- Fiodhbhaidh a chéile clú deise,
910] dáil a gcruidh ní choigill siad;
dá chraoibh tharaidh dho choill chubhra,
tamhoin do thoill umhla iad.- Dá ré lána Leithe Modha,
dá mhac Céin nar cheannoigh síodh,
915] dá ghéig fpailme don fhréimh ríogha,
raighni nach léir díogha díbh.- Duasa an chéidfhir ger chuid mhaoidhimh,
mó na toirbheirt tig 'n-a ndiaigh;
maoine Chormuic go bhfuair ollamh
920] dob ordhruic uaidh bronnudh Briain.- Fada is chumhuin le crích Luighdheach
nach lucht síodhchána síol gCéin;
ní beag do thír é ar a haire
gidh bé díbh nach raibhe réidh.
925]- Gidh bé bruighean 'n-a mbí Cormac
ní creidthior í a n-uathadh sluaigh;
do-gheibh neach fan teagh a dtiaghair
dá mbeath fear ar iarruidh uaidh.- Dá mbeath file ag fágbháil Chormuic
930] a gceann Briain do bhíagh ag tocht;
cliar a-réir nar imthigh uaidhe
fillfidh 'n-a cléir nuaidhe a-nocht.
- Má tá go seachnoid síol Éimhir
d'ógbhaidh toghtha ní thug béim;
935] ní bhéarudh ar mnáibh dá moille
tóir ar bhféaghoin chloinne Céin.- Ar dteacht Cormuic le cloinn Luighdheach
locadh Briain is beag do chroid;
ar an ón treas da shíol Shadhbha
940] ní feas don líon tarrla a ttroid.- Do ghuais Chormuic fa choim oidhche
d'eagla Briain do bheith 'n-a dheoigh
folchthar ar-aon le bais mbiodhbhadh
do chlaon tar ais fiodhradh feoir.
945]- Do smuain Cormac um chreich mbiodhbhadh
a mbí 'n-a láimh nach leis fein;
nír chuir acht go faigsin bhfileadh
taisgidh gcruidh ar chineadh Chéin.- Bronnta Cormuic ar cionn ndeoradh
950] fa dheoigh air ass iad do bhris;
réidh an t-aoidhi a ndiaigh a dhoilghe
maoine Bhriain do-roighne ris.- Meinic riamh um ríoghacht Luighne
a lár a shuain do shir ghó;
955] do-ní doirse dearc do dhúnadh
soillsi ar dteacht a dunadh dó.- Ealta mhíleadh le mac Úna
d'énoibh seabhcoidhe síl mBloid;
fuilngidh Brian iomarcoigh orrtha
960] d'fhionnochtoin fian Tolcha a ttroid.
- Ní ghabh Cormuc acht cóir dh'fhagháil,
ní heol do Bhrian beith le cóir,
teid a leith na bhfiach nach bhfoghthor
ar mbreith ar sgiath ar sgiath onchon n-óir.- 965] Ní mór a chion ar cheart sindsir
sibh, a Chormuic, gur char sí;
fuilngidh cliar fa ól ar h-uillinn
mór le Brian mar uirrim í.- Maoidhtear fós na filidh cheadna
970] um cheann uama na n-eang sróill;
'deacair searg duilghe na dáimhe'
h'fhuighle re ceard fháinne n-óir.- Tú, a Chormoic, dá chor ar dearmad
dáil a seirce as sé do bhac;
975] ní thiobhradh Brian ar fhear oile
an bhean do iarr loighe lat.- Lór le fear má fuair do bhriathar;
beag 'n-a dheaghaidh do dhíol port;
leac eidhrigh do bhí 'n-a bloghaibh
980] do dheimhnigh sí an fhoghoil ort.- Lucht adhbhuir tar éis a ndiomgha
diongna in taobh dá tteagoid ruibh;
ag sin a mbí ar hféin 'n-a h-omhuin
a rí féin do thoghuil tuir.
985]- Sibh, a Chormuic, ós cionn tíre
tug ar Brian gan bheith dá léim;
do mhaoirsi ag dol tar a ndligheadh
ag cor shaoirsi a gciniodh Céin.
- Cionntoch d'ógoibh indsi Banbha
990] béasa h-arm narbh aithnidh dháibh;
sleagh do bhí dot fhocchaibh orra
do oghoin sí chronna cáigh.- Fásoigh coill do chranngoil t'omhnadh
tre fheart gcuradh a gcionn trill,
995] do ghoin gurbh usa dot fhaghloidh
do chuir tusa dh'armoibh ind.- Tug a hannsa dh'éis a chéile
do chloinn Chéin na gcraoisioch dte
sibh 'n-a dhiaigh dho amhairc inghean
1000] malairt Bhriain go ndingneadh dhe.- Ar cornoibh móra mhúir eile
nír fhuláir leo a lán do roinn
beiridh geall bleidhe do bhrodha,
ceand do shleighe ar gcora a croinn.
1005]- Tarrla, a Chormuic, ar cionn éigeas
oirchill doid as damhna clú;
súil re fear énuaire d'fhaigsin
sreabh fhéaruaine taisgidh tú.- Ní feirde leision léim troda
1010] tosach feadhma má fuair sibh;
le Brian dámadh fhaide d'orchor
grian troda ní ronnfadh ribh.- Gan bheith dearg gan dol a gceardcha
cleas romaibh nach raibhe ag neach
1015] sínfidh tú nó biaidh 'na bloghaibh
crú re ngliaidh nar fhoghain d'each.
- Air féin ar tús téid a bhfiachaibh,
fearr an bél do bheith a ttocht,
séanaidh rí nach d'iarraidh éarca
1020] do bhí ag liamhain h'éachta ort.- Tú, a Chormuic, dod chor a n-iongnadh
ó aoss tiomchoil na dtrí rann;
ní chleacht sí do dhol a ndiamhair,
ní bhí an sgol dot iarroidh and.
1025]- Fuaighidh re teann teasbuch bhfaoilligh
fioghruidh bile re bun bhfeoir;
fágbhoidh cnuas d'ísle san fhiodhbhaidh
nar dhísle thuas d'iomghaidh eoin.- Feadha lúbtha, lindte tiorma,
1030] tobuir mhillsi ós mhoighibh túir,
mil fan gcongal re headh n-uaire
ag donnadh sreabh n-uaine a húir.- Tearc a leithéid re lind gCormuic
acht clár Parrthois na bport sídh;
1035] ar ibh do shreabhoibh learg Luighne
beanoidh do leanb cuimhne chígh.- An cíos trom do thabhoigh Cormuc
críoch fhoghlaidh nír anaic sé;
beag le Brian a chuid don chomhoidh,
1040] do thuig re dtriall d'fhoghail é.- Ní buan ór ag ógbhoidh Chaisil
idir chrithribh na gcorm dte
táinig d'anáil chuaigh fa Chormuc
gabháil smuail a ndonnbhrat de.
1045]- Coiléan leomhoin Leithe Mogha,
maighre sénta sleachta Céin,
ní beag a-nochd é dhá fhaire
gidh bé port a raibhe a-réir.- D'ógbhaidh toghtha ar tteacht 'n-a dheaghoidh
1050] dol dá fhéghoin nírbh é a leas;
ní fál gan bharrshlait síol Sadhbha;
ar síodh Cormuic tharla a dtreas.- Ruisg uaine 'n-a n-aoibhlibh corcra
ceilt na toile nach tig lé,
1055] bean dhá thaobh a dteirce codoil;
craobh Dheirce do adoimh é.- Ní guais do dhún dreagon Luighne
lucht brogha do bhreith a ghill;
lear gCormuicne ó ól do éirigh
1060] clannmhaicne mhór Éimhir Fhinn.- Fiodhbhoidh chraoisioch cloinne hÉimhir
andamh toradh na tug siad;
ní fédthor boing dhóibh a ndeaphaidh
croinn do-chóidh ós fheadhaibh iad.Fiodhbhaidh