- A fhir táinig re tásg mBriain,
440] tugais mhise fa mhóirchiaigh;
mh'ucht ó sgeol an táisg is teinn
mo dheor do fháisg óm incheinn.- Aithne ar a thásg tug mise
agud re n-a innise,
445] fáth mo bhas dteinn is sé sin,
do sgeinn mé as got fhaisgin.- A fhir tug damh damhna déar
sgaoileas tásg Briain ní baidhbhsgéal,
freagair cách créad a oighidh,
450] ní gnáth éag gan fhiarfoighidh.- Mar do fhiarfoigh fheacht oile
Mac Liag tásg Briain Bhóruimhe,
cneadh neimhe niamh an fhuighill,
Brian eile is eadh fhiarfuighim.- 455] Don ghlór a-deire, a dhuine,
foirbthéachtaid na fásuighe;
biaidh finneisgir n-a feor bhug
don sgeol innisdir agud.
- An sgéal deimhnighe dhamhsa
460] olc a fhulang agamsa;
iomdha déar gon sgoil don sgeol,
ar an sgéal ní fhoil áithcheodh.- Adhbhur sgeanma na sgéala
tugais latlór d'aithmhéala;
465] rom ghabh meisge don mheadhur,
meisde dhamh a ndeimhneaghudh.- Is d'iongantaibh Innse Fáil
Brian mar innise d'agháil;
is truagh 's is doiligh a dhul
470] gan shluagh d'oighidh n-a fharrudh.- Muna fríoth gá chosnumh cath
créad tárraidh Teallach n-Eachach ?
Brian mhac Donnchaidh díon na gceall,
cá líon torchair n-a thimcheall ?- 475] Cáit an adhaighsin an uilc
i raibhe lucht an longphuirt?
an mórshlógh do-ním gach neach
do-chínn man slóghmhór soichleach.- Nír leigthe don mhuintir mhóir
480] dá dtabhradh uaisle is onóir
seabhac fionnMhuighe Fabhair
gan ionghuire éanadhaigh.- Ní léamhadh biodhbha buain ris
mar do bhádar dá mbeidis
485] cách dá gach leith do fhlaith Bhreagh;
nír bhreith nar mhaith a mhuintear.- Longphort í Eachach Uisnigh
líonmhar éacht an adhuighsin
rob amhdháigh an lios ar luigh
490] dh'fhaghbháil gan fhios i n-asguidh.
- Cách is eadh fa-deara dháibh
an t-olc fhuaradar dh'agháil
sa bhaile re hucht an uilc
ní raibhe lucht an longphuirt.- 495] Ní chadladh gan chéad n-a thigh
nó ní badh mhó do mhuintir
airgneach ruaigdheas Beann mBoirche
gor mheall uaigneas aonoidhche.- Ag biudh ná ag digh tar an dáil
500] nír chleacht dó uaingheas d'fhagháil;
ag sduaigh Dhuibhe re n-a dhul
nochon uair duine diultudh.- A dhílsiughudh ná a dheithbhir
nír chomhain re choimhighthibh;
505] nír dhílsigh dáil dámh ndeoradh
gach dál dáibh ro dhílseoghadh.- Brian, a dheoradha an domhain,
dainimh dá bhar ndeorodhaibh
seoladh sluaigh do theacht fo theagh;
510] tearc uaibh deoradh do dhlighfeadh.- Táinig doineann n-a dheaghaidh
do-chuaidh iasg a hinbhearaibh;
léir gach laoi ar an samhradh sin,
do bhaoi adhbhar gon aimsir.- 515] Fada gach lá geimhridh gear
dá mhuintir ó nach maireann;
is faide dhamhsa ná dhóibh
nírbh fhallsa aige m'onóir.- Anaoibhinn damh fo-dheachta
520] i n-éagmhais m'fhir aoinleabtha;
gairid liom lámh re hó Cuinn
's a lámh fam chionn n-a cearchuill.
- Ro badh gairid liomsa is leis
aonúir taram is tareis;
525] truagh, a Dhé, 's gan a dhul uaim
gan mo chur is é i n-aonuaigh.- Dursan gan mo losgudh lais
an oighidh fuair go bhfaghmais;
truagh nach rabha tall as-tigh
530] 's a chara ann n-a éigin.- An adhaighsin n-a fharradh
fa-ríor nocho rabhamar;
do loisg soin mhé thiar gom thigh
Brian thoir agus é i n-éigin.- 535] An t-olc fhuair re n-a agháil
ní thug air a iomghabháil;
do fhéadfadh Brian gan bhreith air,
do leith na diagh ní dheachaidh.- Usu leis, gér dhocra dhó
540] ná a dteicheadh 's nir theich rompo
a bhfuair do sbairn eile ann,
an teine is na hairm d'fhulang.- Nír marbhadh d'arm Ghaoidheal ngeal
go bás Briain is nir báidheadh,
545] nír loisg teine riamh roimhe
Brian eile badh easbhoighe.- Díol Briain nó oighidh nar fhearr
fuair a lán d'uaislibh Éireann;
fios gliadh na saoirríogh gar slógh
550] Brian ar aoindíol 's a n-urmhór.- Do marbhadh Chobhthach Caol Breagh
do loisgeadh i dtigh theineadh,
marbhadh Cobhthaigh ro bo creach
torchair re Labhradh Loingseach.
- 555] Eochaidh Oireamh uair n-a thaigh
ba shlogh Mhórmhaoil mheic Mhongaigh
[...]
a thruaill go tuinn
man losgadh fuair i bhFréamhuinn.- Conuire i mbruidhin Dá Bhearg
560] do thoit re hAingceal n-airmdhearg;
do briseadh geis bhruidhean mBreagh,
an bhruidhean leis do loisgeadh.- Airc bhruidhne ar mbrisiudh a geas
do fhuair Cormac Con-loingeas;
565] an bhruidhean nír bhán a dath
far cuireadh ár na n-Ultach.- Do ghabh Éilim gan fhalaidh
teach ar Fiacha Fionnalaidh;
dá adhbhar gon ghaoith fa ghul
570] marbhadh an laoich 's a losgudh.- Mac Earca an earrla leabhair
Muircheartach mhac Muireadhaigh
an teine más fhíor do fhuair
'n-a dhá dhíol eile i n-éanuair.- 575] Diarmaid mhac Cearbhaill na gcath
do thoit le hAodh nDubh ndíomsach;
do marbhadh tuir thighe Breagh
ar Muigh Line, 's do loisgeadh.- Brian mhac Móire mór an gníomh
580] do fhuair oighidh na n-airdríogh;
teine n-a gharrdha do ghabh,
eire anma na n-easbhadh.- Do laisg an lucht do loisg teach
air an t-eangnamh 's an t-eineach;
585] tuir Bhanbha mar do bhaoi is-tigh
damhna guil is chaoi a chluinsin.
- Is beag orainn n-a fharradh
na huilc eile fhuaramar;
gach easbhaidh dar bhean riamh rinn
590] go Brian nochan eadh áirmhim.- Acht muna fhuil ag Dia dhamh
éirghe n-a dhiaidh do dhéanamh
ní éir mé do eadar as,
leagadh mar é ní fhuaras.- 595] Tar gach tuisleadh tugadh damh
gus a-niugh do-nínn reabhradh;
díol Briain ósa lánolc leam
ábhocht n-a dhiaidh ní dhingneam.- Ní rach d'iarraidh neich a-nois
600] a Choimdhecréad ma rachmois?
seoid na sluaghsa gá dám dáibh
a slán uamsa dá n-éadáil.- Ní bheinn gan éadáil d'agháil
dá maireadh Mág Amhradháin;
605] ceannsa Dhé go bhfagha an fear,
cara mar é ní fhuigheabh.- Ar éis díola mo dhána
is orduighthe m'éadála
ionmhain cách do chanadh ruinn
610] ag sgaradh cá tráth tiocfuinn.- Nír éar duine re n-a dhul,
docraide a dhul don tsaoghul;
dámadh eadh ro badh buan Brian
an fear man-uar nírbh ainfhial.- 615] Teach Briain do bhris mo chroidhe,
teach mar theach mBriain Bhóraimhe,
teach n-ar ghairid samhlá sin
nach mairid ramhná is raifhir.A fhir.