Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 26
XXVI
Niall Ó hUiginn fós
- Díoth cruidh coire Tomás;
3525] taoiseach Teallaigh Eachach
an fial coipcheann cruthach
mar Bhrian coitcheann creachach.
- Trí choire ag cleith Chruachan,
gon chraoibh bhéildeirg bhoinnghil,
3530] coire thoighe a theaghlaigh
is coire gá choinnmhibh.
- Coire bhíos gá bantrocht,
bean churadh chuain Bhanna,
sa doire i dtráigh tunna
3535] coire gá mnáibh malla.
- A chuid laoi is lán coire
cuingidh gruaidhgheal Gabhráin;
ní dhruid chaidhche ó chongháir,
a chuid aidhche is anbháil.
- 3540] Ár muc ár bó mBréifneach
do-bheir go mbí an Carghas;
ní háil leis lón lachtchruidh,
mór do mhartaibh mharbhas.
- Do bhiathadh fhear n-Alban
3545] is eachtrann n-iath n-Uladh
biadh gon chraoibh shuairc shuilbhir
n-a bruighnibh do bhunadh.
p.231
- Coinnmhe Line is Laighean
agus Midhe is Mhumhan
3550] tug díoth ar gach ndoire;
ní sgíoth coire an churadh.
- Ar gcur áis na n-áirgheadh
d'fhéinidh Bhóinne buige,
díoth tug ar na tréadaibh
3555] rug n-a gcéadaibh chuige.
- Tomás mhac Briain Bhreaghaigh,
badhbh Daoile na ndonnbhrat,
ag freasdal chliar gConnacht
mar ChonnArt mar Chormac.
- 3560] Mág Shamhradháin shireas
gach tír mar Bhrian Bearbha;
díoth cruidhchreach a coire,
tuirchleath Mhoighe Meadhbha.
- Lán an chnuic do choinnmhibh
3565] dá chathraigh láin luchtmhair;
lán toighe do theachtaibh
le choire sa chuchtair.
- Leasg linn ar lámh fholamh
go foghlaidh clann gCraoidhe;
3570] d'fhior thadhaill gach thíre
ní lamhaim gan laoidhe.
- Go loch n-aoibhinn n-Uachtair
ag airgneach Cairn Churrnán
coinne ag na Trí Tuathaibh
3575] i gCruachain ó gCubhrán.
- Lán gach tír do thoirthibh
ag tuir éachtaigh Adhar;
lán do bhuaibh na mbrughadh
gach clár dá bhfuair falamh.
p.233
- 3580] Mór ghléasdair do ghormghaibh;
ag déagsain an donnshróill,
do chan fóir gá bhfeitheamh:
'Cóir teicheadh an tromshlóigh.'
- Ní lamhthar a leanmhain;
3585] cá léirchreach nach léamhadh?
síoth nó osudh d'aomhadh
díoth dosun a dhéanamh.
- Conmhaicne í Bhriuin Bhréifne
ag baidhbh Chliach gá coimhriar;
3590] clann Róigh éachtach armruadh
créachtach ó fhóir Oirghiall.
- Teallach n-Eachach éachtach
aigbhéil d'fhearaibh gaisgidh;
re bhféachain nír fuirgheadh,
3595] nír fuilngeadh a bhfaisgin.
- Tréan ar fearaibh Fódla
flaith Fáil, feidhm ós raineart,
do ionghair gach oireacht
gan fhionghail gan aineacht.
- 3600] Re creachaibh a chréachtshlóigh
cá tréantóir nar tubhadh
nós dá ndearna ar deireadh
deighfhear Eamhna Uladh?
- Sluagh Breagh ón ghleo gháibhtheach
3605] ceo ar sróll ngeal a ngéirchleath,
a gcosdudh ar criathrach
ag brosdudh na mBréifneach.
- Seacht gcéad sleagh ar sluaigheadh
seabhac cosgrach Codhail;
3610] seacht gcéad glac dó i ndeabhaidh
slat Ghréag bró do bhoghaibh.
p.235
- Laoch seacht gcéad do chloidhmhibh
mar Chearmaid mór Mirbhéal,
seacht gcéad each fan uathfhras
3615] is cleath ruadhchas rinnghéar.
- Rosg mall is dreach dheirgmhín,
daghclann each ar airdléim,
taoiseach as fhiu airdrígh
dan liu craoiseach cailgréidh.
- 3620] Rí na dtaoiseach Tomás,
tuir Mhis mheallas ríoghain,
Mág Shamhradhán Shoghuin
n-a roghuin ós ríoghaibh.
- Mac meic Dhonnchaidh Dhurlais,
3625] dreagun súlghorm sochraidh
ní hál drud re dheabhthaibh,
ár thug is na tochraibh.
- Re muintir Maoil Mhórdha
mór fearg flatha Doire;
3630] mó a fhíoch do Mhuigh Mhidhe
gidh díoth cruidh a choire. Díoth
- Inghean mhall Mhéig Uidhir
ucht geal, gruadh mar chorcair,
drud re haoibh sgol sgagthair,
3635] tug chrodh ar laoidh lochtaigh.
- Inghean ríogh is ríoghna
a réim cúich nach cualaidh;
dál gan chleith ag cliaraibh
gan ghrádh neich ag Nualaidh
- 3640] Ós bhainríoghnaibh Banbha
bhíos bean churadh Cairbre;
is í a lámh as luighthe,
dámh ní chuirfe ar cairde. Díoth
p.237
- Móide a-nois nós Gráinne
3645] gnaoi uirre as a hóige;
an mhéid dá crudh chaitheas
a maitheas is móide. Díoth
- Caillin ceann na n-ardnaomh,
éarlumh rob fhearr aisde,
3650] lucht crábhaidh chruaidh charas,
sluaigh gabhas n-a ghaisde. Díoth
- Toirrdhealbhach triath Fódla,
fear caithmhe gach cisde,
mar Dhá Thí, mar Thuathal,
3655] rí Cruachan as clisde. Díoth.