Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 30
XXX
Tadhg Ó hUiginn ? .cc.
- 3995] Fadógh ar gríosaigh gnaoi Néill;
fuair nós nach tuillfe toibhéim;
is í as séad craoi dá chineadh;
dá ghnaoi créad nar cuimhnigheadh?
- Feidhm dúthchasa dh'aicme an fhir
4000] gan sgur d'fhadógh an einigh;
tug n-a neimheasbhaidh nós mór,
fós an t-eineachsain d'fhadógh.
- Teine bheo nach báidh tuile
gnaoi athar fhir Challmhuighe;
4005] an ghnaoi leathansa d'fhleisg Náis
leathursa do theisd Tomáis.
- Fada as léir a loise mhór
nír sguireadh fós gá fadógh;
biaidh mar do bhaoi re treimhse,
4010] gnaoi Bhriain nocho bháidheinnse.
- Urusa a congbháil gan cheo
an ghnaoi as teine bheo bhithbheo;
sí gan cheo bhíos do bhunadh
is gríos beo dá beathughadh.
p.261
- 4015] Eineach Tomáis is teisd Bhriain,
gnaoi Néill dáibh i n-a deirbhshiair;
flaith Cé ní cheileabhsa a nós,
an t-eineachsa is é fhadós.
- Connudh nach leigeann í as
4020] a bha 's a eich 's a ionnmhas;
a chrodh uadh ag gach ollamh
ar son nduan an deaghconnadh.
- Nír héaradh roimhe im ní neach
le mac Briain Bheinne Coilctheach;
4025] ní mó do éar Niall a-nos,
gach éan ag diall re dhúthchos.
- Rug toirbheart n-a theinidh aoil
ar ghnaoi a chinidh flaith fionnGhaoil;
nír sguir sé ag síorchur n-a ceann
4030] lé gur díochradh an doicheall.
- Mág Shamhradhán nar éar fhear
geall einigh fhuair ó chineadh,
clú cuanna mar chlú a shinnsear
's ní chuala tú a thuirimhsean.
- 4035] Ní obann Niall ní do dháimh;
urusa le gual gabháil
ó bhíos teine ann re headh;
ní mar chrann eile eisean.
- Ní mar chách ag díol duaine
4040] bhíos riamh gach fear fíoruaire;
do-ní sé ceartas re cléir
an té chleachtas a coimhréir.
- Binn le neach gach ní chleachtas;
fairseang théid a thoirbheartas;
4045] mian le lachnaibh snámh le sreabh,
riar dámh charthair re chineadh.
p.263
- Do charsad cliara Banbha
an fáilteach óg osgardha;
tre bhile cruithgheal Caisil
4050] cuirthear file i bhfiadhnaisibh.
- Ní comhdhúthaigh dá gach cléir
an sduagh bhéalchorcra bhoinnréidh;
ó bhíos áth ar tuile tonn
do chách uile ní hiononn.
- 4055] Ni hionann dúthchas dúinne
's do Dhamh Ré fleasg fionnBhúille,
seach dhán gach dáimhe oile
lán dar ndáinne a dhuanoire.
- A ghnaoi síolfad ó só a-mach
4060] úidh Taidhg oile ar Bhrian mBreaghach;
biaidh bham chion Niall a-nosa,
Brian ba chion d'fhior m'anmosa.
- Liom maoidhimh a nóis a-nois
mise is Tadhg do thuir Dhurlois;
4065] ar Niall do-chuaidh mo chrannsa,
Niall bhus Bhrian uaibh agamsa.
- Orlach ar Bhrian téid a theisd,
flaith Éirne an abhra bhairrleisg;
do bhí Brian ba bhladh roimhe
4070] go rabh Niall ní as nósmhoire.
- Mac Tomáis an taoibh leabhair
rug geall ó ghnaoi a chineadhaigh;
ní fhuighe magh mar Mhagh mBreagh,
duine ní gar dá ghnaoisean.
- 4075] Do shín tarrsa tuir Cheara
mar bhile ós bharr chraoibhfheadha;
cuirid a n-arm faoi gach flaith,
a ghnaoi ní carn gan chéadbhraith.
p.265
- Geall ar uaisle is ar eineach
4080] fuair uaidh cár
[...]
fréamh na ngeilfhiodhbhadh ó ngin
neimhiongnadh a thréan tairsibh.
- Teallach n-Eachach go hEochaidh
fan bhfleisg sin ngeil ngnúisleathain,
4085] tuath riu soin nocho sín,
a bhfiu ní fhoil fa airdrígh.
- Díreach leanfad a lorg soin
ó Eachaidh mórmhac Maonoigh
go ndeach go Fearghna fleadhach,
4090] an chleath mheardha mhuirearach.
- Géag cubhra dar mac Maonach
Baoithín na n-arm n-órchraobhach;
prap dá téachtfholaibh gach tír
le mac mbéaltanaidh mBaoithín.
- 4095] Mac Bréanainn ba binn meadhar
Baoithín na mbas ngéigleabhar,
clann Bhréanainn a dteisd tárraidh
gon fhleisg shéaghoinn shoghrádhaigh.
- Mac d'Fhearghna na n-each sotal
4100] Bréanainn ba bhog dtiodhlocadh;
an Fearghnasain ní théid troigh
don ghéig neamhfhrasaigh neartmhoir.
- Méin Fhearghna agus Aodha Finn
fa mhac Tomáis ro thimchill;
4105] clann mhórRuairc an fine fial
fa bhile nglórshuairc nGailian.
- Eochaidh Doimhléan fa dheirc nglais,
Colla Uais fa fhear nDurlais,
fríoth dá ghnúis chorcra choimhréidh
4110] cúis mholta as a mháthoirmhéin.
p.267
- Do iadhadar uair nó a dó
ba dhreich mbuig mar bhlath ndonnchnó
clann ghealCholla taoibh re taoibh
ba chraoibh n-Eachdhroma ó Éadaoin.
- 4115] D'iomad ríogh ba rosg n-uaine
dh'uaislibh catha Craobhruaidhe
do chomhnaoidhigh caoin a ball
do chraoibh fhorbhfhaoilidh Arann.
- Aigheadh as áluinn oirniamh
4120] aige d'uaislibh saorOirghiall;
casmhail aoibh aighthe an deighfhir
re caoir ngairthe a guailteinidh.
- Déad gléigheal ar gné na sgath
fuair ó Cholla chláir Theamhrach;
4125] ruisg corra fan chéibh chaissin
méin an Cholla chéadnaisin.
- Dá abhra dhonna ó Aodh Fhionn,
dá dheirc gorma ag géig Raoilionn,
dá ghlaic leabhra ag léim chagaidh
4130] do mhéin Fhearghna abhradhduibh.
- Glún corr nar cuireadh ar ais
aige ós chionn chalptha sholais,
míontraigh óg ag ú Earca
le líontair bróg bhláithghreanta.
- 4135] Cáraid sliasad réidh roigheal,
bruinne mar bhláth caoldroighean,
ucht dealbhchaomh dar dírgheadh rann
seangthaobh míngheal mar mheamram.
- O fhuair geall a ghnúis amlach
4140] ar ghurm a dhearc ndonnabhrach,
ar chleith gCláire nír cinneadh
ar áille deich ndoinningean.
p.269
- Béal corcra nach creid banfháidh,
rosg mall ag Mág Shamhradháin;
4145] ní hinghill dream re dheilbh sin;
fearr a fheidhm iná a fhaigsin.
- Féachfaidhear fulang a lann
lá an tachair re tuir gCualann;
d'aithle Néill fhuair a haithdeilbh
4150] ó bhéim chruaidh a chlogaidfheilm.
- Rug a seadh a slait chorcra
tarraing eolach arrochta
ag dáil chrann d'iobhraibh an fhir
acht barr fiodhraidh ní faicthir.
- 4155] Cuiridh bas óigfhir Eine
sníomh i gcrann a chraoisighe;
do chomhchasfadh mar an gcrann
le orcharsan a hiarann.
- Snámhaidhe as fhearr n-a aimsir
4160] an sduagh dhéidgheal dearcmhaillsin;
is uidhe ar tír do mhnaoi mhoill
ar shnaoi ó thír don abhoinn.
- Mac Tomáis mheic Bhriain Bhreaghaigh,
mheic Dhonnchaidh mhóir mhéirleabhair,
4165] ag a riar ní chéala a chrodh,
cliar dh'éara nochon fhéadfadh. Fad
- Dath gríoscha ar a gnúis n-amlaigh
inghean Cathail chreacharnaidh
slios geal masa geal sneachta
4170] far fhear d'fhios a haigeanta.
- Geall gach ríoghna
[...]
inghean chorcra í Chonchubhair;
inghean Ailbhe ar aoi a féile
gnaoi Shaidhbhe nír shoidhréime;
4175] a tiodhlaicthe gach laoi ar lón,
do ghnaoi a fionnmhaicne is fadógh. F.
p.271