Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 21

XXI

Maol Pádraig Mac Naimin cc.

    1. Beag nach lór a luaidhim dhe
      a dtiocfadh d'ulc dá éise;
      gidh cúich gá mbiadh breath an fhill
      a leath nó a trian ní thuirmhim.
    2. 2620] Do fhóir Dia Bhréifne mbraonaigh
      bhfairsing bhféaraigh bhfionnraonaigh,
      gach úir re h-iodhnaibh taraidh
      san iobhraidh úir éarlamhaigh.
    3. Latsa a mheic Bhriain an bhairr thais,
      2625] do fhóir Dia Bhréifne mbraonghlais;
      tú, a shlat Chuilt, ar do chagar
      bac an uilc nír fhóbradar.
    4. Gor fhoillsigh Dia bha-dhéine
      fios duid, a chinn Choirrshléibhe,
      2630] a fhlaith Gabhráin gan ghráin dtreas,
      rob áil t'aghbháil i n-uaingheas.
    5. Ní hamhlaidh sin tarrla an toisg,
      ba maith gon tí rod theagoisg;
      do-chuadhais ón lucht rod ling,
      2635] a bhfuarais d'ulc ní áirmhim.
    6. A mheic Bhriain nocho bréag damh
      ionLogha fhuarais rabhadh;
      ba gaoth man-uar t'fhear rabhaidh
      a sduagh Bhreagh ód bhiodhbhadhaibh.
    7. 2640] Nó is amhlaidh fhuarais a fhios,
      sluagh ar tí theachta id roilios,
      ó bhalbhthuinn ag béin re tír
      go réidh, a bharrthruim bhaismhín.

    8. p.173

    9. Nó no rob é t'fhear rabhaidh,
      2645] gé do-bhiream baramhail,
      fód glan mar bha gnáth re Lugh
      ba gar do chách god chogur.
    10. Bíd ort i n-am na troda
      buadha Logha Lámhfhoda;
      2650] tearc, a ghéag Cláir, nach cualaidh
      méad t'áigh ó na hiolbhuadhaibh.
    11. IonLogha thú, a dhreagoin Druing,
      i n-ágh nó 's ionChon Chulainn;
      cóir do sheachna, a bhadhbh Bhearnais,
      2655] deabhtha th'arm is inFhearghais.
    12. A mheic Bhriain na dtachor dte,
      Tomás gidh é th'ainm baisde,
      duid, a laoich Annla, is ainm Lugh,
      re gairm th'anma ní hantur.
    13. 2660] Lugh mhac Eithne an earla fhinn
      bráithreas nír fhaomh fa Éirinn;
      ba fraochdha rinn áigh an fhir
      do mhill a bháigh re bhráithribh.
    14. Fuath do Lugh fa iadh nUisnigh
      2665] —do b'aithreach don fheadhoinsin;
      ba lán gáidh gach tír ó dtreas,
      nír mhín a mbáigh ná a mbráithreas.
    15. Is casmhail thusa, a thuir Dhor,
      is Lugh re maicne a mháthor,
      2670] glór fáidheadh ag dul fan dreim
      gan Lugh d'áireamh fa Éirinn.
    16. Is í sin ainbhreath ro b'áil
      do bhreith ortsa, a fhir Ghabhráin,
      mad chuid don chionnsa Chláir Bhreagh
      2675] dar liomsa nírbh áil t'áireamh.

    17. p.175

    18. Biaidh áireamh as uaisle ort;
      ní dá bhfuil, a chleath Chianocht,
      gan ríomh ní fhágmaid dot ádh
      mar do sgríobh Pádraig peannbhán.
    19. 2680] A-déar dhuid, a fhir Eine,
      uirsgéal ar a fháisdine;
      tocht iomshlán ó do éad soin
      breág d'iomrádh nochor fhóboir.
    20. Ag finnChill Fhearta an fheoir bhuig
      2685] aon do láibh dar loigh Pádruig
      an amhra do fhóir inne
      tarrla ar a óidh aislinge.
    21. Tarfás dó bile buadha
      sa mhoighse, a fhir fhionnChluana,
      2690] méad an taroidh do thoill air,
      nír shamhail coill re chraobhaibh.
    22. Iongnadh re habhsdal fhear bhFáil
      do ghluais gach coill n-a chomhdháil;
      nochtaid ochta geala gleann
      2695] feadha ag tochta n-a thimcheall.
    23. Lucht cnuasaigh ar cnuas a chraobh
      do-chonnairc Pádraig peannchaomh;
      nír thearcthana a dhuille dhe,
      ealtadha ón chruinne chuige.
    24. 2700] Musglais Pádraig na bpeann n-óir
      nachar mhaoidh meadhar éagcóir,
      réim an chroinn gá labhra leis;
      poinn a amhra do innis.
    25. Do chan Phádraig phuirt Chime
      2705] ar n-innise a aislinge:
      'ros béar féin go beacht a breath
      fa réim cheart ' ar an cléireach.

    26. p.177

    27. 'Cuingidh ghéabhas an gortsa
      bríogh an chroinn do-chonnarcsa '
      2710] Dia nír chan chogur nar thuig,
      do chan re phobul Phádraig.
    28. 'Is iad coillte, a chrann soichleach,
      do iadh man gcrann craobhthoirtheach
      —is fa cheart is dóigh gach dream—
      2715] na slóigh ag teacht n-a thimcheall.
    29. 'Ionnmhus an cnuas do fhear as,
      éigis na healta iarrfas,
      tromdhámha gá n-aithne air
      orrlámha caithmhe an chnuasaigh.
    30. 2720] 'Barr rug orraim ó fheadhaibh
      barr an chroinn ghil ghéigleabhair;
      is í rachlann chaomh an chroinn
      gach craobh dá dhathbharr dhíoghoinn.'
    31. Crann buadha nar thearc toradh
      2725] t'athairse, a ghéag gormChoradh;
      a dhreagun Cé an chridhe ghloin,
      an bile rob'é th'athoir.
    32. Tusu craobh bhairr an bhile,
      a leomhan glan Gáirighe,
      2730] a fhlaith Callmhaighe as clú linn,
      is tú tarngaire an Táilginn.
    33. Is tú, a Mhéig Shamhradhán shaoir,
      leannán Bréifne an bhuird sgothchaoimh,
      a chraobh phuirt bhraonamlaigh Bhreagh
      2735] do shaorabhlaibh ghuirt Ghaoidheal.
    34. Tógbháil chridhe dod chliaraibh
      t'ádh, a chonchair chaoiliallaigh,
      saor ó fheirg uaibhrigh t'fhaghlaidh,
      a ghruaidhghil deirg dhonnabhraigh.

    35. p.179

    36. 2740] A rosg dá ndeach dod dhreich óig
      inghean úr éadaigh sgárlóid,
      a bhile Geirge, do-gheibh
      deirge agus gile id ghruaidhibh.
    37. Mailghe donna as dubh guaire,
      2745] agus rosg gorm géaguaine,
      folt mar umha n-a fhailghibh,
      ort ag dula ar donnmhailghibh.
    38. Fuarais ó Dhia—is deimhin sin—
      a Mhéig Shamhradháin shuirghigh,
      2750] buaidh ndealbha is n-einigh ar-aon,
      a dheigfhir Eamhna, d'aontaobh.
    39. Buaidh n-áigh ort, a fhir Chodhail,
      buaidh mbuga ar do bhrughodhaibh,
      cúis fhormaid re gach sluagh soin,
      2755] buadh gcomhraig ar bhar gcathoibh.
    40. Buaidh séad oirbh—ní cóir a cheilt—
      buaidh molta oirbh ban imeirt,
      déanumh ionnluis bhar sluaigh sin,
      buaidh n-ionnmhuis ar bhar n-éigsibh.
    41. 2760] A mheic Briain na mbriathar mbinn,
      leath t'einigh nochon áirmhim
      acht tabhairt shéad mbuadha id bhais,
      a ghéag Cluana, nír charais.
    42. A Thomáis Chruachna an chnis ghil,
      2765] a Mhéig Shamhradhán shuilbhir,
      lat gach giall dá ndleaghair dhe
      do dheabhaidh fa iadh n-Éile. Le leath Cuinn.d.o
    43. Mac Dé go ndearna, a Nualaidh
      an earrla choim craobhdhualaigh,
      2770] congnamh dan loinn treabh do tháth,
      let fhear led chloinn led chonách.

    44. p.181

    45. Anocht nach dearg do dhreich ngil,
      a inghean mhall Mhéig Uidhir,
      a shlat Bhreagh, ní dolta dhe,
      2775] ad geal n-ochta ad geal ngáire. Re
    46. Sgaoileadh Dia goirmidh do ghlais,
      a Shitriug mac Briain bharrchais,
      bidh maith díon ar ndomhain é
      ar fhoghail, a ghríobh Gháille. Le