- Táinig san chluiche ag Cormac,
1370] gég nach uaisle an iubhurshlat,
má tharrla beart ag dol de
a neart ag cor san chluiche.- Ní rugadh aonchluiche air
le hiomud a bheart mbaoghoil,
1375] críoch thiormaibhneach na ttrágh tte
fa chlár lionnmhaighreach Luighne.- Tairnig dhódíochra in toirbheart
le hiomad a uasoilbheart,
fear le bhfríoth fuighle filiodh,
1380] críoch Luighne do léirthiliodh.- Beart cluiche ní dheachaidh dhe
gur tiliodh dh'éis ar-oile,
clár bindealtach na mbrat ngeal
le himeartach mhac Míleadh.
1385]- Gnáth craobh ar díon a duille;
do hsaor imirt éanduine
síol ríghEadhra tar rún cáigh,
súdh na fíneamhna a fionnMháigh.- Ó aois leinibhlór do rath!
1390] do bhí ag déanamh beart mbaodhluch,
ceann an tslóigh nar mhuidh mionna,
gur fhóir ar fhuil Oiliolla.
- Ó hEadhra nar ob éinfhear,
ní raibhe acht aois óigfhéinniodh
1395] uaidh dhá dhaghathair ar ndul
ag sduaigh glanachoidh Gulban.- Suil do éirigh Ó hEadhra
fóbroid cáchcúis doimheanma!
slat do mhín muighe Mumhan
1400] a thír uile d'átucchadh.- Ó aois leinb gus an lá a-niodh
do éiridh d'aimhdheoin Gaoidhiol,
damh na ríghealbha ó ráth Cuirc,
fáth mímheanma do mhaluirt.
1405]- Tar mhíorún cháigh um Chormac
fríoth le folt na bhfochonnshlat
ós chionn shlóigh fhola hEadhra
a thogha mar thighearna.- Cách ar ndéanamh dóithe dhe,
1410] tulcha réidhe learg Luighne
a-táid dá n-aimhdheoin uile
fa thaibhgheoir fhóid Iughoine.- Ar an gcorsa cian ó shin
d'aimhdheoin gach aoin do éirigh,
1415] samhoil Chormoic d'iadh Earca
triath dob ordhroic n-aigionta.- Do bhí ag Cnuchafa cúis leoin;
is dé a-tá tús an uirsgeoil
a ndán do ghéirreandoibh Guill
1420] cládh do chéimeannoibh Cumhuill.
- D'aithle an chatha do chor air
Cumhall dá éis nír fhágoibh,
bláth na saorshlat ó Bhóinn Bhreadh,
acht aonmhac dar chóir creideamh.
1425]- Ní raibhe dísle ag duine
d'éis Chumhoill d'Fhionn Almhuine,
craobh raichéillidh ón Bhóinn bhinn,
flaithfhéinnidh do fhóir Éirind.- Fios a eachtra as aithnidh damh;
1430] rug Bodhmhonn dh'éis a athar
an leanbh lé idir bhonnoibh beann,
gur fholuidh é ós íseall.- A ndiamhroibh a n-ochtoibh all
dá chaomhna do bhí Bodhmhand
1435] ón ghlionn fholuidh go ar-oile
do fhoghoin d'Fhionn Almhoine.- D'eagla aitheantaas dál dearbh
beart allmhurdha fan óigleanbh
do chuir a bhuime Bodhmhann
1440] ler luigh uirre d'anbhforlann.- Le huamhan a daltáin dil
fead aonuaire dá haimsir
ní thug faill a mac Mhuirne,
slat nar chaill a comairghe.- 1445] Mar sin dí ó ghlionn do ghlionn
gá dhíothludh ar fhud Éirionn,
géag cubhra do-chuaidh ós fhiodh
nó go bhfuair umhla ar éigean.
- Éirgheas in flaithfhéinnidh Fionn
1450] dá éis so dh'aindeoin Éirionn,
dá bhfuair rímheirgi bheann mBreagh
geall díbheirge fa dheireadh.- Dob éigean dó teacht fa a thoil;
tug Goll a n-íoc a athor
1455] a bhreath féin dó fa dheireadh;
ag só in céim do cúitigheadh.- Gá dám ris acht ráinig Fionn
cuid a shean d'inis Éiriond;
críoch a oirbhearta as sé sin
1460] an té as oirrdhearca ag eolchaibh.- Do fágbhudh eighre ó nEadhra
'n-a ógmhacaomh oireaghdha
mar do fágbhadh a fáidh Fionn
ag clár fhádghlan na hÉirionn.
1465]- Do nós Find d'éis a athor
ní fríthgá mó mearachadh?
neach san tírse cloinne Céin
do-rinde dísle dhoiséin.- Do éiridh d'aindeoin gach fhir;
1470] ar ó nEadhra do imthigh
dála flatha na Féine,
brágha chatha Choirrshléibhe.- Do éiridh an donn daithgheal
le hiomud a ionnsaightheadh
1475] 's le méd oirbhirt Í Eadhra,
an ghéag oirrdheirc fhíneamhna.
- 'N-a chédarmoibh ar ndol dó
nír leig uaidh uiread aonbhó,
an chraobh tharoidh ó thoigh Tháil,
1480] gan bhoin 'n-a haghoidh d'fhagháil.- Goin san ghoin is creach san chreich
gur chuir an iomáin d'éinleith
nír bhean a ghníomh re gníomh tais!
do-níodh ag díon a dhúthchais.
1485]- Feadh Luighne na learg nuadhonn
mór do fuilngeadh d'éadtualong
Cormac ar cách suil do chinn,
bláth na ndonnshlat a Duibhlinn.- Do bhíodh thráfa tuar docra!
1490] gan fhleidh gan cheol codolta
acht sriobh caol a ngabhloibh gleann,
craobh do tharrngair an Táilgeann.- Do bhíoth gur éirigh d'fhoghoil
lámh aige as an aradhuin,
1495] 's lámh 'n-a armoibh uair oile
ag faghluidh Chuain Challroidhe.- Rí Luighne na gcuach gcorcra
do bhíoth faoi feadh codulta
folt donnghlúineach dan dual toil
1500] gormlúireach fhuar mar iomghaidh.- A cheannaghart gach n-oidhche
dob í an cheinnbheart chlochfhoirfe;
ar a cholbha dho chuireadh
an t-omhna nar hionnsoighiodh.
1505]- Do bhíoth idir bheannoibh sliabh
ó Challroidhe go Coirrshliabh,
súil re a dheirbhfhine dho dhíon,
ceinnbhile dh'úir na n-airdríocch.- Triath Luighne na dtoirbheart dtrom,
1510] mór fhuair Ó hEadhra dh'fhorlonn
fa chlár mín na magh sreaphghlas
gur ghabh tír is tighearnas.- Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,
fíon is ceolní cúis dobróin!
1515] ar faghoil, gérbh fhada dhó,
aga i n-aghoidh a andró.- Gnáth aigi a n-íoc a fhorloinn
'n-a chuirt fhionnbhláith iobhardhuinn,
gruadh nár do fógradh le Fionn,
1520] gáir ógbhadh is fuaim fithchioll.- Luach a easaonta dhó ag dol
gnáth 'n-a thigh bráighde biodhbhadh,
múr fonnbhán na bhfeadh gcubhra,
is tromdhámh fhear n-ealadhna.
1525]- Eighri Céin nar char cionta
fuair sé ar son a oirbhearta
aoibhmos fa mhian a mheanma
san chaoimhlios fhial oireaghdha.- Ní tugadh bhósní bréag sin
1530] a chuid d'aoibhneas fhóid Fhionntoin,
críoch na sriobh ngoirmealtach nglan,
acht d'fhior oirbheartach uasal.
- D'iath Banbha na mbord n-oirrdhearc
mór fhuair do bhrígh bhuanoirbheart
1535] fa chrích ngloin na mbraoinlios mbláth
a thoil d'aoibhneas is d'iomrádh.- Tar churadhoibh fhuinn Earca
tug iomad a oirbhearta,
ré iomlán ó thoigh an Trír,
1540] iomrádh ar Choin in Chleitín.- Ó Chonn Céadchathach tar ceart
fuair leath Éiriond a hoirbheart
le neart deorudh go fiadh bhFáil
ar dtriall d'Eoghan ón Easbáinn.
1545]- Murchadh mhac Briainní beart nár!
fuair as a oirbheart iomrádh,
na hórchroinn fa gloine gníomh,
tar mórchloinn oili in airdríogh.- Branán coimhghe chláir Lughaidh
1550] Cú Rí fa rí dh'Iarmhumhain,
ceann an tsluaigh dob iomlán iocht,
fuair iomrádh as a oirbheart.- A Magh Tuireadhtaom oirrdhearc
cian uadh do dhruim deaghoirbheart
1555] báidh linn a gcur fa chomhthaibh
do chinn Lugh ar Lochlonnchaibh.- Dá nós súdní saobh in reacht
fuair tusa inmhe a hoirbheart,
a bhláth craobh Thighe an Teampla,
1560] a bhile saor soidheargtha.
- Dá bhfaghtha a bhfuarudar sin
ní thiobhartha, a thuir Uisnicch,
geall ar oirbheart d'aon oile,
a ghoirmdhearc shaor hseabhcoidhe.
1565]- Ní dóith d'aonduini hoighriocht;
ní déntar ód dheaghoirbheart
dóith chogoidh do chloinn Eadhra,
a chroinn abaidh fhíneamhna.- Tugsad cáchní claon in reacht!
1570] geall ar uaisle 's ar oirbheart
doit, a chéile cláir Eamhna;
cóir na tréidhe tighearna.- Táinig dhíot díon do shleachta;
fuair tusa a hucht t'oirbhearta
1575] mar nar fhaláir, a bharr Breadh,
anáir Ghall agos Gaoidheal.- Sí fad mhaoroibh, a mheic Céin,
críoch Luighne na magh mínréidh,
a ghéag thoroidh ón Bhaoil bhuig,
1580] a cobhair dod thaoibh thánuig.- Bíodh Peadar eadrom is sibh
laithe in bhrátha, a rí in ríchigh;
cneadh ad chígh gidh doilidh dhoid
bhur n-oighidh as trínn tánoig.
1585]- A mheic Gráinne, a ghruaidh mar shuibh,
nach marann tú, a thuir Aolmhuigh,
uch mun-uar is fáth urchra
truagh sa chách an comhorrtha.
- Teisd inghine Maoil Mhuire
1590] béim dhí ní fhuair aonduini;
sí do chléir ní dóidh dhearoidh
dá méin as cóir creideamhoin.- Lorg a sleachta lé leantoir;
fuair teisd as a toirbheartoibh,
1595] bean do-chóidh tar crú Suibhne;
clú cáigh ar a comairghe.- Ní ceiltear maoine Máire,
's í fa thoil gach thromdháimhe;
a daghshamhoil as sí soin,
1600] as baramhuil í d'Eimhir.- Blagh 'n-a áit aice ag anmoin,
téid sé uile dh'ollamhnoibh,
cuid dá crodh rú ní rannfa;
cor a clú 's dá comharrtha.Táinig san