Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])
section 22
XXII
Maol Pádraig Mac Naimhin fós.
- 2780] Ní beag an léansa ar Leath Cuinn
a dhíoth d'áiriumh ní fhéadfuinn;
léan ag fóbra chuir d'íbh Céin
do chuir an Fhódla i n-aimhréidh.
- Léan do loigh ar lacht a chruidh,
2785] léan nach leig cnuas tre chraobhuibh,
léan dá dtarrla cor do chách,
nach tarbha crodh ná conách.
- Léan ar bronnudh bhó agus each,
léan dar heasgradh an t-eineach,
2790] léan ba sgéal ar fianaibh Fáil,
léan ar chliaraibh dho chongbháil.
- Léan do fhás i gciomhsaibh críoch,
léan do leig fhás don eissíoth,
léan mór ar teacht an toraidh
2795] le gcleacht gach slógh síorfhoghail.
- Gabháil mheic Bhriain gá mbí sinn
cúis an leoinse as léan d'Éirinn;
gor gabhadh gríobh fhuinn Uladh
gan shíol Cuinn do chumhsgughadh.
p.183
- 2800] Gidh mór n-oilbhéim uair Eire
re ngabháil chinn Choirrshléibhe,
ioth Banbha ní béad ro bháidh
acht géag Gabhra do ghabháil.
- Tráigh gach lacha is lán tuile
2805] do ghabháil chinn Challmhuighe;
do thart ma n-uair ní fhaghar
acht lacht buair do bheagaghadh.
- Tomás Mág Shamhradhán Sháigh,
nírbh iongnadh Goill dá ghabháil;
2810] mór dhamhnas an bhreith do-bhir
a bheith i ngallghlas Ghaoidhil.
- Gabháil í Chraoidhe is crádh leam,
creach as mhó d'éigsibh Éireann;
creach gach cléire ad-chím i láimh
2815] tre ghríbh nGréine do ghabháil.
- A bhfuil ar cleith n-Úire d'airc
suaithnidh linn Dia gá dhíoghailt;
iomdha geall re géig n-Eanaigh
nach téid tar ceann cóigeadhaigh.
- 2820] Gan bhuain dh'fhaisgin is gan ar,
gan lá gréine ó ro gabhadh,
créad nar aisdrigh sgéimh man sgéal?
gan ghréin d'fhaisgin i n-a-éar.
- Gan luadh síodhcháine ag síol Chuinn,
2825] gan treabhadh gan tuar fearainn,
gan bhuing n-arbha gach achaidh
i mBanbha Chuinn Chéadchathaigh.
- Gan díon ag duine ar dheabhaidh
gan bhac cruidh re caibhdheanaibh,
2830] gan chlódh fionghaile nó fill,
ní sódh ionghaire d'Éirinn.
p.185
- Ag sin n-a ghiolldéachta dháibh !
a-tá ag Dia i ngioll re ghabháil;
ó chách ní thoill an torudh
2835] coill n-a bláth do bheannoghudh.
- Gabháil Méig Shamhradhán sheing
do líon d'urchradhaibh Éirinn,
bheith i láimh do bharr Bhealaigh
tall a ngráin do Ghaoidhealaibh.
- 2840] Tnúdh re maithius mhíleadh Fáil
is é an tnúdh thug a ghabháil,
is ar flaith Almhan i n-idh,
nach maith adhradh an einigh.
- Tug gabháil fhir an fhuilt truim
2845] an fhéile i n-éinidh iaruinn
gá bhfuil deighfhear Annla i n-idh;
nír gheimheal adhbha an einigh.
- Ó 'd-chiad i n-idh fhear nGaillmhe
do-ní gach cliar comhairle,
2850] tocht ar cuan mar nar lúdh linn
is cúl man-uar re hÉirinn.
- Do bhí ag éigsibh Inse Fáil
d'éis dreagoin Ghaoil do ghabháil
ag triall tar searbhsháile soir
2855] mian dearmháile ar na dámhoibh.
- Dámha Fódla láimh do láimh
do-niad chomhairle an chéadáir;
druim re braontaradh chláir Chuinn
rob áil d'aontaghadh aguinn.
- 2860] Gluaistear le fileadhaibh Fáil
imirche aidhbhseach anbháil,
gan rian coinnmhe sgeanma ar sgoil,
go ndearna an Coimdhe a gcabhoir.
p.187
- Gach neach uainn 's a cheann ma choim
2865] ag faisgin an chuain chugoinn,
do fhuair a moludh an mhoir
uainn re homhun an anfoidh.
- Mar dob áil linn tocht ar tuinn
táinig glaodh cudhnóidh chuguinn;
2870] snaidhm do tháth na dtuath ag teacht,
gairm chuach re cách a chloisdeacht.
- Éisdmid ann sin suairc an glór
neach gá rádha rinn iompódh;
binne an ghlóir do labhradh leis,
2875] ba cóir adhradh dá aithris.
- Tugsum beannacht ar a bhéal
ó do innis mar uirsgéal;
teacht a láimh do fhlaith Ghaoidheal
maith bhadh cháir a comhmaoidheamh.
- 2880] Buain a geimhle do ghéig Dhruing
tug sluaigheadh iompóidh aguinn;
teacht d'eighir Theamhra dá thoigh
meanma an einigh do ardoigh.
- Tug broghudh ar bláth mBanbha
2885] buain a ghlais d'fhior fhionnGhabhra;
sgaoileadh géibhinn do ghéig Cláir
do léig d'Éirinn a hanáil.
- Ciodh nach badh fháilteach Éire
re teacht chraoibhe Coirrshléibhe,
2890] lionn táith ó gColmáin do chách
do chongbháil cháich i gconách.
- Taoiseach Theallaigh úir Eachach
beodha coitcheann ceirtbhreathach
ní traothar lé neach gan neart
2895] breath agus é gá héisdeacht.
p.189
- Tomás Mág Shamhradhán sheing
gan ghiall dó is doirbh a aichill;
geall d'ú Chonnla ar cheann na gcríoch
comhla as fhearr risin eissíoth.
- 2900] Re mac meic Mhóire as mhion troigh
cia as coimhfhial do chloinn Ádhoimh?
ní hiomdha acht cleath fhial Eine
neach nar iarr a oirbheire.
- A ghille ghabhas do láimh
2905] nós einigh gach fhir d'admháil,
dá n-abra 'is fearr im ní neach
iná ceann Lí ' budh leithbhreath.
- Ní fhoil ar deighfhear nDala
locht einigh nó heangnamha;
2910] ni thug séad maith do mholadh
ar flaith nGréag a ghrádhoghadh.
- Cairde im ní 's gan ní n-a láimh
ní chuinngheann cuingidh Gabhráin;
ní cheis ar crodh cleath Gháille
2915] ar ndol i dteach tromdháimhe.
- Tomás Mhág Shamhradháin Sháidh
is iomdha cliar n-a chomhdháil,
teacht gan riar nocho dóigh dhí
gach cliar do-chóidh n-a choinne. Ní
- 2920] Ní beag an nós ar Nualaidh
an fhuilt chleachtaigh camdhualaigh;
ar mnaoi Chál nocho léir locht,
is lán do chéill 's do chunnlocht.
- Inghean Mhéig Uidhir fhuair bladh,
2925] gnaoi na mná is maith re moladh;
ní thadhaill géag úr Fhinne
tnúdh ná héad ná haininne. Ní.
p.191
- Sitriug mhac Briain bruinne slim,
geall gach fhir dó do dhlighfinn;
2930] neach nach ceis ar a gcaith dí,
cá maith as leis nach leinne? Ní
- A tigh nimhe as naomhdha clár
cuireadh Phádraig phuirt Ghabhráin
teachta chugam re ndol dí
2935] go dtugam chor don chruinne. Ní