáomh
      ro marbhsat mór in sgeile
      um Uathach fhionn Almhaine
    19. Ro marbhsat a Port Omna
      Breasal is Corc is Connla
      do ghonsat Oissin budhdhéin
      & Cairioll go gcaoimhcheill
    20. Naoí mic Iobhair is Iochtair
      deich meic Cuinn deich nimchidh
      ro marbhsat ag Druim os Tráigh
      um Finndeirb ingin Cannáin
    21. Do marbhsat ag Druim os Loch
      Oilill mor maith d'ar tteaglach
      is uime adeirthear Druim Brón
      mar ar marbadh Oilill mór
    22. Druim Broin ó bhron Féine Finn
      on laithe do tháot Oilill
      nochar codlus oidhche shaimh
      ó do marbadh mac Faoláin

    23. p.148

    24. Meic si dhe assin Mumhain mhais
      dainim dhuinn bheith 'na ffegmais
      is íad do tuidheadh go prap
      a mbotha do rúscoibh slat
    25. Ro marbhsat Taidhme 'na dhún
      teaglach ro budh dainim dhún
      & Breasal mac Bratha
      & Coirbre Cláonrátha
    26. Do loisceadar Crúacha Ceard
      's a ingean Luchair laimhdhearg
      do marbhattar 'na hinis
      a shiúr budhdhéin Maighinis
    27. As sin dhúin ba cuairt chonuis
      go Buailidh an Áondorais
      rugsam orra trúagh an dáil
      um Leitribh cruaidhe Colláin
    28. Adubairt Goll do glor ard
      go ríoghdha & go rogharg
      na faghbhadh Finn sibh amoigh
      a maca Cormaic cneisghil
    29. Tabhraidh dhamh mo chruit go n-ór
      adubairt Daíghre dreachmhór
      go seinnear í mór in modh
      go gcuirinn cach 'na ccodhladh

    30. p.150

    31. Ann sin dus-radadh a chruit
      go mac Mórna fa binn puirt
      {MS page 69a}no gur codailseat uile
      le mac Mórna mungbhuidhe
    32. An tan ro budh codladh dhóibh
      teagmaid cuca lín ar slóigh
      isseadh ron-mosgail miadh ngal
      gáir na Feine ga marbadh
    33. Ro fagsat da ttríen a n-arm
      ro marbsat Feargus82 foltgarbh
      do marbsat teannta ré muir
      Garb Crot Garb Gréine ó Ghlasmhuir
    34. Ann sin do-cúadhmar 'na ndáil
      go feis tighe Forannáin
      dhá c[h]éd dar muinntir go ngoil
      ro marbsat an oidhchesoin
    35. Ro marbhatar Saltrán seang
      ró marbhadar Gúaire cearr
      do marbhadar gerb olc linn
      trí mic Luíghdeach meic Croimchinn
    36. Ro marbhsat Gille Uallcha
      ag teacht ó Teamhair Lúachra
      ro marpattar trúagh in dáil
      Feindidh mac Finn mic83 Cuáin
    37. Ro marbattar Cirre cáol
      ro marbattar Duph & Dáol
      ro marbsat ar Moigh Line
      Dealán cuanna cruitire
    38. Ro mharpador Faolchú fíal
      mo macsa féin forrach nía dh
      ro marbsat mo mac eile
      Maol Dearg ro ba moirsgeile

    39. p.152

    40. Ro marpattar na trí84
      ar in leirg uas Cnucha cuirr
      ro baitheadair85 ar in muir
      na tri Deirg ó Shléibh Ditraibh
    41. Ro marpadar Faolchú fíal
      ro marbadar Corc is Cían
      ro marbhsat Mongán ón tuinn
      & Conán mac Crimthain
    42. Ro marpadar Lughaidh lonn
      ro marpsat Cairche crom
      ro loiscseat ced cuaine con
      a tTulaigh úaine Árchon
    43. Tulach Árchon ó ár con
      ainm na tulcha mór in modh
      Tulach Airde a ainm roimhe
      ó aird con Mic Fíodhbaidhe
    44. Seisior fiche ar sé chéd
      ar chóig mhíle mor in béd
      do cloinn Bhaoísccne mór in modh
      do thuit ar in deargruatar
    45. DEARG


p.154

    1. A Oissín in ráidhe rinn
      ní d'fáisdine mic Cumhaill
      ar tairrngir in rí go rath
      aingil go fior do adhradh
    2. Inneósat duit sgél gáidh grinn
      a Patraic moir mic Calprainn
      & budh crádh léd chroidhe
      gach dal ga ttu ag tarrngoire
    3. Suidhe do-rinne Fionn shoir
      os glinn ag Beinn úir É doir
      {MS page 69b}go ffacaidh nell tiugh atúaidh
      gor much Eirinn re henúair
    4. Os iad ba foixe don rígh
      do mac Cumaill Almhainí
      meisi & Osgar go ngráin
      & Caoílti mac Ronáin
    5. Briatraighim ar tus miadh ngal
      d'Fionn mór ardflaith Almhan
      cred in nell dorcha atuaidh
      ro much Eirinn re hénuair
    6. Ann atbeart Caoilti croidhe
      re mac Cumaill Almhaine
      tabhair h'ordain fad dhétt fis
      is na leig sinn a n-ainfhis

    7. p.156

    8. Trúagh sin a Chaoilti chroidhe
      is cían uait in tairrngire
      measgfaid Danair tar Muir Meann
      a n-uilc ar fhearoibh Eireann
    9. Millfidh síad Éire uile
      eidir mhagh mhin is muine
      frí ré da c[h]éd mbliad[h]ain mbil
      in Fodla fon gceinneamhain
    10. Ni ffuighit síad do rath ann
      nach mo is dith dhoibh a fhulang
      gach a marptar ann míadh ngle
      bidh amrath da n-íerdraighe
    11. Fear Diardaoín tig ar a gcionn
      olc a íermairt d'íath Eirionn
      Mac Murchadha in diabhal dúr
      budh siabhradh sin a n-iumpudh
    12. Bidhat olc reimhius in rígh
      bíaidh a áras ar dimbrigh
      gan mac gan iarmhúa go mbladh
      gid íargno liom ar labhradh
    13. Laighin ar tús daortar ann
      saoth lem86 chroidhisi a chomhall
      gan righ orra acht iarla duph
      gan fíana día n-anacal87
    14. Loitid Midhe is Mumha mhas
      nocha lugha in t-olc amhnus
      go mbeid fad o dioghail duibh
      uch budh doiligh in dioghail

    15. p.158

    16. Oirghialla is Ulaidh an áigh
      daorfaightear íad don áonpláigh
      futhaibh go danardha dil
      beid Connachta go crithir
    17. Síol Conaill is Eoghain fhéil
      fon daoíresin fon deighréir
      beit futhaibh go ciamhair cain
      ré triocha blida[h]ain bunaidh
    18. Ticc chuca rí Saxan saíbh88
      día n-easchoma día n-anaoíbh
      go mbeir a ngeill tar Muir Meann
      olc a mhéin d'fearoibh Eireann
    19. Fagbaid fear 'na ionadh ann
      re siubhal reacht is remionn89
      fear firinne adearor90 riss
      gidh dichleith is fear fuiris
    20. Cedchath chuirit ni dalbh dil
      ní cath é acht maidhm do ghnuisibh
      cath Cnucha ar tri cathoip dhe
      mar do ordaig[h] Ri neimhe
    21. {MS page 70a}Aimseir medhoin a fheadha
      ní deireoil a imneadha
      dia mbiaidh lobar gidh saoth lim
      seacht mbliad[h]na a ríghe nEirionn
    22. Go ttig trenfear oile anoir
      tre comairle in lobhair
      go ccuirionn go lonn dar libh
      rissin Donn cath an éinfhir

    23. p.160

    24. Rod-bath in t-aoínfhear don cath
      ann claoitear a réim 's a rath
      budh lén don lobar íar sin
      trén a omhan día mhuinntir
    25. Eireochaidh in Donn Failgeach
      feta fossaidh fírchaingneach
      cuirthear gan fhatha le a linn
      trí catha leis a nEirinn
    26. Cuirfe cath a nÁth Seanoigh
      ó a mbeid Gaoidhil fo mheabhoil
      do thuit gleó Gaoideal sa chath
      & aoínfhear allmhurrach
    27. In fear donnsin gan deile
      budh sonn fola is fionghaife
      do-tháot do galar uaire91
      gan cophair na caomuaille
    28. A gcionn tri mbliad[h]an iar soin
      cuirthear ár ar Ghaoídhiolaibh
      nach saoílionn duine 'na dhíaigh
      gan Gaoídhil uile a n-airdghlíaidh
    29. Digheóltar in t-ár íer soin
      mar nach nár ag Mhuimhneachoiph92
      ar reabhradh na ngall ngaiscidh
      a fFeapra thall tarrustair
    30. Da cath dibh sin a Mumhain
      in treas do-bheraid Ulaidh
      & cath sa Midhe mhais
      Rí neimhe ga ccoimaitchis

    31. p.162

    32. Tic mac rígh Saxan tar sál
      cíen lim 's ní ar a ghrádh
      budh da thoigheacht go fíor dhe
      cuirtear Danoir tar sáile
    33. An macsin tig tar in sál
      go n-imat Gall go neamhgrádh
      nocha ndingne ríghe réidh
      go cur na tíre a n-aimréidh
    34. Coimhríaghoil soir is abhus
      ga chineadh ar áoncadhus
      re tomhus téd93 is troigheadh
      tig día eis in t-ainndligeadh
    35. Tidhlaicfidh leath Eireann uile94
      don lucht tiucfus leis tar tuinn
      go ndighlaid in lucht abhus
      go fiorchrúaidh orra a tturus
    36. Do-gnit connailbhe go cáidh
      Goill & Gaoidil d'enlaimh
      a n-aghoidh na nDanor ndúr
      madh lamhor liom a n-iompúdh
    37. Fearoid in cath cruaidh go cain
      beódha do-nit a thaistil
      marptar é 's a sluaigh ier sin95
      don taoiph thúaidh do Moigh Maistean
    38. {MS page 70b}Ríoghait rí Oiligh ámhra
      docum96 in catha calma
      marbhtar é 's a slúaigh go fíor
      a gcath Maistean na moirgniom

    39. p.164

    40. Deich mbliad[h]na fichead go holl
      gan chath & gan comhlann
      gan neach 'na n-aghoidh fo neimh
      seal a samhail 'na samhloibh
    41. Go tteagoitt na Goill anoir
      do dioghail orra a n-ármhoigh
      ón Easpainn adhbhail andeas
      ní cabhoir in comhfaitcheas97
    42. Cath Saingeal cuirfidhear ann
      a n-áithfithear fir Eireann
      ní cuirfit Gaoidhil no Goill
      a shamhoil sin a n-Eirinn
    43. An cathsin adeirim ribh
      ann bhías róiríghe Saingil
      beid Danoir go brónach dhe
      budh dreamhoin a n-ármhoighe
    44. Rioghait Tairbhré do shíol mBríain
      do chur in catha go nglíaidh
      go soiris assin Mumhain mhóir
      go cubaidh síol in gallghlóir
    45. Tri lá dhó ag cur in catha
      ré macoibh na n-anfhlatha
      a gcionn tri laithe go mbladh
      tair a maithe do marbhadh
    46. Eirgid98 cóig coigidh Eireann
      futhoibh go rathoibh reimionn
      go ndiongoibh in duileam dil
      do gach cuigead a coinnimh

    47. p.166

    48. Eirgid99 úa na rígh reabhach
      bhios fo shiol na Saxanach
      do dichur in cinidh cuil
      do budh dlighead[h] a dhenuimh
    49. Eirgis Sráonghalach Doire
      go gcuirionn a n-ár uile
      go ceann miosa on chath amach
      gabhoid orra dia fforrach
    50. Sráongalach ó Dhoire atuaidh
      & Áodh iodhan go mbúaidh
      gidh cía frí senadh atúaidh
      teit docom100 neimhe fo bhúaidh
    51. Ní leanfam go leig ní bhus mó
      tar éis gall n-úr is anródh
      gidh mor a lochta léra
      is mó anois a n-aithmhéla
    52. Patraic mac Alprainn go mbloidh
      órus fortail for dheamhnoibh
      sireadh sossadh reidh ón rígh
      d'Osgar dam féin is d'Oisin
    53. A OISIN


p.168

    1. A Oisin fuirigh ar Dhía
      na himidh uaim ní bhus sía
      tabhair aithne mar budh gar
      is misi anam t'athar
    2. {MS page 71a}Uch ní tabhraim aithne fort
      a Finn acht ge cáomh do corp
      ba halainn do dhealbh do dreach
      ag dol uaim101 tar gach n-áonach
    3. Deacair aithne orm a fhir
      a Oisín a mheic mheirgil
      iomat mo pían mett mo ghal
      íad ata agom treagdadh
    4. In cedoidhche do-chúadhus d'eg
      d'fios na cróine mor in béd
      dar chogain sí me sa glinn
      uchán nír chonair airdrigh
    5. Ann sin ad-beart Ifreann féin
      eirgith slaidhtear Fionn on Féin
      buailidh túargidh é go teann
      na bioth agoibh a dithioll
    6. Mar ba dursan leó mo lén
      anmanna na fFéin ffiortrén
      teagoit cugom mor in modh
      & trialloit mo chosnam

    7. p.170

    8. An cumhain leat a Ghuill gloin
      do mac Cumhaill a hAlmhoin
      do marbadh sa carraic tall
      is do sgaradh ret anam102
    9. Ro ionnarb sé clann Mhórna
      ro imbhir orra doghra
      ro bhasaidh na mílte fear
      do cloinn Mhórna na gcorrsleagh
    10. Dia ndeacham síos ar do cionn
      ar Conán maol ní leasg liom
      da ttugam beim tar do ceann
      na tisam fein as ifreann
    11. In cumhain leat a Ghuill glain
      do mac Cumaill ó Theamraigh
      do marpadhsa mor in modh
      & marbadh do bhráthor
    12. Ge do-rinne seision sin
      deaghmac Cumhaill a hAlmhain
      truagh gan neart céud am corp cain
      do tabairt Fhinn ó dheamhnaibh
    13. Ionmhain buidhion tainic ann
      sios do comrac tar mo ceann
      anam Guill ba feirde in dáil
      anam Daigre anam Conáin
    14. Anam Airt óig mic Mórna
      ge do-rinneas ris dógra
      anam Osgair ro claoí cath
      & anam Mheic Lughach

    15. p.172

    16. Ro íadhsat umam ar gach leath
      anmanna na cceitri rúadhcath
      sgaoíltear íad ba cruaidh in teidm
      soir síar seachnóin ifeirn
    17. Uch tri fichid bliadhain búan
      ro bhí misi a n-ifreann fhúar
      no go ttainic Rígh neimhe
      gur fech orm tre trocaire
    18. Ann sin ro-siacht aingeal De
      uchagán ba geal a ghné
      ba he radh an aingil rim
      a Finn fagoibhsi ifrind
    19. Do rugusa leam ar luas
      tigim ar bord iffrinn súas
      míle deamhan don tsluagh gorm
      ro lean me ar luas a hifiorn
    20. {MS page 71b}Día madh liomsa an bioth bán
      eidir crann is cloich is chlár
      uaim a n-onóir mo Dhé dhuinn
      ar teacht áonoidhche a hifrionn
    21. Eirigh anois go Síth Truim
      ait ar cuireadh Cu Culainn
      leat fein neamh ó Righ neimhe
      amach o ló in measraighthe
    22. Ag sin turus do-choidh Fionn
      mar do ordaigh Rí na rionn
      dar fhíafraigh sgéla go mín
      do Patraic & d'Oisín
    23. A OISIN


p.174

    1. Eirigh suas a Oissín
      a mheic Finn meic Cumaill
      meic Trenmóir í Bhaoísgne
      ag sin Caoilte cugainn
    2. Bithí ar aon go subach
      a mheic righ na Féine
      denoidh go ceart comhlán
      bar gcomrádh ré chéile
    3. Ro bhaist Patraic baismhín
      íad a ndeireadh a n-aoíse
      tug sé Art ar Oisín
      & Conn ar Caoilte
    4. Ag sin daoip bás Caoilte
      mac réidh Ronáin reabhroidh
      a ndeireadh a lathoir
      a bathadh a tTeamhroigh
    5. Do tuit mac na flatha
      le horchar in cléirigh
      Oisín ger tren talcar
      on urchor nír eirigh
    6. ÉIRIGH


p.176

    1. Eirigh súas a Osgair
      ro-fheas is tú in bunadh
      gidh lor med na ndeighfear
      dingoibh dinn céd curadh
    2. Imthigh trithibh is tairrsiph
      gursat máola méidhe
      geibh sgieth eangach úaine
      is cloideam go ngeire
    3. Geiph sgieth is geibh cloidhim
      is airm níadh rod-rubha
      geibh lúirigh rod-meala
      nar maoídhit do thubha
    4. Is mór in gniom dhamhsa
      a ffiadhnuise m'fiadhan
      dearlacadh103 mo naoídhion
      a gcionn a naoí mbliadhan
    5. Ni tiucfa is ní thainic
      ba fearr lamh na luighe
      is ni ffuil crann sléighe
      is sía dus-sía a nduine
    6. Mairg re ttiubhra a treisi
      lé a cloidhiom go ngeire
      ó thig fearg a laime
      in fear104 dearg is déine
    7. EIRIGH


p.178

    1. {MS page 72a}Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
      mar a ndéndis in Fian seilg
      ní chúala riam roime soin
      guth cluig a fforaoís fhíadhaigh
    2. Faoídh cluig do-chúala a nDruim Dheirg
      mar a ndendis in Fhían seilg
      agus ní cuala rem105
      áonguth ann budh binné
    3. Faoidh cluig do-cúala a nDruim Dheirg
      mar a ndendís in Fhían seilg
      binne liom ar tteacht ar slogh
      an dord Fían ga ttinól
    4. Faoídh chluig do-cuala a nDruim Dheirg
      mar a ndéndís in Fhían seilg
      binne liom ar tteacht amach
      in fhead do-niodh Mac Lughach
    5. Annamh le coill Droma Deirg
      faoídh cluig innti leirg do leirg
      fa minca don ál chúaine
      deireadh oidhche adhfhúaire
    6. Cía in trú chleirighso shíar
      bheanus a cluigín go dían
      nach eistionn re guth na ccon
      ata sa ghlionn 'na fhorradh

    7. p.180

    8. Gidh binn leatsa guth na gcon
      & gidh adbar meanman
      is binne leisin Righ in neach
      eisteas comrádh na ccleireach
    9. Gidh binn leatsa a n-abrait soin
      & gidh maith led106 meanmain
      is binne buireach in doimh mhir
      no in ceól chanaid na cleirigh
    10. Ad-connarcsa fir sa moigh
      nac eistfeadh re guth do cluig
      is do fuicfeadh marb ma-le
      tusa is do cleirig[h] uile
    11. Binne liom um trath eirghe
      cearca fraoích a mbeannuibh sléibhe
      no guth an cleirigh astigh
      ag meighligh ag meigeallaigh
    12. A Oisín innis sgéla
      is na leig sinn fo mhéla
      creud do-dendís riomsa dhe
      fan cluigínso bheanuimse
    13. Do-bheirimsi briatar go fíor
      luighim fo anmain mo ríogh
      go mbeanfadh do clog ad ceann
      no go mbeitheá gan anam
    14. Da gcluineadh Garbh Doire dían
      faoídh cluig sa chillso hsíar107
      do rachad go grod asteach
      's do brisfeadh clog na ccleireach

    15. p.182

    16. Da gcluineadh Fionn in féindidh
      faoídh do cluigín a cleirigh
      do rachadh ad ceann gan acht
      is ní roicfeadh uait imteacht
    17. Da gcluineadh Conán na fFían
      faoídh in cluigsi riom aníar
      cleirigh bheata do bheith ann
      do beidís uile gan anam
    18. Da gcluineadh Caoílti croidhe
      fear nar opthac108 n-iorghaile
      {MS page 72b}do rachadh asteach gan ghaoí
      's do brisfeadh bar gcluiginí
    19. Uchán is cradh lem109 chroidhe
      sgaradh re leirg Máonmhoighe110
      is rissin láochraidh ffeilsin
      rem fhéin is rem111 deigheixibh
    20. Is me Oisín deaghmhac Finn
      creidim Día thuas a Thailginn
      ge atu atu a112nocht gan fhéin gan mhaoín
      is pían lim faoídh in chluigín
    21. FAOÍDH


p.184

    1. Domhnach lodmair tar Lúachair
      dar cuirsiom seilg um Cruachain
      um bordaibh Locha Léin Lir
      um bruachaibh Ghleanna Faoinneallaigh
    2. Cuirmid ar mná uainn íer sin
      ar ffilidh ar n-oirfidigh
      do lodmair a ndiaigh ar mban
      & ar ffileadh ffíorghlan
    3. Do roinnseamar sinn budhdhéin
      don taoibh aníar do Loch Léin
      battar gille glana ann
      nach gealladh ní gan chomhall
    4. In gnaithFían ó Leamhain siar
      um Coirthe um Dhoire na fFían
      um Gleann mBroic is um Gleann Con
      um Gleann Duine dhá Dhubhthar
    5. Clann Morna laimh re Loch Léin
      aoíbhinn doibh ó shleibh do shleibh
      ionmhain crobhaing dhíleas dhron
      ar nach ffuighbithe baéghal
    6. Áos ógbaidh soir agus síar
      in lásin fa fhlaith na fFían
      a gceartmheadhón113 na sealga
      gondaois doimh dhoinndhearga

    7. p.186

    8. Gapmaoíd longport líth gan oil
      tortach114 ar seilg in lásoin
      suidhighmíd longport gan tár
      acht Dubh Dala a aonarán
    9. Codhlais115 mac Maoil Gairbh amuigh
      gairit do nó gur mhuscail
      biodhghais116 a aigneadh gan tlás
      beiridh rúatar tre úathbhás
    10. Tairringis Cluasán a ceann cain
      as a haird aloinn eagair
      dúisgis in cú go ngairbhe
      arracht muice moraidhble
    11. Gearr do battar 'na garadh
      ar n-eirge dhi da falach
      fágbhais in gcoin fa mhéla
      da goinidibh gairbhghéra
    12. Imdhis in mhuic uainn don leirg
      is fagbhais in gcoin fa mairg
      cíí117 Dubh Dhala fa a choin
      is claoídhis a feart fódbaigh
    13. As sin dó go longport Finn
      's nír cheil ar in fFéin ffoiltfhinn
      muc do luathmharbadh a chon
      's a dol uadha gan fhostadh
    14. {MS page 73a}A Dhuibh Dhala a laoích gan locht
      adubairt Fionn fáobarnocht
      in mhuic 'sa tuaruscbháil sin
      ní fuighbithear í a n-aisgidh

    15. p.188

    16. Arna mhárach dhuinn da seilg
      sochaid[h]e do-rad fa mairg
      íadhmaid uimpe aníar 's anoir
      fa dheisceart Bhearnuis Baoghlaigh
    17. Ad-ciam chugainn in muic mir
      ina harracht anaithnidh
      ina ruatar trésan fFéin
      mar sidhe con da coneill
    18. Tarla urcar do cloich chruinn
      ar a gnúis ó mac Cumhaill
      gur bris a dreich dorcha dhuibh
      gur leig trí garrtha gabaidh
    19. Beartuighim buille chuice
      ni d'imgabhail na muice
      go ndeachaidh tresan gcloich gcrúaidh
      's nir dearg ar in muic mhongrúaidh
    20. A hécta ag Bealach Bheime
      ó mhaidin go trath eirghe
      tríar ar fichid rádh nach brég
      is tri coin teasda do chéd
    21. Máol Tuile is Tadg míadh ngle
      in dá mac budh só ag Caoílti
      do thuit le ar lathair goile
      & Conn mac Cabhlaighe
    22. Colla do budh neassa dhi
      fa duibhfheadhaibh Formaoíle
      ga hiompódh do ag Sgairbh Chomair
      lingis in mhuic morghlonnaigh

    23. p.190

    24. As sin di go hÁth Chluig
      Colla nochar chuir da muin
      go ttug naoí ngon do sgín
      ar in ffuath n-eitigh n-ainmhín
    25. Anais Conán agus Fionn
      ag Sruibh Dairbreach ar a chionn
      & nír lughaide a ngráin
      re húath nó ré118 hiomgabhail
    26. Anais Faolán fear go gceill
      eidir in muic & in Féin
      gur chuir corrgha nar beag neimh
      go ceart triana dhá seiridh
    27. Tairbeiris Conán a dhi shleigh
      ar an arracht n-anaithnidh
      cuiris di shleigh Conáin féin
      'na mblodhaiph go hard aigméil
    28. Diubraicis Fionn sleigh oile
      ar in slios ngarp nginoidhe
      do ghoin is do bhuail íer sin
      is do marbh í 'na deaghoidh
    29. A n-aoinfeacht do Colla chain
      's do Mac Lughach ar lathair
      is do tuit in muic ar lár
      le Fionn & le Conán
    30. Naoí ngilla & tricha fear
      eidir thus agus deireadh
      do-rochair lé miste ar sealg
      is seacht fichid cú croibhdearg

    31. p.192

    32. {MS page 73b}Deich ccéd muc is deich gcéd agh
      isin seachtmainsin tar lear
      is se c[h]éd mil moighe amach
      ar seilg a sin go Domnach
    33. DOMHNACH


p.194

    1. Is fada anocht a n-Oil Finn
      fada linn an oidhche aréir
      in lá aniu ge fada damh
      do budh leór fad in laoí ané
    2. Fada liom gach lá dha ttig
      ní mar sin fa cleachtadh dhúin
      mo bheith a ffegmais na fFían
      do cuir sin mo ciall ar ccúil
    3. Gan áonach gan ceól gan cruit
      gan brondadh cruidh gan gniom greadh
      gan díol ollamhan ar ór
      gan ealadhoin gan ól fleadh
    4. Gan bheit ag suirghe nó ag seilg
      in dá cheird le a raibhe ar súil
      gan deabaidh gan denamh creach
      gan beith ag foghluim cleas luith
    5. Gan earradh gaisgidh do ghnáth
      gan imbirt mar budh gnáth leinn
      gan snamh re láochraidh gan locht
      is fada anocht a n-Oil Finn
    6. Fada mo saoghal tar eis na fFían
      ni cneasta na budh cían linn
      ba híad in láochradh gan locht
      is fada anocht a n-Oil Finn

    7. p.196

    8. Is don tsaogal mar ata mé
      truagh a Dhé mar ata sinn
      am áonar ag tarruing cloch
      is fada anocht a n-Oil Finn119
    9. Sir a Patraic dhúin ar Dhía
      fios an ionaidh a mbía sinn
      nó in sáorfa m'anam ar olc
      is fada anocht a n-Oil Finn
    10. Is FADA


p.198

    1. Mairg fuil ar h'iarraidh a Bhrain
      is sgaradh cuirp re hanmain
      úair nachad-faguim a Bhrain
      ni charuim ní ar talmhain
    2. An lamh dar bhúaileas Bran
      dursan nach liom do sgaradh
      nach beinn a mbeathaidh abhus
      dursan nach d'eg do-chúadhus
    3. Rí na gcon do bíodh am laim
      os leicnibh Sleibhe Colláin
      is ni raibhe ar bith go mbáigh
      cú ar a mbeith a túaruscbáil
    4. Da taobh geala do bhi ag Bran
      earboll nua corcra gléghlan
      {MS page 74a}ceatramha120 corcra go roinn
      ótha earboll go hiardruim
    5. Ceithre cosa gorma faoí
      re himteacht oidhche & laoí
      cruibh úaine nár teachtsat báigh
      ingne ettrochta iucháin
    6. Rosc dreagain ina ceann cóir
      ris nir fedadh iomarbháidh
      aluinn agus cáomh a clú
      mo is gasta na gach miolchú

    7. p.200

    8. In cú ba hairde sa Féin
      thigead gan cromadh fo a bléin
      is a ceann ba gasta in roinn
      ba comard é rem121 ghúalainn
    9. Ceithre mil do leiginn uaim
      miol budhdheas is míol budhthuaidh
      miol síar aguss miol soir
      do bidís uile a mbel Bhrain
    10. Da mbeith deireadh laoí gun fFéin
      gan seilg gan fhíadhach do chéin
      do bheradh a gcuid a coill
      do biathfadh122 Bran ó Bhoirinn
    11. Is aire do bhuaileas Bran
      is mór n-úair ba haithreach dhamh
      gáir na ccon is na sealga
      risna fiadhaibh foirdearga
    12. Tugus buille d'eill buidhe
      dhó go ffailgibh fionndruine
      do-chúaidh an idh óir 'na ceann
      mairg do-rinne in gnim róitheann
    13. Iongnadh leis a bhualadh damh
      do bhoí athaidh gom feghadh
      gur silseat frasa déra
      tar a rosgaibh rinnghéra
    14. Olc sen far togbadh in lamh
      olc sén ro tairngeadh go hán
      olc sén do-righneadh in beadg
      mairg do-rinne in gniom rogharg

    15. p.202

    16. Tairngidh uaim a heill go tric
      gur bhris in mhuince airgid
      dar theith go moch ar in sleibh
      gur ling sa loch a luathleim
    17. Tri hualla gacha nona
      ag ar gconartoibh cródha
      coin na Feine ag iarraidh Bhrain
      's an Fhían uile go cíamhair
    18. Ní chúala guth con ag seilg
      ar moigh ar móin ar morleirg
      ó do sgarus rem123 choin ngairg
      na beith mo croidhe fo mairg
    19. MAIRG

Ag sin duit a chaiptín Samhairle. & da ffaghuinn ní budh mo ina sin do Dhúanaire Finn réna sgriobadh do-dheanainn dháobhsi é Misi Áodh Ó Docartaigh do sgriobh a n-Óisdin124. in .12. Februarí. 1627.


p.204

    1. {MS page 74b}A Oisín as fada do shúan
      eiridh súas is éisd na sailm
      ó thairnic do lúth is do rath
      do chuirtheá cath a ngleó garbh
    2. Do tháirnic mo úth is mo rath
      ó nach mairionn cath ag Fiond
      i ccleircibh ní fhuil mo spéis
      nó ceól da n-éis ní binn liom
    3. Ni chúalais a ccomhmaith do ceól
      ó thús domain mhóir gus anocht
      tá tú arsaidh aimglic líath
      gé do dhioltá clíar ar cnoc
    4. Do dhíolainnsi clíar ar cnoc
      a Patraic gidh docht do rún
      as mairg dhuit do cháin mo chruth
      is nach ffúair me guth ar tús
    5. Do-chúal ceól as fearr no an ceól
      ge mor mholus tú in chlíar
      sgalgarnach luin Leitreach Laoí
      's a' faoídheadh do-níodh in Dord Fían
    6. Smólach guithbhinn Ghleanna in Sgáil
      monghar na mbárc [rsquor]búain ré tracht
      budh binne liom trosd na ccon
      na do sgol a chleirigh cháidh

    7. p.206

    8. Da ghadar d[h]ég do bhí ag Fionn
      an úair do léigthi fá Glionn Raith
      budh binne liom a n-oific chiúil
      's a n-aghoidh on tSiúir amach
    9. An úair do shuidhiodh Fionn ar cnoc
      shinntí gan locht in Dord Fían
      chuireadh 'na ccodladh na sluaigh
      mo-núar budh binne l in chlíar
    10. Cnú Dheireóil cnú mo chuirp
      abhac beag do bhí ag Fionn
      an úair do shinneadh cuir is puirt
      do bhíodh sé 's a cruit go binn
    11. Blathnaid bheag an inghean óg
      tug móid re fear fon ngréin
      acht Cnú Dheireóil & sí
      och a rí budh binn a mbéil
    12. Do budh mían le Fionn na ffleadh
      síansán con a ffad ar slíabh
      coin allta ag fagbháil a ccúan
      mordháil na sluagh dob é a mían
    13. Iomdha mían do bhí ag Fionn
      nach ccuirtear a suim id dhíaigh
      ni mhairionn Fionn nó na coin
      's ní mairfe tú a Oisín na cclíar
    14. As mo an sgel Fionn no sinn
      is na 'ttainic ler125 linn ríamh
      a ndeachaidh is na ffuil beó
      dob fearr fa ór Fionn na fFían

    15. p.208

    16. Tug sé naoí gcatha sa fFraingc
      naoí bhfichid cath a nEirinn uill
      on tsruth ar baisdeadh Críosd
      do theigh a chíos go Toigh in Duinn
    17. Tug sé naoí ccatha sa Spáin
      airdrigh Lochlann a laim leis
      beacht do bhí in domhan fa chíos
      'sé budh rígh isin Greig Bhig
    18. Lochland 's an Innia mhór
      tigeadh a n-ór go teach Fhinn
      ní roibhe coimmeas ris ó Chríosd
      ní fhacus rí os a chionn
    19. {MS page 75a}Mairg dhamh do hanadh dhá éis
      gan mó spéis a muirn no a cceól
      um damh críon126 d'aithle na slúagh
      as damh is truagh a beith beó
    20. Trúagh a Tháilginn an sgél
      bheith a ndíaigh na ffear go fann
      ag eisdeacht re ceól na gclog
      as me um sheanóir bhocht dhall
    21. Da mairiodh Fionn is an Fían
      do fhuicfinn clíar na ccros
      do leanfuinnsi fíadh a ngleann
      is budh mían leam bheith ré a chos
    22. Sir a Patraic dhuinn ar do Dhía
      neamh d'Fionn na bFían is dá chloinn
      déna guidhe risin fflaith
      ni chúala a commaith rem127 linn

    23. p.210

    24. Ni iarrfa méisi neamh d'Fionn
      a fhir nach grinn ler128 eirigh m'fearg
      gurab é a mhian rena129 linn
      beith a nglionn ag síansan sealg
    25. Da mbeithea130 faris in fFein
      a chleirigh na cclíar 's na clog
      ní tiubhra th'aire do Dhia
      acht ríar chlíar & sgol
    26. Ni threigfinnsi Mac Dé Bhí
      ar a ttainic a cclí thoir is tíar
      a Oisin in fuighle bhuig
      olc do-chúaidh dhuit díol na cclíar
    27. Gach ar pronn tú & Fionn d' ór
      olc do-chúaidh dhó & duit
      ata sé a n-ifreann 'na gheall
      mar do-denadh feall & broid
    28. Beag do chreidfinn dot ghlór
      a chleirigh na leabar mbán
      ní roibhe Fionn na coimfhíal
      ag duine nó ag Día a lámh
    29. Ata sé a n-ifrionn a laim
      fear fa sáimh do bhronnadh ór
      a ndíol a easurradhais ar Dhia
      ta sé a ttigh na bpían fá131 brón
    30. Da mbeith clanna Morná astigh
      nó chlann Bhaoísgne fir fa trén
      do-bherdaoís sin Fionn amach
      nó bhíadh in teach aca132 fén

    31. p.212

    32. Da maireadh Fáolan is Goll
      Díarmaid donn is Osgar áigh
      a n-éintigh riam dar chom Día
      ní bhíadh Fionn na fFían a láimh
    33. Coig coigidh Eireann fa seach
      's na seacht ccatha boí san fFéin
      ní tiubhraidis Fionn amach
      ger mhór a neart is a ttréin
    34. A Patraic is truagh in sgél
      an fear fíal do bheith fó ghlas
      croidhe gan aingidheacht gan fhúath
      croidhe crúaidh ag cosnamh cath
    35. As egcóir nár mhaith lé Día
      ór is bíadh 'thabhairt do neach
      nír ér sé trén no trúagh
      ifreann fúar mas é a theach
    36. {MS page 75b}Créd do-rinne Fionn re Día
      acht ríar na cclíar is na sgol
      is treas mór re bronnadh óir
      is treas fós re meadhair chon
    37. 'S a gheall re meadhair na ccon
      is re ríar na sgol gach
      is gan smáoíthiugh ar Dhía
      ata Fionn na fFían a láimh
    38. Ata sgél agam ar Fhionn
      ní raibh ionn acht sé fir dhég
      gabhsam ri Sacsan na ffleadh
      chuiriomar cath ar rígh Grég

    39. p.214

    40. Do gabsam an Innia ar fad
      ba mór ar neart is ar ttrén
      do cuiriomar cath ar rígh Frangc
      dar do laim ní abruim brég
    41. Do gabhamar Maghnus mór
      mac rígh Lochlann na long mbreac
      rangamar gan ghuin gan sgís
      do chuirmís ar ccíos a ffad
    42. A sheanóir do sháobh do chiall
      beag in sgel gan a mbeith beó
      a raiph do shlúagaibh ann sin
      ní bhía as ní fhuil acht mar cheó
    43. A Patraic na mbachall mbreac.
      ní rachadh leat aithis Fhinn
      nír ér sé duine fa ór
      ní thug a mbreig móid nó mionn
    44. Tabhairsi th'aire duit féin
      ó atathaoí gan ceill abhus
      tabair th'aire duit a trúaigh
      tapair dot uaidh th'aire anos
    45. A OISIN


p.216

    1. La da ndeachaidh Fionn na bFían
      do sheilg ar Slíabh na mBan fFionn
      trí mhíle 'mathaibh na fFían
      ní deachaidh sgíamh os ar gcionn
    2. A Oisin is binn ninn do ghlór
      bean nacht fós ar anmuin Fhinn
      innis cá mhéd fíadh
      do thuit ar Slíabh na mBan fFionn
    3. Búdh mór na creacha dar slúagh
      dar a ndeachaidh uaim 's ní sbleadh
      ar thuit ar Slíabh na mBan bFionn
      d'fíadhach ré Fionn na ffleadh
    4. Innis ród roimhe gach sgél
      beannacht ar do bhél gan gó
      in mbíodh éideadh nó airm
      ag dul do sheilg libh gach
    5. Do bíodh eideadh & airm
      ag dul do sheilg linn mar sin
      ní bhíodh feindidh dhinn dom dhóigh
      gan léinidh sróil is dá choin
    6. Gan cotún síthe séimh
      is lúireach bharraidh ghéir ghlain
      's gan ceinnbeirt clochorrdha chorr
      's da sleidh a ndorn gach fir

    7. p.218

    8. Gan sgíath uaine bheireadh búaidh
      is lann chrúaidh re sgoilteadh cionn
      {MS page 76a}da sirthea in domhan fa seach
      ní raibhe neach budh fearr nó Fionn
    9. As é dob fearr eineach is ágh
      ní deachaidh lamh ós a cionn
      dul do thaistiol na ccuan ngeal
      gan faicsin ar fear mar Fhionn
    10. Cath eagair do-chúadhmar síar
      do seilg ar Slíabh na mBan fFionn
      a Patraic a cheann na cclíar
      dob alainn grían ós ar ccionn
    11. An uair do shuidheadh Fionn ar ccoin
      dob iomdha anoir is aníar
      guth gadhair ag dol do chnoc
      ag dúsgadh thorc & fíadh
    12. Do bíodh Fionn & Bran
      'na suidhe seal ar in slíabh
      gach fear dhíobh a n-ionadh sealg
      nó gur eirigh cealg na bfíadh
    13. Léigiomar tri mhíle cú
      dob fearr lúth is do bhí garg
      do marbh gach cú diobh da fhíadh
      sul do cuireadh iall 'na n-aird
    14. Marbhamar sé mhíle fíadh barr
      ar in ghleann do bhí fan tslíabh
      a nfegmais aighe & fearb
      ní dearnad sealg mar sin ríamh

    15. p.220

    16. Dob e deiread[h] ar sealga thiar
      a cleirigh na cclíar [rsquor]s na cclog
      deich cced cú go slabhraidh n-óir
      do thuit um nóin ré céd torc
    17. Do thuitsiod linne na tuirc
      rinne na huilc ar in leirg
      muna beith ar luinn is ar lamh
      chuirfidis ár ar bFéin133
    18. A Patraic na mbachall bfíar134
      ní faca mé thíar nó thoir
      sealg énlaoí ar Fhíanuibh Finn
      ré mo linn budh mó ina soin
    19. Ag sin sealg do-rinne Fionn
      a mic Carploinn na mbionn mbláith
      na gáir cheolán isin chill
      do budh binne liom in lá
    20. LA


p.222

    1. La da rabhamar a nDún Bó
      Fían Eirionn líon a ttionól
      coiméd cúain fa ceim deacair
      ó Chairbri líonmar Lifeachair
    2. Gearr do bhádhmar ann sin
      a mic Alproinn a chleirigh
      go ttainic chugainn Laíghne mór
      áonmac rígh na fFomór
    3. Bliadhain fa thrí roimhe soin
      nach deachaid[h] láoch dhinn tar muir
      le húamhan in fhir mhoir
      a chléirigh adeir an chanóin
    4. Ar tteacht dhósan tar Albain135
      motaighimid anfa na fairge
      ó iomramh lamh in fir móir
      's ó buillighibh rámh an Fomóir
    5. A mic Blaighe ingine in Deirg
      beannacht ar do bhél gan cheilg
      & innis duinn mar soin
      a ndearnabhair 's a' fearsain
    6. Do leagad leision a sheóil
      a bportaibh díleann nar chóir
      's do-rinne eachréidh amach136
      o n-ainmnigtear in t-ollamhach

    7. p.224

    8. Dob e dob cloideamh catha
      don mhacsin an ardfhlatha
      lorg fhairsing d'íaronn chrúaidh
      tri c[h]éd137 cáor iarainn 'na leathgrúaidh
    9. {MS page 76b}Do bhí coimhéd fan luirg mhóir
      lomnán d'airgead & d'ór
      's do clochaib búadha oile
      d'uaislibh Thíre Tairngoire
    10. Ar ttiacht dhósan a ttír
      do léig béiceadh nár cháol
      d'iarraidh trodáin in fear
      & teagmhála in milidh
    11. Ni raibhe en láoch 'nar fFéin
      go roiche soir a nda ttrían
      nach ttiúbhradh dár n-úaislibh
      maith fel coidhche ar a thúarusdal
    12. 'S í comhairle do-rinne Fionn
      le cloinn Morna is réna ccloinn
      dul go pupal in fir mhóir
      a riocht fhileadh a ccédoir
    13. Glúaisios Fionn feasa is Feargus
      Cnú Dheireóil & Bláthnad
      go riachtsat in popal cóir
      do bhí ag mac rígh na fFomhóir
    14. Beannaidhis Fionn don fhear mhór
      & Feargus ba binn glór
      ní fhacattar thíar nó thoir
      ríamh leithéid in mhílidh

    15. p.226

    16. Suidhis 'na pupal ann soin
      a n-onóir do na fileadhuibh
      cuiris Feargus da laim cle
      & Fionn féin da deisséin
    17. Beiris chuige fana brot
      Cnú Dheireóil & Bláthnot
      sinnid an ceól sithe súain
      re ngabadh draoíthe deaghdhúain
    18. Fiafraidhis mac Cumhaill fhéil
      don ogláoch úathmar aigmhéil
      caidhe h'ainm bunaidh go beacht
      nó ca tír a ffuil th'imteacht
    19. Mac rígh na bFomórach thoir
      misi a dhraoí uasail iodhain
      Laighne mór mh'ainm bunaidh
      ag cur ghlíaidh gach áonchuraidh
    20. Innis a churaidh chálma
      do ráidh Fionn fa mor meanma
      caidhe in fáth tangais anoir
      go hEirinn álainn íasgaigh
    21. Inneósa me dhuitsi soin
      a dhraoí úasail iodhain
      an fáth fa tangus om thoigh
      go hEirinn aloinn iúbhraigh
    22. Maithe Eireann bheith a ngiallaibh
      's a ccíos cugam gacha bliadhain
      no gan líon síoluidhe d'fior
      d'fagbháil a nEirinn iodhain

    23. p.228

    24. Iomdha láoch romhad riam
      tainic go hEirinn d'iarraidh glíadh
      éinneach dhíbh nir thill tar ais
      uainn soir a hEirinn fhódghlais
    25. A ttainic chuca thoir is tíar
      's a raibhe a nEirinn rompo ríamh
      ni thiúbhrainn áit suidhe d'fior
      d'eagla comlainn na ccuradh
    26. Fíafraidhis an curadh calma
      da draoithibh go méd meanma
      caidhe in díol is diol libh
      a dhraoíthe aille íodhan
    27. Do-ghébha sibh airgead is ór
      is gach ní is áil lé bur ccóir
      do-ghébha uaimsi astighsi
      gach ní atá ar bur n-ainnisi
    28. Draoithe sinn lán d'eagna
      do ráidh Fionn ris da fhreagra
      cádhas uaitsi dligidh sinn
      ar h'eineach as eadh iarruim
    29. Do gheall go ttiúbhradhsan soin
      cádhas don chléir go cubaidh
      {MS page 77a}gion do bhíadh na bheathaidh abhus
      do gheall nach airgfead[h] éigius
    30. Tabhair do bhríatar leis soin
      do ráidh mac Cumhaill a hAlmhuin
      ar a bheith diolus ré do linn
      da ngabhann linne dh'Eirinn

    31. p.230

    32. Tugsan briatar gan ghó
      nach sirfeadh air rena bheó
      nó ar draoí da ttiocfadh 'na teach
      cíos no cáin nó cabhalach
    33. Mithe duit imtheacht tar h'ais
      dearbh go ndearnais do thurais
      liómsa anois gabhus Éire
      's mé Fionn flaith na fíorFhéine
    34. Mas tusa Fionn na Féine
      do ráidh in t-ogláoch go bféile
      ní thugus bríatar re hais
      acht do draoíthibh gan ainbfeas
    35. Draoí sinn a churaidh chalma
      do ráidh Fionn fa mór meanma
      mo ghliocus nír sháruigh neach
      dar thaisdil in bioth bráonach
    36. Ag aíghnius ort ní bhíadh sinn
      a Fhinn mic Cumhaill airmghrinn
      ó thugus bríatar gan ghaoí
      denam síth treigiom eissíodh
    37. Do-rinne sé síth go cóir
      Fionn mac Cumaill mic Trenmóir
      dhó féin is d'Eirinn uile
      mor in geilleadh énduine
    38. Toimhsis Fionn gan fhius dó
      in t-ogláoch 's ní hiomarghó
      ba hadhbhal ré aithris duit
      fad an oglaoích 's a leathad

    39. p.232

    40. Seacht ccomfada Fhinn féin
      boí ar fad a Laíghne thrén
      's a dha chomhfhad ar tracht
      fa mór in trénoglách
    41. Téid Fionn a gcionn a shlóigh
      beiris leis fíon & feóil
      eire cháogad gearrán cróin
      do mhiodh is do brogóid
    42. Beirthear oidhcheacht ón fhear thrén
      ní chúala a leitheid ó chleir
      & ón oidhchesin íar sógh
      ainmnightear Purt a R íghol
    43. Gluaisis an t-ogláoch uainne
      tar na tonnaibh taobhúaine
      ceileabhruis da cleir re hais
      buidheach an Fían da thurus
    44. Do-bheirimsi dhuit a mhóid
      a Patraic tainic ón Roimh
      nach rabhamar féin nó clanna Cuinn
      a tteann budh measa ar bfulang
    45. As mé Oisín do bronnadh óir
      do gradh na ffileadh a ccedóir
      ge ataim anocht fa bhrón
      le smúaintiugadh gach enló
    46. LA


p.234

    1. In ccúala tú Fíana Finn
      a Patraic mhóir mic Alproinn
      ag eirghe ós ceann Locha Deirg
      mar áon is cách ag coimhsheilg
    2. Péisd do bhí ar loch in tsléibhe
      lé a ttugadh ár na Féine
      fiche céd nó138 ní is mó
      da ttug sí ég a n-énló
    3. {MS page 77b}Ogláoch maith do bhí ag Fionn
      go deimhin duit a Tháilghinn
      Albhaidh an Óir mac139 rígh Grég
      do thuigeadh glór ó gach peist
    4. In ttuige an ní adeir in péisd
      do ráidh Albhaidh risin fFéin
      cáoga each nó cáoga bó
      do chur cuice gach áonló
    5. Innis go bfuighe sí soin
      a Albhaidh an chrotha glain
      fearr sin nó énláoch lonn
      do thuitim léisi a ccomhlann
    6. An peisd an oidhchesin gan bhíadh
      codhlaidh 's nir smúaintigh in Fhían
      ar tteacht na maidne go moch
      do chuir anfa ar in ffionnloch

    7. p.236

    8. Ar tteacht don peisd ar in ttracht
      do leigiodar in Fhían gáir
      dob iomdha ag brisiodh a croinn
      iliomad láoch 'na timchioll
    9. Eidir sin & mead[h]ón don ló
      do budh lía ar mairbh na ar mbeó
      budh samhail ré slúagh oile
      uireasbadh ar láochraidhe
    10. Do sluigeadh lé mac rig Greg
      is Oisín fa mór in béd
      'sé do sluigeadh lé go beacht
      fear & céd a n-aoínfheacht
    11. Níor sluigeadh mac Cumhaill lé
      nó in mhéid do bhi amoigh dhá Fhéin
      's ní raibhe dhíobh gan dul thart
      acht beagán beag a mbél imtheacht
    12. Do shluig sí Dáolghus is Goll
      Fionn mac Rossa na ccomhlann
      Conán Máol sgél nár mhó
      Diarmaid táobhgheal Trénmhór
    13. Tug Fionn in sitheadh prap
      glacais in peisd ar alt
      & tug car go dían di
      gur chuir a clíabh anairde
    14. Mar do-connairc Dáire mac Finn
      rífheindidh is sí cionn a ccionn
      tug léim a mbel na píasta
      dob é in sithead aimhrialta

    15. p.238

    16. Ar ndul do Dháire 'na clíabh
      ann sin do chuimhnigh a sgían
      ar a hasgaill tig amach
      dob í in chosgairt iongantach
    17. Da c[h]éd beó aisde don Fhéin
      Oisín is mac rígh Greg
      comhrac budh beódha na soin
      annamh duine go ccualaidh
    18. An da chéd tainic amach
      do bhádar gan fholt gan édach
      maith do cheas140 Fíana Finn
      a ffúairsiod ríamh a nEirinn
    19. Turus Conáin nar chóir
      'steach a mbroinn an bheathaidh mhóir
      mar nach roibhe gruag ar a chionn
      nir an léadhb ar a chloiginn
    20. Fionnloch dobh ainm141 don loch
      ar tús a chor142 a chléireach
      do an Loch Dearg air ré a bheó
      ó ár na Féine a n-énló
    21. Trí lá & mí & blíaghain
      do bhí Loch Dearg fa dhíamhair
      ó lá marbhtha Fíana Finn
      go deimhin duit a Thailghinn
    22. {MS page 78a}As mé Caoílti a ndíaigh na fFian
      a Patraic do dhealbhus grían
      na sgéla do innsim dhuit
      iomdha duine do-chúalaidh
    23. IN


p.240

    1. La da ndeachaidh Fionn na bFían
      do sheilg ar Beinn Gulbain síar
      go bfacamar ag tocht co cách
      ogláoch go n-egcosg neamhghnath
    2. Do-conncamar chugainn sa magh
      ogláoch mór go méid mhíleadh
      cloidhiom trid a cheann gan chair
      go ráinic in chlúas go chéile
    3. Beannaighis in t-ógláoch mór
      d on ríghféindidh fáth gan bhrón
      & beannaighis do Gholl ghlan
      & suidhis 'na fharradh
    4. Ar bhar ccuimridhe damh féin
      a rífheindidh feasaigh fhéil
      fam iodhlacadh úaibh gan fheall
      a Fhíana aille Eireann
    5. A ogláigh tainic sa ccnoc
      do raidh Conán faobarnocht
      cía chuir in cloidiom id cheann
      no cía re ndearnuis comlann
    6. Do-rindeasa comhlann crúaidh
      le Manannán na mórslúagh
      's é do chuir cloidheamh um ceann
      is ris do-rinniun comlann

    7. p.242

    8. Ataim fo gheasaibh o shoin
      fan domhan uile d'iarraidh
      ní fhuarus aoínneach ann
      do bheanfa in cloidiom asam
    9. Tanac cugaibhsi a Fían
      chuala bar tteisd thoir is thíar
      ar bar n-eineach tabhraidh damh
      beanaidh asam in cloidheam
    10. So ráidh Conán don taobh thall
      beanfad in cloidiom as do cheann
      nó beanfadsa gan fheall damh
      an ceann diot is a[rsquo ] cloidheam
    11. Na bean as arsa Fionn féin
      a Conáin mhaoíl mhir gan cheill
      ga fios nach ttiucfa sa magh
      dograinge a ndíaigh in cloidhimh
    12. Maith liom dograing do theacht as
      do raidh Conán maol gan cheis
      tug sithe prapdha go ngoil
      & glacais in cloidhiom143
    13. Tuitis Conán ar lár dhe
      gan sbionnadh a n-alt nó a n-áighe
      beith mar sin acht ger nár dho
      gan neart ann mna seóla
    14. Mar do-connairc clann Morna mhóir
      Conán máol ag faghail bróin144
      tairrngid a ccloidhme go nimh
      do ghearradh chinn in gruagaigh

    15. p.244

    16. Eirgis Fionn don taobh oile
      is nochtais a cholg nimhe
      eirgid clanna Baoísgne nhear
      do dhul a n-aghaid in gruagaigh
    17. Eirgid ann sin145 as gleo garbh
      Fian Eireann go n-imad n-arm
      nír sguirsiod da gcleasaib gail
      gur basgadar naoí nónmhair
    18. Rachadsa ar do leith a Fhinn
      do ráidh Goll fa pairt grinn
      {MS page 78b}do budh cóir ar ttuitim dhe
      ar mbrisiodh do cuimridhe
    19. Cuirim fó gheasoibh thú ar Fionn
      créd fa ttangais re olc linn
      muna n-innisi a gruagaigh thall
      gé tú do Tuath De Danann
    20. As mé Manannán mac Lir
      mór m'fíoch & m'fala ribh
      as í mo thoisg om thigh
      com bar ttuitim re cheile
    21. Ni muirfimne sinn féin duit
      a gruagaigh uasail oirrdeirc
      cuirim gach ceisd ort mur ghráin
      muna bfóire tú ar Conán
    22. Tairrngeas gér crodha an céim
      an cloidheamh as a cheann féin
      fagbais a chionn 'na dhíaigh slán
      toimsios a dhías ré Conán

    23. p.246

    24. Do eiridh Conán slán de
      on leagadh ar a raibhe
      nírbh í sin an eirge ghar
      do nocht Conán a cloidhiom
    25. Tug Conán agaidh ann
      ar Manannán na morlann
      do thóg Fionn a sgíath go mblaidh
      os cionn Manannáin mheanmnaigh
    26. Gach duine dhíobh don Fhéin
      ag dul a leith a arm féin
      gach fear dhiobh le cleasaibh gail
      teacht ar fhíoch is ar fhalaidh
    27. Cuiris gruagach in fhuilt fhinn
      a cloidheam féin 'na timchill
      nír fidir neach d'úair nó tráth
      gur gabh úatha ar lár in lá


p.248

    1. Lá do bhí sealg Shléibhe Guilleann
      da hinnioll ré mac Cumhaill
      go fhacamar146 oglaoch gábhaidh
      cugainn os na firmáintibh
    2. Brot cíordhubh fa dorcha dath
      is comartha ardfhlath
      fa dorcha dealb147 in fir mhóir
      do bhí chugainn ar anbhóin
    3. Enshuil ar mire gan ghean
      a cceann an fir fa maith dénam
      mar dorn gach curaidh sa fFéin
      'na sróin churata aigmhéil
    4. Da craoisigh catha 'na láimh
      is cloidheamh leathan go morghráin
      is lorg don iarrann nár thim
      ag an ogláoch re a ghúalainn
    5. Mur connairc maithe na fFían
      cuca in t-arracht nar maith sgíamh
      glacaidh gach fear a dhá sleidh
      a sgíath 's a cholg 'na aghaidh
    6. Togbais Fionn in colg nimhe
      ga mbíodh buaidh gach iorgaile148
      is teachaid an Fhían ann sin
      tiomcill mic Cumaill armghloin

    7. p.250

    8. Adubhairt Fionn re neart a sloigh
      is re mathoibh clann Trénmóir
      is re cloinn Morna go ngoil
      dhul a n-aghoidh in treinfhir149
    9. Adupairt Conán mac Mórna
      fear mallachtach miolábhra
      as romhór h'eaglusa 'Fhinn
      roime an ogláochso chugainn
    10. Níor gabh eagla misi ríamh
      a Chonáin mhaoíl nach maith sgíamh
      do bheanfainn do cheann diot anois
      muna bfechainn dot ainbfios
    11. Commaith mo chinnsi a fhir
      nir marbadh re do mhuinnteir
      's nir chosain tu gnaoí duit fein
      timcioll Aile no aoinsgéil
    12. Mur do-chúalaidh flaith na fFían
      Conán da fhreagra go dían
      nochtais a chloidheam nar thim
      a n-am catha no comhlainn
    13. Nochtais Conán a lann
      a cceartaghoidh mhic mhic Cumaill
      tug sitheadh diochra dána
      a ccoinne an righ dingmhála
    14. Adubairt Conán go ngruaim
      lé mac Múirne na mo[r]shlúagh
      do-bherainn comhairle duit a fhir
      gan anmhuin ré mo dheabaidh

    15. p.252

    16. Mur do-chúalaidh Fionn ágha
      Conán da sircháineadh
      glacais a dhá shleidh go ngail
      is gabhais íad 'na fhochair
    17. Adubairt Conán go tréith
      ag iompódh irsigh a sgéith
      gapuim red150 choimridhe a Fhinn
      is do-bheirim an urruim
    18. Do thug Fionn nar ér neach
      an comairce dhó ar eineach
      adubairt re Conán ann sin
      imtheacht ameasg a mhuinntir
    19. Sgela an oglaoígh ó chíanuibh
      inneosad dhuit a chleirigh
      tainic sé chugainn ann sin
      d'iarraidh catha ar ar muinntir
    20. Do fiafraigh misi sgéla dhe
      do fhiafraigh Caoílte is Mac Reithe
      ga críocha cinél duit a fhir
      nó ca tír a ffuil t'athoir
    21. Dubh mac Díorfaidh as ainm damh
      is Mac Suirnn mo sloinneadh
      as í mo thoisg om thigh
      gabháil gheillidh gach náonmhuir
    22. Baogal a Dhuibh mic Diorfaidh
      dhuit an eachtrasin d'innsin
      go ttiucfa at áonar ann
      'gabháil geillidh ffear nEireann

    23. p.254

    24. Da mbeith sloigh dhomhain uile
      ar mh'ineac 's ar mh'impidhe
      ni thiúbhrainn liom dhíbh tar sál
      do shluagh acht mé um aonarán
    25. Do freagradh súd go lúath
      le hOsgar do-bheireadh gach búadh
      ga líon fhognus duit a fhir
      'dhul do comrac at aghoidh
    26. Ge do fhíafroidh tu sin diom
      as romor h'eagla is th'imsníomh
      as e líon toghaim as gach tír
      do thocht a n-aghoidh mo móirgnimh
    27. Deich ccéd curaidh go ngail
      dha shleidh a ndorn gach aoín fhir
      deich ccéd cloidhiom is fearr fáob ur
      deich cced sgíeth da n-imdhidan
    28. Do fhíafraigh Conán do guth mhór
      go hiomard ameasg na slógh
      cía hagoibh don Fhein fhearrda
      theid ar son a thigearna
    29. {MS page 79b}Do labhair Osgar Eamhna
      macámh na fFían ffíorchalma
      rachad fein ar son m'athar
      ar mo son fein 's mo seanathor
    30. Cóír do théid tusa ann sin
      do ráidh Caoílte fa maith rith
      an t-athair ata agad a fhir
      nocho cathach é a n-iorghail

    31. p.256

    32. Do eisdiodar Fíana Finn
      ar a' tulaigh ós ar cciond
      do shaoílsead nach roibhe sa fFéin
      aoínneach ó a ffuighinn toibheim
    33. Cred do-rinne Oisín rit
      a fhir labhrus go haimghlic
      créd do-bheir tu da cháineadh
      da aithis no da imdeargadh
    34. Ni dhuitsi do-bherainn sgéla
      a Osgair aird in fheadhma
      ni mó is d'Oisín na nglonn
      bhías 'na seanóir a cCroimlinn
    35. Robhorb an ní do labhra
      a mhic cholamhnaigh Theamhra
      tuitfe tú liomsa a fhir
      a n-eruic do dhul fam athair
    36. Do-beirim do shlansa fuim
      a Osgair gé maith do clu
      & slan choinne th'athor
      a mhic Oisín ardfhlatha
    37. Iarruim ar Osgar na ngniom ngle
      leigion eadrom is Caoílti
      ionnus go ndioghlainn an sár
      do fuarus ó mac Ronán
    38. Leigiom eadrad & sé
      do ráidh Osgar fa maith gné
      & tapair fé do ghleó
      ar mac Ronáin iomorro

    39. p.258

    40. Fiafraighimsi go hard ard
      do mac Cronnchair go fíorgharg
      créd tug é dom cháineadh
      dom aithis dom imdeargadh
    41. As í freagra fúair misi
      ó Chaoílti aigeantach chlisde
      go mbeinnsi ar deireadh cháich
      ag iarraidh na ndeachamhán
    42. Adubairt fear millte na fFían
      Conán máol coinntinneach cían
      na tugadh sé urraim dhuit
      's nár mó bhías sé agad
    43. Maith do dhlighfea sin a fhir
      do chongnam beith am aghoidh
      do bris me an corn ar do chionn
      a mBruighin Chéise Corainn
    44. Maith do dioghlomairne sin
      a maidin catha Cnocha151
      do marbhamar Cumhall go mbúaidh
      is da ttrían a tromshlúaigh
    45. Ni chuimhneochum fala anois
      dhuit a Conáin cheannsholais
      fearr linn do beith os cionn chláir
      ag búaladh dorn is famér
    46. Maith aithnidhimsi in t-adhbar
      do-bheir ort gan teacht fam ghábadh
      ar cheasta fhaophar mo loinn
      is ar eagla mo comlainn

    47. p.260

    48. Leigiom diom tagra Conáin
      ní raipe spéis liom 'na teagmáil
      mar nar chuireas brígh 'na láimh
      'na atais no 'na mhorrdhail
    49. {MS page 80a}Do-rinneas rioth tre lár an tsluaigh
      dar chuireas Chaoílti152 ar anbhúain
      do-chúaidh uaim ar luas a chos
      go rainic sé go Durlus
    50. Tiompoim ó Dhurlus tar ais
      do aimdheóin Caoilti coimdheas
      ger maith rioth mic Ronáin teinn
      go huaim mhoir Sleibhi Guilleand153
    51. Ni dhearnus comnaidhe coidhche
      no go rugas ar Chaoílte
      go ttuccus creapailti rem154 loinn
      Caoilte ameasg Fhían Eireann
    52. Adubairt mac Cumhaill mheadhraigh
      ar ffaicsin Caoilti chedaigh
      liomsa dhul fana bhreith fein
      's go ndenadh mo dheaghréir
    53. Adubhrusa nach denainn síth
      le Fionn fa maith fos is brigh
      's nach ttiubhrainnsi mo lamh na laimh
      no go millinn mac Ronáin
    54. As í síth do ceangail Fionn
      do ceangail Osgar is Cairioll
      da c[h]éd cúach ó Chaoílti damh
      da c[h]éd corn da c[h]éd cloidhiom

    55. p.262

    56. Gach a ndubairt Fionn ágha
      & a oiread eile gan cairde
      fuarus a n-aoinfeacht um laim
      suil do sgaoílius do mac Ronáin
    57. Do tug nisi briatar dhó
      do tug Osgar nar chan gó
      nach ttiubhramaois achmusán go mbroid
      do Chaoílti ar son a ndubairt
    58. Do-rinniomar síth sulchair
      nisi is Caoílti mac Cronnchair
      tugamar frais póg ann sin
      ar slios srón & aighthe
    59. A dubairt an Dubh mac Diorfaidh
      goth is aibhseach re n-innsin
      tigidh do troimdeabaidh riom
      a ardmaithe Fhían Eirionn
    60. Tugaidh comrac talchar trén
      damhsa go mbuailinn béim
      nó tugaidh bráighde go ngoil
      ó gach taoiseach naoí náonmhair
    61. Adubhairt Osgar fa maith gniom
      re Cairioll mac in airdriogh
      teachmaoídne do comrac ris
      & millmíd a ainbfios
    62. Prap adubairt flaith na fFían
      le mo mac maith is liom féin
      ar mhaitheas an domain dil
      nach rachmaois ris do dheabaidh

    63. p.264

    64. Adubairt Osgar nár thim
      glór nár bfosaidh ré mac Cumhaill
      do mhill do comairle an Fían
      a mhic Cumhaill na mórclíar
    65. Adubairt Osgar glór eile
      nár chóir re Fionn Almhuine155
      as urusa braighde gill
      do gabháil ar Fhíenaibh Eirinn
    66. Ann sin adupairt Fáolan cain
      ag eirghe ar son a athar
      {MS page 80b}roborb a Osgair Eamhna
      labhras tú re tigearna156
    67. Adubhairt Fionn go feargach
      le hOsgar grinn157 mearmeanmnach
      muna ndearna dioghaltus ort a fhir
      ní bhíad fem um beathaid[h]
    68. Mun beith an Dubh mac Diorfaidh
      ag iarraidh catha ar mo muinntir
      do digheoluinn ort a fhir
      a nden tu d'imreasain am aghaidh
    69. Amlaidh sin do-nimsi riot
      a mic Cumhaill na n-arm nglic
      do sheacht ccatha is tú féin
      do bheith uile dom míréir
    70. Ge teann do labhrus tú a fhir
      liom féin is lé mó mhuinntir
      bíaidh t'athair ag iomchor chlog
      & leabhur na sagart

    71. p.266

    72. Fearr liom m'athair is me féin
      do beith ar deireadh na fFían
      nó bheith ag ithe smaoíse mo lamh
      mar bhios tusa go hamhnár
    73. Le fios do gabhus tú neart
      & re feabhus t'inntleacht
      & re cognam do mhér
      ag iarraidh fheasa gach aoínsgél
    74. Do sguir Fionn da tagra
      do sgar158 rena troimeagla
      do gheall go ttiubhradh ór glan
      dhó & airgead fionngheal
    75. Fiche dabhach d'ór bhuidhe
      is oiread eile d'fiondruine
      ceithre fichid cuilén con
      do tug mac Cunaill d'Osgar
    76. Do-rinne misi is Osgar síth
      le Fionn fa maith fos is brigh
      tugamar ar lamh 'na laimh
      fa cur leis ann gach áondháil
    77. Do labhair in t-arracht 's a' fúath
      do chuir eagla ar gach morsluagh
      gur mhithe leis comhrac teann
      d'faghail ó Fhianaibh Eirionn.
    78. Do bhrosdaigh mac Cumaill ann soin
      ar Osgar dhul san iomghuin
      do brosdaigh ar Cairill chédach
      's ar Gholl chalma chaithréimeach

    79. p.268

    80. Do freagradh sin go lúath
      le hOsgar do bheireadh gach búadh
      do glac meirge sróil na mban ffionn
      boí ré hagaidh ghleó na ngerlann
    81. Do glac a cloidhiom liomtha
      's a dha mhanaoís iorghala
      do glac a sgéith druimneach breac
      dob fearr seóladh is inntleacht
    82. Do cheangail in tréinfear da chorp
      earradh catha tré crúaidhneart
      mar sin do-chúaidh Osgar áigh
      do chosg an athaigh go mórgráin
    83. Gidh be chífeadh mo mac
      's a dhá mhanaís 'na ghealglaic
      mairg neach do theigeomadh ris
      d'iarraidh teacht faoí nó thairis
    84. {MS page 81a}A ttainic roimhe is 'na dhíaigh
      a n-Eirinn thoir & tíar
      do muirfead Osgar re a loinn
      da ffagadh comtrom comloinn
    85. D'ionnsoidhe comraic in fhir
      do-cuaidh Cairioll is Osgor
      is Mac Lughach fa maith dreach
      & Fiachra mac Eathach
    86. Do-chúaidh Áodh beag mac Finn
      & Faolán na ngerlann
      & Diarmaid donn dána
      da ced curadh comdhala

    87. p.270

    88. Do-chúaidh Goll nar lag lámh
      do-chúaidh Caoilti & Conán
      do-chúaidh Garaidh mor na nglonn
      & Osgor mac Croimchinn
    89. Do-chúaidh Líath Lúacra fa borb treas
      fear lonn longportach coimdheas
      & Fionn bán mac Breasail
      lamh nár tréith a n-imreasain
    90. Do-chúaidh dha mac Osgair go mbladh
      nár teip cosgar na congnamh
      trí Finn tri hÁodháin on leirg
      tri Faolain Leitreach Loinndeirg
    91. Do-chúaidh clann in Líath Lúacra
      com an óglaoigh ger uathmhar
      is clann Chaoílte fa borb sdair
      is Gal Gaoithe a mbráthair
    92. An mhéid do-cuadarsan uile
      do denamh na hiorghaile
      fa mó a n-eagla roim an fhear
      nó a eagla as é 'na enar
    93. Do sheóladar aghoidh a n-arm
      ar an arracht nár maith dealbh
      do chaithsead a sleadha go nimh
      leis an aitheach trén láidir
    94. Tug seision bualadh teand
      d'Osgar & do Cairill
      do trasgair a n-aoínfeacht re a laim
      Caoílte is Garaidh is Conán

    95. p.272

    96. Tug se sitheadh dían dána
      d'aimdeoin na fFían ffíorcalma
      do marp sé ger maith a lámh
      Gal Gaoíthe mac mic Ronáin
    97. Do mharp sé Crimtann mac Guill
      's da c[h]éd trenfear da fhoirinn
      do mharbh sé deich ccéd ann sin
      ag a mbiodh fían is muinntir
    98. Fiche taoiseach fa maith neart
      do marbh sé d'Fíanaibh Connacht
      do tuc ár budh mó ina soin
      ar Fhéin Alban is Bhreatain
    99. Do marbh sé Roighne mac Finn
      sgél is doilge da n-innsim
      & mac oile dhamhsa
      nir ffearr láoch a chomháosa
    100. A n-fegmais mo mhicsi is mic Finn
      Gal Gaoithe is Criomtainn meic Guill
      Baoithín mic Croimcinn nar lag
      is chloinne Caoílte mo charad
    101. Dob é ar n-easbad[h] ón fhear mhór
      tainic chugainn ón Easróimh
      fiche céd sgíeth nár lag
      tuit leis in Duph sa ccomhrac
    102. Mur do-connairc mo macsa fein
      urlaidhe an oglaoigh aigmhéil
      do-chúaidh 'na aghaidh reim teann
      da iarraidh cuige a ccomlann

    103. p.274

    104. {MS page 81b}Do dhruid in t-ogláoch nár ob troid
      'na choinne d'iarraidh comhraic
      nír fechadh a ngaisgeadh no 'ngail
      láoch darbh anta rena iorghail
    105. Cioth fola cioth cailce crúaidh
      baoí da ccorpaibh a n-enúair
      & cioth teineadh go nim
      do bhí d'armoibh na mhíleadh159
    106. Do bhí fós cuideachta oile
      os a cceann san iorghaile
      cioth brainén timcioll a n-arm
      ag in cuideachta uathmair160 aghghairbh
    107. Ni tiúbhartar 's ní tugadh ríamh
      comrac mar sin thoir no thíar
      baoí idir Osgar na nglonn
      & a' Dubh sa comlann
    108. Tug Osccor lúathbheim borb
      don arracht réna mórcholg
      dar sgoilt sé a sgíeth go lár
      & smior smeannta a mhuinéil
    109. Tug in t-ogláoch buille oile
      d'Osgar na n-arm ttinntidhe
      dar sgoilt a mheirge 's a sgíeth
      tainic ó criochuibh na hAisía
    110. Tug Osgar buille nár thláith
      don arracht réna dheaslaimh
      da ndearna da leith dhá chneas
      dhi nír fedadh a leighius

    111. p.276

    112. Marbhtar an fear treasborb teann
      le hOsgar nar ob comlann
      an fearsin gér161 mhór a gráin
      do mharp Osgar ré a dheaghláimh
    113. Leigthear tri garrtha catha
      a tteaglach an ardfhlatha
      ar son thuitim an fhir mhóir
      do chuir Fíena Finn ar anbhúain
    114. Tógtar in t-oglaoch linn
      go huanm mhór Shléibhe Guillinn
      tugamar urchar asteach
      isin nbrogh mhór don aitheach
    115. On c[h[éd lá do-ríghneadh sealg
      linn a n-Eirinn go hiomard
      as é in fear mórsin dna—162
      is mó do chuir dar morcáthaibh
    116. Sgela Osgair 'na deaghaidh dhuit
      do brigh chosgair in chomhruic
      bádar leagha Eireann faris
      ré feadh bliadhna da leighius
    117. Fa hiomdha sgíeth 'na dha cuid
      ar Sliabh Guilleann on mórtroid
      & corp míleadh gan brigh
      ó mac Díorfaidh na móirgnimh
    118. Do rachadh ar fflaithius uile
      risin aitheach n-aingidhe
      ar mbraighde & ar n-ór glan
      do-bheradh uainn mun beith Osgar

    119. p.278

    120. Baoí Osgar ba cuimhneach linn
      ón lásin Shleibhe Guilleann
      tri ráithe 'na luidhe abhus
      ó nimh a chrecht da leighius
    121. Ní hiongnad tuirrsi do beith orm
      a chleirigh na leabhor ngorm
      ní mhair Osgor na Fionn
      ná Fían Osruidhe um timchioll
    122. Gé ataim a ndeireadh mo neirt
      a Patraic is mé a n-aimhriocht
      dhamh do berrthi163 ceannus chloinne Finn
      an úair do suidhmís a cCruimlinn
    123. Damh do-berthí164 tosach suidhe
      a ndeaghaidh Fhinn Almhuine
      Goll is Osgar da éis sin
      fa gáir cosgair dár fFíenaibh
    124. Caoilti is Diarmaid ó Duibhne
      dream nár sgaoílteach ó bhuídhnibh
      is Osgar mac Garaidh nár thláith
      choisgead gach cosgar ionráith
    125. Garaidh is Mac Lughach lonn
      Faolán is Cairill ceithirbheann
      do andaoís ar m'fhocal uile
      fa hiad sgáth gach iorghuile
    126. Deich mic fhichead comluinn céd
      do bhi is ní himarbhreg
      ag m'athairsi a chleirigh cháidh
      an úair do suidhmís d'énlaimh

    127. p.280

    128. Ní biodh mac againn gan ceól
      an úair theighmís d'athól
      's gan da c[h]éd curadh ag gach mac
      is tri cháoga do bhanntracht
    129. Deich cced fichead teaghlach Fhinn
      d'airdfhéin criocha Lochlann
      a n-fegmais gach mic dhíobh sin
      boí ag mac Cumaill do muinntir
    130. Deich fichit & deich cced
      do thaoíseachuibh is ní breg
      a n-fegmais mic ríogh go ngoil
      do biodh againn fán sgainnir
    131. Gan taoíseach da n-aireum féin
      nach biodh náonmar do gnáithfhéin
      gan mnaoí is giolla is da choin
      innilt is cupla gadar
    132. Gacha seachtmadh bliadhuin binn
      do ceiltí fíadhach mic Cumaill
      nach ffagmais uiread in mhíl
      ré bliadhuin uile d'éntaoíbh
    133. Do chongmadh mac Ronáin co rath
      mac Cumhaill guna ardcath
      proinn c[h]éd ó Chaoílte go ngail
      gach n-oídhche a laimh gach einfhir
    134. Fa búan ar freasdol do mhiodh
      fa mor ar meisge ó chornaibh
      fa maith ar n-oirfideadh bhinn
      a n-onóir Fhinn mic Cumhaill

    135. p.282

    136. Fa maith ar ndúanta molta
      's ar leapthacha donncorcra
      maith ríar gach fileadh 's gach dámh
      re blíadhain ó mac Ronán
    137. Ni roibhe enrí sa fFéin
      no taoíseach calma coimhthrein
      nach bíodh file fana laimh
      ar gheall Chaoílte mhic Ronain
    138. Blíadhain dhuinne mar sin
      fare Caoilte 'na bruighin165
      gan tacha cuirme no ceóil
      gan dith muirne nó comhóil
    139. As í bruighean a mbeithmís féin
      faré Caoilte fa maith sgéimh
      a cCarraic Chinn Choire mic Cais
      ris a raitior Carrúic Fearguis
    140. Créd fa ttugadh Cinn Choire
      os diot is cóir a fiosraighe
      ar dhúnadh Fhearguis mic Róich166
      sloinntear leat duinn a seanóir
    141. As in fFraingc cían ó shoin
      Cinn Choire is é is cumhain
      {MS page 82b} as uaithe tainic anall
      do gabháil gheillidh ffear nEireann
    142. Cuiris teachta úadha ann soin
      go mac Cumaill a hAlmhuin
      d'iarraidh ghéille ar Finn
      & sgur do sheilg Éirinn

    143. p.284

    144. Do-bheirim bríathor anois
      do ráidh Conán máol an ainfhis
      muna beitheá167 a ffíadhnuise Fhinn
      go mbeith do cheann gan cholainn
    145. Do-bheirimsi briatar oile
      do ráidh óglaoch Chinn Choire
      da léigthi eadrom is tú a fhir
      go rachainn riot do dheabaidh
    146. Ni ffuighe comrac ann sunn
      a oglaoigh ar mac Cumhaill
      na bíodh ceastan ort a fhir
      as tú ameasg mo mhuinntire
    147. Beir leat uaim go Cinn Choire
      go ffuighe sé iorghuile
      's nach bfaghtar sealg Eireann uainn
      mura168 marbhtar sinn a n-énuair
    148. Gluaisis an t-ogláoch nár dheas
      uainn co Cinn Choire mic Cais
      innsios don fhear tainic tar tuinn
      an freagra fúair169 ó mac Cumaill
    149. Luidhim fom armoibh curadh
      do ráidh Cinn Choire go humhal
      go bfuighinn urraim ffear Fáil
      da mbeittis uile d'enláimh
    150. Togbhais Cinn Choire air ann soin
      naoí fichit céd do chéduibh
      gluaismíd chuige go teann
      ceithre catha cum comhluinn

    151. p.286

    152. Teagmaoíd da chéile sinn féin
      's a' t-ogláoch úathmar aigmhéil
      ag sáorcarruic na long mbreac
      mar a ttógthaoí sdair na longport
    153. Tugamar tuireann grangca
      sinne is óglaoigh na Fraingce
      =vdar tuit an Fían bonn re bonn
      re Cinn Choire sa ccomlann
    154. Ge do marbadh ar slúaigh ionn
      re Cinn Choire na mbeimionn
      nír ffearr do mhuinntir in fir
      do thuitsiod linn sa deabaidh
    155. Tug a aghaidh ar Osgar amhra
      mor in t-adhbar doimheanma
      Cinn Choire mic Cais mic Cinn
      mairg lér chaith a comhlann
    156. Marbhtar Cinn Choire mic Cais
      sgél is mó tainic thairis
      ré mo macsa tuit gan fheall
      fear do gabh neart nic Cumaill
    157. Da mbeith sgribhionn & peann
      agam dhuit a mhic legheinn
      ní áireomhainn leat no trían
      ar marbh Osgar a ccath ríamh
    158. Trúagh a Mhuire mar taimse féin
      a n-Ard Soileach na moirsgél
      gan gaisgeadh curadh gan creach
      ameasg choradh chleireach

    159. p.288

    160. Ar grádh h'einigh a Oisín fhéil
      innis duinn ní dot caithréim
      ó ataí170 a ndeireadh do neirt
      innis duinn treas dot imteacht
    161. {MS page 83a}Lá da rabhamar ag ól
      Fían Eirionn líon ar ttionól
      go ttarla imreasain ann
      eadrom féin is mac Cumaill
    162. Cred tarla eadroip ann soin
      a Oisín in crotha glain
      no créd fa ndearnuis troid
      let athoir171 a Oisín oirrdeirc
    163. As é adbar far eiridh m'fearg
      le mac Cumaill na ccuach ndearg
      d'iarroidh leat thaoíseach na fFíen
      a sgíeth 's a craoíseach ar aonríen
    164. As í freagra fúarus ó Fhionn
      an úair chanus in t-uraigioll
      nach ffuighionn ceannus óna chloinn
      da mbeith sé féin gan marrthainn
    165. Adubhairt liomsa glór eile
      Fionn mac Cumhaill Almhuine
      nach ffuighinn féin nó mo mac
      acht cuid d'Fíenaibh Connacht
    166. Do tug meisi briatar dhó
      do tug Osgar nar chan gó
      nach beinnsi reidh & Fionn
      go ffaghainn gach ní do shirfinn

    167. p.290

    168. Rominic iarrus tú a fhir
      geill is troid ar mo mhuinntir
      's go ffuil da fear d[h]ég dom chloinn
      do-dhenadh fa leith riot comlann
    169. Ni fada go fechfadsa féin
      do ráidh Osgar fa mor caithréim
      cía is treise m'athair nó sibh
      mas é atáthaoise dh'íarraidh
    170. Do eiridh Osgar Eamhna
      le tarcuisne a thighearna
      a ffúair 'na seasamh sa dún
      do trasgair íad a n-énchúil
    171. Gach neach172 da ffúair 'na suidhe
      a mbruighin Fhinn Almhuine
      do chuir 'na sheasamh go teann
      gion gur cead le mac Cumhaill
    172. Do eirigh Cairioll gan on173
      d'iarraidh urrama ar Osccor
      do gheall a ffiadhnuis cháicch
      misi is Osgar do diongmháil
    173. Tugsat aghaidh gidh réim theann
      ar a chéile com comhlainn
      sa torainn fa borb a ttreas
      Osgar is Cairill coimhdheas
    174. Adubairt mac Muirne go mbúaidh
      re mac Morna go moruaill
      dealaidhe re chéile go lúath
      Cairill is Osgar armrúadh

    175. p.292

    176. Ar a ffuil do mhaithius ad dhún
      a mic Cumaill fa maith rún
      nocha rachainn leó dom ghoin
      nó go sguirid da ndeabaidh
    177. Eirgeann ó Baoísgne borb
      is mac Morna na mórcholg
      'chosg na troda ar a raibh nimh
      tarla ag Cairill 's ag Osgor
    178. Dob í easbaidh Finn ann sin
      suil do coisgeadh a mhuinntir
      da c[h]éd fear flaithis gan on
      ó laimh aithisaigh Osgair
    179. Sul do coisgeadh fearg Osgair
      nó Chairill ón crúadhchosgar
      dob iomdha ann laoích ghonta
      & crechta crúadhchorcra
    180. {MS page 83b}Gé rinneadh súd uile linn
      le hOsgar is re Cairill
      lúaithe d'furail Fionn na ffleadh
      sith orainn nó d'iarramar
    181. Do tairgeadh gach dara sealg
      gach dara lann faobardearg
      gach dara cú da chonaibh
      da cholgaibh da craoíseachuibh
    182. Gach dara leath da gach cath
      gach dara sleadh ón righflaith
      gach dara comrac ó Fhionn
      gach dara dúain a cCroimlionn

    183. p.294

    184. Gach dara cuid d'ól fleadh
      gach dara ceól d'oirfideadh
      gach dara corn ar a lár
      gach dara cúach is copán
    185. Tugadh tanuisdeacht damh féin
      an uairsin ó fhlaith na fFían
      tanuisteacht a n-óir 's a ccon
      sul rainic in t-ór Osgar
    186. Ionarbh i sin do chuidsi don Fhéin
      a Oisin go righe réidh
      an 't aghoidh do bhádar no leat
      na ceithre morchatha a n-aoínfheacht
    187. Do-bheirim do lamsa inois
      a Patraic ó taoí 'teacht thairis
      nach rabhasa nó mó mac féin
      gan ceithre catha do gnaithFéin
    188. Iarrsa ar Airdrigh na ndúl
      a Oisín airmgeir úir
      a ttug tú 'chathaibh ann soin
      iarr a mhaitheamh dot anmuin
    189. Maithsi & Rí nimhe
      damsa a ndearnus d'iorghaile
      tabhair neamh mas rogha libh
      damsa ar son do Thigearna
    190. Dena ineach gan dith dhuit féin
      berus furtacht dar ngnaithFhéin174
      iarr neamh d'Osgar & d'Fionn
      ar Mac ingine Anna is Iaichim

    191. p.296

    192. Iarr neamh do mac Morna mhear
      iarr do Chaoílti iarr do Gharadh
      iarr neamh do Mac Lughach lonn
      & d'Osgor mac Croimchinn
    193. A Oisín ní shirfe mé
      neamh do mac Cumaill ná da Féin
      's gur binne leo gotha con
      nó bheith ag guidhe in Duilimh
    194. Da mbeith iúl agad ar in fFéin
      a chleirigh nach ffuil dom réir
      budh binne leat no denomh trath
      bheith 'na ccaomtach ré henlá


p.298

    1. Aithreos caithréim in fir móir
      tainic anoir fo dheaghbhúaidh
      treinfear do bhí lán da ghail
      an Dearg dana mac Droichil
    2. Briatar tug in láoch lán
      suil tamic cugainn tar sál
      nach gébhadh gan geilleadh ar ais
      ó gach treinfear dhá fheabhus
    3. Fa thasg na fFían dob fearr gail
      trialluis in Dearg mac Droichil
      anoir ó Crich na fFear fFionn
      go tír oirirmhín Eirionn
    4. {MS page 84a}Ar ttiacht a ttir don láoch lonn
      ar ar himreadh egcomlond
      gabhais an Dearg deidgeal cúan
      a mBeinn Edair na mórsluagh
    5. Do bhi días nar cumang dáil
      ag coiméd in chúain chobhairbháin
      Raíghne na ród mac Finn
      's a' Cáol crodha mac Criomthuinn
    6. Nior choimhéid síadsan an cúan
      do thuitsiod 'na ttoircim súain
      tainic bárc in fhir mhóir
      ar in tracht fa a cceartcomair

    7. p.300

    8. Leimis an Dearg fa maith dreach
      i ttír le crannuib a craoíseach
      tug a bhárc arna snoidhe
      ar in tracht gheal ghainmhidhe
    9. Folt fionnbhuidhe mar ór cheard
      os cionn amhalchach ngruadhndearg
      dhá dheirc175 ghorma go ngloine
      os gealghnúis an mhílidhe
    10. Lann nimhe le leadradh corp
      ag in láoch d'eagla chomhraic
      mionn cumdaigh clochorrdha corr
      mun mbiodbaidh sochma súlghorm
    11. Da shleidh crannríghne chatha
      a laimh mhic an ardfhlatha
      sgíath órdhuidhe re gualainn chlí
      ag mac uasal an airdri
    12. Geall gaisgidh in domain thoir
      do chosain in Dearg mac Droichil
      ar mhéd ar neart ar dheilbh ghloin
      ar conlann cheart ar chédoibh
    13. Eirigheas Raíghne na róda
      's a' Cáol cédgoineac cródha
      gabhaid a n-airm ina láimh176
      & reathaid 'na comdháil
    14. Innis sgéla dhuinn a fhir mhoir
      oruinn tainic coiméd in chúain
      dha mac righ go sárbhúaidh sinn
      d'Fíanuibh lánuaisle Eirinn

    15. p.302

    16. Asan ccrich o ttanac anois
      nirb iomdha neach um ainbfius
      misi in Dearg mac rígh na fFionn
      ag iarraidh airdrioghdacht Eirionn
    17. Do chan Raíghne an aignidh mhir
      go dian risin Dearg mac Droichil
      ní ghébha tusa a laoích láin
      urruim no geilleadh ffear fFáil
    18. Acht ge borb sibhsi a dhías láoch
      canus formad & fioch
      cía do bhacfadh diom a gabháil
      a glacadh no a hiongabháil177
    19. Da n-áirmhinn duitsi gach fear
      a Dheirg móir mhic an ardflath
      iomdha láoch aderadh ann
      go ngébhadh ré do chomhlann
    20. Cait a ffuil einneach dhiobh sin
      do ráidh178 an Dearg mac Droichil
      179 ffechmaois ré chéile
      ar ffíoch is ar n-aimhréidhe
    21. Do briathra ge borb linn
      bar Cáol crodha mac Criomhthuinn
      ag sud misi dot chlaoí anois
      a laoíchúd tainic thairis
    22. Go Cáol crodha fa dearg dreach
      freagrais in Dearg dásachtach
      go ffearg mhoir is go ffíoch
      mairg ar ar bhúail in trenláoch

    23. p.304

    24. Do-rinne an Dearg comlann crúaidh
      's a' Caol crodha go moruaill
      dobh180 i sin in torann chleas teann
      ag sgoilteadh sgíeth is chathbharr
    25. Dob í iomthus na deisi
      san irgail nár thairise
      ceangluis an Dearg rodglan rod
      an Caol crodha sa comrac
    26. {MS page 84b}Glúaisis Raíghne na ród nár thim
      d'éis in Chaoíl crodha creapall
      mac righ na Féine gan tár
      cum in tréinfhir 'na comdhál
    27. Dob iomdha cleasa gala
      san imreasain eattorra
      gur ceangail ger cródha an céim
      Raíghne na ród go lúathbheim
    28. Ge maith an gniomh 's na gala
      duit sinn ar áon do cheangol
      sgaoíl ar ccreapall a laoích luinn
      is beir leat sinne id timcioll
    29. Sgaoílius an Dearg na ccleas bfráoch
      cuibhreach na deisi deaghláoch
      naiscis a bríathor ar gach fear
      nach ttiupraidis airm 'na aghoidh
    30. Tig cugainn go Teamroigh
      go Cormac181 an mhóirtheaghlaich
      mac Droichil na ngéirreann nbúadh
      go tríath Teamhra na ccáomslúagh

    31. p.306

    32. Eirghid láochraidh Teamhra
      fir mora dhíochra dhealbha
      dob iomda fear dronnbrait sróil
      timcheall Cormaic a ccédóir
    33. Do ráidh triath Teamra gan on
      suidhidh a chlíar calma churadh
      ní húamhan daoíbh meirghe in fhir
      na togbaidh airm 'na aghaidh
    34. Suidhis trenfheara Fáil
      d'eis a chéile 'na comdháil
      tigidh chuctha go dána
      an fear forasda fíormhálla
    35. Ar tteacht ar in ffaichthe dhó
      do mac Droichil ná morghleó
      don óg inneallta chuimsi
      leigtear in ród ríghshoillsi
    36. Beannaighis an Dearg do glór bhinn
      do tríath Teamra go haoíbhinn
      freagrais an flaith gon dogra182
      caithmilidh na trénfhóghla
    37. Ar suidhe do mac rígh na fFionn
      fiafraighis dhe airdrigh Eireann
      beacht do thurais go Teamhraigh
      innis a laoích moirmheanmnaigh
    38. Beacht mo183 thuraisi duit
      a mic Airt curata 'Cormaic
      geilleadh Eirionn dob áil liom
      no frais bheimionn 'na timcioll

    39. p.308

    40. Geilleadh Eirionn tar muir
      ge minic do sirdís tréinfhir
      ní fríth is fuighthear184 go brách
      a tabhach ré háonóglách
    41. O nach bfaghuimsi a Chormaic
      flaitheas úaidsi gan comhrac
      togh conhrac céd curadh
      úaid a mhic airdgrinn chubhaidh
    42. Cuiris Cormac céd calma
      do chlaoí an oigfhir allmurrdha
      do thógsan ré feirg nár lag
      meirge 'na ccoinne a ccomrac
    43. Dob é iomthus mhic righ na fFionn
      thuit an cédsin 'na comlann
      is da chéd oile fa gniom dhó
      do chlaoí an Deirg a n-enló
    44. Mur do-chonnraic airdri Teamhra
      an Dearg ag denam airligh
      seólais teachta úadh go lúath
      co mac Cuhmaill na morsluagh
    45. Tig chugainn arna mhárach
      mac Cumaill go mordhálach
      trí mhile gaisgeadhach glan
      nar thim easbhadhach sgainnear
    46. Failm oir fa chionn gach fir
      do mhuinntir Finn a hAlmuin
      sgíeth fite go n-amladh n-óir
      go n-earradh síthe sáorsróil

    47. p.310

    48. {MS page 85a}Ar tteacht ann isin ffaichthe
      don tsluagh churadh chóirighthe
      togbhais an Dearg fa maith tlacht
      pupall órdha ioldhathach
    49. Ar ndul do mac rígh na fFionn
      uainn asteach 'na pupall
      tógbhais tri mhíle cleas lúith
      fa maith in t-ádhbhar iomthnúith
    50. Fearais Cormac gan time
      fáilte re Fionn Almhuine
      fúair slúagh mic Muirne na ccreach
      póg is cuirm a tigh Theamhrach
    51. Do-chuaidh mac Cumhaill fhéil
      cum in pupaill don c[h]édreim
      & beannaighis don Dearg
      don láoch anaithnidh iomard
    52. Mur do bheannuidh in flait gan tár
      freagrais an Dearg dreachnár
      iarrais conmha go lúath lonn
      ar mac Cumhaill nó comlann
    53. Ge maith do neartsa a fhir
      do ráidh flaithfheindidh Almhan
      ní thairbheórsa braighde dhuit
      a Dheirg ar eagla comhruic
    54. Mas chugainn do triallaigh sibh
      a laochradh leidmeach Laighean
      ar chomhlann céd umhal sinn
      uaid a mhic Cumhaill airmgrinn

    55. p.312

    56. Do chuir mo rí céd ann sin
      dochum in Deirg dá mhuinntir
      um Dhorn um Dhonn mac in Sgáil
      & um Cnonn mac Conam
    57. Do thuit Conán mac in Léith
      leis & in Dorn nár threith
      do chlaoí réna laim gan locht
      trí c[h]éd feargach faobarnocht
    58. Mur do-connairc mo rí ann sin
      ar chlaoí in Dearg da mhuinntir
      do brosdaigh a chip catha
      do chosg mic an ardfhlatha
    59. Eirghis Fáolan go ffeirg mhóir
      gabhais a mheirg sáorsnáth sróil
      do-chúaidh do chosg in laoích láin
      mairg do brosdaidh 'na chomhdháil
    60. Ann sin teasgaid a lanna
      ar a ccneasuibh cruithgheala
      's do redhbattar185 a n-airm áigh
      ar a chéile sa teagmháil
    61. Glacaid compair a chéile
      d'eis na hurlaidhe aigmhéile
      nó gur ceangladh leisin Dearg
      Faolán crodha na ccrúadhcheard
    62. A mhic Morna nach meata
      a mhír crodha na crodhachta
      coisg dhinn conhrac an fir mhóir
      a cheann gaisgidh na morshlógh

    63. p.314

    64. Leat féin do thus dála
      trían comhadh trían edála
      deich cced uinge d'ór fá tri
      uaimsi dhuit ar in t-airdrí
    65. Ge do fogradh rét fine186
      clanna Morna mongbhuidhe
      do-bhéur féin mo chongnam leat
      a rí na Féine dot fhurtacht
    66. Do-chúaidh Goll nár fulaing tár
      'na chulaidh eididh iomlán
      do thóg re dasacht nár thim
      na hairm shénta cum comhlainn
    67. Tucc in Dearg do chlaoídhe Guill
      na hairm nimhe187 do bhí a ccoigill
      is tig go diomsach dána
      go fíochmar a n-am theagmhala
    68. Ann sin cuimhnighid a bfearga
      na fir bhorba soidhealbhdha
      {MS page 85b}ag snoighe chlogad is cheann
      do bhí mac Droichil is Iollann
    69. Fechaid digheann a ccleas
      ar a chéile sa mortreas
      tochtaid fir Eirionn uile
      ré clos bheimionn na hiorghaile
    70. Ona ccomrac re tri lá
      fa tuirrsioch mic & mná
      nó gur torchradh in188 Dearg ann
      ré mac Morna na mbeimionn

    71. p.316

    72. Da leigthí súan nó codhladh
      do láoch na ndearg ngruadhchorcra189
      treisi Eirionn do-gebhthaoí leis
      bhíadh a mbraighde 'na loingeas
    73. Othar blíadhna luidhe Guill
      ó chomhrac in laoích luinn
      i ttigh rígh Teamhra go bfios
      baoí mac Morna dha leighios
    74. Do fúair Goll ar gealladh dhó
      ó mhac Cumhaill is ní gó
      ba buidheach an flaith go mbuaidh
      ó comrac Iollainn armrúaidh
    75. Do-rinne an Dearg dithchioll borb
      fa dhíth inne óna mórcholg
      thuit trí chéd uainne 'na troid
      is sé chéd do mhuinntir Cormaic
    76. As me Fcargus file Finn
      do gnaithfeindibh mhic Cumhaill
      ó thoisg na ffearsin ar ttós
      trían a ngaisgidh ní aithreós
    77. A


p.318

    1. Leacht Guill do chráidh mo croidhe
      treinfear Eirionn ióbhruidhe
      ionmhuin táobh fon leacht atá
      tearc láoch re roiph iomarbaidh
    2. Trenfhear do chloinn Morna mhear190
      do ghabh geilleadh in domhain
      ó fhearaibh Eirionn aille
      go crich oirrdeirc Easpainne
    3. Ger mhaith Trénmor is Fionn
      ger mhaith Baoísgne is Cumall
      do ghabh Iollann a ngeill uile
      idir triath is ródhuine
    4. Naoí náonmair do-cuadhmar amach
      do mhaithibh na fFían ffuilteach
      fa Fhionn is fa Gharadh ghlan
      fa Bhaoísgne is fa Osgar
    5. Do gabhamar d'airde na mbeann
      Fionn flaithfheindidh gan Iollann
      'gabhail geillidh na mara
      ar na tonnoibh táobhghlana
    6. Don taobh thúaith do Thír na tTracht
      do-conncomar iomarcadh bárc
      íad ag seóladh sa chúan gleannach
      fiche céd long Lochlannach

    7. p.320

    8. Fiche céd do thainic ann
      Maghnus mór mac rígh Lochlann
      do bhí céd ar gach sgairbh sa chabhlach
      is nír mheirbh in tréntheaghlach
    9. Tainic Maghnus mór a ttír
      go huaman is go hainmín
      doloisc ó fhráoch go tuinn
      an taobh fa a ttarla dh'Eirinn
    10. Comhrac fhichead céd ar a' traigh
      iarraidh Maghnus da dheasláimh
      & geallais da laimh chlí
      go ttroidfeadh leisan airdrí
    11. Cuiris fios go Fionn Fáil
      Magnus mor do theacht 'na dháil
      's nach gébadh gan comrac teann
      d'fagail ó fhearuibh Eireann
    12. As é comairle tug a shlúagh
      d'Fionn mac Cumaill armrúadh
      {MS page 86a}an tír d'fhagbháil don fhior
      sul do muirfeadh a mhuinntior
    13. Do gabhadar ag imteacht ann sin
      's do gabh úamhan na fir
      iad ag dáil a mbárc ar tuinn
      an tráthsin tainc Iollann
    14. Fiafraighis Iollann tré fheirg
      a Fhinn mic Cumaill airmdheirg
      créd do rug ort a fhir
      far fhágbhais damsa Éire

    15. p.322

    16. Oglach mór ag teacht anall
      cugainn as íartar Lochlann
      do gabh geilleadh Eirionn uile
      lé neart a chloidhim chróbhuidhe
    17. Ga ffuil maithe na Féine
      nac[h] dendaoís ris coinheirghe
      nach ttiúbraidis comlann teann
      do Maghnus mac rígh Lochlann
    18. Ga ffuil Fionn mac Cumaill fhéil
      ga ffuil Osgar na191 Oisín
      ga ffuil Caoílte claoidhis192 cath
      Gal Gaoíthe nó mac Lughach
    19. Ga ffuil Fear Logha na n-eac
      ga ffuil Díarmaid deaghbhreatach
      ga ffuil Dáire mac Smóil
      no Cairill ó Conbhróin
    20. Ga ffuil Chaoilti193 coisgfeadh an rí
      Faolán nó Áodh mac Finn
      nó clann a' Chearda na séd
      do choisgfeadh mor cced a nglinn
    21. Ca ffuil Fear Logha nach ffúair guth
      no Lugha mac Cairill aird
      nó Fionn mac Dubháin na ccúach
      ó Theamhraigh Lúachra na sealg
    22. Ca ffuil do ghairbhteaglachsa 'Fhinn
      Fían Locha Léin nó do chlann
      da194 mac rí Lochlann na seól
      nach ttiubhradaoís dhó gleó arm

    23. p.324

    24. Dar do laimh a Ghuill gréadhnaigh
      ar n-áiriom dhuit mo theaglaigh
      dob fearr leó dhul fan talam ghlas
      nó dhul do troid lé Maghnus
    25. Dar do laim a Ghuill grúama
      ní tig duine beó úadha
      suil do claoídhfitear úaidh don fhior
      cuiridh sé sluagh a ttalmain
    26. Dar do laim a Ghuill go ngráin
      ní lamhann duine dhul 'na dháil
      treisi a luinne méd a bhuille
      truime treme a brathbhuille
    27. Gur thoilidh Maghnus mear
      ó taoí 'na mac ardfhlatha
      ó nach búailidh duine eile
      buille air a n-iorghaile
    28. Airde a sgéithe os clár ochta
      guirme geire a loinn corcra
      gan coinmeas ris fon gréin grinn
      acht tusa féin a Illinn
    29. Tabhair do gheallad[h] 's do gheilleadh
      a Fhinn moir & déna
      gan gheilleadh Ghuill nó Gharaidh
      'chur a luing re mac allmurraigh
    30. Damadh tusa a Iollainn fheil
      do-bheradh comrac as ar fFéin
      chuirfinn mo braighde id theach
      amach a cCruachain Connacht

    31. p.326

    32. O nach bfaghaim isin fFéin
      fear da fhreasdal acht mé féin
      rachad do troid ar bhar ccionn
      le Maghnus mac rígh Lochlann
    33. Tairgeas Fionn do Maghnus mor
      comtrom Iollainn don deargór
      {MS page 86b}'s a' comrac do shíneadh amach
      go maidin arna mhárach
    34. Ann adubairt Goll gréadhnach195
      ionmhuin croidhe mear meadhrach
      gomadh fearr leis comrac an fir
      ina maithius na talman
    35. Comhraicis Iollann ar a' traigh
      & Maghnus lamh ar laimh
      teid uatha isna nellaibh nimhe
      morshlaim theineadh thinntighe
    36. Ar sathadh na sleadh síbhneach
      a ccneasuibh na ccuradh ccaithnimhneach
      tig do sheamannaibh na sleadh
      lasair úaine & folradh
    37. Cuirdis ceatha fola rúaidhe
      osna lannoibh sleasúaine
      an uair budh dearg in talamh ghlas
      tig fearg Iollainn re Maghnus
    38. Tug Iollann in beim deas
      os bile sgeithe Maghnuis
      trasgaidh an lamh gniomach ghlan
      ann sin de gó thalmain196

    39. p.328

    40. Tógbais197 in lamh anairde
      ionmuin croidhe go ngairge
      beanuis a cheann da bhraghuid bháin
      is glacais é 'na dheaslaimh
    41. Gach comhrac tigeadh go fíor
      go Teamhraigh rathmhair na ríogh
      Iollann fear da ccosg uile
      's do chosnamh na hAlmhuine
    42. Do thuit lé laimh échtaigh Ghuill
      triar ingean Chonaráin198 chuirr
      Íartrach is Camog chas
      & Guillionn ogharghlas
    43. Do thuit Íartrach re laimh Ghuill
      is Guillionn ogharglas aoíbhinn
      mo-núar do thuit rena loinn
      is Iolarán mac righ Lochlann
    44. Measa liom Osgar Eamhna
      chuireadh mór ccosgor ccalma
      na slúaigh in bheatha go beacht
      & bid uile fo énleacht
    45. LEAcht


p.330

    1. La da raibh Fionn ag ol
      a n-Almhain ar bheagán slóigh
      seisior ban & seisior fear
      giolla & innilt uchtghlan
    2. Fionn ann & Diarmaid gan on
      mac Reithe Oisin is Osgar
      Conán máol nar lag ar muir
      ann & mna na sé láochsin
    3. An uair do gabh meisge na mná
      do-chuadar dha iomrádh
      nach raibh ar talmain tric
      seisior ban bú comionnraic
    4. Do ráidh Fionn fath gan on
      colach ceirdeach é an domhan
      cidh maith sibhsi is iomdha bean
      nar fheis riam acht re haoínfear
    5. Ni fada do badar mar soin
      an úair tainic bean da ffechain
      áonbrat uimpe go n-aille
      & í 'na háontshnáithe
    6. Fiafraighis mac Cumhaill áin
      d'ingin in bhruit órtshnáith
      a bhean in bruit go n-aille
      gad bheir199 tú gan áontshnáite

    7. p.332

    8. Búaidh an bhruit go n-aille
      bean ann gan aontshnaithe
      nach bfaghann a diol don bhrot
      acht bean aoínfhir gan rólocht
    9. {MS page 87a}Tabhair an brat do mo mhnaoí féin
      do ráidh Conán200 máol gan cheill
      go bfechmaois don bhreithir mhir
      glór na nban ó chíanuibh
    10. Glacais bean Conáin in brat
      & gabhuis uimpe go prap
      fa geis ar a méin go beacht
      mar do leig ris a n-aoínfheacht
    11. Mar do-connairc Conán máol
      an brat ag filleadh fana táobh
      tógbhais a chraoíseac gan on
      & marpais an ingin
    12. Glacais bean Diarmada shaoír
      an brat ó mhnaoí Conáin mhaoíl
      gerbh isi in tsaoí gan locht
      nír folaigh sé a gealocht201
    13. Glacais bean Osgair a ccein
      an brat comfada coimréidh
      ger ffada in brot sgothach fionn
      níor fholaigh sé a himlionn
    14. Glacais bean Oisín amhra
      an brat fa cúis labhra
      an t-edach nar foghain di
      fa nár dhi a chur uimpe

    15. p.334

    16. Glacais Maighean bean Fhinn
      an brat fa cúis mhíghrinn
      do chrap is do crúaidh mar soin
      an brat súas fana clúasaibh
    17. Tabhair in brat do ráidh mac Reithe
      dom mhnaoi 's ní cúis cleithe
      go ffechmaois an ionann dáil
      dhi is dona cédmhnáibh
    18. Nochtais bean mhic Reith in taobh
      & gabhais uimpe an brat lancáomh
      do-chúaidh in brat sleamhuin slán
      dhi go ladhair a láodagán
    19. An pog tugus gan fhios
      do mac í Duibhne do Dhíarmaid
      do rachadh in brat dam go lár
      muna bheith sin 'na haonarán
    20. Racha misi uaibh amach
      is fuicfe mé bar tteac a mhná
      sgel ní ffuil agaibh oram
      dgél agam oruibh atá
    21. Beir do mhallacht imthigh uainn
      do ráidh mac Cumaill armrúaidh
      d'fagbhais sinn fa mhéla bhróin
      na tarr dar ffechain enló
    22. LA DA


p.336

    1. In cumhain leat a Oisin fhéil
      ar tturus go Teamhraigh thréin
      dá ochtor fa bronntóir brot
      lucht comhóil corn um Chormac
    2. Do-bheirim bríathor go mbáidh
      a nhic Cronnchair meic Ronáin
      gur me is fearr sna fremhoibh fis
      annsna sgelaibhsin d'fíarfaighis
    3. In meisce tuc ar Cormac
      ar Fionn gur fhógair conhrac
      dar chuir202 anuadal in dáil
      's dár fogair a n-iomarbáidh
    4. Adupairt Cormac rém athair203
      mac Airt mic Cuinn c[h]édcathaigh
      go ccuirfeadh tre falaidh dhe
      Fionn fo gabhail choire
    5. {MS page 87b}Gach a ttarla eadrainn is é
      adubairt Fionn flaith na Féine
      ge teann gach crúaidh re ccuire
      budh leam búaidh gach éncluithe
    6. Da ccomraiciom riot arís
      a Cormaic da mbeanum cís
      ni budh maithfeac mé sa dáil
      is budh aithreac an iomarbáidh

    7. p.338

    8. As nár dhaoíbh tri deich ccatha
      a n-agaidh Cumhaill an ardfhlatha
      gér maith fir Mhidhe 'na dháil
      nír diongaibh sibh a áonlaimh
    9. Acht muna a bheithís fir Mumhan
      is Connach aigh na ccuradh
      ni thiúbhradh seim sleidhe d'fhior
      do chloinn oile Fheidhlimeadh
    10. Adubairt mac Morna mór
      Garadh na ccath nachar chlódh
      as granna na damannta a Fhmn
      beirthisi ar clannaib caomhChuin
    11. Nocha deachaidh ret athair204
      re Cumhall os na cathaib
      a comeirge a ccoinne Chuinn
      an fear fa roiréidh eadroinn
    12. Fiafraghais Fionn do Gharadh
      ar suidhe dhó 'na fharradh
      os tusa do bhí ann
      cionnus do marbadh Cumhall
    13. Fiche céd do bhí 'na aghaidh
      ata leamsa do mheabhair
      ó mhaidin go trathnóna
      marbhadh Cumhaill chródha
      is ó trathnóna amach
      go trath eirghe arna mhárach
    14. Céd ar 'aghaidh céd ar a a 205chúl
      ced ar aghaidh a dhá shúl
      céd ar gach áidhe da chorp cain
      céd ar gach206 laim da lámhaiph

    15. p.340

    16. Ceithre céd um an Líath Lúachra
      tainic o íarthor Crúachna
      do marbh Criomtann Cas gan ceilg
      re cloidhiom glas mar glaisleirg
    17. Naoí bfichit do macaibh ríogh
      do thuit le Bódhmainn go fior
      fuarus imsniomh an uilc mhóir
      ó inghin daithghil Trénmhóir
    18. Da chéd deg207 curaidh catha
      do bhi um Chonn chedchatha
      do tuit sa Cnúcha chrúaidh
      le laim Cumhaill cioidhiomchrúaidh
    19. Conn & Goll da laim dheis
      & a' Líath a Lúachras
      fir Eirionn a ccro catha
      i ttimcioll an ardflatha
    20. Do bhiomuirne sé fir dheg
      do chlandaibh Morna is ni breg
      do sháithiomar sleadh gach fir
      a ccorp Cumhaill caithmhílidh
    21. Cionnus do freagair se sin
      's na beir beim ar in mílidh
      beannacht duit 's na can acht cóir
      gémadh fúath leat clanna Trenmóir
    22. Da bheim fan bheim ón fhior
      ó208 Chumhall ón chaithmhílidh
      do budh commaoín a chara
      i ccommaoín gach áonghona

    23. p.342

    24. Da leigmís codladh ttrí ttráth
      do Cumall gér mór ré a rádh
      ni rachadh neach slán da thoigh
      ó áonlaim Cumhaill chréchtaigh
    25. {MS page 88a}As olc linne do mhucha
      do cuireapair cath Cnúcha209
      go mbeithmís féin ar an magh
      ag cur áir bar ccolamhnach
    26. As maith dhuitsi do mucha
      do tucamar cath Cnúcha
      do beanfaidhe dhiot do ceann
      mar do beanadh do Chumhall
    27. Do díoghail tusa a hathair
      a Fhinn mhóir os na cathoiph
      as beacht do catha crúaidhe
      orainn fan Banba bratúaine
    28. Do marbhais in Líath Lúachra
      fear comhluinn céd ger úathmar
      sgel mór a nEirinn uile
      's a thuitim le henduine
    29. Da marbainnsi Goll210 glan
      & clannmaicne211 a athor
      nír éruic liom é am athair
      's a' Liath ó Charn fFionnachair
    30. Digheóladsa 'nois mh'athair
      ní ceileabhsa ortsa é a Gharaidh
      ní sgarfaightear m'fíochsa ribh
      go soithe sibh go dith éinfhir

    31. p.344

    32. Adupairt Cormac ag an ól
      aitheascc nár bhinn re a shlógh
      do-ghébhairsi comhrac sleadh
      a Fhinn & treig Garaidh
    33. Ann sin adubairt Osgar
      aitheasg fa borb a bhrosgar
      ata fear do comraic astoigh
      fead do bheith Fionn a fFrangcoibh
    34. Rangas in guthsin Cairbre
      mac rígh na hEirionn airde
      ta fear do comhraicsi dha chloinn212
      gion go mbeith Cormac i n-Eirinn213
    35. Mur do-chúalus Osgar áigh
      & Cairbre ag iomarbháidh
      dháibh níor díochra ga nighe214
      cor nach ffiorfa an fháisdini
    36. Ráidhimsi re Ciothrúaidh cain
      mac in Cháogaid mar do dhligh
      gabh an dúain cheirdide dháibh
      ní huair feirge nó iomarbáidh
    37. Do eirigh Ciothrúaidh cáomh cas
      gabhais a dhuain shaoírsheanchuis
      lér chomhchoisg uile na slúaigh
      úaisle na Banba a n-énuair
    38. Do eisdiodar na slúaigh uile215
      's do eisd Cormac cúlbhuidhe
      nó gur gabh Ciothruaidh a dhúain
      ar slios an toighe216 tháobhrúaidh

    39. p.346

    40. Mo-ghenar do ghabh an dúain
      ler comhchoisg uile na slúaigh
      is gan bheith d'faill ar in dáil
      acht a n-airm uile do ghabáil
    41. Bronntar ar Ciothrúaidh chédach
      uainn d'airgead & d'édach
      ba hedáil dhó fein 's da chloinn
      a ffuair sé d'edáil eadroinn
    42. Gan codhladh duinn is dáiph
      idir fear is mac is mhna
      cách uile i cceann217 a chéile
      ar eagla na coimeirghe
    43. Arna marach dhuinn is dháibh
      do roinnsiomar iomarbháidh
      do seamsamar218 ar ngaigne
      's do ceanglamor comhairle
    44. Se fir dhég dhuinn ar foghail
      do clannoib Baoisgne bláthbhonaigh219
      {MS page 88b}tre iomarbháidh Fhinn eangbaidh
      is Cormaic ó chlaoínTeamhraigh
    45. Do an againn clann Mhórna
      do an clann Guill gan dogra
      do an clann Ronáin go nim
      's do imgeadar220 ar ccomhaghaidh
    46. Breatnuighis Faolán go nimh
      crcach do dhénum an lásin
      nír leig misi an creach
      go spreidis sluaigh na Teamhrach

    47. p.348

    48. Glúaismíd romhainn ó Theamhair
      meirge sénta ar ar sleadhaibh
      's nír fforlann linn 'nar n-aghaidh
      ar ccoimlíon do Gaoídhealaibh
    49. Téigmidne go hAongus Óg
      mac in Dághdha na nglanród
      do ceanglamar as Áongus síth
      's do threigiomar eissíth
    50. Do-chúadhmar ar cúairt áigh
      ar creich go Teamhraigh fodbháin
      na sé fir dhegsa go beacht
      is Aongus dár ngiollacht
    51. Ba híad so na sé fir dheg
      a Chaoílte 's ni hiomarbreg
      eólach misi 's ni fath fann
      na n-áiriomh is na n-anmann
    52. A haon misi féin budhdhéin
      a dhó Osgar go mícheill
      a trí Fear Logha go mbúaidh
      a ceathair Cairioll ó Corrbhrúain
    53. An cuigeadh Áodh beag rátha
      an seisiodh mac Lughach
      an seachtmadh Díarmaid go ffios
      & in t-ochtmadh Dáolghas
    54. A naoí m'athairsi fein Fionn
      a deich221 Fearrdhamhain na rionn
      a háondég Colla cáomh cas
      a do dheg Raíghne roscghlas

    55. p.350

    56. A trí deg Feargus fionn fíal
      giolla na ccreach 's na ccáomhsgíath
      a ceathair deg Faolán mac Finn
      's a' cuigeadh dég Iollann
    57. A sé deg Goll mac Mórna
      giolla d'féinibh Cronnmhóna
      feindidh geal in ghaisgidh grinn
      taistiollach aoínfear n-Eirinn
    58. Suidhmidne asttoigh a tTeamhair
      a longport na n-ollaman
      ag ól 's ag imbeirt ar linn
      i ttigh mhóir airdrigh Eirionn
    59. Adupairt airdrigh Teamhra
      breithiomh a n-aois ealadhna
      ata tusa a láimh a Fhinn
      a áonbharr áigh na hEirionn
    60. Muna léige tú dhiot a fhir
      sealg Teamra & Tailltion
      Uisneach Mhidhe is mín cúan
      Ealma Laigean na morslúagh
      sealg Eirionn ó sin amach
      go ttí sé in bráth breathach
    61. Adupairt Osgar éuchtach
      an macámh mear móircrechtach
      ní gébhtar is misi slán
      na sé fir deg go hiomlán
    62. Do tairrngeamor se sgeana dég
      firinne so is ni breg
      do marbamar fear gach fir
      do muinntir in rígh i tTeamhair

    63. p.352

    64. Rangamar doirsi in dúin
      gasraidh óglach narbh anúr
      {MS page 89a}do-chúadhmar ar in ffaiche amach
      an dream aigeantach úaibhreach
    65. Do glacamar deg222 cced bó
      i tTeamraigh ger mhór in ró
      suil rangamar Tailltean na mbrot
      rug orainn Cairbre is Cormac
    66. Tionóilit anoir 's an íar
      Cairbre is Cormac ar áonrian
      ní faca ríamh oireacht
      tríath budh tinne tóraidheacht
    67. Gearr do bhádhmar mar soin
      go ffacamar sa223 ffaiche ffergloin
      fleasgach óg deidgheal donn
      éuchtach urrúnta édtrom
    68. Sded úaipreach folúaimhneach faoí
      ag an ogláoch go n-iomad ngnaoí
      clúasa beaga tar a ceann
      meadhón seang aradh ettrom
    69. 'S é tainic cugainn ann soin
      Áongus Og an brogha bhionnghloin224
      síodhguidhe do Tuathaibh
      giolla ar nár luidh iomarbhé
    70. Feidm do gabh Áongus uainn
      an lásin re hucht in tslúaigh
      an creach d'iomáin gan fheall
      nó diongmáil fear nEireann

    71. p.354

    72. Gach mart do cuirthí don creich
      do cuireadh Áonghus225 fa druim a eich
      gach fear da marpthaoí don tóir
      d'fadbadh Aongus a ccedóir
    73. Do cuirsiom sé súaitheantais dheg
      anairde 's ní hiomarbhrég
      ar mbreith don tóir ar Fhéin Fhinn
      ar ndul duinn a ccro comlainn
    74. Se bannlamha deg do sról
      nar ghile an chailc a ccedoir
      os cinnbheirt Fhinn na fleadhól226
      giolla do shíol Eiriomhón
    75. Caorthann fana lán duille
      cum a nheas go mórtruime
      do bhí os cinnbeirt Osgair
      fear churtha na ccrúadhchosgair
    76. Gég don iubhar bharrchas bhláith
      suaiteantus Díarmada dreachnáir
      ó Duibhne do dhíoladh gach drong
      fear suirghe fionnbhan Eirionn
    77. A ccrannóig chinnbheirte Guill
      mic Morna maith do fhulaing
      do bhí an piobaire 's a piob cain
      da seinm aige san iorgail
    78. A ccinnbeirt Fhaoláin mic Finn
      bratach sróil go ccrann ndíoghainn
      a ccinnbeirt Iollainn go ngail
      naoí sleadha úaine on iorghail

    79. p.356

    80. A ccinnbeirt Fhir Lugha a hOil
      da ghadhor coimbhinne cheoil
      mac Lughach faolán227 do ghail
      fíadh 'na chinnbeirt chuirr chumhdaigh
    81. A ccinnbeirt Chairill mic Finn228
      crann dearg go nduille ndíoghainn
      crann loinge 's a sheól a ccrois
      um cinnbeirt fem do-chonncos
    82. A ccinnbeirt Áodh bhig mhic Finn
      barr teineadh uirrthe do shaoílim
      do cuir eagla ar thóir na ccreach
      borb a rúaig don tsluagh dhaoíneach
    83. Ceithre bannlamha fichit fíre
      as eadh baoí don tsrol dob aoíbhni
      súaitheantus Raíghne mhic Finn
      don tsluagh orrdairc aoíbhinn
    84. Da bhannláimh deg do srol dearg
      a ccinnbeirt Chaoílte na moirchealg
      a ccinnbeirt Colla caoim chóir
      da chuirr go níamh an deargóir
    85. {MS page 89b}Fleasg fhileadh don ór cheard
      go cceithre ccrannóga d'ór dhearg
      os cinnbeirt Fhearguis mic Finn
      airdfile Fhían Eiriond
    86. Eire gach áonlaoích acht é féin
      do chasnaoí ghléghil shoilléir
      a ccinnbeirt Fearrdhamhain na rosg nglan
      fear fa hesgaidh a ndeabaidh

    87. p.358

    88. Tugamairne rúaig chalma
      leanomar filelorg earrdha
      do gabhamar Cormac na ffleadh
      do gonamar Coirbre cnisgheal
    89. Nocha dearnamar síth
      le Cormac fa mor ar mbrigh
      no go raibh fan inbhior thall
      a ffíadhnuise fhear nEirionn
    90. Mur do-connairc Fionn na ffleadh
      Cormac thall fan innbhear
      do-chúaidh féin fan chionn oile
      caithmilidh ard Almaine
    91. Mar do-connairc Faolán fíal
      an t-ionnbhior ar flaith na fFían
      tug in buille meardha mear
      gearrais ar dho in t-innbhior
    92. Gearrais an iris ccaoim ccuirr
      gearrais in coire cáomhchruind
      do cuir in cloidhiom229 cain
      ar fead sheacht ttroighthe a ttalmain
    93. Do leig amach rí Eirionn
      giolla bréaghdha230 baismhéirsheang
      is tugadh a bhreath féin d'Fionn
      mo sgéla dhuit a Tháilghinn
    94. Do thógsam ann sin anáirde
      ar dhithceann sinn 's ar marbadh
      's do cuiriomar ar shleaghaip
      ced do ceannaibh cródearga

    95. p.360

    96. Ag sin duit ar sgéla
      gidh be bheith aga séna
      as cráobh don aoínbilesin inn
      a mhic ingine Cumhaill
    97. IN CUMain


p.362

    1. La da raibh Padraic a nDún
      psailm ar 'úigh 's gan é ag ól
      tainic go tigh Oisín mic Finn
      os leis féin bu binn a ghlór
    2. Día do bheatha a sheanóir shúairc
      cugad ar cuairt tainic sinn
      a láoch míleata fa dearg dreach
      fíor nar ér neach fa ní
    3. Sgeala231 is maith leam232 d'faghail uait
      'úa Cumhaill fa crúaidh colg
      in teann is mó a raibh an Fhían
      ó ataoír riam ar a lorg
    4. Aithresa233 duit a dearbh
      a chléirigh úir na psalm mbinn
      in teann is mó a raibh na fir
      ó do geinead[h] Fíana Fiana234 Finn
    5. Dearmad fleidhe do-rinne Fionn
      a n-Almain re linn na áoch
      ar chuid don Fhéin ó Druim Dearg
      gur eirigh a ffearg 's a ffíoch
    6. Arna ndearmad fan ól
      in días láoch fa dóigh linn
      tug mac Cronnchair is Aillc úr
      freiteach blíadhna re múr Finn

    7. p.364

    8. Do-níd gan ogal a ttriall
      in láochraidh far bfedmar sinn
      gluaisis in da fheindidh gheal
      go rígh Lochlann235 na sreath slim
    9. Muinntearus blíadhna ris in rígh
      don dís láoch fa dearg dreach
      {MS page 90a}do mac Cronnchair na sleadh ger
      's do Aille féin nár ér neach
    10. Ba hé rí Lochlann 's a slúaigh
      fear re mberthaoi búaidh gach áigh
      Airrgeann mac Ancuir na long
      láoch fa maith dorn is lámh
    11. Tuc bean ri Lochlann na sgíath
      grádh go dían nach raibh co deas
      d'Áille greadhnach an airm gheir
      leó sa cheilg go ndearnad feis
    12. Triallaid do leabaidh in ríogh
      ag sin in gniom rer doirteadh fuil
      go hAlmuin Laigean na fFían
      tugadar a ttriall ó mhuir
    13. Tionóilis ri Lochlann a sluagh
      an cabhlach crúaidh do bhí go deas
      ocht righte deg san úair
      as é tainic dhá shlúagh leis
    14. Glacaid an áibheis go hard
      co híath Eirionu na n-arm n-áigh
      go hAlmuin Laighean na fFían
      tugsat a ttriall ó traigh

    15. p.366

    16. Sgaoilid a bpuible go lúath
      rí Lochlann 's a slúagh nár thim
      ar na tulchaiph do bhí amuigh
      a ngar don brugh a raibhe Fionn
    17. Furáilis Fionn cumha mhór
      don tsloghsin tainic a ccéin
      's do rígh Lochlann na ccolg sean
      ré chéile 's a bean féin
    18. Do ráidh in Lochlannach borb
      ré a dhóigh 's a chor a gcéin
      nach gébhadh comha fan gréin
      is Fionn féin do beith da éis
    19. Deich ccinnbeirt ficheat don Fhéin
      is Aille féin ar tús
      do thuit re laim Airrginn mhóir
      sul tainic na slóigh a ndlús
    20. Fiafraighis Fionn flaith na ccúach
      do maithibh uaisle innsi Fáil
      cía do ghébhadh Airrgheann na ttreas
      sul do rachmaoís leis ar sál
    21. Nir heisdeadh sin ré Goll
      sunn catha nár cuiread[h] ar gcúl
      misi is Airrgheann na ttreas
      leigthear eadrainn cleas lúth
    22. Mac Lughach is Osgar lonn
      Fear Reamor crom is mac Leg236
      dot dhidion ar bhuille in rí
      beir gacha ttaoíbh237 dot sgéith

    23. p.368

    24. Eirghid do chosnamh a ttríath
      Airrgionn féin nár cáomh ciall
      seacht ccatha dheas is túaith
      don tslúagh búdh fearr tainic ríamh238
    25. Mur ndeachaidh fear dhíobh faoí chré
      nó sa sbéire re lúth éin
      do slúagh rígh Lochlann na ccríoch
      nir pill arís 'na thír féin
    26. Da ttugthaoí comtrom arm
      do mac Ancair budh hard céim
      a n-Eirinn na ngaisgeadach ffial
      ní mairfeadhdís Fían da éis
    27. Cosmaile chomhraic na ffear
      ní faicfe mé go ttí in bráth
      ceann rígh Lochlann na sgíeth ndonn
      do mhaoídh Goll san ochtmadh
    28. Do-beirim fo anmuin mo rígh
      gurb e ar ndíth ar tteacht as
      fear is ceirtleith na fFían
      do fagadh san tslíabh ar in táobh dheas
    29. Do bhí misi fein san ruaig
      a Padraic bheirius búaidh ar cách
      is gé go ttainic mé as
      ní dearnadh mo leas san lá

Iomlánachadh in líne do leisce a bheith folamh
Misi Áodh do sgriobh.
239


p.370

    1. {MS page 90b}Dubhach sin a Bheann Ghúalann
      a bheand na núabharr ccruthach
      a n-aimsir in Tailghinn
      dob álainn bheith ar do mhullach
    2. Dob iomdha240 bean & giolla
      ar do lios a Bheann Ghúalann
      ortsa is láoch laidir
      a beann bláthmhor duire bhúabhall
    3. Gotha gadhar id gleanntoibh
      ar mhucaibh alta da ffíadhach
      gach feindidh da ttigeadh a lathair
      's a ccoin aille ar iallach
    4. Dob iomdha do chruite ceóilbhinn
      os leirgfinn oirlíath ghlaise241
      ór da bhronnadh an uair sin
      gabháil dhúan go n-iomad maisi
    5. Is e do-gheibheadh ó gach feindidh
      da raibh sa fFéin an úairsin
      tallonn oir gacha míosa
      dob e cíosa Daíghre dhúanaigh
    6. An úairsin a Bheann Ghúalann
      nír ffúath linn fad tháobhaibh
      anocht is tearc mo charaid
      och ní mhairit mo gháolta

    7. p.372

    8. Ag eisdeacht ret ealtuin242
      & beathach na n-or n-allta
      beann ar ar bheannaidh in Táilghionn
      dob álainn do banntracht
    9. Totháin do choillteach díamhra
      dob iomdha íara ar do crannaibh
      do bhruic ger sháimh a sealga
      niorbh annamh do laoídh eallaidh
    10. Duinne gerb ádhbhar meanma
      ag eisdeacht re labhra h'iolar
      ba binn gotha do dhobhrán
      & comradh do sionnach
    11. Fa binn duallán do chonart
      is h'uallghort nírbh annamh
      orgán do dhamh dílionn
      do ceól faoílionn & ealadh
    12. Do mhónógasa caomh corcra
      biorar fochla & gleórán
      re triar inghean Cais Cuailgne
      fa binn leósan a n-abhrán
    13. Nuallán do chorr san oidhche
      cearca fraoíche do shleibhe
      re chéile is ceol do choinchionn
      dob aoíbhmn bheith da n-eisdeacht
    14. Siansán binne do smáolach
      as mór in t-adbar cumhadh
      is maith togbadh bron dot bhannáil
      is fearáin do crann cluthmar

    15. p.374

    16. Ag eisdeacht ret fíadhach243
      fa binn re tríath na hAlmhan
      do budh cluthmar bheith id dhíamhroibh
      dob iomdha mialta id ghleanntaibh
    17. Dob iomdha cnuasach ód choilltibh
      re mnáibh fionna na Féine
      do cháora fa cnúas cumhra
      do shugha is do sméra
    18. Subha cráobh & talman
      cneamh & airnead feithlionn
      fa minic do ghairbhmeas
      a n-aimsir Fhéine Eirionn
    19. Ba haoibhinn h'inbhear íasgach
      os leirg fherghloin glaoíthbinn
      anocht atam co harsaidh
      do chaitheas m'aimsir aoíbhinn
    20. Is cumhuin leam a thulach
      mac Lughach ort is Conán
      iad ag imirt an tráthsin
      's as tainic ar n-orcradh
    21. Ni raibh feindidh a lathair
      's as tainic ar ndrochdhal
      nach gcualaidh an úairsin
      an dorn buaileadh ar Conán244
    22. {MS page 91a}Eirgis Conán 'na sheasamh
      is beiris alpadh ar 'armoibh
      fa hadhúathmar an úairsin
      Conán fa crúaidh a tteannta

    23. p.376

    24. Do ráidh Áodh mac Garaidh
      ger leanam níor láoch lonnda
      dar do laimhsi a mhic Lughach
      bu pudhar dhuit in dornsa
    25. Ni245 briathar tug mac Lughach
      's maith is cumhain a Padraic
      beag mo spéis id leitheid
      nír theithius a n-am gábhaidh
    26. Eirgis ann sin fearg Áodh
      is mairg láoch d'fan réna thoruinn
      an briatar tug mac Lughach
      dar mo cubhais do chomhaill
    27. Tainic mac Dobair dhámhaigh
      ann sin do chabhair mic Lughach
      is fearg Áodh da ffreasdol
      dob i an iorgail churadh
    28. Tainic Goll & Garaidh
      Seinen246 & Fear Fáophair
      deich ccéd do clannaibh Dubháin
      ann sin do choiméd Áodha
    29. Tainic clabna Neamhnaid
      lucht leanamna clanna Baoísgne
      da sleidh & sgíeth úaine
      ar gualainn gacha taoisigh
    30. Tainic aicme Da Bhoirionn
      dob íad an foirionn cródha
      gerbh iomdha cleas lúthmar
      ag congnam re clandaibh Morno

    31. p.378

    32. Tainic fa mór in tamhail
      do cabhair clanna Baoísgne
      fir nar thréith a n-am teannta
      dob iad clanna Duibh Dhíorma
    33. Clanna Coinbroin re hIollann
      dream nar cumang ré cliaraibh
      fiche céd do sgíathaibh geala
      d'fearuibh nár seachain cliamháin247
    34. Tainic Corr choslúath chédghoineach
      ar colbha chloinne Mórna
      buidhion fa niamdha maisi
      fiche céd do sgiethaibh gorma
    35. Do-chúaidh misi féin Caoílte
      faris o mBaoísgne mbréagha248
      dhuinne gerbh ard meanma
      fiche céd do sgíethaibh dearga
    36. Tigid cugainn do láthair
      'na mbróintibh n-ágha n-órdha
      a Dhía is mairg chom a ttainic
      an trathsin clanna Morna
    37. A Padraic a chleirigh Fhodla
      do thuit re chéile sa ffionnghleó
      deich ccéd taoíseach feindeadh
      ar n-egnach ó an áonló
    38. Ag sin duit a Padraic
      sgél ámhaidh ar an imirt
      dorn do búaileadh an lásin
      's as tainic in milleadh

    39. p.380

    40. Aitheac mor co ccruit n-íarnaigh
      san aird aníar gac[h] ndíreach
      tainic chugainn tar gach region
      nírbh é sin in fear sítheach
    41. Ar tteacht ameasg ar ttionóil
      don aitheach romhór adhbhal
      re fuaim a cruite gairbhe
      do tuit ar n-airm as ar lámaibh
    42. Ni raibhe neach beó 'na sheasamh
      ris in cheólsin nar mhaith síansa
      dath an ghúail ar an aitheach
      is dath in tsneachta ar 'fhíaclaibh
    43. {MS page 91b}Cuiris é fa gheasoibh
      Conán nár maith cialla
      fear na cruite millte
      mura n-innsead249sé sgéla
    44. Ge d o chuiris mé fo gheasoibh
      as mé ameasg na Féine
      a Chonáin mhaoíl na mallacht
      bu haithreac duit mo sgéla
    45. Ni gheillim dom chineadh
      do hoileadh me sa fFuarrdhacht
      gébha dhaoíbh an aoíre
      nach sinnfeadh Daíghre250 dúanach
    46. Gabhais dúain do Conán
      níor fforáil gan bheith séitreach
      gach a raibh dhíobh 'na ccáomhthach
      do-chúadar a lathair éga

    47. p.382

    48. Togbhais leis airm na Féine
      ger lór251 a' mhéidsin d'eire
      nír fag ga nó lann fáobhrach
      ag laoch ann nó ag giolla
    49. Sdirén mac in Ghairbh Ghluinigh
      níor ffeas dhuinne san domhan
      feadh miosa dhuinn gan lathar
      fagbais a lán go boghar
    50. Teid teachtaire go mac Morna
      ó Fhionn na gcáomhchorn ccumdaigh
      a triall as Eirinn íathghloin
      d'iarraidh mic in Gairbh Ghluinigh
    51. Tigid a cceann na míosa
      clanna Baoísgne go trénmhear
      naoí ffichit céd ar in ccnocsa
      cia tá anocht gan énfhear
    52. Do-rinne Goll is mac Cumhaill
      síth do comall an úairsin
      is tugadar a lamha
      ann a laim Daíghre dhúanaigh
    53. Glúaismíd ann a n-éinfeacht
      in dream nár threith a congnamh
      as sin go Tráigh na tTréinfhear
      fa buidhean léidmeach lúthmar
    54. As sin duinn don Fhuarrdacht
      as mairg do-chúaidh 'nar turus
      dhuinn fa hadbar egnaigh
      mar raibhe Edbhar is Ludar

    55. p.384

    56. Tigid chugainn dar ffechain
      buidhean nach eisdfead[h] dúana
      Troitheasdal is Crom na Cairrge
      is Troiglén ón Ghleann Úathmar
    57. Tri mic Crom na Cairrge
      fir nach ttiúpradh cairde chatha
      dob adhbar díthe dar ndaoínibh
      beit fa lamaibh in triar athach
    58. As íad anmanna in tríairsin
      na taoísigh nár ghlan gnëe252
      ger chuimseach íad a ccathaibh
      Sithire Sitre & Séitre
    59. Tainic cugainn buidhean dhordha
      a ccomrac ba mór báoghal
      tri fichit fear co luirgnibh
      tainic fuirne mic Fáobhair
    60. Tainic Aitheach in Corráin
      níor fforáil ar mbeith daoíneach
      buidhean ar dath na ndeamhan
      deich cced aitheach nar ffáodhbha253
    61. Ar tteacht don Garbh ghlúineach
      cugainn 's a lúireach croicinn
      énsuil a cclár 'edain
      is deich da dhénam 'na aice
    62. Dob fearr leinne a Padraic
      's a ttainic linn dar Feinnibh
      an mhéidsin do slúagh fuinidh
      go mbeithmis uile a n-Eirinn

    63. p.386

    64. Do-chúadhmar do chur in catha
      na haithigh is Fían Eirionn
      sa maidin arna mhárach
      dob docair airiom a gcéimionn
    65. Teid do cosg Crom na Cairrge
      fa meanma curadh
      ar a sgath fa díon dhuinne
      a lamh ar ccúla nir cuireadh
    66. Do ráidh Osgar mac Oisín
      coisgfe misi mac Fáobhair
      annsa maidin arna mhárach
      ré neart mo laime am áonar
    67. Do raidh Diarmaid ó Duibhne
      fear fa cuimhneach a n-am catha
      Traoillén on Gleann Úathmar
      coisgfeadsa a n-am tachair
    68. Do ráidh triur mac in Cearda
      nir glor nar calma in trathsin
      tri mic Crom na Cairrge
      coisgfe sinne a n-uair ghábhaidh
    69. Do ráidh Sinén mac Morna
      's an fear dordha Conán
      días mac in Ghairbh Ghluinigh
      a ccosg dhuinne ní furáil
    70. Do ráidh Áodh mac Garaidh
      nírbh é in t-áthus nar chúimhneach
      an t-óigfhear fa hard meanma
      coisgfeadsa in Garbh Glúineach

    71. p.388

    72. Gabhais re comhrac Luduir
      mac Lughach na n-arm ffáobhrach
      do comhrac risin ffearsin
      is mairg rachadh 'na áonor
    73. Troitheasdol ger láoch londa
      gan254 a luirgfhearsaid chatha
      gabhais Art og mac Morna
      rena comhrac a n-am tachair
    74. Coisgfeam ar clann Neamhnaid
      & gearrfam a saoghal
      tri fichit fear co luirgnibh
      do mhuinntir foirne mic Fáobair
    75. Coisccfiom Aitheach in Chorráin
      do ráidh Barrán mac Morno
      & coisgfiom a mhuinntir
      buidhean go ndeilb ndórdha
    76. A Padraic a chara anma
      fearg na láoch óir do éirigh
      dob iomdha sgíeth da sgoltadh
      ann & osnadh feindidh
    77. Dob e dal Crom na Cairrge
      is Guill meanmnaigh mic Morno
      nach dearnaidh días san domhan
      a commaith sin do comhrac
    78. Tuitis Crom na Cairrge
      ré neart laime Ghuill fháobhraigh
      faoí sgéith Iollainn sa tachar
      dob iomdha fear dár láochraidh

    79. p.390

    80. Do thuit ré255 hOsgar ámhra
      ger chalma in fear mac Faobuir
      minic do fhóir sinn ó bháoghal
      an lamhsin nár claoídheadh
    81. Traoíthlén ón Ghleann Úathmar
      's an fear ó Lúachair Dheaghaidh
      darb ainm Mac Í Dhuibhne
      días rer doilghe deabhaidh256
    82. Tainic ann sin a shaoghal
      Traoillén ger láoch londa
      re cleasaibh goile Í Dhuibhne
      leannán suirge na Fodhla
    83. {MS page 92b}Ba maith comhrac in Ghairbh Ghluinigh
      is Áodh lúthmair na ngerlann
      is fa tearc a samhail
      san chathsin Fhéine Éirionn
    84. Ba maith Goll is Garaidh
      Seinén is Fear Fóghla
      Osgar is Diarmaid deidgheal
      is Áodh échtach mac Morna
    85. Ni raibhe neach dhíobh a ngúasacht
      ina feindidh úasal armach
      nach deachaidh Goll da chabhair
      's maith is cumain a Padraic
    86. Tigeadh 'cabhair chloinne Morna
      mar luas aidh orrdairc allaidh
      's do cabhair chloinne Baoísgne
      mar sitheadh gaoithe Earraigh

    87. p.392

    88. A Padraig a chleirigh Fodhla
      an ttainig ríamh iongnadh
      nó in Garbh do chlaoídh re hAodha
      & laghad a aoise
    89. Ar ttuitim don cuigear calma
      don tslúagh gharbhsin na n-aiteach
      A Padraic dob iomdha feindid h]
      a n-eigean257 san tachar
    90. Tainic cugainn áongruagach
      an trath ba cruaidhe dar mflathaibh
      's a cruit carthanach cheóilbhinn
      leis ar teóruinn na faithche
    91. Go n-asaibh airgid fhinnghil
      fa colpaip séimhe soillsi
      co lór do chlochaibh búadha
      bróga cuanna don ór pronnta258
    92. Léine don tsleamhuin síoda259
      go ndeilbh gríobhdha & naithreach
      do bhí fo chneas in gruagaigh
      ionar súaithnidh sodhathach
    93. Fleasg óir arna heagar
      fana fholt fada fionnchas
      cloidheamh órdhuirn co ndealtaibh260
      is brat corcra fana caomhchneas
    94. As dar gcabhair tainic chugainn
      an fearsin go cculaidh roigrinn
      an ceol do shinn in gruagach
      ní cualamar a coimhbinn

    95. p.394

    96. Teid uainn ameasg na n-aitheach
      an fear gradhach gruamdha
      is cu[i]ris261 iad 'na ccolladh
      na troithe ó thir na Fuarrdhacht
    97. Fearais doghairceó eadroinn
      's na fir nar chuimseach cialla
      cuiris iad262 ar seachmall
      as na ffacadar na Fíana
    98. Truagh misi ag denam crábaidh
      's me ag caoíneadh cloinne Baoísgne
      's da mbiainn a ttús mo shláinte
      go ttreigfinn crabhaidh choidhchi
    99. Na habair sin a Chaoílte
      da ffaicthea aoíbhneas nimhe
      ní thiúbhratha h'aire d'Fíenaibh
      ina d'íarsma do chloinne
    100. Da ffaictha263 tríath na hAlmha
      ina óig Eamna go n-aille
      'na luidhe a leapthaib [h] sealga
      id meanmain ní bhíadh crábadh
    101. Olc in ciall a seanóir
      rachaid roshlógh na cruinne
      ní ffuil neach diobh na d'iarsma
      nach bíaidh fa breith Rígh na n-uile
    102. {MS page 93a}A Padraic easbail Eirionn
      is trúagh lucht na gcéimionn ccalma
      do breith uaimse don tsáoghal
      's me am aonar ag crábhadh

    103. p.396

    104. Aithris sgéla in gruagaigh
      's ar mair d'úaisleibh na Féine
      is dena caoíneas a Chaoilte
      is binn liom ní dot sgélaibh
    105. Tangamar gan264 ar lúathbhárc
      tar éis úathbháis in catha
      fa gairid linn in sáile
      co criocaibh aille Breatan
    106. Ba maith in líaigh in gruagach
      a Padraic uasail a érlaimh
      tug duinne go deimhin265
      luibhe leighis ar ccrechta
    107. Gluaismid ó criochaibh Breatan
      co bruachaibh Saxan266 saoíre
      a Patraic do-ní na fearta
      is ann fa tear ca ar ndaoíne
    108. Ar tteacht go crich Saxan
      ní fhacamar in gruagach
      do fhóir sinn ó ghaphadh
      so in treas adhbhar úathmar267
    109. Teid uainn d'iarraidh268 feasa
      fear freasdail gacha deaghshlúaigh
      fúaramar ó gach teaghlach
      sgéla an uairsin fa deaghbuaidh
    110. Aongus Óg ar Fionn feindidh
      car mar é riamh ni269270 fhaca
      's e dofhoir sinn o ghúasacht
      as tír uathmair na n-aitheac[h]

    111. p.398

    112. Tá a ttaisgidh a mBrugh Boinne
      bar cculaigh comhluinn & chatha
      ta thall san mBrugh dheidgheil
      bar n-airm ghéra is bar sleadha
    113. Gabhmaid cúan a mBeinn Edair
      ag dul d'fechain ar n-arma
      tar eis Saxana271272d'imteacht
      fa buidhean chliste chalma
    114. Tangamar go Brugh Boinne
      gusan ccuraidh óg úasal
      Aongus Og mac in Dághda
      fúaramar fáilti an uairsin
    115. Trí hoidhche a mBrugh goinne
      fa maith ar sógh gan easbaidh
      fúaramar uile ar n-arma
      tainic meanma dar fflathaibh
    116. Da c[h]éd bó ó Gholl gháibhtheach
      do mac in Dághdha dreachúir
      urad oile ó mac Cumaill
      días nar cumhang fo creachaib[h]
    117. Go ffoirfeadh sinne as gach amhgar
      dob é gealladh Áonguis in Brogha
      ar gcabhair as gach eigion
      a Dhía is mo-genar ag a raibhe
    118. Gluaismíd ar enshlighe
      lucht churtha ghleó gáibhtheach
      anois is adbar osnadh
      na fir do cosnadh láithreach

    119. p.400

    120. Tug me seal co séitreach
      do ffada mo leim a tTeamhraigh
      do imidh níamh mo crotha
      anocht ataim go harsaidh
    121. As mé Caoílte am aonar
      ní hiongnad mo bheit co cumthach
      Fionn is Osgar is Díarmaid
      's 'na ndeaghaid[h] ataim go dubach
    122. DUBach

Da ffagainn ní budh mó ina a ffuarus do
sgribhebhuinn iad A n-Oisdin. in. 6. Augustus 1627
.


p.402

    1. {MS page 93b}Cumain liom an imirt
      do bhí ag flaith na fFían
      re cheile 's a mac
      fá an iubharsa thíar
    2. Suidhid um an n-iubhar
      idir olc is maith273
      ag fraisimirt274 na fichille
      Oisin 's a' flaith
    3. Suidhim fein and
      agus mo dhías mac
      ar gualuinn dheis Find
      nocar linn narbh ait
    4. Is diom gorthaidhi Caoilti
      mac Cronncuir mic Ronáin
      i ttigh Floinn do baisdeadh
      me le mac Muirne na mórdháimh
    5. Do cuireadh in cedchluithi
      ar Oisin le Fionn
      o ataim da innisin
      is maith is cumhain liom
    6. Ar in dara cluithe
      tainic in t-olc bráith
      as ann do leig Diarmaid
      an cháor as a láimh

    7. p.404

    8. Mar do-connairc Oisín
      an cháor ar in cclár
      togbus í go prap
      as cuirios fear 'na háit
    9. Do haithnniom in cháor
      an uairsin le Fionn
      adubhairt se go fáobhrach
      ata neoch os ar ccionn
    10. Adubairt Fionn fíalghasta
      láoch curata cnismhín
      teagusc direach Díarmada
      is imbirt athlamh Oisín
    11. Ni imeóra in fichiollsa
      feasda eideir na Fianuibh
      go bfaghar don duladhso
      a' neóch ataoim d'iarraidh
    12. Adubairt Osgar deaghthapaidh
      mac Oisin fhéil úir
      cia dona fearuibhsi
      neoch ina ffuil do dhúil
    13. Adubhairt rífheinidh Almhan
      fear diolta na ndámh
      na cuir misi ar mearachadh
      acht ge mait do lamh
    14. Adubairt Osgar deaghthapaidh
      da freagra gan daoírsi
      damsa na tabhair tathaoír
      trem bheith do chlandaibh Baoisgne

    15. p.406

    16. Is ann sin adubairt Faolán
      mac do bhí ag Fionn
      as robhorb linn a Osgair
      do labhrus tú linn
    17. Ge romor thusa
      is ge borb do ráite
      ni thiúbhrainn énní
      ar eagla do laimhe
    18. Ge mór sibsi as t'athair
      is bar ccatha gan time
      bérad liom Ó Duibhne
      ó chlannuinbh Baoidg[n]e uile
    19. As mór in briatar énlaoígh
      do ráidh Goll na mbeimionn
      go mbéradh láoch da n-aimdheoin
      ó thionól bfear nEirionn
    20. {MS page 94a}Tusa liom nír brostaighius275
      a Goill na ccosgar lánmhór
      na énneach dom freagra
      acht clann bagarrtach Trenmhóir
    21. Os mar sin adubhrais
      a fhir na ccomlann ndeacrach
      dena do dhíol urlaidhe
      fan ccuimrighe do glacuis
    22. An coimirce a ndeachusa
      a ffiadhnuise ffear nEirionn
      ní heaguil damh duine
      a buain diom ar eigin

    23. p.408

    24. Tarra anuas a Diarmaid
      is gabhuim thu do laim
      do cosnumh ar Fhaolán
      is air Fianaibh Fáil
    25. Ann sin tainic Díarmuid
      cugainn is níorbh é ar leas
      dob iomdha laoch againne
      do dícheannadh san treas
    26. Tiaguid mo clannsa
      agus Faolán mac Find
      do dhenam na hurlaidhi
      ro budh lánolc linn
    27. Ni fhaca is ní chúala
      urlaidhe budh tréine
      na clann Fhinn is Osgair
      ag gearradh corp a chéile
    28. Ann sin adubairt Conán
      do chuimhniughadh na fala
      leig do chlannaibh Baoisgne
      cuirp a ceile do gearrad[h]
    29. Ag so in t-uirsgél fire
      dhuit a chleirigh cháigh
      in trath fa raibhe imreasain
      ideir Fíanaibh Fail
    30. A ttimcioll na himirta
      do bhí ag iobar drol
      is di tainic ar ttuitimne
      Fíana Finn gan on
    31. CUMHain