- Olc beatha na gcoisidheadh,
a Choimdhe, is mór a seachrán;
mór an mian don choimhideacht
790] do-niad gille na leathbhrág
ba a mbeath aca i n-oifisdeacht;
a Mhuire, is mór mo ghearán.- Ad-chonnairc mé aislinge
tiar ar bord Ghlinne Gaibhle;
795] iarrfaimid na haithinte
go bhfionnum an mba taidhbhse;
dar Dia is maith mo thairise
bam breith uaithibh i n-airde.- Rachaidh mé dar mbaileine
800] mar a bhfuil ceann ar mbáire;
béarthoir ann breath m'aislinge,
agus fearfaidhear m'fháilte
anfaidh mé fa athfháilte
go ceathra ceanna ráithe.
- 805] Inneosad go neamhfhallsa
m'aisling go críonna crithir;
an t-each beag fhuil agamsa
Mág Amhradhán dá himirt,
do-bhéara craobh Cheanannsa
810] each bhus dá fhearr dá fhilidh.- Each beag mall fhuil againne
ro badh earr linn each amhail
an uair bhim 'n bhar ndeaghaidhse
mar do measgtha mé ar lathaigh
815] ó chosaibh bhar n-eachraidhe,
cuirthear otrach fam aghaidh;
is é glór fhuil aguinne:
'Brian is an Coimdhe ar gcabhair '.- Déana riom go deighfhéaghthach,
820] a Bhriain Bhréifne, a rosg rochorr;
is oirrdhirc do cheinéaltacht
ó Eoghan is ó Chonoll;
cuir mhise ar an seirséanach,
's ná cuir seirséanach orom.- 825] A Bhriain bhuilidh bhionnghláraigh
a ríoghthaoisigh go réidhe
each uaid do na tiompánchaibh
ar sgéalaidheacht na féine;
córa ní ar a n-iomráidhmid
830] maith dá rádha riot féine.- Bímse dhuid im fhreaslaighe,
mo shaothar is riot caithfear;
mór imreas tú seachainne
d'eachaibh cuanna ar n-a gcaischleas;
835] fiarfaighidh fhuil againne:
'A Choimdhe, an maith an mainnear ? '.
- A Mhéig shochraidh Shamhradhán,
is mé do bhard 's do Bhricne;
cá fearr dhuidse Ó hAllmhurán
840] agod mholadh ná mhise?
duidse is ainm Ó hArgadán,
Ó hIarrataigh ort inne.- A fhlaith Bréifne biadhbhuige,
ort nocho dúintear doruis;
845] t'eineach mar laoch Liathmhuine,
th'eangnumh mar eangnumh Osguir;
dá n-innise tiachmaidne
go fada ar fud an domhain.- Iomdha cliar gach cineadhaigh
850] dod dhubrugh ríoghdha ramhór,
dar Dia nochon indearaidh
a gcuidigh ar n-a fasdódh;
is aoibhinn dot fhileadhaibh
a mbeath agud fa athól.Olc.