- Ag so an chomuirce, a Chormoic,
gabh an lámhsa ad leaphurghlaic,
555] fuaidh an croidhe red chroidhe,
a bhile bhruaigh Bhóruimhe.- Gabh an corpsa ar do chorp féin,
a chodhnoigh cloinne ríChéin,
ar smacht ríogh glainindse Gall
560] bíodh an t-ainimse ar hanam.- Gabh meise ar h'iocht 's ar h'einioch,
ar charuid 's ar chomhoidheach,
a lámh thromoighthe ar crú Cuind,
mo chomuirche as tú as tualuing.
565]- Ná leig eadroinn is aoinneach,
a ghnúis ríoghdha rodhaoineach,
ós tú ar n-aonchara, a ghruadh gheal,
do hsluadh taobhthana Tailltean.- Peth agoinn a hucht chóra,
570] gá dú a mheic mheic Onóra,
ní budh éadáil ód dhreich nduinn
gan bheith san éagcáir agoinn.- A-tú a mbeol ghuaisi do ghnáth
re ndeachaidh oroinn d'iomráth
575] gan neach do-ní dísle dhamh
muna thí dhíbhse a dheunamh.
- A-táid dlighthe nuaidhe a-niodh
dá gcor ar mhacoibh Míliodh
ag sluadh nár ghlacnuaidhe Gall
580] fa chlár bhfaltuaine bhFréamhan.- Goirid na críocha 'n-a gceann,
iarraid ar chách go coitcheann
go dtig a sgrios uile as
fios gach dhuine 's a dhúthchas.- 585] D'éis na dtíreadh do thionól
sgríobhoid Goill Ghuirt Éiriomhón
anmonna a slógh druim ar dhruim
a nglanrolla mhór mheamruim.- D'éis a gcruinnighthe 'n-a gceann
590] is éigion d'fhearoibh Éireann,
a ghríobh fhirfhearrdha ó thigh Tháil,
tighearna gach fhir d'admháil.- Ní ghabhuid ó neach fa nimh
gan bheith dó ag urrodh éigin
595] truagh an cás do cumadh dáibh
nó bás go hollamh d'fhagháil.- Gá dtú ris, a rí Luighne,
ort chuirim mo chomuirghe;
feadh mo ré mar dhleaghar dhamh
600] budh hé mo leabhar do leabhar.- Ní har mo bháidh do bheith ruibh,
ní har bheith am ollamh aguibh,
a chnú do chrobhuing Eadhra,
thoghaim thú mar thighearna.
605]- Do aomhsad Gaoidhil is Goill
bheith agaibh is as thoghoim
rí fíréanda do rádh ribh,
a ríréadla ó chlár Chaisil.- Bheith lán d'iochd agus d'eineach,
610] bheith fíréanda foisdineach,
iomdha fáth deaghthoile dhuit
fáth do charthana, a Chormuic.- Sgríobhthar leat ad leabhar féin,
a airdrí sleachta saoirChéin,
615] fan snaidhm nar réidhigheadh ruinn
ainm gach éinfhileadh agoinn.- Bíodh ainm gach fhir dom fhine
bíoth m'ainmse go háiridhe,
a mhionn séanta a sheanmhoidh Táil
620] sna leabhroibh céadna ar connmháil.- Bíodh a dheimhin gud dheirc mhoill,
ó tá h'ionmhoine agoinn,
a shlat chuirmtheann chuain Duibhe,
go ttuillfeam uaibh h'ionmhuine.
625]- Togbhuim thú féin d'fhiaghoin air
má bhím ré bliadhna am beathaidh
nach ba fearr dhamhsa ná dhoit
h'andsa fam cheann, a Chormoic.- Do-ghén an laoidh ngréasoigh ngloin,
630] do-ghén doit an duain tsaothair,
do-ghéan aonrann uair oile,
a shaorbharr bhruaigh Bhóroimhe.
- Do-bhéarum dhoit mar dhleaghior
eolas do ghég ngeinealaigh
635] cíos do hsean ar fhiadh nÉirionn
rian a gcean 's a gcaithréimiond.- Do-bhéaram dhuit, a dhreach sheang,
dot uaisle ós fhearoibh Éireann,
's dá gach oraim budh dual duit,
640] luagh ar gcomuinn, a Chormuic.- Do-bhéara mé, a mheic Úna,
ar chách do chor iomthnúdha,
an ceand is fhearr dhoid dom dhán
's an chuid is fhearr dom iomrádh.
645]- Ní fuláir dhuit 'n-a dhíol sin
go dtiobhruidh tú, a thuir Chaisil,
h'anam 's do chorp tar mo cheann
dá bhfagham tocht 'n-ar ttimcheall.- Gidh cuis bháis do bheith ar neach
650] a ttigh chúirte as sé ar h'oineach
nír chorroighthe dhó ná dhoit
ag só an chomairche, a Chormuic.- Gaibh ar h'oineach mhé, a Mháire,
a hucht flatha fionnGháille,
655] a shlat chnuais do chloinn tSuibhne,
nach guais coill a comuirghe.- A Mháire inghean Mhaoil Mhuire,
gur chuireas ort m'ionghuire
beag nar cailleadh, a chiabh lacch
660] gach daingion riamh dá ránag.Ag so