- 1575] Fearthain Aoine eineach Néill,
naoidhe a dheigheach ar gach nduain,
mar tá an Niallsa ós nós gach Néill
a iarsma féin fós fa bhuaidh.
- Moch fa buaine an fonn i bhfuil
1580] is gach tonn uaine n-a fhail;
tearc an grás ná an ghnaoi do-gheibh
nar cheil draoi re n-a fhás air.- Méaraidh a ghnaoi go lá an Luain,
a-tá a ghnaoi ós ghnaoi gach aoin,
1585] síoltar gan cheilg nósbhladh Néill,
do mhórsun chléir ar cheird gcaoin.- Mac Nualaidhe do-bhir bhú,
duanaire i n-a thigh a-tá,
giolla bog a Baoill na n-eo
1590] nach ob ghleo ná laoidh re lá.- Teallach n-Eachach gun mhín mhór,
deathach don tír dá gach thaobh;
saoirtheallach neamhthláith na Niall
ciabh maoithghleannach sreathbhláith saor.- 1595] Ar dteallaichne i dtreas gan tlás,
teas gacha gleannfhaithghe a ghríos,
teallach sain ós teinidh thuas;
geinidh chnuas i gcnaibh fa chíos.- Leaghaidh caor Dhanar an dún
1600] ón gharadh ní caor an chaor
sa teallach ó do thogh Niall
na sgor ndian searrach saor.- Ró brosnaghaidh arm go hágh,
ró osnadhaidh bhadhbh um buar,
1605] do chomhlas an teallach tréan,
néall corrghlas reannach do ruadh.- Aoibheall ós an teallach thuas
ní shaoileam a eallach d'fhás,
tioghadh ciabh ngleannach a ghríos,
1610] teallach bhíos um Niall ó Nás.
- Mág Shamhradhán do shir gnaoi
glanbhranán do thil gach tí;
a mhíonlabhra do mheall mhé,
fearr é n-a ríoghdhamhna an rí.- 1615] Séad sa chruinne ní char Niall,
glan a bhruinne 's glan a ghlór;
olc fa choin gé dheach dúnn
úr um boin 's um each 's um ór.- Ar bhflaithbhile is flaith gan locht
1620] ó mhaith 's ó aithrighe d'ulc;
ní chreach roiNiall neach gan neart,
tearc neach a choimhfhial i gcurp.- Flaith Breagh ar bhuga ós íbh Briuin
gan fhear braith chuga re cléir;
1625] ar shnoidhe dheaghrann dá dháimh
do tháil croidhe neamhghann Néill.- An dtairgfe tachar nó treas,
nó an n-airgfear gach achadh glas,
nó an dtraothfa goimh Néill a-nos
1630] go bhfoil bos gach géill n-a ghlas?- Nó an sguirfe a ghialla dá ngruaim,
nó an luighfe a mhiana sna mnáibh,
nó an fíor cách do neamhthoil Néill,
nó an gnáth dréim re fearchoin Fáil?- 1635] Nó an fíor Niall ag cagar chniocht,
nó ag bagar ghliadh um gach gort,
nó an bhfuil gá dhreich réidh n-a reacht
gan teacht fa bhreith Néill a-nocht ?- Glas a dhearc, gealchorcra a ghruadh,
1640] fearchonta a neart, cas a chiabh,
flaith Sionna as Ghaoidhealda glór
giolla mór naoidheanda Niall.
- Suairc a bhéal is binn a ghuth,
nír éar inn mar nar éar neach,
1645] géag bhosghlan as bhlasda deoch
ar eoch gasda ag cosnamh chreach.- Caomha a ghruadha ná gach gruadh,
's cuanna a thaobha ná gach taobh,
do chuir mé Niall tar gach Niall,
1650] Brian na mBrian é is Aodh na n-Aodh.- Ríoghthaoiseach as leabhar lámh,
míonchraoiseach as reamhar ruadh,
fear rachalma neamhchas Niall,
leanfas Triar Cathardha ar cuan.- 1655] A dtionnlaic slat chorcra Chua
re bo molta mac gach mná;
mórfhás do Niall Niall gan bhú,
Brian fa chlú is Tómás mar tá.- Calmach um nach faghar fuacht
1660] ó bhallbhruth go mblaghar bárc;
deargaidh chaoin seanMhuighe Sléacht,
sgeamhghaire chéacht re taoibh dtrácht.- Geall gach moighe gun mhoigh mhín,
geall gach groighe gá ghroigh úir,
1665] geall bó na Banbha gá bhuaibh
buaidh chró is arbha ar a úir.- Magh as fhírbhinne éan trom,
magh as mhínshlime féar fann,
magh as fhaide an aghradh fhionn
1670] lionn sa tsamhradh aige ann.- Locht a mhoighe ar nach foil fraoch
gan mhoir n-a ghoire do ghnáth;
ní fhuair fear aonlocht don iath
neamh a fhiach braonghort fa bhláth.
- 1675] Gach tarudh ar a mhuir mhóir,
do-ghabhar sa mhuigh a mhaoin,
is port ríogh magh mar mhagh Néill,
fíon is céir is cradh a chaoin.- Giolla an Mhoighe fíndeirg Finn
1680] i ngach dhoire ar díbheirg dtruim
tug doirrse Dia ris an droing
's sia fa choill an chloinnse Chuinn.- Fuair ar eachtra áireamh ríogh,
nír cáineadh ó Earca ag ól,
1685] athaidh teasda mar tá ar Niall
lá na ngliadh ní cneasda a chlódh.- N-a thír féin agá bhfuil sé
tar gach céim do chuir a ghnaoi;
fearr ar bhfógra Niall um ní
1690] ná rí fial is Fódla faoi.- A-tá a oireacht soin ar sódh
ar dtoigheacht a-noir le Niall,
feadhna ag tóraidheacht re thaobh,
móraireacht saor feardha fial.- 1695] Giolla míndearg chaitheas chrodh
gach díbhearg mhaitheas fa mhiodh;
giolla saor geimhealtrom geal
dá mbean mh'aor eineaclann d'fhior.- Giolla bláith eachamhail úr
1700] ag creachfhaghail cháich nír clódh;
fear conchar neamhchrannda Niall
tromchar a fhian, leathGhallda a lón.- Mág Shamhradháin cian ó chol
gallbhanfháidh tre Niall gan neamh;
1705] airm n-a gcléith ar comhlaibh tor,
sgéith mun gcrodh ar formnaibh fear. Fear
- Eineach Saidhbhe na súl ngorm
nír ghrádhaigh bean gá mbí a rí;
géis Bháinlinne do ghuidh ghnaoi,
1710] ni fhuil mhnaoi as chráibhdhighe i gclí.- Ó Bhrian Luighneach na lann ngéar
nír ghein coimhfhial chraoibhe Sainbh;
gearr linne gach lá fa cuirm
fa mhuirn a-tá sinne ag Saidhbh.- 1715] Inghean Í Chonchubhair Chliach
chreideas Dia rer dealbhadh neamh
'gar fhaoi Niall na ngeallámh nglan;
leannán na mban bhfial an fear. Fear- Fearaidh fuil ar faithche n-áigh
1720] re harm Donnchaidh as dearg béal
fian chniocht re tochur ag tnúdh;
úr fa niort fochun is féar. Fear- M'anum ar eineach a sgéith,
sgiath Míchéal bhu mhóide neamh;
1725] rug thar gach naomh céim ó chion;
ciodh um nach saor féin gach fear?Fear.