- 1055] Rogha na dtuath Teallach n-Eachach
oirrdheirc a theisd go Teach nDuinn;
is é an deaghfhonn sona síthe
rogha fearann gcríche Cuinn.- Innte a-tá an tiobra as dtig Sionann
1060] sruth as uaisle i n-Inis Fháil;
dá donnphurt finnshreabh na bhféarchrann
inbhear longphort dtréanchlann dTáil.- Teallach n-Eachach is é a chomharc
Ceann Cruaiche, cairthe na n-éacht,
1065] cloch gar iarr gach duine deaghuair
ar fiadh Muighe sreabhuair Sléacht.- Síoth Éadaoine is innte tarla
Tulach Cosgair na gcon ngarg,
fál noichtchleath bhfraoichreann bha fianbhruach
1070] gaoithBheann Choilceach fhiadhluath ard.- Don chath gar thoit Conall Cearnach
cosgar Oilealla an uair rug
a ghoin fa baoithréim don bheithir;
ag soin aoinchéim teichidh tug.- 1075] N-a urdail féin d'fhearann Éireann
is é magh magh as mhó nós
is é gleann sona as fhearr ógbha,
rogha gleann na Fódla fós.
- Airgidh gach oireacht fa thimcheall
1080] Teallach n-Eachach fhuilngeas doirr;
tre Mhagh bhFáil teagar dá thogha
leagar dháibh rogha agus roinn.- Is fiu rígh nó rogha thaoisigh
gach taoiseach acais í ar mbreath;
1085] rún a chridhe an fhéile d'fhoghlaim
fine as réidhe ag comhrainn chreach.- Fiu taoiseach i ngach thuaith eile
gach óglách oiltear n-a tír;
gin gurbh eadh fós is fear saidhbhir
1090] ar nós gach fear daidhbhir dhíbh.- Brian Breaghach fa breaghdha longphort
budh lór d'aoinfhear dh'inghin Duilbh;
ní fhuair tóir dá dtargaidh comha
ag argain shlóigh bhrogha Buidhbh.- 1095] Do bhí sáith gach airdríogh d'oighre
aige do mhacmóide a ghnaoi;
mac is buaidh ngliadh ar a ghormgháibh
fuair Brian do chongbháil a chraoi.- Tomás mhac Briain na mbreath ndíreach
1100] dreagan Gabhraidh gan ghrádh séad
ní shaoileadh gan arm dá oighidh
dá maoidheadh badhbh Oiligh dh'éag.- Teist a biodhbhadh ar bhaidhbh gCruachan
creidim féin guru fíor dháibh
1105] gé fhuair bás ón éag n-a éanar
nír fhás céad re ngéabhadh ghráin.- Nír chruthaigh Críosd do chloinn Ádhaimh
éanduine ar nar innill sás;
ní hé cleath Annla n-a aonur
1110] neach tarla i mbaoghul gan bhás.
- An foghlaidh ro ghon ghéig bhFánad
fir Bhréifne is beag nachar mharbh;
dursan nar thoit it éag dh'aonghuin
do loit céad d'fhaobhraibh gan arm.- 1115] An t-eineach, a oide múinte,
do mharbh cumha chraoibhe Gréag;
biaidh go bráth ar ndula an deighfhir
ar chách cumha an einigh d'éag.- Tugadh cuireadh go cath mBréifne
1120] dá bhreith suas tar sluagh na bpian
breith í Eirce is-teach ó tugadh,
breath as cheirte rugadh riamh.- Dul lé is gan anadh n-a héagmhais,
a aos dána, a-deirim ribh,
1125] an éigse i gcomhair a caithmhe
conair téidse a haithle an fhir.- Nós saoghalta, sásadh neamhdha,
do-ní an t-eineach d'onchoin Liag;
duasa rann Tómás ar talmhain
1130] sólás thall dá anmain iad.- D'fhíon chorcra, do cheolaibh binne,
tre bhaidhbh dTeamhrach tugadh fuath;
mó gráin im gháire ná im ghola
gá mhnáibh táidhe ar ndola í Dhuach.- 1135] Rob ó Duach Galaigh géag Raighleann
rob ó Ruairc nach roichim d'fhios;
cuibhreann dom ré rug ó DuachRuairc
mar thug mé luathchuairt fa lios.- Ós chionn gach bhaile sa Bhréifne
1140] do bhaidhbh Chliach budh chumtha leacht;
nír fhuráil leam an tann torchair
ceall fa gach mball d'onchoin Fheart.
- An onóirse ar n-éag na flatha
fada bhias gan a buain dé;
1145] a-tá an lá do-chuaidh ó Craoidhe
uaim mar lá saoire go sé.- Mairidh fós fuigheall dá bheodhacht
ag baidhbh Dhean do dhiongbhadh chéad;
ní lamh daol re gráin a ghaisgidh
1150] taobh í Tháil d'aicsin ar n-éag.- Do-niad altóir d'áit gach leabtha
ar loigh ó Cais na gcolg mbreacht;
fa gach teampall an tann teagar
teanchar ann leagar dá leacht.- 1155] I ngach crích dar thaisdil Tomás
talamh naomh do-ní don chriaidh,
acht sleachta bróg gríbhe Gabhra
gan fhód fíre i mBanbha Bhriain.- Más fhíor nochon aghann peacthach
1160] pian mhór a-muigh agus tall;
dul a clí ar ndula d'ó Dháire
is í cumha as áille ann.- Cíos agus cáin cheinéal mBréanainn
do bhíodh chuige gach re gcuairt;
1165] leomhan Breagh do thruaill na tíre
suaill nar bhean ríghe d'íbh Ruairc.- Fear ríoghtha is aithríoghtha airdríogh
ua Samhradháin slios mar thuinn
mór créachta feirge na flatha
1170] meirge séanta catha Cuinn.- Cé dearaid cách éag re hadhart
d'onchoin Raighleann rug gach buaidh,
ní fhuair sinn cás mar ó gCréidhe,
bás do rinn na féile fuair.
- 1175] Ollamhain agus aos dána
fa dhreagan gCruachna an chnis ghil
do bhí ag triall a curp d'ú Chathail
lucht gliadh nó tachair n-a thigh;
mar tá géag Eine n-a aonur
1180] créad eile an saoghul acht sin?- Téid mar do-chuaidh is na craobhaibh
cumha í Bhloid i mbarraibh dias,
go lá an bhráith gan tubha im Thómás
cumha cháich ar brónfhás bhias.- 1185] Mág Shamhradháin mhac Briain Bhreaghaigh
an Bhréifne ó bhás bun ós chionn;
ní fhuair sgol ag teachta thríthe
acht leabtha brogh bhfithe bhfionn.- Budh oilithrigh ar éis Thomáis
1190] a theaghlach ag triall don Róimh;
dá dhíoth rugadh crodh gach croise
tugadh cor coise don chóir.- Faolchoin ar faithcheadhaibh teampal,
tuile feoir ag falach ród,
1195] ar aighthibh sealbh do ás ainneamh,
feadhbh ó bhás gach ainnear óg. Rogha.- Rogha na n-Aodh Aodh Ó Domhnaill
ag díoth chniocht fa cródha a lámh;
ó ghleo arm ní dheachaidh Danar,
1200] nír sheachain badhbh Aghar ágh .R.- Aonghus mhac Aonghuis Ua Domhnaill
do dhlighfinn éag ar n-éag dó;
mo lá brátha a bheith fan aonúir
go gcleith Rátha craobhúir Chró. Rogha.- 1205] Tomultach na dtachar meinic
Mac Diarmuda dorrdha an mac;
do fháisg as a bhun fras fola
a bhas ag cur fhogha i n-at. Rogha
- Rogha ar litreach leathainm Muire
1210] máthair Chríosd fan chuing as mhó;
leath a hanma ó ghairm na glóire
tarla dh'ainm na hóighe ar ó. Rogha- Ní bean rug ragha na dtoircheas,
ní toircheas fir flaith na ród;
1215] ar ghein uaibhse ar chum gach cláirneamh
uaisle ó bhunn bháingheal a bhróg.Rogha.