Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 13

XIII


[...]
Mac Taidhg Mac Raith cct

    1. 1415] Bean a-nois chabhras chrích Meadhbha,
      maith dá furtacht feidhm na mná;
      díon ó gCuinn cabhair ó Meadhbha
      ar chanaidh fhuinn Teamhra tá.
    2. Inghean Í Chonchubhair chabhras
      1420] cóigeadh Meadhbha—is maith dá tháth;
      an tsíon bhalbh ag brath na Sadhbha,
      Sadhbh dá rath go gcabhra chách.

    3. p.95

    4. Ní bean eile acht inghean Chathail
      chabhras dá feidhm fód a sean;
      1425] éad le cách im ghnaoi do-ghéabha,
      ar mnaoi Ráth ní bhéara bean.
    5. Ní bhia triath gan teacht dá biuidhin,
      ní bhia bean gan bheith n-a ráith,
      ní bhí teagh na mná gan mhuirear
      1430] gé tá an bhean ag cuireadh cháich.
    6. A-tá a nós—is ní dá diadhacht—
      ag díon bhan 's ag bádhudh locht;
      a-tá bladh is bríogh a guidhe
      ag díon na mban uile ar olc.
    7. 1435] Do-gheibh chlú, gi cúich nach faghaibh
      nach fearr bean 's a beith ós chách;
      fuair dhíon ar choiribh na colla,
      a ndíol d'oiribh troma a tráth.
    8. Nós a féile is fada ráinig
      1440] ríoghan mhaordha Mhaighe hAoi;
      fada soir ro feas a feabhas,
      im muir theas gheabhas re gnaoi.
    9. Clú na ríogh ní ragha dhise,
      dul dá teisd má tá ar gach rígh;
      1445] geall is gach mhodh ar maith Shaidhbhe
      re dol do sgaith Dairbhre dhíbh.
    10. Inghean Chathail Chríche Teamhrach
      do thuair chlú le gcosain gheall;
      beith ós gach fhlaith is lór dhise,
      1450] mór is maith gidh ise as fhearr.
    11. Béaraidh mhná is is meinic bheireas
      tar bladh cáich gidh cúich nach rug;
      rath don mhnaoi mar tá gá thuilliumh
      ar gnaoi gach mná is tuilleadh tug.

    12. p.97

    13. 1455] Inghean Í Chonchubhair chaitheas
      re clú an rath nach rángas dréim
      roinn dá crudh ar chradh nach raibhe
      do chur bhan a baile ó bhéim.
    14. Neach ar chlú nír cuireadh tairse
      1460] an teisd fuair dá bhfaghbhadh neach;
      geall ar ghnaoi gibé dhar beanadh
      le mnaoi gCé bearar a bhreath.
    15. Do-ní rún bha riarfa an Dúileamh,
      le ndingne a díon diadha an réim;
      1465] do-ní gach naomh ní ar a guidhe
      mar ro-ní craobh Ruighe a réir.
    16. Ní fhuil chléir gan chuid dá hionnmhas,
      ní fhuil dáimh nach déan a dtoil,
      ar bhfagháil raith do ghéig Gabhra
      1470] ní théid tar maith Sadhbha soin.
    17. Ar ghnúis gcorcra chraoibhe Bóinne
      do-bhéar theisd—gá teisd as fhéarr?
      'Éad ar mnáibh ma bhreith mar bheire
      tre bhreith gcáir do-gheibhe an geall.'
    18. 1475] Tugais ar nós ní ós do thosaigh,
      tugais druim re déanamh locht;
      ní fhionnfa bean dá mbí it aighidh
      ní ná meadh bhus ainimh ort.
    19. Taitneamh cumhdaigh do chiabh ndíoghainn
      1480] dath an fhuilt is amhlaidh bhíos;
      ní bhean t'fholt cam as a chloidhibh
      tocht dá bharr fad throighidh tíos.
    20. Tú go cian ó chiontaibh Éabha,
      amhghar sibh ar son bhar ngaoil;
      1485] ní bhiad dod chlí coire Eabha
      ní as ghoire ná a deala dhaoibh.

    21. p.99

    22. Maith do chlú ó chur red mhaitheas,
      maith dá díon gan déanamh n-uilc;
      muna díon caithmhighe an chroidhe
      1490] t'aithrighe ag díol choire an chuirp.
    23. Tusa ós mhnáibh le méad do theasda
      mar taoi ar chlú ós chionn gach shluaigh;
      ní hé do chradh ní hí th'anáir
      dá rabh ní gan fhagháil uaibh.
    24. 1495] Ar ndáil chruidh do chanaidh Mhuaidhe
      tar mná Connacht cuirthear í;
      ar ndáil ghreadh seang leis an Saidhbhsin
      bean as fhearr n-a haimsir hí.
    25. Do-ní maith ar mhuinntir nimhe,
      1500] do-ní re Dia díol a chréacht;
      a dula gan choire ó cheanaibh
      oire is lugha i ndeaghaidh déarc.
    26. Dá mbeath gan fhear Aoibheall Chunga
      do chath Bhréifne ó mbearntar sluaigh
      1505] ní fuighthe dhí a díol do chéile
      acht rí dar fhíor Éire d'fhuaim.
    27. Geall einigh gá haigneadh bhanda,
      buaidh ndealbha gá dreich mar bhláth,
      geall ag Saidhbh ar a son féine,
      1510] is dá naidhm dol dá céile ós chách.
    28. Dealbhaidh leomhan láimh re dreagan,
      dealbhaidh eocha i n-eangaibh sróill,
      géis Leamhna gá gcar i gcorrthair,
      ealbha dhamh re n-onchoin óir.
    29. 1515] Mórthair cliara le crodh Saidhbhe,
      seachnaidh cionta ón cheird do-ní;
      d'aithbhear chean gidh créad do-gheabhtha
      ní fhéad bean a seachna acht sí.

    30. p.101

    31. Lúdh go cill do cheannach loghaidh,
      1520] lúdh go dáimh—gá doirbhe céim?
      lúdh n-a coinne dá mbé ar bhochtaibh
      loinne lé rochtain dá réir.
    32. Suil bheanaid géaga a glac ndíoghainn
      re dlaoithibh fuilt fhleisge Liag
      1525] clanna boga n-a céibh chaistigh
      foda gan bhéin aistibh iad.
    33. Feacaidh thile i dtosach cairbhe,
      cuiridh each ag imdheacht raon,
      leanaidh a beirt bréig a cuma,
      1530] nír mhéid neirt acht truma a taobh.
    34. Glór gach aoin re hinghin gCathail
      do chath Bhanbha ó bhíd n-a purt:
      'Neach dan léir gach ainimh fholaigh
      ní airigh béim oraibh dh'ulc.'
    35. 1535] Teisd gach fhileadh ar th'fholt feactha
      fiu na teasda tiocfa dhíot;
      'gidh bladh fa-deara gidh déarca
      ceana ban do fhéadfa a n-íoc.'
    36. Téighe ar rath tar ríoghnaibh Connacht,
      1540] ar chlú dhíot ní dheachaidh sluagh;
      téid tar shlógh thar nar dhú dula,
      mór do chlú is ní lugha a luadh.
    37. A Shadhbh ní hionghar dot anmain
      ar fhóir tú dá dtéid a curp;
      1545] mná ó phéin tre pheacthaibh marbhtha
      beantair ag béin t'anma ó ulc.
    38. A inghean Ailbhe fhuinn Bhóinne,
      bean bhad theisd ní thiocfa id dhiaidh;
      dar lat is duid a-tá a tarbha
      1550] cuid gach mná do Bhanbha Bhriain.

    39. p.103

    40. Do-gheibh rath do réir gach dhuine
      Dia dá riar mar ráinig lé;
      tar a mbia i n-aghaidh a hanmun
      raghaidh le Dia i ndaghbhrugh nDé.
    41. 1555] Mór do rath ós ríoghraidh Bhanbha
      biaidh ar chlú ós chionn gach mná;
      an rath nar thuil do mhnaoi mhuile
      mar mhuir an laoi thuile a-tá.
    42. Gé rabh uirre uamhan ciontadh
      1560] cion n-a leath ní leigfe naomh;
      dá maitheadh Dia is dí ná maithfeadh
      ní fa ria aithbhear gach aon.
    43. Inghean mheic Dhomhnaill Dúin Tuathail
      ar thuar chlú do cheannaigh neamh;
      1565] dínidh hí d'anáir is d'fhéile
      nach bí ag fagháil bhéime an bhean. Bean
    44. Lór do chabhair Chóigidh Mheadhbha
      Mág Amhraghán—ríodha a ré;
      ceannchaid na slóigh síodh ar Néillne
      1570] nó gur díon d'fhóir Éirne é.
    45. Mág Shamhraghán shireas cheannas
      ar chath mBréifne dá mbalbh sreabh
      i ndáil reann do rath a fhaghla
      geall do chath Bhanbha do bhean.
    46. Bean