Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 20

XX

Maol Pádraig Mac Naimhin, cc.

    1. Buaidh cagaidh ar cath mBréifne
      rath an tagaidh is tuairthe;
      fraochdha a nglór man bhfád féirthe
      slógh Bréifne a-tád far dtuaithne.
    2. 2580] Slógh ó mBriuin fir na foghla
      fa sdiuir fhir as mhór meanma;
      slighe dá uaill ní hiomdha
      biodhbha sluaigh thighe Teamhra.

    3. p.169

    4. Tomás mhac Briain badhbh Chodhail
      2585] do bhac i ngliaidh arm d'fhilidh;
      beith n a rígh dó n-a dheaghaidh,
      geabhaidh tír le cró a chinidh.
    5. Mág Shamhradháin geal ngruaidhe
      dar bhean armghabháil fháinne,
      2590] nír fhás fear uann gan fhéile
      acht réidhe sduagh geal Gháille.
    6. Taoiseach ar nach tréan biodhbha,
      gach craoiseach géar fa ghealgha,
      Bóinn Bhreagh ag bile Chnodhbha
      2595] comhla gheal tighe Teamhra.
    7. Fear le n-airgthear magh Midhe,
      gailltreabh ní ghabh n-a ghoire;
      ní fhoil fáth i mbrath bhaile
      má raibhe sgath ráth roimhe.
    8. 2600] Lámh as an treas nach toghtha,
      nocho slán cneas ó chathgha;
      mairg d'íbh Táil nar theich dheabhtha
      seachna ar cleith bhFáil dá bhfaghtha.
    9. Díol chóig gceathrar sa churaidh,
      2605] róid a eachradh ní fhalaigh,
      gach méar gheal do ghríbh Eanaigh
      geabhaidh díbh fhear n-a haghaidh.
    10. Tug im Bóinn cách fa chéile
      ar dtáth ó Róigh do-róine;
      2610] teilgthear tuath chraoibhe Cláire
      sgáile daoine im bruach mBóinne.
    11. Mág Shamhradhán shaoir shubhaigh
      do sgaoil armraghádh d'fhoghaibh;
      cion ar an bhfáidh ag feadhain
      2615] fa dheabhaidh d'fhior Chláir Chodhail.


p.171