- Láir do ghabhas do ghroigh Néill,
ar mo bhreith féin do bhí an ghroigh;
do thabhairt mo raghan damh
1730] cuirthear duine a-mach rem chois.- 'Ag sin i 's féach í go daith
an groigh maith do thiomsaigh Niall;
beir th'éanragha lára dhíbh
nach bia a-rís i gcaomhthach phian'.
- 1735] 'Ba maith againn dá chionn sin '
a-dubhartsa ris dá éis
'béarmaid lucht a haithne leinn
munbha deaghaithneach sinn féin.- 'Fear gá bhfuil aithne ar an ghroigh
1740] féachadh soin má tá ar an ghlionn,
ghéabhas beagán do luach bhraith
is an dán bhus mhaith dá chionn.'- A-dubhairt fear do ghuth bhiog:
'Ná cluintear mhé riot gá rádh,
1745] ná tabhair dhamhsa acht luach bróg
is do-ghéan do nós go bráth,
do-bhéar ragha lára dheit
ná cluintear leat sin fa chách
gen go ndíolta roimhe an duan
1750] ro b'fhearr leam duas iná dán.'- Gluaisis romhainn is láimh rinn
is do sdiuir sé sinn sa ngleann;
sínis láimh, gealaidh a shúil,
múinidh dúinn an láir do gheall.- 1755] Do mhúin an láir cheanndonn donn;
beag nach ráinig a mong lár,
do bhí an boirbeas i n-a fult,
do bhí n-a hucht feadh dá lámh,
nír lugha ná beann do shliabh
1760] sgeanma re fiadh gach ré dtráth,
míne hí red ghlaic dar leat
iná an t-each bha chuibhdhe ag cách.- Gabhmaid ann sin an láir dhonn
ar mbuighean gan chonn gan chéill,
1765] an fearúd do cuireadh linn
tarrla ar éanaithne linn féin.
- Gluaismid romhainn seachad siar,
ceartlámh dheas re Sliabh Dá Éan,
láimh chlé re Ráith nGráinne dhúnn
1770] is ar gcúl re Loch Dá Ghéar;
sanntach ann sin an láir dhonn
tresan Aonach fa gorm féar
go rángamar Abhann Mhór;
tearc slógh ag nach fuil a sgéal.- 1775] Mar do-chuaidh ar Abhainn Mhóir
tig buille dá tóin re lár,
sáithis a gob isan gcriaidh,
aithnid na fiaigh hí re bás;
sínidh a cos, ligidh sriadh,
1780] téid i néall ro ba néall gnáth;
sa challadh do-rinne ann soin
a-tá a-nois is biaidh go bráth.- Tiaghmaid ar támh ós a cionn,
ní fhacamar biodhg mar soin;
1785] 'Is mithid dúinn dul dar dtaigh '
ar na fir do bhí rem chois
'is a n-innistear fúinn thuaidh
is beag nach toisg náir ar dtoisg;
ós san taoibh thoir a-tá Niall,
1790] narbh fhearr leam dol siar ná soir ? '- Gluasaim romhum do thigh Néill
Mág Shamhradháin as réidh gnúis;
fearais fáilte rinn an flaith,
comhairle mhaith tarrla dhúinn,
1795] ó 'd-chualadar fios ar sgeoil,
nír hiadhadh beoil im ar gcúis,
'a Choimdhe, fa beag an bhrígh
insa ní i raibhe ar súil.- 'Ag soin an groigh céadna a-maigh
1800] féachaidh a-nois í go daith,
beiridh a-rís raghain libh;
madh beag sin ná hanaidh air '.
- Ag sin taom do thaomaibh Néill
Mág Shamhraghán ón réidh cliar
1805] cá Gaoidheal as uaisle fuil?
giolla n-a bhfuil fuil na mBrian;
nochon aicim thiar ná thoir
neach do-ghéanadh soin acht Niall
Mág Amhraghán as mhór teisd
1810] gur mionn liom a bheith mar
[...]
[...]
- Cluinmis i mbeol gach fhir 's mhná
cúich dara
[...]
ná dhó?
'Nocho char sibh níis mó a theisd
1815] do gheallsan nach tréigfeadh mhé,
nocho thréigiubh hé gach lá '. Láir do ghabhas- Inghean Í Chonchubhuir Chuilt,
ní thréigfiom a cuid don dáil;
Sadhbh inghean Chathail na gcliar
1820] do-bheir a mian dá gach dháimh;
i gcrích Bhréifne as iomdha sluagh
ní chluinim a luach do mhnáibh;
urusa a bhuain do ghéig Bhreagh
damadh fhearr leinn each nó láir.- 1825] O Deaghaidh ar gcara féin
maith do-fhidir mé nach mair;
do-chuaidh mar ar saoileadh sin
i n-aoibh nír chinn Gaoidheal air.- Cathal Óg dan iomdha géill
1830] tug a mbreath féin dá gach dháimh;
is leis airgthear an tír thuaidh
go mbearadh ar Inis Fháil,
mac Í Chonchubhuir na gcreach
giolla nach leig meath dá dháil
1835] agus do airg go hÁth Luain,
's do-bheir a chuairt ma chlainn Táil
do an fós i Muigh Dá Shainnt
do airg sé go Baile an Chláir.Láir