Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of O'Hara (Author: [unknown])
section 20
XIX
An Fear Céadna .cc.
- Ná bíodh athtuirsi ar fhuil Chéin
go brách ná braithtear iaidséin
na laochraidhe dhar chóir cion;
2690] maothchroidhe dhóibh ní dlighthior.
- Ná bíodh orrtha, aithnim díobh,
ró athtoirsi nó iomshníomh,
ar gcuimhne ar a ndeacroibh dáibh,
tre bheartoibh duilghe an domhnáin.
2695]
- Dámadh hé bhudh fhachoin dáibh
dúthchus a n-aithreadh d'fhágbháil,
laoich ghoimheamhla ar nar ghnáth béim,
nírbh fháth doimheanma dhóibhséin.
- Ní cás dóibh dol ó a ndúthaigh;
2700] dénoid dál in mhurrdhúchoin,
laoich as rodhocra a rinn áidh,
re linn anshocra dh'fhadháil.
- Murrdhúchoin an mhara gloin,
bí faoilidh fead an gheamhroidh;
2705] fraoch doininne a gcás ní chuir
go fás shoininde samhroidh.
- Mar mheasas cabhair chuga
re dteacht síne samhrada,
ar bheochroidhe 's ar mhéid mir
2710] téid a eolchoire aignitth
p.220
- Cuid oile dá airrghibh soin,
bí fós ar feadh an tsamhraidh
doimheanma do ghnáth dhá ghoin,
do sgáth ghoimheamhla an gheamhroidh.
2715]
- Do mhac Céin as samhoil soin,
én ceannsa in chroidhe shuilbhir,
críoch d'athardha fan seang sriobh,
um cheann atharrdha a aithriotth.
- Do fuilngeadh leislór do phéin
2720] ainbhreath chniochtGhall chláir riNéill
mun gcrích gcoirmthe do fhóir Art
a ndóith go bhfoighthe furtacht.
- Le Cormac do cuirthi a mbríogh
a bhfaghbhadh d'urchra is d'imshníomh,
2725] an faghlaidh far mhín an mhuir,
ag anmhoin le sín samhroidh.
- Do caitheadh re ciniodh Céin
an geimhreadh uathmhar aigmhéil;
'gearr uainn an téarma tuirsi
2730] ní huair dhéanmha doghuilsi.'
- Rug orra adhbhur meadhra,
tréigthe dóibh an doimheanma,
laoich nach doimheallta ag díon chruidh,
an tsíon tsoineannta hsamhruidh.
2735]
- Ag so a-rís a n-a riocht féin,
móide as ionghotha iaidséin,
bha bhile suaimhneach Sionna
fine uaibhreach Oiliolla.
p.222
- Dá bhríogh sin nar dhénta dháibh
2740] run a n-athtuirsi dh'admháil,
roshlóigh gan fhear a n-obtha,
ar feadh anhsóigh iasachda.
- Ní fhuair riamh Gaoidhiol ná Gall
córoide anbhuain d'fhulang
2745] fachoin roimheadhra um ráth Breadh
nach fáth doimheanma a dheireadh.
- Gá beag sin dá chor a gcéill?
meadhair Ghall um ghort ríNéill
téid dáibh ar neamhghlóir a-niodh;
2750] as seanmhóir dar cóir creidiomh.
- Do bhídis féin riamh roimhe,
fian Ghall um ghort Laoghaire,
críoch armruadh na sídheas sean,
ag dímheas glanshluadh Ghaoidheal.
2755]
- Na breatha do-bheirdis Goill
ar Ghaoidhiolaibh chláir Chriomhthoinn,
faolchoin ris a dteith gach tonn,
dá breith ar laochroidh Lonnantt.
- Cóir a fhala ar oighir Céin
2760] mar táid Goill na ngníomh n-aigmhéil,
méinni saoirfhear far cóir Colt,
ó fhóir Ghaoidhiol a nguasacht.
- Ceilt diomgha, taibhgheoir toile,
inghreim sreibhi siobhloighe,
2765] teagar gach tíre a mbearna,
dreagon sídhe seinEamhna.
p.224
- Ná braithtear maoith 'n-a meanmain,
inghean taoibhgheal Toirrdhealphoigh,
an ghég chruithgheal nar char locht;
2770] ní gar nach bhfoighthear furtocht.
- Cosg fuatha, fadógh goimhe,
díochor sriobh, súr iorghoile,
dídean cean téchtmhagh tTeamhra,
bean échtmhar nach infheadhma.
p.226