Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 19

XIX

Ádhamh Ó Fialán cc

    1. 'Geabh do mhúnudh, a mheic bhaoith '
      seanfhocul glan glóir bhionnghaoith
      2350] sdiuraidh fear láimh re lochtaibh;
      cáir seadh is na seanfhoclaibh.
    2. Seanfhocul so suairc a lagh
      gidh créad an chúis bar canadh;
      dá dtí leann mar as dú dhó
      2355] nírbh fhearr a chlú ón chéadló.
    3. Ag so treas múinte as mhaith duid,
      a mheic bhaoith as bhorb gcomhraig,
      ná tréig maith ar olc gan ádh,
      ná caith go docht an domhnán.
    4. 2360] Ná bí luathaigeantach lonn
      re dáimh re ndingne chomonn;
      do ghrádh ód thriath ná till chor,
      ná ling fhál sgiach gan sgothodh.

    5. p.155

    6. Ná saltair ar an sleigh ngéir,
      2365] go bráth ná tabhair thaibhéim,
      tocht ba éigean reann go rod
      ná teann 's gan éideadh umod.
    7. Iomghaibh iomghuin na nathrach,
      seachain leomhan leadarthach,
      2370] re taobh na beithreach ná boing,
      ná meirchreach aon gan fhochainn.
    8. Comhrag losguinn lasrach mear
      ná sir—is sé do dhaingean—
      suail a sheadh i n-armaibh áigh,
      2375] marbhaidh fear uaidh dá anáil.
    9. Déana orum, adhair dhi,
      ná troid ris an tuinn mbáidhte;
      ní fhoghain duid arm re hucht,
      tuig, tuig, is garbh an guasucht.
    10. 2380] Tusa an mac baothsa, a bhéal dearg,
      a mheic Bhriain nach baoth Gaoidhealg,
      tre thocht, a fhir Ché, bham chrodh
      olc do dhligh mé do mhúnodh.
    11. Maith dlighim gé a-dubhart sin
      2385] do mhúnudhsa, a laoich Luimnigh;
      mé do theann, do chlú, a chleath Chláir,
      tú leath rob fhearr dom éadáil.
    12. Trí mairg déag do dháilis damh
      re taobh t'éadaigh is t'arradh
      2390] i n-iongnais bhó is eich is óir,
      mó ná an bhreith ionnmhais m'onóir.
    13. Ionbhaidh duid, a dhearc mhallsa,
      teacht ar ceann cruidh chugamsa;
      gnáth leam gan rian sguir bam sgoil
      2395] triall ar ceann cruidh dod chathroigh.

    14. p.157

    15. Duid rob urusa a aithne
      mo chrodhsa, a chleath ghormAichle;
      ba tearc bó ann acht t'eallach,
      a bharr cró, ar n-a gcoimhcheannach.
    16. 2400] Ní hór ní hionnmhus oile
      fhuarais, a fhir Challmhoighe,
      acht dán ag ceannach do chruidh;.
      ní nár an t-eallach amhluidh.
    17. Más aithiomlaoid as áil lat,
      2405] a bharr Cliach, mar ad-chonnac
      do-bhéar slán choidhche do chradh
      's toirche rem dhán do dhiultadh.
    18. Riot im thosd gé tú go se
      tríd an aithiomlaoid n-éigne,
      2410] gé taoise slán, a chleath Chuilt,
      is ágh dá ndeach gan díoghuilt.
    19. Ó chianaibh do chan mé sain
      mise an tonn bháidhte bhunaidh;
      dírghidh sé seoladh mo rann,
      2415] is mé an leomhan 's an losgann.
    20. Is mé an bheithir bhuaidhreas cath,
      mé an dreagon go neimh nathrach,
      mé an fál reamhur do ragháibh,
      dleaghor an t-ágh d'iomghabháil.
    21. 2420] Mé an deoch neimhe as núidhe briogh,
      —seachain ainmhian na n-airdríogh—
      ná cló dá hibhe—is ágh dhuibh—
      ar ghrádh bhó, a bhile Beannchuir.
    22. Is mé an gríos dearg, a dhaighfhir,
      2425] mé an fál sgiach nach sgothfaidhir;
      is baois rod laoi ar lár na sás
      mar a-taoi a-tám, a Thomás.

    23. p.159

    24. Gidh baois duid a ndearnais ruinn,
      a Thomáismheic Bhriain bhratduinn,
      2430] rem robhaois nocho ró cur;
      is mó an toghaois do thréagun.
    25. Toghaois mhór dhuid is damhsa
      ar ghrádh bhó, a bharr Ceanannsa,
      tréigin a chéile, a chraobh Mhis,
      2435] 's ar bhféile ar-aon gá haithris.
    26. Gen (gur) coimhfhial mé, a mheic Bhriain,
      red dhreich ndeirg dhonnas ghoirmchriaidh,
      maithfead mo bhú ar bhuaibh bhus fhearr;
      ní dú an dá chruaidh go coimhtheann.
    27. 2240] An grádh mór is mealladh damh
      tugas duid, a fhir Almhan;.
      dod dhreich amlaigh rob fhallsa
      gan bheith amhlaidh umamsa.
    28. 'Mat fhallsacht aiseag d'fhagháil
      2445] rod thréag mé, a Mhéig Amhradháin;
      suil tréiginn tú, a ghruadh mar ghlain,
      truagh nach gan bhú do bhámair.
    29. Créad acht beag agad uile
      mo chrodhsa, a chinn Mhaonmhuighe;
      2450] ní bhiu ag ruide red chéibh gcoim,
      tuige go léir a labhroim.
    30. Aonghuth rod ma cheann mo chruidh
      ní dubhart red dhreich n-amlaigh;
      is mór an grádh, a ghríobh Orc,
      2455] gan a rádh d'fhíor nó d'ábhocht.
    31. Ní hé an grádh ro anaic orm
      do ghnúis gcorcra, a chleath Mhughdhorn,
      gidh ionmhain t'fholt craobhnocht cam
      acht gan aonlocht ort agam.

    32. p.161

    33. 2460] Ba neamhfhallsa, a nathair Chuilt,
      mo ghrádh duid—díochra a iarmuirt—
      ger iomdha neach gá rádh ruinn
      gor mheath dom dhán a ndéanuinn.
    34. Dá chúis bar dhéachussa dhuid
      2465] gan t'aoradh trá is tú id charuid
      —d'fhios do fhreagra a-tám ag triall—
      do ghrádh is t'eagla ar éinrian.
    35. Cá hiath nach badh eagail leam
      t'oirbheart fada ar fhud Éireann?
      2470] gé taoi ar síoth re neart a-nois,
      is tearc críoch nachar chreachois.
    36. Do chreachais—ba calma an rath—
      chrích nDartraighe, a dhreach amlach;
      sluagh Dartraighe nír dhíon cruidh,
      2475] a ghríobh fhaltbhuidhe, ón arguin.
    37. Do airgis—anba an cathágh—
      maicne phortghlan Pheodachán;
      creach sin mar chíos, a chleath Mhis,
      do chreach sibh síos go Soilchis.
    38. 2480] Do chreachais—ba creach fhoinnimh—
      sluagh cródha clann Raghoilligh;
      do airg bhar gcreach clann Fhearghail,
      a bharr cleath, go claoinTeamhraigh.
    39. Do airgis tar Sionainn siar
      2485] lá eile, a airgnigh Gailian;
      red linn nír loigh rath gon lucht
      go hOil bhFinn tar chath Connocht.
    40. Do airgis dá aithle sain
      Thír n-Oilealla is Thír dTuathail,
      2490] is chrích gCairbre d'ágh oile
      go fairrge is chlár gCallroighe.

    41. p.163

    42. Bréifne féin ó bhun go barr
      do airgis, a fhir Chualann;
      a agra ort ní dú dháibh
      2495] is tú ar gach n-olc gá n-eadráin.
    43. Is tú creachaire i gcrích Thé,
      is tú as bhuachaill don Bhréifne;
      beana don lucht bhú go beacht,
      cá dulc is tú gad thoirreacht?
    44. 2500] Ní áireomh th'ágh seacha soin
      i n-íoc mo bhó, a bharr Beannchoir;
      díoghailt chruaidh grod do-ghéanom,
      buaidh do throd ní thuiréamhom.
    45. Gidh beag do áirmhius dot ágh
      2505] dearmad tug orm a iomrádh,
      a chúl fionn na bhfaichleath gcas,
      is aithreach liom ar labhras.
    46. Is uime do áirmhius ort
      an beagánsa dod bheodhocht
      2510] fad do shluaghaidh, a ghéag Gamh,
      is méad m'uamhain mut aoradh.
    47. Eagail leam a haird oile
      th'aoradhsa, a fhir Bhóroimhe,
      clú ar do ghairggníomh do líon libh
      2515] is síol airdríogh thú, a thaoisigh.
    48. Clann Bhriain umad druim ar druim,
      clann Mheadhbha is maicne Chonaill,
      do léim a-nall doiligh dháibh,
      clann Néill Oiligh, clann Cholmáin.
    49. 2520] Síol dá Eochadh fat fholt chas,
      clann Ruairc féin—cá fearr dúthchas?—
      's clann Mhurchadha nar thráigh teann,
      drumchladha áigh na hÉireann.

    50. p.165

    51. Dá mbeinn i Mumhain Mheic Con
      2525] ní léamhainn orra t'aoradh
      méad do ghaoil ar broinn ó mBriain
      re gach gcloinn saoir go seinChliaigh.
    52. Ni chuirfinn Connachta im cheann
      t'aoradh agam nach fuilngeann;
      2530] i Laighnibh ní léamhainn dul,
      saidhbhir fhéaghaim dot uamhun
    53. Conall is síol Eoghain fhéil
      mór a ngaol dod ghnúis mhínréidh;
      ní léig th'aoir ngrinn do ghabháil,
      2535] a Mhéig bhinn shaoir Shamhradháin.
    54. Aonrann dá gcuirinn fa chách.
      dot aoir, a fholt mar orshnáth,
      ro badh cian ó siobhal sinn
      ní bhiadh m'ionudh i n-Éirinn.
    55. 2540] Crois Chríosd tarainn leath ar leath;
      do chosg m'fheirge, a fholt fáinneach,
      fearg éadáigh a-dréacht damhsa,
      sléacht an chéadáir chugamsa.
    56. Sléacht chugum ó chionn go cois,
      2545] sir loghudh, a laoich Bhearnois,
      sléacht an malaigh ndrumchaoil nduibh,
      's an aghaidh subhchaoimh sochruidh.
    57. Sléacht an t-abhra craobhach corr,
      sin an béal corcra chugom,
      2550] tabhair phóig go díochra dhamh,
      dar móid fhíochdha budh athchar.
    58. Athchrom ar n-eissíoth uainn as
      —gom thréagon ó taoi deanas—
      fa ghnaoi nochon éadubh ás
      2555] gom thréagun ó taoi, a Thomás.

    59. p.167

    60. A Thomásmhac Briain Bhearbha
      Mhéig Shamhradhán shaoirfheardha,
      cuid d'fhalaidh ní dú dhamh dhe
      tabhair bhú gan chradh ceilge. Geabh
    61. 2560] A inghean Méig Uidhir fhéil,
      do mhúin Dia do dhreich minréidh;
      maoidh, a Nualaidh, re neach
      acht buanaigh t'aoibh is t'eineach.
    62. A bhean Méig Shamhradhán shaoir,
      2565] a inghean úrsa ag Éadaoin,
      a chraobh ghlan gan chlú ceilge,
      saor thú ar ghal mo Ghaoidheilge. Geabh
    63. A Lasair Fhíona, a fholt bog,
      trí datha áirmhid orod,
      2570] cách uile got ibhe dhe,
      gile agus duinne is deirge. Geabh
    64. A Athracht nar óbair gheis,
      rod mhúin Críosd ciodh fa gceilmis?
      do ghaol d'Ádhumh ní dú dhe
      2575] saor thú ón chrábhudh cheilge.
    65. Geabh.