Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of Magauran (Author: [unknown])

section 9

IX

Maol Pádraig Mac Naimhin .cc.

    1. Folt Eimhire ar inghin mBriain
      gá dheighfhighe d'inghin úir,
      905] a barr mar fhionnfhalaigh n-óir
      ionnamhail cóir clann a chúil.
    2. Ag diall re hEimhir don fholt
      gach deighidh fhiar ós a hucht,
      slighe shliomchorach cam cheart
      910] barr cleacht bhfionnchlodach n-a fult.
    3. Oighreacht Eimhire an fhuilt chlaoin
      ar dheighfhighe an fhuilt ro fhuair;
      ní don oighreacht do chas chéibh,
      do ghlas néimh ngoirmdhearc ós ghruaidh.
    4. 915] Niamh a hearrla mar ór cuirn
      lór ndealbha ar ar dhiall an feidhm;
      slat Lí n-a ngeibheadh a gairm
      Eimhear as ainm dí ar a deilbh.
    5. SaorGhormlaidh mar Eimhir n-úir
      920] d'aonghobhlaibh einigh a n-aoibh;
      do bhoing ar gormabhraibh gréin
      le céibh dtruim gcorramlaigh gclaoin.

    6. p.63

    7. Snuadh Eimhire nochon fhearr
      — gach deighfhile gá luadh liom;
      925] niamhchlodhach is buidhe an barr
      muine chlann bhfiarchorach bhfionn.
    8. Inghean Mhéig Shamhradháin shéimh,
      gan bhréig ná daghrabháidh dúinn
      n-a sróllchraobhaibh dá cuilt chaoimh
      930] re taoibh fhuilt órchaolaigh úir.
    9. Cleachtach bachallbhuidhe an barr
      sgathfhannmhuine searcach sliom;
      folt úr clainndleachtach bha ceann
      cúl na ngleann bhfainnleabthach bhfionn.
    10. 935] Folt buidhe mar fhalaigh n-óir
      n-a mhuine ós a malaigh gcaoil;
      n-a donnbhallaibh a dreach réidh
      leath re céibh gconghlannaigh gclaoin.
    11. Nuabharr buidhe tar bhrat ndonn
      940] ag tuighe ghualann glac shliom;
      duail bhoga bhuidhe sa bharr
      ag tuighe chlann bhfoda bhfionn.
    12. Is cróchdha lear cróchdha a cúil
      gen gor bhean re cófra an chróigh;
      945] niamh sgáile chladhaigh n-a céibh
      samhail re néimh fháinne óir.
    13. Drong fhuighlim dá hearrla thrum,
      a deaghbha cuinghim dá cionn;
      'Clúmh leabthach ag loighe id bharr
      950] ar doire chlann fheacthach fhionn '
    14. A bhaincheann bhanchloinne Briain
      re gcaithfeam glanchoinne ghlóir;
      soillse chlann id chróchbharr chúil
      bidh lóchrann dúinn i n-am óil.

    15. p.65

    16. 955] Suairc mar sgaoile an barr dod bhois
      —ar chlaoine na gclann ná ceis—
      n-a bhfachlannaibh dod chéibh chais
      man mbais réidh ndathbhallaigh ndeis.
    17. Folt Gormlaidhe na nglac saor
      960] tar bhrat n-a ollmhuine fhiar,
      clanna n-a leabthaibh go lár
      lámh re cleachtaibh cama ciabh.
    18. Gor mheala an ghéis taobhghlan trom
      a sbéis i gclaonradh a clann,
      965] earrla na gclaoinchleacht bhfiar bhfionn
      i n-a mionn chiabh gcraoibhcheart gcam.
    19. Gor mheala bhós an barr úr
      tre nós a chlann is a chraobh,
      an mhallabhrach fhinngheal fhial,
      970] inghean chiabh gclannamlach gclaon.
    20. Gor mheala feasda an folt trom
      ó dteasda gach locht dar liom,
      re clannchaolach na gciabh gcam
      diall gon bharr fhannchraobhach fhionn.
    21. 975] Gor mheala an ríoghan a rádh

      [...]
      cíoradh na gcraobh,
      gor mheala an mionn feacthach fiar
      ós chionn na gciabh gcleachtach gclaon.
    22. Don bharr chlaon as chaoimhe ós ucht
      980] cam gach craobh re claoine a chleacht;
      daghshnuadhach do-chiam a corp
      man fholt fhiar chamdhualach ceart.
    23. I bhfult Ghormlaidhe as ghorm súl
      dan mongbhuidhe gach corn caomh
      985] casaidh fannmhuine fionn fiar
      ós chionn chiabh gclannbhuidhe gclaon.

    24. p.67

    25. Earrla cam as chaoimhe ós ucht
      barr chraoibhe Leamhna gan locht;
      a folt, más fhíor, áille a cleacht;
      990] reacht cíor i bhfáinne dá folt. Folt
    26. Dealbh Dheirdhrinne ar Gormlaidh nGáil
      ar dheirbhfhinne, ar chornaibh cúil
      ar dhreich n-áluinn ngil mar ghréin
      ar chéibh dtigh go hárainn n-úir.
    27. 995] Ar ór d'fhaghail d'adhbhar bhaird
      ar mhalaigh as chamdhubh gcuilg,
      ar rosg ndearcmhall, ar dhreich ndeirg
      nach cleachtann fheirg re breith mbuirb.
    28. Ar dhéad ngeal, ar chlaoine i gceibh,
      1000] gan bhréig n-aoibhe re headh sgeoil;
      ciabh dhaghcruinn n-a cuaichleirg claoin
      ós phartuing caoil bhruaichdheirg bheoil.
    29. Ar fholt mar chaonna ma ceann
      is ar chorp mar chraobha tonn,
      1005] ar bharr craoibhchleachtach d'fholt fhionn,
      ar chorp sliom taoibhchearclach trom.
    30. Ní chruaidhse ma gcaith im ní;
      ar uaisle ar mhaith ós gach mhnaoi
      formad gach fhir re cleith gCé
      1010] ar dhreich go ngné ngil, ar ghnaoi.
    31. Inghean Méig Shamhradháin sheing
      dá daghraláimh do-éid inn;
      na cóig céadfadha fa chuing
      gun truim óig bhéaltana bhinn.
    32. 1015] Drong dom ghlór ar Ghormlaidh nGaoil;
      'A hór bar gcornaibh do-chuaidh,
      ceilidh do dhreach deirge an tsróill
      dóibh, a chleath Gheirge, ós do ghruaidh.'

    33. p.69

    34. Re déachain t'earrladh bhfiar bhfionn
      1020] neamhdhubh a niamh, niamh a gclann;
      an snáth chuire ar aghaidh eang
      mar shamhail ngleann mbuidhe id bharr.
    35. Inis uaimse d'inghin Bhriain,
      sa duainse don fhinnghil fhéil:
      1025] 'Cíoradh a cleacht gcam do chír
      ní shín a barr ceart id chéibh.'
    36. Inghean Mhéig Shamhradháin sheang
      a rannghabháil do léig liom:—
      'Gach leaba, a chraobh Bhréifne, id bharr
      1030] féithle clann gcaomh ós a cionn '.
    37. Cumthair lé dá gcor don chléir
      — agus ní hé a gcrodh ón chraoibh—
      eoin mhíne go n-earraibh óir
      ar eangaibh sróill ghríbhe Gaoil.
    38. 1035] Bean ar n-aisgeadh 's ar gcuach gcorr
      a haisdear ní luath dar liom,
      ní hanathlumh ag riar rann
      an mhall mhalachdhubh fhial fhionn.
    39. Earrla Gormlaidhe as gheal ucht
      1040] n-a chorrmhuine nach lean locht;
      suairc an clannmhuine cam ceart,
      is bar r cleacht bhfannbhuidhe an folt. Folt
    40. Dealbh Mhidhir ar a fior féin
      ar gach n-iodh d'idhibh a chúil;
      1045] ceirde Í fhíorDhuibhne do fhuair
      deirge i ngruaidh síorghuirme i súil.
    41. Maise ar Mhatha bha fhult fhionn
      fa lucht chatha mar do chrom;
      Ó Raighilligh gar do gháibh
      1050] raimhillidh Magh Fáil gá pholl. Folt.

    42. p.71

    43. Sitriug mhac Briain go mbarr gclaon
      ní fann is in ghliaidh a ghlór;
      go ró dar n-eagor, más fhíor;
      bidh díon dó Peadar is Pól.
    44. Folt