Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 25
XXV
Niall Ó hUiginn .cc.
- Nír bháidh teine Teallaigh Eachach
as úr gleandál;
ard a lasar dhonn nach diombuan,
3325] trom a teannál.
- Teallach n-Eachach iomdha a chroinn chiuil
as chóir sheinntear;
an tuath fo heallach ní hairgthear
teallach teinteadh.
p.217
- 3330] Teine bhithbheo bhias ar fadódh
fríoth n-a ghleannaibh;
dá lasair dheirgthe mar dhonnfhuil
teinte an teallaigh
- Teine bheo bheannachtan Phádraig
3335] gan phláigh dh'fhaghbháil,
teine bheo na gcríoch do chongbháil
ar fhíoch n-anbháil.
- Loise tionóil Teallaigh Eachach
d'eagla a frasghan
3340] ní seachbhaidh d'fhóir caomhna a cleasradh;
laomhdha an lasradh.
- Crithre theinteadh dTeallaigh Eachach
mar ór n-asnach
fa chois ríogh Éireann go hUisneach
3345] léibheann lasrach.
- Gealbhainn a theinteadh gá dtogbháil
ór dtoigh thromshluagh;
iomdha ós Teallach Eachach airmghéar
deathach donnruadh.
- 3350] Nír fhaomh oireacht
re thaobh ag toigheacht go reannaibh
sluagh Eine an áigh;
teine nar bháidh teine an teallaigh.
- Fadódh ar gríosaigh is gnáth re
3355] gasraidh n-Uladh;
meinic do théigh teas a theineadh
cneas gach curadh.
- Teine bheo bhithbheo na Bréifne is
brodla sgríobhaim
3360] go flaith Mhuighe gormLuirg gránduinn
donnbhuird díoghuinn.
p.219
- Losgudh caigcríoch
crithre n-a gcaire cosg deighfhear,
lasar n-a laomh dhonn gan dubhadh,
3365] caor throm theineadh.
- Teine bhithbheo
nach báidh uisge agus í ag deargadh,
teine bheo ar a bhfuil úidh ughdhar,
tuir Dhúin Dealgan.
- 3370] Laoch Muighe Sléacht na súl mongach
mín re ceallaibh;
ní bhí d'fhior eile n-a hurraidh
teine an teallaigh.
- Teine bheo ar eineach 's ar eangnumh
3375] is ar uaisle
teagh ríogh ní reich
fear do dhíol fo dheich ar nduaisne.
- Tomás Mág Shamhradhán Shionna
nar shir doimhiadh
3380] mar do bhí Brian agus gach rí
riamh gá roiriar.
- Ar mbreith ar buaibh
ma gach gcreich nochon fhuair urchur;
laoch nach garbh nglóir,
3385] ar mharbh don toir ro bo turchur.
- Taoiseach bheanas orraim d'airdrígh
is é ar sódhfhás;
gach rí ar a dtug maidhm fa mhíonós
ó thairm Thómás.
- 3390] Ag cách cantair:
ní gnáth antair re hó n-Eachaidh;
dá threas tachair
do dhathaigh gach cneas dá chleathaibh.
p.221
- Maith ma dhuais n-iarchomhairc d'éigsibh
3395] ard an ghnaoisin;
maith ma dtug ó Duach do dhuasaibh
tuath an taoisigh
- Teallach nDúnchadha do dhíochuir
as a ndúthaigh;
3400] cródha an dream do-cháidh go Cruachain
ceann Fáil fúthaibh.
- Iomad lúireach ngeal is ghormat
re barr mBóchna,
rob iomdha ar an áth lann líomtha ar
3405] sgáth crann gcróchdha.
- Iomad bratach meic Bhriain Bhreaghaigh
nach bras mbaothghlóir;
iomdha go cladh reilge ríoghthóir
meirge maothshróill.
- 3410] Fear ríoghtha is aithríoghtha airdríogh
is é ar slóghfhás;
ní bhí buachail
do na Trí Tuathaibh acht Tómás.
- Mág Shamhradhán
3415] na reann as éachtairgneach Taoidhean;
dá arm go n-ór
ar mharbh ro bo mór re mhaoidheamh.
- Mac meic Dhonnchaidh deargas cathbharr
cúich nach molfa?
3420] i ndlús deabhtha
a sheachna ar dtús ro bo toghtha !
- Nír theich tachor
man gcreich ag crathudh gach caschroinn;
ar broinn bhearna
3425] do roinn gach gealgha dá ghlasloinn.
p.223
- Mac Briain Mhéig Shamhradhán Sheaghsa
sheachnas fhionghuil,
an té threabhas
ní hé bheanas ag a bhiodhbhaidh.
- 3430] A haithle an áir
ainm gach móna ó mharcach Umhaill;
móin an mhadhma
don tóir ru ba gharrdha gubhaing.
- Fál suaithnidh sleagh
3435] fuaighfidh an clár geal re ghoirmshliabh;
dá chosnumh ní thriallfadh tromshluagh
iarthar Oirghiall.
- Ó Inis Taidhg go Tráigh gClaoininnse
ag craoibh Oidhbhe;
3440] leis Loch Mac n-Éan re Gleann nGaibhle
agus Beann Bhoinre.
- Gach fear dar airg d'Fhearaibh Manach
móide as urra:
do chuir ó Cuinn ar íbh Colla an
3445] chuing mun gCumhnga.
- Cách re flaith Fáil;
fíorfaidhear fáisdine ar ndruaidhne;
biaidh gach fear as fhearr go nÉirne
re ceann Cuailghne.
- 3450] Críoch na Bréifne
biaidh aige 's ag cloinn a chloinne;
sgoth Chláir Chime
ag Loch Dhinne is cáir an choinne.
- Smacht anbháil ar airdríoghaibh Banbha
3455] ag baidhbh Luaraidh
gor chu
[...]
Brian ós na Brianaibh do bhuanaigh.
p.225
- D'Eochaidh Fheidhleach,
d'Eochaidh Mhuighmheadhón ro moladh
3460] ríoghraidh Inse Fáil na bhfileadh
dáibh fa dholadh.
- An treas Eochaidh a-tá im Thomás
na dtaobh seangbhog,
Eochaidh do fhuair clú i ngach comhrag,
3465] ní dú a dhearmod.
- Clann Ruairc mheic Thighearnáin Teamhrach
im thuir Máighe,
Mac Diarmuda Bearbha is Bhúille
is damhna áille;
3470] na trí Eochaidh Breagh is Bhóinne
fa fhear n-Áine.
- Re reacht roimhear,
re neart a chloidheamh 's a chraoiseach
bidh lom gach tír i bhfoil fásach
3475] thoir dá taoiseach.
- Deirge ná an fhuil aigheadh marcaigh
Mhuighe Feimhin;
gnúis ghairthe a ghnúis;
a fhaithche gan túis gan teinidh.
- 3480] Mac Maoile Meadha agus mac Briain
ós gach fhlaithfhréimh
rug buaidh ó mBriuin,
na sluaigh tug go ciuin dá chaithréim.
- Mág Samhradhán sidhe bhuadhaigh
3485] gach buaidh leanas;
tonn ghleo géirthe
a ceo trom do Bhréifne bheanas.
p.227
- Ar cosnumh chreach
cinnidh ar taoiseach gach tuaithe;
3490] cruaidh airm ro fhill
fa na buaibh ar ngairm Chinn Chruaiche.
- Re freasdal bhfear
re teasgadh a sleagh ag sróllfhás
téighthear do loinn chruaidh an chaoildias
3495] i dtuaigh Thómás.
- Tomás mhac Briain
baramhail do dhreagun Bhéirre,
Dolbh ar cionn chealg,
Fionn agus Bodhbh Dearg ar déine. Ní
- 3500] Inghean Éadaoine earrla bhláith
bhíos 'n-a dhualaibh,
a dreach mar rós ós gach ríoghain
nós do Nualaidh.
- Inghean Méig Uidhir, aigheadh dearg,
3505] dhíolas laoidhe,
buaidh rug as a hóige ar fhéile,
móide ar maoine. Ní
- Diall re hathair
ag inghin Domhnaill Dúin Mháighe,
3510] a mholudh is deaghdhual dúinne
gealghruadh Gráinne. Ní
- Caillin Fiodhnacha dar bhfurtocht
ar gach bhfaghail;
do fhóir sé ar gach ndoigh n-a dheaghaidh
3515] mhé ar goimh ngalair.
- Brian mhac Ruaidhrí Rátha Guaire
gríosaidh fháidhe;
airgfidh ar dteachtadh gach tíre
bhreacMhagh mBáine. Ní
p.229
- 3520] Toirdhealbhach mhac Aodha Uisnigh
áithcheodh sbleighe,
re gleo ngarg do ghabh Mhagh Midhe
's Mhagh n-ard n-Eine. Ní