- An Cian céadna a gConnachtoibh
90] iath Énna as dá iongantoibh;
fuair sé chéill do Chonnachtoibh
nach réidh é gan iomarcoigh.- Re madh Mumhan dealoighthir
do chor chomha ar coimhighthibh;
95] go dtug tal d'iath anaithnidh
Cian nír an dá oilithribh.- Ní lór géill a ngeimhleachoibh
(as) sróll ar mbéin bhairrleathoidh,
guais ghliadh as mhó ar Mhuimhneachoibh
100] dó gach a n-iarr dh' ainbhreathoibh.- Díon Luighne ar láimh énduine,
coimhdhe cháigh 's an aonfhaire;
táin d'fhoirinn at n-óraidhe
ar mhac Oilill d'aodhaire.
105]- Togbhoidh dhiaigh ós Dhanaroibh
a fhoghoil riamh roirighin;
feidhm síth ar fiadh bhFearadhaigh
ó Chian mar chrích gcoimhidhigh.- Bés a-nos do nuadhúisigh,
110] sgol bhudh réidh ón ríobhéssoin,
cora chlú le ríodhuasoibh;
crú Modha as dá míobhésoibh.
- Bean táidhe tug bharamhla
cáinte is dá lucht leanamhna;
115] fuair bean ar Chian comharrdha
nach biadh gan fhear n-ealadhna.- Iul seilge fhóid fhindÉmhir
go bhfóir neimhnigh neamhpághaigh;
lucht suirghe ghliadh nGalldúnoidh,
120] fian Luighne as dá leannánaibh.- Sé ag banfháidh dá bhreithniughadh
gur fhéil d'fhagháil athchomhadh,
lá in Chairn a gcéill cuirfidhear,
a fhéil re hainm d'athrughadh.
125]- Síol Eadhra ó Fhleisg luaithfheasoigh
go treibh tTeamhra dtriathfhosaidh
fuair chomhoidh chláir ríoChaisil;
molaidh fáidh na fiachasoin.- Brath ar cheanoibh camhára
130] fada ó cheangal gcuimhshíodha
líon gliadh oighir Onóra
cliar dhoilidh ma doidhíola.- Laoith ón ádh gan fhuarughadh
re bhfríth ráidhte ríghfhiliodh
135] cóig comha rú ag réidhioghudh
crú Modha gur mínigheadh.- Mór nduas dob áil d'fhileadhaibh
dáil chuach as dhá chomhadhuibh;
cáit a bhfuair chléir gcomhadhaigh
140] gruaidh Chéin ó do chomhaghoin?
- Sé 'n-a rún do roghrádhuigh
d'éis ar dhiult do dhaighríoghaibh;
fuair sí ós cian a coimhliamhain
mian má do bhí ag bainríoghain.
145]- Gnáithbheart Gall ní fhuileonga
ní ráidhte um cheann gcomhóla
crann coimhdhe cláir sheinEamhna
as gháibh oighre Onóra.- D'foilt i mbhur uair ainnriaghla,
150] an cháin fhuair dob innríoghdha;
sgaoiltear glais ghéill armórrdha,
a chéim as dob inríoghna.- Tug tú chuim hóiridhibh
clú gun dáimh 'n-a dháileamhain
155] créad sin don dáimh dhéighdhionuigh
riamh do dháimh ar dháileabhair.- Ó do éintigh mar theachtaire
a gcéin ciodh nach creidfidhe?
séd suirghe chuain Chorcaighe
160] uaibh ar Luighne leigfidhe.- Comha dho thaobh tárobhair
bhfoghoil in rian fhuarfhoghail;
críoch fhaghloidh 'n-a héandoighir
amhluigh fríth a bhfuarabhuir
165]- Cídhtear ag mac a roimhianna
mianna sin nach soishníomha;
beag mhaoidhi, a mhic Onóra,
aoidhe dheit ma doidhíola
- Críoch Éimhir gá humhla,
170] roth lead chéidfhear comhanma;
maith an cor fhir ealadhna
do dhol ad thigh thogharma.- Rún daoibh do bhríogh bhantoile
le mnaoi ríogh do reacfaidhe;
175] searc mná créd nach creidfidhe?
séad a-tá mar theachtaire.- Folchadh feadha fírmheasa
sreabha a tolchoibh taobhghlasa;
díol luaigh re fear bhfiabhrusa
180] gach sreabh bhan Muaidh maorrdhusa- Sreabh go ngruadhoibh gormfhochoin,
ealta ag suan le seanmghothaibh,
grian re crodh ag coimhreathoigh
fa Shliabh nGamh go ngealshrothaibh.
185]- An léim budh tuar tromchomhadh
le néll nuaidhe neimhcheileadh;
triall Céin go Ceand seanChorudh
gearr gomadh léim lingfidhear.- Adhnoidh a fhíoch dh'anfholtoibh
190] críoch fhaghloidh go n-adhantair,
síodh ar chomha comhobthair;
síol Modha as dá malartoibh.- Fir gan fhéaghoin d'ainndligheadh
do-bhir échta ag iomdhughadh;
195] téid cóir ríogh a rudhrughadh
gan díol ó fhóir fhiondMhumhan.
- Geall leis ó fhéin fhionnUladh,
teisd í Chéin ar gclannughadh;
fuair clú Céin a shamhmoladh
200] re gcrú Néill a-nallamhan.- Táin sgiath uaidh gan órchraobha
an t-iath ó bhfuair príomhchána;
fóir Luighne a n-ucht fhuarthrágha
ní lucht suirghe síodhchána.
205]- Go teacht dar gcrích Connaichtni
a líon eachtra indilte,
géill dá chéile ceangoilte,
d'fhéin Fhéile dhob imirce.- Bean ó mhian ag mochloighe
210] le Cian ceadh nach carfuidhe,
fríoth fear lé ar a leanfaidhe,
a-ndé as bean don bhanchuire.- Lá an ádha nírbh inshíodha,
cána cáich dá gcoimhshéna,
215] fearg throm oighir Onóra;
tond do fhoiligh oiléana.An Cian céadna