- 4435] A Thaidhg, cuimhnigh an comann
gan cheilg, a chiabh fhochonndonn,
go breith dhamhsa ar do ghruaidh ngil
gach uair fat annsa as éidir.- Cuimhnigh a-rís, a rosg mall,
4440] an cairdeas is an comand,
a chraobh Éile na gcladh gcam
ar dtol dá chéile condbham.- Ná tréigidh mheisi, a chiabh chlaon,
a Thaidhg Bhuidhe, a bhas bharrchaol,
4445] mar bhudh neach aonuaire ionn,
a dhreach bhraonuaine bhoigfhionn.- Nír thréigeas, ní thréigeamh soin,
madh fada bhead um beathaidh
is ná féadtoir, a ghruaidh gheal,
4450] mo chédtoil uaibh as t'aigneadh.- Ní thréigfe meisi an chiabh chas
ná an troigheach seada solas,
ná an rosg glan, ná an mbrághoid mháin,
do ghabh re námhoid neamhbáidh.- 4455] Ní thréigiobh an thaobh mar ghréin
ná in déd sneachtoighe soiléir
ná in t-abhra réidh craobhnocht corr
ar nach léir aonlocht agom.
- An comann do cheanglois linn,
4460] a mheic Mháire, a ghlac géigshlim,
a ghrádh mh'anma ar gcúl ná cuir
ó tharrla dhúnn a dhénaimh.- Taisgthear dhamhsa, a fhleasg Luighne,
do chogar, do chomhuirle,
4465] go mbreith oroibh, a thaobh thais;
ná foghoibh aon am fhégmhais.- Taisgthear libh, don leith oile,
a rosg suaimhneach seabhcaidhe,
h'ionnmhoine mar as dual damh,
4470] a sduagh fhionnMhoighe hAghar.- Gach cairdeas dar cheanglas féin
riot, a Thaidhg, a thaobh soiléir,
cóir a choimhdhe dod chéibh chais,
béim oirne muna fhuarais.- 4475] An grés nuasa dhealbhaim dhoit
tuig uaim, a oighre Cormaic,
nach dleaghar gan a dhíol damh,
mar dhleaghar dhíom a dhénamh.- Ná roinnsi do-rinne mé
4480] tabhair uaim dh'oighre Máire
mar shéd suirghe dá dhreich nduinn
gan chleith do chuimhne an chomoind.- Ní dolta dhoidsi iná damh
tar a chéile, a chneas iodhan,
4485] a shlat hsaor an chúil chorcra
duinn ar-aon ní hionndolta.A Thaidhg