- Ceanglam re chéile, a Chormuic,
a bhaisghil réidh ro-ordhruic;
riamh, a ghruadh ghlainleaphur ghrinn,
buan gach daingneaghadh díthchill.
1925]- A ríoghfhlaith Thighe in Teampla,
ceanglam cunnradh neamhmeallta;
bíom ar-aon go hurrlamh air
ná haomh acht condramh cosmhail.- Re feadh ar mbeatha, a bhas tseang,
1930] ar cconnradh ní heacht aithghearr,
ceanglam ar-aon leath ar leath,
a dhreach shaor neamhghann náireach.- Nír mealludh tusa, a ghruaidh ghlan,
ag so dhoit do dhíol d'ollamh,
1935] deimhin liom nar mealladh mé,
sionn ar gceangal re chéile.- Budh leat díoghrais mo dhána
tar chách, a chruth seangmhálla;
a bhruinne seang, ní saoire
1940] leam h'uille agas th'iolmhaoine.- Ná bíodh, a leomhain Luighne,
rún cogair ná comhairle,
a-tá dod dheirc romhoill rinn,
ar ceilt oroind at indtintt.
1945]- Mar sin cheangloim mo chondradh
riot go daingean deaghurrlamh;
buan a chlú dod chéibh ttaissi
as tú féin ar bhfiaghnoisi.- Am dhiaigh bhudh anáir dh'ollamh
1950] an cunnradh do cheanglomar,
ag fine Chéin budh cuimhneach,
a bhile réidh ríoMhuimhneach.- D'éis gach thimchill dá ttug sind
idir Alboin is Éirind
1955] béin fad mhíonbhois as mithidh
ler ndíoghrais féin fillfithir.- A mheic Úna, a ucht solus,
gé bheith oirn 'n-a fholtonus
leat tol mo chroidhe, a Chormoic,
1960] a bhile glan gégorrdhruic.- Clár Luighne acht a loighead duit
caith is cosoin, a Chormuic
tuig nach cleathrámh ar chan mé
's ná han ar leathchlár Luighne.
1965]- Maicne Chéin toir agas tiar
moluim dhóibh 's ní dímhiadh
tú dho thuill mar dhleaghar duit
treabhadh fad chuing, a Chormuic.- Fuil ríoChuinn na mbronntadh mbog
1970] is fuil Mhodha náir Nuadhad
do teilgeadh fa thaobh th'aighthe,
a chraobh dheirggeal duphghairthe.
- Ní fríth dh'easbhoigh Í Eadhra
céim do thréidhibh tighearna
1975] feidhm nar dearbhudh leath ar leath
do dheilbh dh'eangnamh is d'eineach.- Meadh Chormaic a ttráth troda
mílidh do chloinn Chearmada,
nó mac mearghlan Modha Néid
1980] nó eangnamh Logha a leithéid.- Ó tá Luighne ar láimh Chormuic
fríth lé liaigh a hothorluit,
tarrla ar láimh a leadha a luibh,
cóir a cneadha do chabhuir.
1985]- Re mac Céin ceingeoloidh mé
chundradh gan chead a sgaoilte;
bíodh ar searc rer-oile and,
ar n-eachd ó chroidhe ceanglam.- Tréighe ríomhná a méin Mháire
1990] d'einioch agas d'fhíornáire
ar bladh 'n-a huchd do hanadh
le lucht ban do bhreathnaghadh.- Suas go hinghin Mhaoil Mhuire
dá n-áirmhinn go haonduine
1995] a clú a gcuimhne dho cuireadh
crú Suibhne nír sáruigheadh.- Do chin Máire ar mhodhaibh ban,
céim mall is beagán briathar
fuairsi modha do mhebhuir
2000] d'uaisle fhola is d'airrgheanuibh.
- A Eoin Baisde, beir mheisi
libh fa thásg an tigheissi;
badh réigh mh'fhala san tigh thall
ribh, a chara, dhá gceanglam.Ceanglam