- Tánag d'Fhánaid an einigh
Magh Aoi mo lorg láindeimhin;
glór mín dlighim re gach ndreim
sirim gach tír fo thuairim.- 3660] Céillidh gach aon bhíos i mbroid
[...]
deach fear ag Fánoid;
mór broid gach dheighfhir re dán,
goid an einigh don abhrán.- Is é an t-abhrán ro fhalaigh
3665] a n-éadáil a n-ealadhain;
do sgar an daghdhán re a dhath
abhrán ban agus bhachlach.- Le ríoghaibh caigillte an chruidh
nach tabhair treas ar mianaibh
3670] binne an chliar abhrán n-olcach
's an camdhán fiar fíorlochtach.
- 'Siad a nduasa a ndúthaigh dáibh
biadh ó n-a mbairdne d'aghbháil;
mór an ceannach ar a gcuid,
3675] ór ná heallach ní iarraid.- Sgárrlóid ór is eich is ba
duasa deaghaosa dána;
a n-éadáil mhórní muirn bheag
cuirn agus ór is airgead.- 3680] Cliar ag cách rinne ghá rádh
cliar re
[...]
an abhrán
gach file binn dá bhádhadh,
tinn lem chridhe is comhthlámadh.- Do-rinneadh creach nach cóir dhi
3685] ní théid rinn anadh uirre
dá dtrian bhó is each is arradh;
ní mó creach dá gcualabhar.- Dá dtrian ionnmhais Inse Fáil
fheacht eile rob í ar n-éadáil;
3690] ba fairbríogh, ba boing re baois,
boill na n-airdríogh ro iarrmaois.- Maol Seachlainn Gabhrán do ghuin,
aonshúil Eochadha d'iarraidh,
gor shir sinn saoghul Mo-Bhí
3695] nír daoradh inn fa éinní.- Sa Bhréifne ní beag a rath
ag cloinn Bhriain mhóir mheic Eachach,
re lá gan deibheach re dáimh
a-tá an t-eineach ar admháil.- 3700] Oireacht meanmnach Maighe Sléacht,
Teallach n-Eachach na n-airdéacht,
síothmhagh ar a sill gach neach
do díochradh inn an t-eineach.
- Do creachadh i n-Inis Fháil
3705] re fios an einigh d'aghbháil;
an fhéile mar do fhuair cor
do-chuaidh Éire as a hionadh.- Teallach n-Eachach na n-arm nglas
gan an eineach ná an ionnmhas,
3710] deighfhir gan eallach gan ór,
teallach an einigh dh'adógh.- Tomás mhac Briain bhriseas cath
is é triath Teallaigh Eachach;
fear grádha inn n-a aireacht,
3715] dána linn a lorgaireacht.- Ní fhuil más fhíor don fhior sgeoil
nocho triall i dtír n-aineoil
ó bhord Mhuaidhe is Mhuighe Aoi
uainne acht madh uidhe aonlaoi.- 3720] Dodhola ar fud na Fódla
ar gcíos cáir dá chomhfhógra;
sgéal truagh mar tharla an t-eineach,
ag sluagh Bhanbha is beigeineach.- 'N-a chion féin fuair a ghabháil
3725] ag Mág shoichleach Shamhradháin;
ón té gar chóir a chagar
nocho dóigh é d'fhuaslagudh.- Easbhaidh bhó is ionnmhuis is each
ar a thír tug an t-eineach
3730] téigheadh fa chrodh mar ro chleacht
's nír ghon éinfhear don oireacht.- Is ríoghdha rugadh an bhreath
ag mac Bhriain Bheinne Coilceach,
ár ar chrodh gé do chuir sin,
3735] is gan dol fa fhuil an einigh.
- Fíor mo ghuth re géig bhFinne
maith fuigheall na fírinne
'Do-ghéabh loghadh ar brú bháis
acht go molar thú, a Thomáis.'- 3740] Teallach n-Eachach na n-each ngeal
teine bheo nachar báidheadh;
bristear ar chách gach cath leo,
a rath go bráth bidh bithbheo.- Mac meic Dhonnchaidh Dúin Uisnigh
3745] fhadós teine an teallaighsin;
a bhronnadh mar ghual ngairthe
connadh buan a beathaighthe.- Athair Tomáis tug gach maidhm,
Brian Breaghach rob é a fhorainm;
3750] ba Brian Breaghach im cheann gcreach
an seadhach fial seang suirgheach.- Ríoghraidh Teamhrach tuaithe Breagh
is iad sgath gléire Gaoidheal;
ar fhud Bhanbha cian ro clas
3755] a dtarrla i mBrian dá mbreaghas.- Breaghdhacht tar gach neach fo nimh
is don ríoghraidhsin ráidhtir;
a rádh re neach im ní olc
ní hí ar mbreath ar an mbreaghocht.- 3760] Is í an bhreaghdhacht gi bé i mbeath
gaisgeadh is uaill is eineach;
ag sin triar nar thrí lochta
do bhí i mBrian na breaghdhochta.- Ceirde a athar ó do fhás
3765] meabhrach a-táid ag Tomás;
an triur ro bhaoi i mBrian ón bhrugh
dlaoi ar an triar nocha thugsun.
- Gaisgeadh is eineach is uaill
san fhearchoin éachtaigh armruaidh;
3770] n-a dhiaidh leanas's ní dá locht
breaghas Briain is a bheodhocht.- An fód fíreonach i bhfuil
is dá cheinéal cleath Lughmhaigh;
suithneart san úir as ar fhás
3775] do chruithneacht a túir Tomás.- Ríoghan chongháireach caithmheach
a thír duasbhog deaghaithneach;
a fiodh ná a talamh ní thug
a dtaradh acht d'fhior fhialbhug.- 3780] A thuath ní théid ar a muin
marcach ainfhial nach easguir;
tír na ngeileach's na ngreagh seang
fear gan eineach ní fhuilngeann.- Dá thír is fearta féile
3785] freasdal churadh Coirrshléibhe,
iodhna a thuath nar chnaoi bha chradh
is gnaoi í Dhuach fan domhan.- Liaide uisge a ól go beacht
dála an uarán gá oireacht;
3790] bronnadh cruidh gan chruas do chách
is suas do chuir a chonách.- Eineach orra gá fhuráil
is binn le síol Samhradháin;
neach do mhéadaigh miadh na ndámh
3795] gá riar ag géagaibh Gabhrán.- Ní uil is ní bhia is dá mbeath
fear don aicme gan eineach
comhartha a síl is sé riamh
ní díbh é dámadh ainfhial.
- 3800] Gach cuaine thaobhthrom thorrach
gealál déadbhán dearclonnach;
an tír i n-ionbhaidh a hoir
bídh re hiongnaibh gá hiarraidh.- Mórsháith tánaisde a thíre
3805] beag nar bháidh clú a choimhdhíne;
docair do dhamhna faoi fás
is an ghnaoi tarrla ar Tomás.- Mairg do-ní fraochdhacht ná fearg
ris an ngruadh gcorcra gcaoillearg;
3810] mo ghéanar neach do-ní tlás
dá mbeath ar a thí Tomás.- Mac Briain Mhéig Shamhradhán shaoir
a lucht deabhtha ro dhiansgaoil,
gach greas dá ghreasaibh re gha
3815] gá mheas re treasaibh Tána. Tánag- Nualaith Bhreagh, buime na gcliar,
bainmheirleach einigh Oirghiall,
ar muin mhná Eine n-a heoch
a-tá a heire don eineoch.- 3820] An t-eineach n-a fhior ghrádha
gun gheanmnaidh réidh rosgmhálla;
a crodh mar ro chleacht ro chaith
nó gor ghabh neart ag Nualaith.- Inghean Mhéig Uidhir ucht bán,
3825] glac mhéirgheal amlas uchtán,
gach eang greanta ó ghéis Chabha
mar shneachta ar éis fhearthana. Tánag- Tánag d'athchur Fhódla air,
Aodh Ó Domhnaill Dúin Bhalair,
3830] gealltair do rígh Fáil i bhfad
cáin as gach thír a dtánag.Tanag