Corpus of Electronic Texts Edition
The Book of O'Hara (Author: [unknown])
p.2
section 1
I
Leabhar Í Eadhra
- Féch, a Chríosd, ar crích Luighni;
tabhair, feadh ar bhfíordhoilghe,
fonn claghshocair len cóir báidh,
hóigh dá hanocair d'eadráin.
5]
- Ní léir re hathaidh d'aimsir
ó chuing dhocraigh dhoghaillsigh
crioch mhearaighthe as chommdhonn cruth,
gealaighthe a gormfhonn
[...]
- Ó ghuin thaoibh Thaidhg Í Eadhra
10] ní faicthear fiu móirtheadhma,
treabh blaith na rianfhaichthe réidh,
mun ráth siabhairthe soiléir.
- A sleasa ar n-a snoighe dhíobh,
ceatha goimheamhla gairbhshíon,
15] a tír go héagcrothaibh uadh
ón hsín ghéagshrothaigh ghoirmfhuar.
- Tug ar anchruth re hathaidh
a cruth féinfáth (neimh) thachair
ler fhear taobhghuin Taidhg Bhuidhe,
20] rom cailg d'fhaobhraibh eolchuire.
- Ón ló far loiteadh a chneas
tarl an chúis ro chailg m'áineas,
tír fan goimheamhla gleo srebh,
ceo doimheanma dá dídean.
p.4
- 25] Dé tánuig ciorbhadh a chins
dá hionnramhadhbhar doilghis
aitreabh fhuar chlogfhuarliuch Céin
ar sluagh n-uruaibhreach n-aigmhéil.
- Ní harguin eaguilsi naoimh
30] ná lot draoitheadh dréacht n-athchaoin
do rad cróluidhe a cean sin
acht nóghuine fhear n-adhbhair.
- Ní abair lucht foghla féin
ainghníomh do thuillfeadh toibhéim,
35] gnúis bheandghlan fan buan doighir,
go ndearnadh uadh d'athoighidh.
- Acht a-mháin nach (maithtear leis)
a chóir féinfachain doilgheis
d'uamhan re ciorbhadh a chuirp,
40] nuaghal na n-iorghal d'adhaint.
- Doirt ar Tadhg, a mheic Mhuire,
braon grás d'fhearthain t'ionmhuine;
mó as róimhithidh, a ghruaidh ghil,
uaibh d'fhóirithin a éigin.
45]
- Do chleacht an bhaintreabhthach bhocht
córuide a héigion d'fhurtocht
fonn síothbhán fan téichtmhín tráigh
fíorchrádh tar éintír d'fhagháil.
- (Ru sin) a rinn a ratha
50] triar d'adhbharaibh ardfhlatha
d'fhine Céin ón chríchsin Tháil,
céim do ísligh a hanáir.
p.6
- Do saoileadh san nduine díobh
díol tíre d'adhbhar airdríogh,
55] tar mhaol céidrinn a conáichc,
taom dob éigrinn d'iongabháil.
- Tadhg Buidhe, Brian Ó hEadhra,
Domhnall dusgadh móirmheanma,
drong armamhail nar iar shíodh
60] an triar d'adhbharuibh airdríogh.
- Ní fhuil éinchéim acu sin
ó ghuin Taidhg na ttreas bhfrithir
ar cuimhne ag caomhmaicne Cuinn,
saoraicme as duilghe doghruinn.
65]
- Má mheasaid cách deoigh a ndeoigh
díoth a ccaradcúis mlióirleoin
a ló chuimhne ar na cenuibh
mó as duilghe na déigheanuigh.
- Tug, a Chríosd, (go) nuaidhe a-niodh
70] Tadhg Buidhe, buaidhreadh cuibhdhean,
eirg dhúinn a chéidghin chinidh
húidh dá éigean d'fhóiridhin.
- Ós díot táinig cabhair cháigh
deacra Í cCéin na gcrécht n-anbháil
75] saor, a Choimdhe rom chruthuigh,
a chraobh as choimhdhe ar ciontachaibh
- Beithir arduighthe a fhine,
is leagadh fear n-oirbhire,
dearc ríomhálla do thúir tol,
80] fíornámha rúin na
[...]
p.14