- A sháith d'oighre i n-ionadh Bhriain
coimhdhe san ionadh a n-uair;
3845] do-ní a leas is a leas féin
ní dá gach cléir teas is tuaidh.- Aithris mhaith ar Brian do-bheir
gach flaith gá riar nó go raibh;
is le cliaraibh cáin an fhir
3850] gérbh áil libh a hiarraidh air.- Mág Shamhradháin re bhfill fóir
rinn gach armagháidh rob áil;
cá tarbha breith ar na buaibh
buain re cleith n-Annla ó nach áil.- 3855] Tomás mhac Briain bhronnas sgor
biaidh ar a chomas a chrodh;
ní sgítheach bhfaghla barr Breagh,
cá tarbha seadh ann i n-or?
- Craoiseach croinn leabhair n-a láimh
3860] do bhoing tre chneadhaibh i gcriaidh;
druim an fháinne sa gcrann cruaidh
do-chuaidh ó bharr Gháille i ngliaidh.- Leomhan conchar ó Chreit Rabh
gleic re chonfadh ro badh cion;
3865] ar ndol tre chairthe ó bharr Bhreagh
do bhean lann dá aithle d'fhior.- Gabh an rannso dhó dom dhán,
gan chradh damhsa ní dó as dual;
áirmhid gach maith do bhí ar Brian
3870] gach cliar, a fhlaith Lí, god luadh.- A shlógh fhir na n-abhra ndubh,
gé tharla ibh ag ól fhleadh,
is romhaibh budh chóir a chur
a ndul thoraibh go Bóinn mBreagh.- 3875] A chath marcaigh Mhoighe Réin
gan n-a chartaigh shloighe shluaigh;
créacht nocha dtabhair an tóir
ná róigh éacht n-a aghaidh uaibh.- Binn an comhrádh do chan mé
3880] re hó gColmán do ghabh gnaoi:
'Ar glór do shuirghe, a fhlaith Lí,
do bhí cuimhne mhaith ag mnaoi.'- Cá hoireacht nar loisg go léir
do choisg a toigheacht dod thóir?
3885] ag teacht do ghéig Theamhra i dtír
bídh a meanma n-a méid mhóir.- Creach a fhaghlaidh ag an fhior
dar fhalmhaigh teach agus tor;
dá dhíon dá éise do an
3890] mar do ghabh gríobh Chéise crodh.
- Doirbh a leanmhain ar mbreith bhuair
ar mbeith a theaghlaigh re thaoibh;
a n-aghaibh cleath Eine d'fhóir
nach dóigh creach eile ar a aoidh.- 3895] Lucht foladh nach dóigh do dhul
ar a omhan do-chóidh car;
mar thugsad aithne ar barr mBreagh
fear n-a aithle ann nír an.- Leathar leis gach breath ma mbia;
3900] cá neach ar nach ceis a clú?
gidh mór an síoth dó cleith chró,
ro bo mó a dhíoth bheith gan bhú.- A throigh í Cholmáin a Cliaigh,
do roghráin i dToigh an Trír;
3905] beag nach creach slighe bhur sluaigh,
ní fhuair a leath tighe i dtír.- Fatha a gcagair do-chluin sé,
gach a n-abair a bhfuil faoi;
budh iad do sgéala, a fhlaith Lí,
3910] gach ní maith a-déara an draoi.- Glór slóigh re hó gCuinn a Cult:
'Dá dhruim is dóigh doid clódh cniocht;
aince an duine do fheall ort
ar dtocht i gceann uidhe ar t'iocht.'- 3915] Glór a bhiodhbhadh re hó mBriain
ar n-a gclódh, gidh diombladh dáibh:
'Ní har an arm do bhí buaidh
acht buain, a bhadhbh Lí, red láimh.'- Mac meic Dhonnchaidh dreach mar shuibh,
3920] ní toghthair acht breath dá mbeir;
gach fear fial tarla i n-a thigh
do riar fhir Bhanbha do-bheir.
- Nocho lamhair dol n-a dháil,
ní tabhrair crodh acht i gcéin,
3925] ní iompá cleath Eine ón fhóir,
go róigh a chreach reimhe ní réidh.- Arm trom do bhuille do bhlagh
don chronn rob uille san fhiodh;
is iad ro fhill ag baidhbh Bhreagh
3930] na hairm do bhean inn ó fhior.- Mairg duine ná dearna rioth
re n-ó Meadhbha Muighe Rath;
ní thug dá úidh san uair each,
nír smuain leath a chúil re cath.- 3935] Mág Shamhradhán ro shaor sgoil
raon tre bhadhbhraghádh do-bhir;
bídh neimh ar fadhbhaibh ó bhfuil
fan ghuin sin d 'armaibh an fhir.- Mac Maoile Meadha is maith linn
3940] dan deala caoine a raith rinn;
gach conair do chreach ó Cuinn
ní bhuing cleath Chodhail re cill.- Ní ghrádhaigh ó Cuinn an cradh
gan bhuing a chrábhaidh re cion;
3945] nocho tabhair i séad seadh
géag Bhreagh acht dá fhaghail d'fhior.- Tomás mhac Briain, barr na lúb,
ní mall acht ón ghliaidh an ghéag;
flaith Taoidhean gé do fhóir iad
3950] slóigh Liag ní maoidhear a mhéad.- Craobh dhruimneach ós a dhreich mhín,
a bhruinnleath gá cleith do chlúimh;
taise nó gur chlaon an gcéibh
ní léir re taobh caise an chúil.
- 3955] Lón gach cléire i ngroigheach geal;
oineach í Chréidhe is mór mion;
gon tí gar adhair géag Gamh
séad dá rabh aghaidh gon fhior.- Airgfidh gach neach ná fuil faoi
3960] n-a theach acht muna thoir sé;
ag feitheamh gach neich fa ní
a mbí ag teicheadh re cleith gCé.- Mairg as bhiodhbha dá bharr thiugh
nochan iomdha a chlann ón chion;
3965] ní mairg dan cara ceann Breagh,
teann do lean a fhala d'fhior.- Gach ionbhaidh ro ghabh a ghreim
an cradh dá bhiodhbhaidh gur bhuing;
ó nach é bhus urra inn
3970] ar mhill sé is cuma d'ú Chuinn.- Ní meinic bhíos aghadh air
an talamh fa chíos ro chuir;
moltar aisdear each an fhir
ba sir cleath Mhaisdean dá muin.- 3975] Tomás mhac Briain barr mar chnú
biaidh a chlann ós mhac gach mná;
léim a fhoghla ó rígh ní ria,
go gcongbha Dia a thír mar tá.- A sháith do mhnaoi ag oighre an fhir,
3980] a gnaoi nocho coimhdhe chruidh;
an chraobh ní ghéabha fa ghroigh,
éara as-toigh ar aon ní fhuil.- Nualaith riamh ní docht re duain
gach cliar ag tocht tar an treoir;
3985] ní reich a diomdha ar a dáimh
gidh iomdha go gcleith gceoil.
- Inghean Méig Uidhir ucht nua
n-a bruidhin a lucht re lá;
gidh iomdha flaith im chraoibh gCró
3990] is mó do shaoil maith na mná. A sháith- An rannso dhó ar a dhuain féin
feirrde a-chách Tomás mar tá;
iomdha giall n-a thigh ón treas
riar an fhir a leas re lá.A sháith.