2775]- Dia do chongnamh le Cormuc,
fear nach clos do chogarlot,
gég do shlógh mhearrdha Mhumhan,
sógh meanma do mhédughadh.- Dóchoide deighrí nimhe
2780] do chungnamh ler gceinnphile
neamhthoil Dé nach dearnadh leis
sé gur dearbhudh 'n-a dhíoghrais.- Ó aois naoighean gus a-nois
dé thárroigh tréan a dhúthchois,
2785] grás Dé dá choimhghe ar cheanoibh,
sé don Choimdhe ag creideamhoin.- Mac mheic Oilill nar char crodh,
creideamh dhó dho Dhia athor
damhna a luaidh tar chaomhchloinn cCéin,
2790] na saorchroinn nar thuair toibhéim.- Ós do Dhia tárruigh treisi
codhnach an chláir Luighneise,
tréigion Dé dhó ní dlighthir,
an té as mhó as a muinighthir.
2795]- Tuigthe (dh'airghibh oighre) Chéin
go dtarrla Dia dá dheighréir;
rath Dé do dheaghbhronnadh dhó
's nír neamhphronnadh é uadha.
- An flaitheas fhuair Ó hEadhra
2800] do chách ní cúis dhoimheanma
a huchd chodhnoigh cláir nimhe
foghnaidh dháibh mar dheirbhfhine.- Gé a-tá ar breith dh'oighre Úna
cur as dá aos iomthnúdha,
2805] go mbeid soin is sé dh'éantoil
acht toil Dé ní dingéntoir.- Tig ann d'airrgheanoibh flatha
nach díoghoil a dheacracha
le féin gcrannruaidh cláir Luighne
2810] d'anbhuain cháigh dho chomairghe- Mar tá cuingidh chláir Shligigh
ionmholta as a fhoighidin
clú ar thoirbheartoibh do thoill sin
tar chloinn oirbheartoigh Éimhir.
2815]- Tuilltear leis a láibh feadhma
gen gur thréidhe tighearna
clú teagmhála fa chlár Cuinn
lámh eadrána gach anbhfaintt.- Gé bheith dóith gá dénamh dhe
2820] fa chuid don chríchsi Luighne
nírbh iongnudh dá chéibh gcladhoigh
fionnmhagh Céin fa a chomhadhoibh.- Mar dhírgheas claon na córa
an macsa mheic Onóra,
2825] do roimhéadoigh fiar na bhfeadh
coimhédoigh giall na nGaoidheal.
- Do laghdoigh sé na sreapha,
do mhéadoigh na maighreadha,
do-ní mionshrotha don mhuir
2830] rí Fionnlocha dá fhéaghoin.- Ní hiad a-mháin do mhédoigh,
tairthe an talmhan troimthrédoigh,
do-ní an flaith gá mbí ar mbunadh
gach ní maith do mhédughadh.
2835]- Cóir do Dhia gan chor 'n-a cheann
bha bheagán d'aoibhneas Éireand;
sduagh fhionnardghlan ó thigh Tháil
nír dhligh ionnarbadh dh'fhagháil.- Mac Úna nar eitigh fhear,
2840] dóchoide Dia dá dhídean
nar thúir sé fholoidh dh'fhadháil;
omhan gan é dh'ionggabháil.- As sé as aonghuth dhá fholt slim,
rath Dé nach cóir dho choigill;
2845] riar sgol dá aithle aigi
toil an chaithmhe as córuide.Dia do.