- Brian a-nois do-ním do Mhaghnus
maith gach ní do-ní go sé;
leagadh gach gliadh uile a éachta,
1220] Brian is uime as déanta dhé.- Brian ar eangnumh is ar eineach
onchú Bréifne an bhruinne sheing,
ní thabhair ól char dá chanann,
ní chan glór nach gabhann greim.- 1225] Móide as Bhrian é a fheabhas toirrgheas
Teallach n-Eachach na n-arm ndeas,
ní nochtann sé arm gan fhalaidh,
ní garbh é go dtabhair treas.- A-tá ag Maghnus Mhuighe Fabhair
1230] foghlaim eile fhuair ó Bhrian,
nír smuain 's an gábhudh n-a ghoire
áludh dá bhfuair roimhe riamh.- Sleagh ar gcamadh cloidheamh ainmheach
aige ón tachur tug go garbh;
1235] do fhiarfaigh flaith Gréag do ghaibhnibh
créad badh mhaith d'ainmhibh a arm.
- Téid an tann as treise a bhiodhbha
do bhuain chreach dhe dál ar leith;
ó 'd-chluin ar n-éag a fhear gcagaidh
1240] géag Bhreagh ní chagair a gcreich.- Feoil ionfhuinte uisge a brógaibh
bhíos gá mhuintir maith an chuid;
cadlaidh Maghnus ar cúl chreiche
ar barrdhos úr beithe bhuig.- 1245] Teach coille ag Maghnus mhac Donnchaidh,
duille buidhe bhíos n-a fhult,
leagar ar brat corcra clúmhchruinn,
bogcna shlat n-úrchuill n-a ucht.- Mág Shamhradháin do shín marcshluagh
1250] is maidhm reimhe n-a ruaig theinn;
faithche ag fódmhaidhm ba chleith Chodhail
ar ógbhaidhbh eich sholaimh sheing.- Ó oireacht ar éis an tachair
is teisd fhíre fhuair an fear
1255] 'lasair dhearg i néallaibh nimhe
béaraidh th'fhearg, a bhile Breagh.'- Glór cáich ad-chuala n-a éagmhais
ag iomráth fhir na n-arm ndearg;
'do fháisg tú san ngruaidh ngléighil
1260] an crú an uair do éirigh th'fhearg.'- Do-chualaidh mise 's mé ag comhráth
le ceard maith a mholudh cóir,
gen go gcoisg t'fhola, a ghéag Gáille,
rogha na séad t'fháinne óir.- 1265] N-a fharrudh ar fhud na sligheadh
ag seanmóir dó a-dubhairt mé:
'Tugais, a shlat Mhacha, a macra
mac flatha n-a dhalta Dhé '.
- Aithnidh daoibhse dála Maghnais
1270] meisde go mór míne a ghlóir,
ro badh é sin am na heagla
an dann do-bhir freagra fóill.- An bhurba ní bhí ar a theangaidh
ris an té dá dtabhair fuath;
1275] Gaoidhealg mhór gan bhrígh do-bhéara
i nglór mhín a-déara ó Duach.- Ní dearnadh riamh ó ré Logha
lúdh foda nach fuil n-a urd;
ní corrach sgoth Eanaigh uirre
1280] cloch shleamhain i mbuinne bhurb.- Do shnámh leabhur i ló anfaidh
re hucht gcuain do-cháidh do luing,
do thomhais fhionnmhuir gcais gcoptha
do bhais fhiodhraidh chorcra chruinn.- 1285] Maghnus nocho meinic admhas
airm bhiodhbhadh do bhéin re ucht;
ní feas go huair sguir na sgainnre
a bhfuair tuir Aidhne dá hulc.- Do Ghallaibh, a ghnúis í Eachach,
1290] re hucht dtuinne tugais ruaig;
do ling sa sál ngeal don Ghallchath
fear gan shnámh gan arthrach uaid.- Comhrádh chanad i ngach longphort
a lucht sbairnení sbleadh dáibh
1295] 'dá mbeath méad an Daghdha i nduine
ní tarbha, a ghéag Dhuibhe, a dháil '.- Rinn áigh ag a rádh go meinic
re mac nDonnchaidh deargas ghó;
do chupa dearg, a thuir Thlachtgha,
1300] ní fhuil cheard nach dalta dhó.
- Is deoradh uasal th'fhear caomhthaigh,
a chneas Maghnusa as mhín folt,
comhfhad do thaoibh d'altain iaruinn
i gcarcair chaoil iallduinn ort.- 1305] Cá fáischeall nach faghaibh tearmunn
ón taoisiuch nach tug a fheirg?
fearg naoimh go tréan nochor thogaibh
éan ar craoibh thobair nír theilg.- I gcoinne cheannaighe an fhíona
1310] anba an tionól téid ó Ruairc
is mór táinig as an tunna
ráinig ar slógh Cunga an chuairt.- Locht oircheas fhuarus don bhreagoid
bánaidh n-a dhún dath an tsróill;
1315] sdíom do chuirn dhubhdhuinn an dreagain
re hurlainn gcruinn n-eagair óir.- Súil nach déachadh an dán cheannghas
ó ua Chormaic corcras braich;
cuiridh tuir Dhuibhe n-ar ndeaghaidh
1320] duine gá gcluin mheabhair maith.- A sháith dána is docair d'agháil
d'fhior Theamhra gus tig gach bard;
ar dhuain ngirr do cheis ó Créidhe,
ru badh binn leis Éire Ard.- 1325] Gan chruit nó gan tiompán téidbhinn
ní théid n-a cholludh craobh Liag;
a dá ghormshúil mar bhláth mbugha
do mhongdhúin snáth umha iad.- Do thuagh ar dtocht tresin gclogas
1330] go crios sgeine do sgailt fear;
at iarainn dá nar théigh tairnge
do fhiarroinn béim baidhbhe Breagh.
- A mhuintear ní maith do leigheas
ar n-a lot ag lúbadh chrann,
1335] a lucht cneadh ag tocht i dtachroibh,
fear gonta gá athghuin ann.- A aigheadh í Eachach Feidhligh
gus nach faghar fear a choisg,
1340] an tann as ghábhudh dod ghruaidhibh
sádhul barr ruainnigh do roisg.- Is fíor dhamh a ndubhairt mise
re mac Móire as mhaith im buaibh:
'Méaraidh do mhaith re méad chaithe,
a fhlaith Gréag, go laithe an Luain '.- 1345] A-deir cách ó 'd-chiad do dhíoghrais
ag drud i n-aighidh arm nocht:
'Beith agud thubha, a fhir Abhaigh,
do-bhir dhula ar t-aghaidh ort.- Do chleath lobhur, a lámh Maghnuis,
1350] meinic do-ní neimh as mhó;
críonaidh sa choill crann do cheise
barr an chroinn as deise dhó.- Croinn reamhra rachas n-a n-armaibh
don uinnsionn as fhaide i gcoill;
1355] nocho ceisde ar ceis í Chraoidhe
gidh meisde leis caoile a chroinn.- Smacht airdríogh ar fhud na Bréifne
bhíos aige 's gurub eadh raibh;
aincidh cleath Eine n-a iongnuis
1360] neach 's a eire ionnmhuis air- Ní lamhair labhra n-a aighidh,
an t-oireacht toir tug go mín,
mar do ghuidh máthair í Mheadhbha
do tháthaigh tuir Theamhra an tír.
- 1365] Bídh fan bhantrocht bhíos gá iomrádh
éad mór gon mhnaoi dá nach tairg,
do dhíobhraig bean mhaith a mhalaigh
im fhlaith Breagh i n-aghaidh n-aird.- Liaigh duine i ndeaghaidh a uthrais
1370] aithnidh dó a ndéanann gach guin;
ar mbeith chneadh ar ó Ruairc reimhe
cuairt ba fhear cneidhe do chuir.- A-tá aige is aigneadh conchar
cleas nach fríoth ag fior don fhéin,
1375] ó Duach ar ndol dá hiarraidh
fuath a chon bha fiadhain féin.- Suan corrach i gcuasaibh talmhan
tug ar ceithirn gcagaidh ghairg;
leabaidh mhaith do bhean ar biodhbhaidh
1380] is flaith Breagh i n-iomdhaidh aird.- Ni fhéadam iomarbháigh longphuirt
'leig dó ' mar a-deir im rann
'gan dul dó do mhaith tar Maghnus
gach flaith as mhó fhaghlus ann.'- 1385] Maghnus Mág Shamhradhán Shionna>
do shir chíos, do chuinghidh ghiall;
leis gach dream ar sgáth ar sgéithne,
nír fhearr táth na Bréifne ag Brian. Brian- Tadhg Mág Aonghusa an airm neimhe
1390] neart biodhbhadh ní bhia ar a thír;
fa gcaith Tadhg rinne do fhriochnamh
is linne an garg miodhchar mín,
a chrodh nocho buan re buga,
gach sgol uadh is chuga ad-chím.- 1395] Donnchadh Mac Donnchaidh déad solus
slighe a fhaghla go hÁth Rois;
re seabhac Tlachtgha as ghlan gruaidhniamh
canta dhamh nuaidhBhrian a-nois. Brian
- Tomás mhac Briain gá mbí mise,
1400] mac meic Dhonnchaidh deargas crann,
sirfidh sé dá thigh gach tírghiall,
is é sin as fhírBhrian ann. Brian- Inghean meic Mhuireadhaigh Máighe
min nGaoidhilge gan ghuth ndian;
1405] ní fhaghaimne ar Árlaith oilbhéim,
lánmhaith í i gcoimhréir na gcliar,
uathudh bean aga mbí a huga,
do lean sí buga na mBrian.Brian