Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 31

XXXI

Maol Seachluinn Ó hEoghasa .cc.

    1. Ní beag easbhaidh Inse Fáil,
      ní headh nach easbhaidh anbháil;
      tug an Coimdhe do chách cor
      4180] a fháth nír dhoilghe dhosun.
    2. Ar n-easbhaidh n-a heasbhaidh truim
      ní heasbhaidh í gan fhochoinn;
      do-bheir soin chách gan chuimhne
      an fáth fhoil gar n-easbhaidhne.
    3. 4185] Re luadh na n-easbhadh uile
      mó d'easbhaidh an t-aonduine;
      trom an béad rer samhladh sain
      a éag as adhbhal d'easbhaidh.
    4. Mág Shamhradháin an bheoil bhinn
      4190] ní beag an easbhaidh d'Éirinn;
      go croidhe gum chneasghuin
      is é oile ar n-aoineasbhaidh.
    5. Doirbh aoinfhear mar é dh'agháil
      d'éis mhúinte Méig Shamhradháin;
      4195] gan a bheith, a Dhé, gar ndíon
      nocho cleith é dhar n-imshníomh.
    6. Bás meic Bhriain rub úr n-ochta
      tug fúinn fuath an ábhochta;
      dul do sgaith Chorainn a curp
      4200] do aith orainn ar n-ábhocht.
    7. Tomás mhac Briain bruinne geal
      rob é coimhéad críoch nGaoidheal;
      an tráth ro mhar flaith Feabhail
      maith do ghabh ó Ghaoidhealaibh.

    8. p.273

    9. 4205] Do thoit eineach Inse Fáil
      ar ndula mheic Bhriain bhonnbháin;
      nuair do-chuaidh ceann Feimhin
      do-chuaidh gach dream dheigheinigh.
    10. Tomás Mág Shamhradhán shaoir
      4210] ba mhinic inn n-a fhochraoibh;
      truagh mar ro-chuaidh fear Finne
      uainn re headh na haislinge.
    11. Nír lamh aoinfhear thiar ná thair
      theacht dh'argain mheic Bhriain Bhreaghaigh;
      4215] do bhí ar bhreith dó go ndeachaidh
      breith a mbó ó Bhréifneachaibh.
    12. Goill is Gaoidhil ag guidhe
      ar anmain fhir Aolmhuighe;
      maith fian Bhanbha re gach mbocht
      4220] re mian a anma d'fhurtocht.
    13. Maith do thuar thaighe nimhe
      a almsa is a aithrighe;
      a dtug flaith Monaidh a-maigh
      maith ro fhoghain dá anmain.
    14. 4225] Gach neach rerbh áil a fhagháil
      fuair maitheas Méig Shamhradháin;
      ba mian le sgaith bhféil bhFeabhail
      a mhaith féin ag fileadhaibh.
    15. A-déar ris—gá huair as fhearr?
      4230] dh'éigsibh Alban is Éireann
      a-tá líon catha dhá chur,
      a ghríobh Mhacha, gud mholudh.
    16. Táinig rinn ar dtreise id thaigh,
      a mheic Bhriain an bhairrleabhair;
      4235] ar dtreise, a fhir Fhinne, ort
      do-bhir inne gan fhurtocht.

    17. p.275

    18. Do chrích Bhréifne leath ar leath
      do chaithfeadh uile a eineach;
      ní chaitheadh sé acht réidhe rinn
      4240] is re a ré fhéile i n-Éirinn.
    19. Ní fríoth orraim d'fhior uainne
      i nGlinn Ghaibhle ghéaguaine
      re ndul do ghríbh Chunga ó chách,
      do rígh nírbh urra a óglách.
    20. 4245] A mhac féin táinig n-a theach
      mar ro orduigh Dia dúileach;
      do sduaigh Bhoirne nochor bhás
      an t-oighre do thuair Tomás.
    21. Tomás mhac Briain barr naoidhe
      4250] 's sluagh Éireann gá éagcaoine
      tug a chumha do chách cor
      go bráth ar ndula dhoson.
    22. Iomdha tír a-tá go sé
      i leon uile dhá éise;
      4255] do thraoth méad borrfaidh Bhanbha
      ar n-éag d'onchoin Eachlabhra.
    23. Gidh iomdha anbhuain eile
      do dhíoth churadh Caoinrighe,
      gidh doirbh gach ní ar ndula dhó,
      4260] an chumha ní hí as oso.
    24. Do thoirrsigh daoine an domhain
      cumha ghéige gormChodhail;
      dubhach slógh Banbha dhá bhás,
      ba mór a dtarbha ó Thomás.
    25. 4265] Ar chan cách nír cheilte dhúinn
      re mac mBriain an bhairr chladhúir;
      'Toirseach bean ar muigh Mhumhan,
      a thuir Bhreagh, ód bhaoghlughadh.'

    26. p.277

    27. Fa-ríor ní bharr sinn go sé
      4270] ar éis aoncharad fíre;
      a-tá sinn ar ndola dhuid,
      a chinn Chobha, gan charaid.
    28. Ach rob iomdha ag teacht dod thaigh
      dámha a hÉirinn 's a hAlbain;
      4275] beith ar th'uaigh, a fhir Oiligh,
      do-bhir uainn gan t'ionnsoidhidh.
    29. Do chumhasa, a fhir Fhearta,
      tug oirne easbhaidh imdheachta;
      mór dhom neart do-chuaidh ar gcúl
      4280] ód leacht bu thuaidh ag tiompúdh.
    30. Mairg a-tá mar tú dhá éis
      a dtug dhúinn inn gá fhaisnéis;
      fuarus gach ní ar dán a dhuan,
      gé dho bhí a ndál go diombuan.
    31. 4285] Diombuan bó, nír bhuaine each,
      ag mac Bhriain gá mbinn buidheach;
      fuair ba thoil ar chaith don chrudh,
      maith do chaith soin an saoghul.
    32. Seasg gach bó chríon i n-a choill
      4290] d'éis Mhéig Shamhradhán shúlchoirr;
      uathadh gort ar a bhfuil fás
      do bhuin ar dtocht do Thomás.
    33. Tomás mhac Briain, barr corcra,
      leannán is barr bantrochta,
      4295] maith a chuing do chraoibh Dhuibhe,
      nír thuill aoir ná heasguine.


p.279