- Gabh mo chosaoid, a Chormuic,
2940] a ua na ríogh ro-orrdhruic,
a shlat amra do chlár Chéin,
a lámh tarrla gan toibhéim.- Dom chosaoid dá-ríribh ribh
táinicc meisi ar cuairt chugaibh,
2945] a bheangáin do chineadh Chuirc,
a leannáin fhileadh n-orrdhuirc.- Tugsad uaisle cláir Chonnla
cúl rinn in t-aois ealodhna;
a chaor bhuaidh ar chách a gcath
2950] in tráth nó in uair dá égnach.- Clann nDálaigh is daghfhuil Néill
do-chuadar uile dh'éinmhéin,
a ghéag nach bhfaghair folamh,
a n-aghaidh na healadhan.
2955]- A thriath laochraidhi Luighni,
doid as cóir ar ccobhairni,
a shlat théagair ón Mháidh mhoill
ní cóir gan fhéagain oroinn.- A shlat réidh ó Luimneach Luirc,
2960] a bhile do lár lubhghuirt,
a ré lán in taoibh thalloin,
ní dán daoibh do dhearphamoir.
- Cuimhneach uaisli chloinne Céin,
a lámh nach toilleann toibhéim;
2965] cuimhneach tú do mhuigh Mhodha,
ní fhoil red chlú comhrogha.- A dearmad nír mhéaduigh mé
an ingheansoin Maoil Mhuire;
éasga glan finntighe Floinn,
2970] gabh a himpidhi oroinn.Gabh mo chosaoid
Isam sgítheach aniu a nGleann Fhiadha a mBaoidhiollchaibh. Ag sin doid a Chormuic Í Eadhra ogus sgoth leis ód chaomh ód charoid Tuathal O hUigintt, & ní fheadar cia do-ríne an dán beagsa ro sgríobhus daoibhsi go fóill.