Corpus of Electronic Texts Edition

Background details and bibliographic information

The Book of O'Hara

Author: [unknown]

File Description

Lambert McKenna

Electronic edition compiled by Benjamin Hazardproof corrections by Hilary Lavelle, University of Ulster at Coleraine

Funded by University College, Cork and
The HEA via the LDT Project.

1. First draft, revised and corrected.

Extent of text: 45,900 words

Publication

CELT: Corpus of Electronic Texts: a project of the Department of History, University College, Cork
College Road, Cork, Ireland -- http://www.ucc.ie/celt

(2006) (2008)

Distributed by CELT online at University College, Cork, Ireland.
Text ID Number: G402560

Availability [RESTRICTED]

Available with prior consent of the CELT project for purposes of academic research and teaching only.

Copyright for the printed edition rests with the School of Celtic Studies, Dublin Institute for Advanced Studies, Dublin. The electronic edition was compiled with the kind permission of the copyright owner.

Sources

    Manuscript sources
  1. Dublin, National Library of Ireland, Book of O'Hara, late sixteenth-century vellum.
  2. Dublin, Royal Irish Academy, 3 B 14, an early nineteenth-century copy by Michael Óg O'Longain.
    The edition used in the digital edition
  1. The Book of O'Hara: Leabhar Í Eadhra. Lambert McKenna (ed), first edition [xxxii + 458 pp.] Dublin Institute for Advanced StudiesDublin (1951)

Encoding

Project Description

CELT: Corpus of Electronic Texts

Sampling Declaration

The present text represents pages 2–375 of the volume. All editorial introduction, notes and indexes have been omitted.

Editorial Declaration

Correction

Text has been proof-read twice.

Normalization

The electronic text represents the edited text. Text supplied by the editor is tagged sup resp="LM". Expansions to the text are marked ex.

Quotation

There are no quotations.

Hyphenation

The editor's hyphenation has been retained.

Segmentation

div0=the poem book, div1=the section. Paragraphs are marked p, quatrains and metrical lines are marked and numbered every five lines.

Interpretation

Names are not tagged, nor are terms for cultural and social roles.

Canonical References

This text uses the DIV1 element to represent the section.

Profile Description

Created: By Irish bardic poets. The poem starting on p. 88 contains a note dating it to 1584. Date range: c. 1500–1600.

Use of language

Language: [GA] Text is in Classical Modern Irish.

Revision History


Corpus of Electronic Texts Edition: G402560

The Book of O'Hara: Author: [unknown]


p.2

I

Leabhar Í Eadhra

    1. Féch, a Chríosd, ar crích Luighni;
      tabhair, feadh ar bhfíordhoilghe,
      fonn claghshocair len cóir báidh,
      hóigh dá hanocair d'eadráin.

    2. 5]
    3. Ní léir re hathaidh d'aimsir
      ó chuing dhocraigh dhoghaillsigh
      crioch mhearaighthe as chommdhonn cruth,
      gealaighthe a gormfhonn
      [...]
    4. Ó ghuin thaoibh Thaidhg Í Eadhra
      10] ní faicthear fiu móirtheadhma,
      treabh blaith na rianfhaichthe réidh,
      mun ráth siabhairthe soiléir.
    5. A sleasa ar n-a snoighe dhíobh,
      ceatha goimheamhla gairbhshíon,
      15] a tír go héagcrothaibh uadh
      ón hsín ghéagshrothaigh ghoirmfhuar.
    6. Tug ar anchruth re hathaidh
      a cruth féin—fáth (neimh) thachair—
      ler fhear taobhghuin Taidhg Bhuidhe,
      20] rom cailg d'fhaobhraibh eolchuire.
    7. Ón ló far loiteadh a chneas
      tarl an chúis ro chailg m'áineas,
      tír fan goimheamhla gleo srebh,
      ceo doimheanma dá dídean.

    8. p.4

    9. 25] Dé tánuig ciorbhadh a chins
      dá hionnramh—adhbhar doilghis—
      aitreabh fhuar chlogfhuarliuch Céin
      ar sluagh n-uruaibhreach n-aigmhéil.
    10. Ní harguin eaguilsi naoimh
      30] ná lot draoitheadh dréacht n-athchaoin
      do rad cróluidhe a cean sin
      acht nóghuine fhear n-adhbhair.
    11. Ní abair lucht foghla féin
      ainghníomh do thuillfeadh toibhéim,
      35] gnúis bheandghlan fan buan doighir,
      go ndearnadh uadh d'athoighidh.
    12. Acht a-mháin nach (maithtear leis)
      a chóir féin—fachain doilgheis—
      d'uamhan re ciorbhadh a chuirp,
      40] nuaghal na n-iorghal d'adhaint.
    13. Doirt ar Tadhg, a mheic Mhuire,
      braon grás d'fhearthain t'ionmhuine;
      mó as róimhithidh, a ghruaidh ghil,
      uaibh d'fhóirithin a éigin.

    14. 45]
    15. Do chleacht an bhaintreabhthach bhocht
      —córuide a héigion d'fhurtocht—
      fonn síothbhán fan téichtmhín tráigh
      fíorchrádh tar éintír d'fhagháil.
    16. (Ru sin) a rinn a ratha
      50] triar d'adhbharaibh ardfhlatha
      d'fhine Céin ón chríchsin Tháil,
      céim do ísligh a hanáir.

    17. p.6

    18. Do saoileadh san nduine díobh
      díol tíre d'adhbhar airdríogh,
      55] tar mhaol céidrinn a conáichc,
      taom dob éigrinn d'iongabháil.
    19. Tadhg Buidhe, Brian Ó hEadhra,
      Domhnall dusgadh móirmheanma,
      drong armamhail nar iar shíodh
      60] an triar d'adhbharuibh airdríogh.
    20. Ní fhuil éinchéim acu sin
      ó ghuin Taidhg na ttreas bhfrithir
      ar cuimhne ag caomhmaicne Cuinn,
      saoraicme as duilghe doghruinn.

    21. 65]
    22. Má mheasaid cách deoigh a ndeoigh
      díoth a ccarad—cúis mlióirleoin—
      a ló chuimhne ar na cenuibh
      mó as duilghe na déigheanuigh.
    23. Tug, a Chríosd, (go) nuaidhe a-niodh
      70] Tadhg Buidhe, buaidhreadh cuibhdhean,
      —eirg dhúinn a chéidghin chinidh—
      húidh dá éigean d'fhóiridhin.
    24. Ós díot táinig cabhair cháigh
      deacra Í cCéin na gcrécht n-anbháil
      75] saor, a Choimdhe rom chruthuigh,
      a chraobh as choimhdhe ar ciontachaibh
    25. Beithir arduighthe a fhine,
      is leagadh fear n-oirbhire,
      dearc ríomhálla do thúir tol,
      80] fíornámha rúin na
      [...]


p.14

I A

Tadhg Óg Mac Maoil Mhuire Í Uiginn .cc.

    1. An Cian céadna a gConnachtoibh
      90] iath Énna as dá iongantoibh;
      fuair sé chéill do Chonnachtoibh
      nach réidh é gan iomarcoigh.
    2. Re madh Mumhan dealoighthir
      do chor chomha ar coimhighthibh;
      95] go dtug tal d'iath anaithnidh
      Cian nír an dá oilithribh.
    3. Ní lór géill a ngeimhleachoibh
      (as) sróll ar mbéin bhairrleathoidh,
      guais ghliadh as mhó ar Mhuimhneachoibh
      100] dó gach a n-iarr dh' ainbhreathoibh.
    4. Díon Luighne ar láimh énduine,
      coimhdhe cháigh 's an aonfhaire;
      táin d'fhoirinn at n-óraidhe
      ar mhac Oilill d'aodhaire.

    5. 105]
    6. Togbhoidh dhiaigh ós Dhanaroibh
      a fhoghoil riamh roirighin;
      feidhm síth ar fiadh bhFearadhaigh
      ó Chian mar chrích gcoimhidhigh.
    7. Bés a-nos do nuadhúisigh,
      110] sgol bhudh réidh ón ríobhéssoin,
      cora chlú le ríodhuasoibh;
      crú Modha as dá míobhésoibh.

    8. p.16

    9. Bean táidhe tug bharamhla
      cáinte is dá lucht leanamhna;
      115] fuair bean ar Chian comharrdha
      nach biadh gan fhear n-ealadhna.
    10. Iul seilge fhóid fhindÉmhir
      go bhfóir neimhnigh neamhpághaigh;
      lucht suirghe ghliadh nGalldúnoidh,
      120] fian Luighne as dá leannánaibh.
    11. Sé ag banfháidh dá bhreithniughadh
      gur fhéil d'fhagháil athchomhadh,
      lá in Chairn a gcéill cuirfidhear,
      a fhéil re hainm d'athrughadh.

    12. 125]
    13. Síol Eadhra ó Fhleisg luaithfheasoigh
      go treibh tTeamhra dtriathfhosaidh
      fuair chomhoidh chláir ríoChaisil;
      molaidh fáidh na fiachasoin.
    14. Brath ar cheanoibh camhára
      130] fada ó cheangal gcuimhshíodha
      líon gliadh oighir Onóra
      cliar dhoilidh ma doidhíola.
    15. Laoith ón ádh gan fhuarughadh
      re bhfríth ráidhte ríghfhiliodh
      135] cóig comha rú ag réidhioghudh
      crú Modha gur mínigheadh.
    16. Mór nduas dob áil d'fhileadhaibh
      dáil chuach as dhá chomhadhuibh;
      cáit a bhfuair chléir gcomhadhaigh
      140] gruaidh Chéin ó do chomhaghoin?

    17. p.18

    18. Sé 'n-a rún do roghrádhuigh
      d'éis ar dhiult do dhaighríoghaibh;
      fuair sí ós cian a coimhliamhain
      mian má do bhí ag bainríoghain.

    19. 145]
    20. Gnáithbheart Gall ní fhuileonga
      —ní ráidhte um cheann gcomhóla—
      crann coimhdhe cláir sheinEamhna
      as gháibh oighre Onóra.
    21. D'foilt i mbhur uair ainnriaghla,
      150] an cháin fhuair dob innríoghdha;
      sgaoiltear glais ghéill armórrdha,
      a chéim as dob inríoghna.
    22. Tug tú chuim hóiridhibh
      clú gun dáimh 'n-a dháileamhain
      155] créad sin don dáimh dhéighdhionuigh
      riamh do dháimh ar dháileabhair.
    23. Ó do éintigh mar theachtaire
      a gcéin ciodh nach creidfidhe?
      séd suirghe chuain Chorcaighe
      160] uaibh ar Luighne leigfidhe.
    24. Comha dho thaobh tárobhair
      bhfoghoil in rian fhuarfhoghail;
      críoch fhaghloidh 'n-a héandoighir
      amhluigh fríth a bhfuarabhuir

    25. 165]
    26. Cídhtear ag mac a roimhianna
      mianna sin nach soishníomha;
      beag mhaoidhi, a mhic Onóra,
      aoidhe dheit ma doidhíola

    27. p.20

    28. Críoch Éimhir gá humhla,
      170] roth lead chéidfhear comhanma;
      maith an cor fhir ealadhna
      do dhol ad thigh thogharma.
    29. Rún daoibh do bhríogh bhantoile
      le mnaoi ríogh do reacfaidhe;
      175] searc mná créd nach creidfidhe?
      séad a-tá mar theachtaire.
    30. Folchadh feadha fírmheasa
      sreabha a tolchoibh taobhghlasa;
      díol luaigh re fear bhfiabhrusa
      180] gach sreabh bhan Muaidh maorrdhusa
    31. Sreabh go ngruadhoibh gormfhochoin,
      ealta ag suan le seanmghothaibh,
      grian re crodh ag coimhreathoigh
      fa Shliabh nGamh go ngealshrothaibh.

    32. 185]
    33. An léim budh tuar tromchomhadh
      le néll nuaidhe neimhcheileadh;
      triall Céin go Ceand seanChorudh
      gearr gomadh léim lingfidhear.
    34. Adhnoidh a fhíoch dh'anfholtoibh
      190] críoch fhaghloidh go n-adhantair,
      síodh ar chomha comhobthair;
      síol Modha as dá malartoibh.
    35. Fir gan fhéaghoin d'ainndligheadh
      do-bhir échta ag iomdhughadh;
      195] téid cóir ríogh a rudhrughadh
      gan díol ó fhóir fhiondMhumhan.

    36. p.22

    37. Geall leis ó fhéin fhionnUladh,
      teisd í Chéin ar gclannughadh;
      fuair clú Céin a shamhmoladh
      200] re gcrú Néill a-nallamhan.
    38. Táin sgiath uaidh gan órchraobha
      an t-iath ó bhfuair príomhchána;
      fóir Luighne a n-ucht fhuarthrágha
      ní lucht suirghe síodhchána.

    39. 205]
    40. Go teacht dar gcrích Connaichtni
      a líon eachtra indilte,
      géill dá chéile ceangoilte,
      d'fhéin Fhéile dhob imirce.
    41. Bean ó mhian ag mochloighe
      210] le Cian ceadh nach carfuidhe,
      fríoth fear lé ar a leanfaidhe,
      a-ndé as bean don bhanchuire.
    42. Lá an ádha nírbh inshíodha,
      cána cáich dá gcoimhshéna,
      215] fearg throm oighir Onóra;
      tond do fhoiligh oiléana.
    43. An Cian céadna


p.24

II

Tadhg Dall Ó hUiginn .cc. Do Chormac Mhac Céin Mheic Oilill .i. D'Ó Eadhra Buidhe

    1. An áil libh seanchus síl gCéin
      go mbeirthior iad go héinfhréimh?
      ar ghlainchineadh Éimhir Fhinn
      220] caithfidhear déinimh díchill.
    2. Nó an áil libh go leigthi as
      an tobur feasa fuarus
      ar coibhnios mhíleadh Mumhan
      fírshreabh dh'fhoilcheas ealaghan.

    3. 225]
    4. Geall na druinge as dó tugadh
      an t-Éimhior ór fhásodar;
      samhoil lóchroinn bhradha Breadh
      ní rabha ar mhórchloinn Mhíleadh.
    5. Ní tháinig luach Éimhir Fhind
      230] idir Easbáinn is Éirinn,
      d'fhuil ríogh na fine dá bhfuil,
      do shíol Bile iná Bhreoghuin.
    6. Leis tángadur go fiadh bhFáil
      na meicsin Mhílidh Easbáinn;
      235] Clár Té do lingsion tar lear,
      a ssindsior do b'é Éimhear.
    7. Ceithre meic ag Éimhior Fhionn
      do ghabh airdcheannus Éirionn;
      díol san ceathrursoin nír chin
      240] do hsíol mhearchobhsoidh Mhílidh.

    8. p.26

    9. Do-chuadur as dá éis sin
      acht Conmhaol mór mhac Éimhir,
      gan chloinn d'fhágbháil na n-áitibh
      don droing ógnáir iomráidhtir.

    10. 245]
    11. Conmhaol mhac Éimhir na n-each
      an céidrí don chath Mhuimhneach,
      dar téagrudh teach a dTeamhraigh,
      fear far édmhur ingheanruidh.
    12. Tríocha ríogh dh'éis ar-oile
      250] a-tá san réim ríoghroidhe
      ó Chonmhaol go Brian na mBeann
      dá chomhghaol ar fhiadh n-Éireann.
    13. Dias d'easbhoidh dá fhichead fear
      do shliocht Éimhir mheic Míleadh
      255] fa ráith gcloidhfhinn dtaidhbhsigh dTruim
      go haimsir Oilill Óluim.
    14. Ó Oilill mhac Eoghoin Mhóir
      go hÉimhior na n-arm ndeargóir
      sluadh Breadh na saorchroidheadh séimh,
      260] aoinchineadh rob eadh iaidséin.
    15. Sliocht comhramhach Éimhir Fhinn
      sgaoilid ainnséin ag Oilill
      —ní dho mhédoigh a meadhair—
      a dtrí gégoibh geinealoigh.

    16. 265]
    17. Naoi meic dég áirimhthior and
      do chloind ag Oilill Ólam;
      ní fhoil díbh, dá leanta liph,
      acht sleachta trír re a dtuirimh.

    18. p.28

    19. Mo chin tárruidh an triar mac
      270] Eoghan is Cian is Cormac;
      trí haithriocha fhear n-Eamhna
      glainchleatha feadh bhfíneamhna.
    20. Sliocht Eoghoin nar éimhigh troid,
      cland Charrthoigh 's gach gné a ngabhoid,
      275] mór ann nach inleanta air,
      is minshleachta chlann gCarrthaigh.
    21. Sinnsear shil mBriain teas is tuaidh
      Cormac mhac Oilill armruaidh;
      clann an éanathur crú Cais
      280] dan dú férachudh Forghais.
    22. Cian mhac Oilill an fhuilt tslim
      aonmhac dob óige ag Oilill;
      geall cáigh as dósan dleaghar
      sósar dhar chóir creideamhuin.

    23. 285]
    24. Nír dhealbh Dia a gcomhmaith do chloinn
      clann Chéin mheic Oilill Óluim;
      laoich bhoschorra dá bhfiar fiodh
      orsonna gliadh na nGaoidhiol.
    25. Seacht meic dhég ag Cian chalma
      290] 's nír áitigh a atharrdha
      dá chloind act aonmhac uile,
      saorshlat don choill cubhroidhe.
    26. Tadhg mhac Céin nar chogoil crodh
      ar sliocht Taidhg a-tá in ríoghrudh
      295] fa chlár bhféardhomhuin na bhFionn,
      's a lán d'éarlomhuibh Éirionn.

    27. p.30

    28. As sé Tadhg féin fuair a gcath
      na trí Luidhne ó fhlaith Teamhruch
      's ní ar ór ná ar chomha gcruidh
      300] acht lógh a fhola d'fhearthoin.
    29. Dá mhac Taidhg na mbarc mbeannach
      Connla is Cormac Gaileangach;
      dias ór shíoludur clann Chéin,
      dá ríomhogol chrann gceinéil.

    30. 305]
    31. As siad clann Chonnla mheic Taidhg
      síol cCearbhoill an chláir mhíonaird,
      fiodh tromthoraidh chrann gcorcra,
      's clann Chonchobhair Chiannochta.
    32. Sluadh Luidhne nar loc iomuidh
      310] clanna Cormaic Gailiongoigh;
      fir chéimleasga do chóir reann
      éinfhleascca óir na hÉireand.
    33. Cormuc Gailionguch do ghabh
      ó Mhuidh Mharr go Moidh Thuireadh;
      315] ó hSliabh Muire go Madh Mharr
      do ghabh an uile fhearantt.
    34. Cormac Gailiongach do ghabh
      ó Loch Laoidh go Loch Oirbhsion;
      ó Loch Oirbhsion don taoibh thoir
      320] nír thoirnsion go Baoill mbraonoigh.
    35. Aonmhac do chloinn ag Cormuc
      dhar ainm Laoi na leaphurghlac;
      an mac dhá oirbheart nír an
      gur ghlac oighriocht a athur.

    36. p.32


      325]
    37. Dá mhac ag Laoi na lann ngéur,
      Nia Corb saorchlannda Seisgnén,
      géga síodhamhla ón Mháidh mir
      dá ríodhamhna cláir Chaisil.
    38. Aonmhac ag Nia Corb na gcath
      330] dar ainm Art airgtheoir Teamhrach;
      fiche bhliadhuin fuair an fear
      d'uain ar giallaibh na nGaoidheal.
    39. Naoi mbliadhna dég na diaidh sin
      dá mhac ós cionn a chinidh;
      335] rí mar Art Fiodhchoire fionn
      's ar iothmhoire gort Gailiong.
    40. Bliaghoin ar fhicheid oile
      fuair Figeann mhac Fiodhchoire;
      do ghabh an tír a dtarrla
      340] seal 'n-a rígh gan fhreasabhra.
    41. Ar chrích Luidhne ó bheinn go beinn
      leanus Nad Fraoich mhac Figeinn
      dá bhliadhoin déag mar dearur
      riaghoil a ghég ngeineluigh.
    42. 345] Brénoinn mhac Nad Fraoich na bhfleadh
      'n-a rígh dhar chosmhoil creidiomh
      lá is bliadhoin gan bhéim dá brath
      do réir fhiadhan na n-eoluch.
    43. Fionnbharr mhac Brénuinn do bhí
      350] an t-airdeasbag an t-airdrí
      —lór na críocha d'fhiadhoin air—
      tríocha bliadhoin ar bliadhoin.

    44. p.34

    45. Fuair Diarmoid mór mhac Fionnbhairr
      críoch Luidhne an fhóid oireardhuinn
      355] —sgoth gach riaghla ré an churadh—
      sé bliadhna gan bhaodhlughadh.
    46. Fiche bliadhoin tuaidh is teas
      fuair Ceann Faoludh in flaitheas;
      slat sheilbhi in fhíonfhuinn aga,
      360] eighre díoghoinn Diarmada.
    47. Taithleach mhac Cinn Faoludh fuair
      ríoghdhacht Luidhne in fhóid ionnfhuair,
      ré a theasda a gcianoibh do chor,
      seascca bliadhoin gan bhearnadh.

    48. 365]
    49. Fuair Flaitheas trénmhac Tailtigh
      seal do Luidhne longphoirtghil,
      nír chumhngoidh nír aidhbhsigh air,
      urdoil d' aimsir re a athair.
    50. Níor dúnudh doras leasa
      370] fa Bhéuc fialmhac Flaitheasa,
      céd bliadhoin ag comhdha cheall
      ós fhiadhoibh gorma Gailioncc.
    51. Saorghus mhac Béic na mbeann n-óir
      ríoghthor le cách a gcédóir;
      375] bliadhoin go leith ós Luidhne
      do chleith mhiadhoigh Mhodhuirne.
    52. Do Luidhne—as leis dob usa—
      fhuair Eaghra mhac Saorghusa
      deich mbliadhna don chlár chorcra
      380] fa lán riaghla ios ríghdhochta.

    53. p.36

    54. Tionnsgnus Madhnus mhac Eadhra
      —mairg talamh dhar tighearna—
      sealbha ar na críochoibh do chor
      do mhíothoil Eadhra a athor.

    55. 385]
    56. Tug a mhallucht do Mhadhnas
      Eadhra na n-arm ufaobharchclas;
      nír chaith d'uain achd énlá ann
      térná suil fuair an fearann
    57. Céd bliadhoin dóibh 'n-a dheaghaidh
      390] ar feadh thrí nglún ngeinealoigh,
      gan ainm ríodhamhna gan rígh
      ó mhaidhm fhíorfhaghla iss eisíodh.
    58. Gur ghabh Aodh in fhuilt chleachtoigh,
      mheic Tailtigh mheic Mhuircheartaigh,
      395] ceannus slóigh an ghormfhuinn ghlais
      mheic Domhnoill Mhóir mheic Madhnuis.
    59. Dá bhliadhain ar fhichid d'Aodh
      ós Luidhnibh na learg bhfionnchaomh;
      is rígh ciallghlan dar cáir geall
      400] ag riaghladh cáigh go coitcheann.
    60. Conchobhar mhac Aodha ar-ís
      ní raibhe a dhreach mar dhoinngrís
      —rí budh neamhthláithe fa nimh—
      acht trí leathráithe ar Luighnibh.

    61. 405]
    62. Más fíor ní raibhe a riaghoil
      ar chrích Luighni acht leithbhliadhoin,
      Aodhmhac Conchobhair na gcath,
      saorshlat tromthoruidh Teamhrach.

    63. p.38

    64. Trí ficheid bliadhoin do bhí
      410] Diarmoid mhac Aodha, in t-airdrí,
      rí gan mhaothchroidhe ar cionn chreach
      ós cionn laochroidhe Luidhneach.
    65. Mac Diarmuda na nduas ttrom
      rí dar ainm Art na gCapoll,
      415] ceithre ríbhliadhna clann Chéin
      gá bharr sírniamhdha soilléir.
    66. Fiche bliadhoin druim ar dhruim
      fágbhus Art, athair Domhnoill,
      ríghe an chláir thaobhghormdhuinn tigh
      420] ar láimh chaomhDhomhnoill Chléirigh.
    67. Seaán Mór, an dara mac,
      fuair eighriocht Airt gan iomlat
      —lór a méd do riaghoil ríogh—
      dá bhliadhoin dég gan dimbríogh.

    68. 425]
    69. Ocht mbliadhna ar thríochoid tárroidh
      mac Domhnoill shaoir shoghrádhoigh,
      rún neamhfhallsa do thuair tol,
      an fearannsa fuair Fearghol.
    70. Tadhg mhac Fearghoil, flaith na sgol,
      430] ar fheadh dá fhichead bliadhan,
      fonn sámh na seanaibhniodh tte
      ós chlár leaphuirghel Luighne.
    71. Fuair seision Seaán Buidhe
      mhac Taidhg, triath na ríoghraidhe
      435] —lór a loighiod dá ghruaidh ghloin—
      oiriod a bhfuair an t-athoir.

    72. p.40

    73. Fiche bliadhoin ós cionn cháigh
      Tomultuch, saormhac Seaáin,
      naoi mbliadhna fa dhó a-dearar
      440] cló a riachcla iar n-a réidheaghadh.
    74. Muircheartach, a mhac eile,
      cúig bliadhna fhuair dh'áiridhe
      ag díon Luighne na learg sean,
      ceard budh duilghe do dhéineamh.

    75. 445]
    76. Síol gCéin do Chormac do chreid
      bliaghoin teasda do thríochoid
      an tslat oirbheartach fhortoil
      mac toirbhiortach Tomoltaigh.
    77. Nír goireadh do Ruaidhrí rí
      450] ná do Mhadhnus mhac Ruaidhrí
      gér leo freagra fear Mumhan
      d'eagla a hsean do hsárucchadh.
    78. Ochd mbliadhna 's a cúig re chois
      gobhais Oilill mhac Madhnois
      455] rí fíre gan fhích gan fhell
      ríghe na gcríoch go coitcheann.
    79. Aoinbhliadhoin dég thoir is tiar
      ar sheilbh Sheaáin mheic Uilliam,
      do shluadh Luighni an chláir chorcra,
      460] buighni nar dhóidh dánochta.
    80. Cian mhac Oilill nar dhiult dáimh
      nír an re hinmhi d'fhadháil;
      a dtighearna in tann do thuit
      nír infheadhma cland Chormuic.

    81. p.42


      465]
    82. Reimheas Taidhg mheic Céin chródha
      ceithre bliadhna bladhmhóra,
      ré lán fa tairthighe trádh
      in flaithbhile ó chlár Chollán.

    83. [...]

      470]
      [...]


      [...]


      [...]
    84. Ríoghthor le cách a gcinn trill
      Cormac mhac Céin mheic Oilill;
      475] téid ann a n-áitibh a hsean
      do ráidhtibh Gall is Gaoidhiol.
    85. Áitighthear críoch Luighni lais
      idir thuaith uile is eaglois;
      tír mhilis na bhfonnbhrat bhfionn
      480] tilis Cormac go coitchiond.
    86. Cuiris gach aon na áit féin
      d'oireachtoibh sleachta saoirChéin;
      fógairthear tar ais na huilc
      tógoibhthear lais a longphuirt.
    87. 485] Taibheochaidh cóir a chinidh
      ar chairdibh ar choillidhibh;
      oirbheart caithleomhain chrú Céin
      do aithbheodhaigh clú a cheinéil.
    88. Tionóiltear leis a leauoir
      490] do thúr a ghég ngeinelaigh;
      gach diamhair dá fhréimh roimhi
      iarroigh san réim ríoghroidhi.

    89. p.44

    90. Seanchairt chíosa cláir Luighne
      ar ndul uatha ar égcuimhne,
      495] go mbí 'n-a glanchartoigh ghil
      athghlantoir í dá oighribh.
    91. Iomdha ceart ar a chrích féin
      ag codhnach fhréimhi ríChéin;
      cóir dá ghruaidh natharrdha náir
      500] uain na hatharrdha d'fhadháil.
    92. Beag nar rudhruigh sé mar sin,
      naoi gcéd ar ceithre bliadhnaibh
      a-tá Luighne fa chloind Chéin
      na buighne nar thuill toibhéim.

    93. 505]
    94. A lloss chatha agos chogoidh
      fríth an fearann fuarodar
      —beag nach fairbríogh cor 'n-a gceann—
      is do thoil airdríogh Éireand.
    95. Nír bheag dho Chormac mar chóir
      510] dá bhféchdaois cách a gcéduir
      a mhéd d'anbhuain fhuair impe
      'n-a sduaigh armruaidh innillte.
    96. Maith an chairt ar crích a shean
      a bhfuair dh'ulc ó aois naoidhean,
      515] ag dortadh a chrú fa a ceann
      gur nochtadh do chlú a chéimeand.
    97. Críoch Luighne na learg ngairthe
      fa bhréid sladtoch sároighthe,
      tar ceand gach cogoidh dar chuir
      520] gur thogoibh cheand dá chartoigh.

    98. p.46

    99. A-tá sí ó soin a-lle
      'n-a haonchlár hsuaimhneach shídhe
      gan ghoimh gan fholuidh gan fhích
      gan toil d'fhoghoil ná dh'eissíoth.

    100. 525]
    101. Do leasoidh an lámh do loit,
      críoch Luighne re linn Cormuic,
      tír í dá dtérnó a teimhiol
      sí a n-énló dho háiteighiodh
    102. Ní tháinig ó Thadhg mhac Céin
      530] go mac Úna dá fhírfhréimh
      —clú a hsean ón ghasroidh dho ghlac—
      fear budh casmhoil re Cormac.
    103. Do bhádur a gceas chumhadh
      síol gCéin, mar do-chualubhar,
      535] gur fhás an bile ó thigh Tháil
      do-bheir dá fhine a n-anáil. An ail
    104. Is dá tochmharc tús ratha
      mac Céin d'adhbhur ardfhlatha,
      fuair sa céidchéile do char
      540] a n-uair éidtréine dh'iomchar.
    105. Máire inghean Mhaoil Mhuire,
      gnuis ríoghdha, run geanmnoidhe,
      bean ós mhnáibh braonbhrodha Breadh,
      aonrogha cháigh dá chiniodh.

    106. 545]
    107. Tarrla do Chormac mhac Céin,
      dá measdar í a ngach aoinchéim,
      ar dtogha na fréimhe ó bhfoil
      rodha chéile do charthoin.

    108. p.48

    109. A bhfuil reimpe suas dá sliocht,
      550] a-tá in chlú aca i n-eighriocht
      seilph na heighriochta as dóidh dí
      tar mnáibh seinshleachta Suibhne.
    110. An ail libh.


p.50

III

Tadhg Dall Ó hUiginn .cc.

    1. Ag so an chomuirce, a Chormoic,
      gabh an lámhsa ad leaphurghlaic,
      555] fuaidh an croidhe red chroidhe,
      a bhile bhruaigh Bhóruimhe.
    2. Gabh an corpsa ar do chorp féin,
      a chodhnoigh cloinne ríChéin,
      ar smacht ríogh glainindse Gall
      560] bíodh an t-ainimse ar hanam.
    3. Gabh meise ar h'iocht 's ar h'einioch,
      ar charuid 's ar chomhoidheach,
      a lámh thromoighthe ar crú Cuind,
      mo chomuirche as tú as tualuing.

    4. 565]
    5. Ná leig eadroinn is aoinneach,
      a ghnúis ríoghdha rodhaoineach,
      ós tú ar n-aonchara, a ghruadh gheal,
      do hsluadh taobhthana Tailltean.
    6. Peth agoinn a hucht chóra,
      570] gá dú a mheic mheic Onóra,
      ní budh éadáil ód dhreich nduinn
      gan bheith san éagcáir agoinn.
    7. A-tú a mbeol ghuaisi do ghnáth
      re ndeachaidh oroinn d'iomráth
      575] gan neach do-ní dísle dhamh
      muna thí dhíbhse a dheunamh.

    8. p.52

    9. A-táid dlighthe nuaidhe a-niodh
      dá gcor ar mhacoibh Míliodh
      ag sluadh nár ghlacnuaidhe Gall
      580] fa chlár bhfaltuaine bhFréamhan.
    10. Goirid na críocha 'n-a gceann,
      iarraid ar chách go coitcheann
      go dtig a sgrios uile as
      fios gach dhuine 's a dhúthchas.
    11. 585] D'éis na dtíreadh do thionól
      sgríobhoid Goill Ghuirt Éiriomhón
      anmonna a slógh druim ar dhruim
      a nglanrolla mhór mheamruim.
    12. D'éis a gcruinnighthe 'n-a gceann
      590] is éigion d'fhearoibh Éireann,
      a ghríobh fhirfhearrdha ó thigh Tháil,
      tighearna gach fhir d'admháil.
    13. Ní ghabhuid ó neach fa nimh
      gan bheith dó ag urrodh éigin
      595] —truagh an cás do cumadh dáibh—
      nó bás go hollamh d'fhagháil.
    14. Gá dtú ris, a rí Luighne,
      ort chuirim mo chomuirghe;
      feadh mo ré mar dhleaghar dhamh
      600] budh hé mo leabhar do leabhar.
    15. Ní har mo bháidh do bheith ruibh,
      ní har bheith am ollamh aguibh,
      a chnú do chrobhuing Eadhra,
      thoghaim thú mar thighearna.

    16. p.54


      605]
    17. Do aomhsad Gaoidhil is Goill
      —bheith agaibh is as thoghoim—
      rí fíréanda do rádh ribh,
      a ríréadla ó chlár Chaisil.
    18. Bheith lán d'iochd agus d'eineach,
      610] bheith fíréanda foisdineach,
      —iomdha fáth deaghthoile dhuit—
      fáth do charthana, a Chormuic.
    19. Sgríobhthar leat ad leabhar féin,
      a airdrí sleachta saoirChéin,
      615] fan snaidhm nar réidhigheadh ruinn
      ainm gach éinfhileadh agoinn.
    20. Bíodh ainm gach fhir dom fhine
      bíoth m'ainmse go háiridhe,
      a mhionn séanta a sheanmhoidh Táil
      620] sna leabhroibh céadna ar connmháil.
    21. Bíodh a dheimhin gud dheirc mhoill,
      ó tá h'ionmhoine agoinn,
      a shlat chuirmtheann chuain Duibhe,
      go ttuillfeam uaibh h'ionmhuine.

    22. 625]
    23. Togbhuim thú féin d'fhiaghoin air
      má bhím ré bliadhna am beathaidh
      nach ba fearr dhamhsa ná dhoit
      h'andsa fam cheann, a Chormoic.
    24. Do-ghén an laoidh ngréasoigh ngloin,
      630] do-ghén doit an duain tsaothair,
      do-ghéan aonrann uair oile,
      a shaorbharr bhruaigh Bhóroimhe.

    25. p.56

    26. Do-bhéarum dhoit mar dhleaghior
      eolas do ghég ngeinealaigh
      635] cíos do hsean ar fhiadh nÉirionn
      rian a gcean 's a gcaithréimiond.
    27. Do-bhéaram dhuit, a dhreach sheang,
      dot uaisle ós fhearoibh Éireann,
      's dá gach oraim budh dual duit,
      640] luagh ar gcomuinn, a Chormuic.
    28. Do-bhéara mé, a mheic Úna,
      ar chách do chor iomthnúdha,
      an ceand is fhearr dhoid dom dhán
      's an chuid is fhearr dom iomrádh.

    29. 645]
    30. Ní fuláir dhuit 'n-a dhíol sin
      go dtiobhruidh tú, a thuir Chaisil,
      h'anam 's do chorp tar mo cheann
      dá bhfagham tocht 'n-ar ttimcheall.
    31. Gidh cuis bháis do bheith ar neach
      650] a ttigh chúirte as sé ar h'oineach
      nír chorroighthe dhó ná dhoit
      ag só an chomairche, a Chormuic.
    32. Gaibh ar h'oineach mhé, a Mháire,
      a hucht flatha fionnGháille,
      655] a shlat chnuais do chloinn tSuibhne,
      nach guais coill a comuirghe.
    33. A Mháire inghean Mhaoil Mhuire,
      gur chuireas ort m'ionghuire
      beag nar cailleadh, a chiabh lacch
      660] gach daingion riamh dá ránag.
    34. Ag so


p.58

IV

An Tadhg Dall Céadna .cc.

    1. Maith an ceanduighe Cormac
      mac Céin dá gclaon iobhurshlat,
      lámh thabhartach um cheann gcruidh
      malurtach as fhearr aguibh.

    2. 665]
    3. Re linn Chormoic ní cluintir
      fear a mheallta a malairtibh
      bheith soimheallta as sé do-bheir
      dá ghné hsoineannta hsoilbheir.
    4. Mac Céin na gcéimionn ndocrach,
      670] móide as mhaith an malartach,
      sduagh dhaoineach ó bheannaibh Breagh,
      meallaidh gach aoinneach eisean.
    5. Féach an fearr iomlaoid oile
      ná in mhoirn tsuthoin tsíorruidhe
      675] téid don fhlaith ionfhuair fhaoilidh
      ar mhaith diombuain díomhaoinigh.
    6. Gearr do mhairfeadh na maoine
      bronntar le flaith Formaoile
      's pudh buain na molta ar marthoin
      680] dá ghruaidh chorcra chomharthoigh.
    7. Ní mhairfeadh bleidhe ná brat
      dá bhfaghoid cách ó Chormac
      ná arm áigh craoibhlíne cuir
      aoinmhíle a-bháin do bhliadhnaibh.

    8. p.60


      685]
    9. Ní mhairfeadh éideadh ná each
      ná feilm loinnearrdha líneach
      ná beirt mhaothghorm tsróill ngloin
      ná saorchorn óir ildealbhoigh.
    10. Dá measdaoi maith an domhuin
      690] as sé críoch a gcualubhair
      ní bhí acht an moladh a-mháin
      ní don domhan acht díoláimh.
    11. Maith an ceannuighe an té tug
      bláth diombuan dúisgeas formud
      695] fada ón bhláth tocht a thoraidh
      ar sgáth mholta mharthonaigh.
    12. Maith an ceannuighe an fear fuair
      ar bhréig ndiomolaidh ndiombuain
      díoghrais mholta buain bhaluidh
      700] a n-uair obtha dh'ealadhuin.
    13. Maith an ceannoighe cheandchas
      an uair as mhó an maitheamhnas
      an maitheas ar a mbí a bhrath
      nó an ní chaithios do cheanduch.

    14. 705]
    15. Do bhí dh'echt ar Ó nEadhra
      do thaobh a ghlun ngeineamhna,
      fir neamhdhochda nar náir cruth,
      deaghmholta cáigh dho cheannuch.
    16. Ní fhuigheadh Cormac mhac Cein
      710] —córuide in éigse dh'óighréir—
      tráth as neamhdhaoire ná a-nos
      na deaghlaoidhe ó chách cheandchos.

    17. p.62

    18. As sé a bhfoil ar feadh Bhanbha
      oirne ag iaroidh ealaghna
      715] d'uaislibh chláir bhraoincheannsa Bhreadh
      aoinphearsa a-mháin an mhíleadh.
    19. Céd urdoil a bhfuighthi a-niodh
      ar ghrés fromhtha na bhfileadh
      rachaidh orthoibh uair oile
      720] ó onchoin Bhruaigh Bhóroimhe.
    20. As sé an uair as saoire soin
      's as teirce a-tá gá iarroigh
      sgotha dána gnénuaidh ghloin
      énuair as chára a charrthoin.

    21. 725]
    22. Ó a-tá in dán neamhdhaor a-niodh
      biaidh lin nach éidir dh'áireamh
      ma slán tarngortaigh Chláir Chrot
      d'aghmholtaibh cáigh ag Cormac.
    23. Biaidh oirchill re haghaidh cáigh
      730] an uair as usa a bhfagháil
      d'éis taisdioluigh tholcha Breadh
      d'aisgeadhaibh fromhtha Féindeadh.
    24. Maith fear do-rinde roimhe
      thallód a dtús aimseire
      735] oireichil a samhla sin,
      roibheithir chalma Chaisil.
    25. Do-rinde Modh Néid nárach
      a hsindsior maith mórdhálach,
      rí Mhoidhe coirmtheinn Chodhoil,
      740] oircheill oile a ionshamhoil.

    26. p.64

    27. Do-chonnairc fís fada ó hsin
      ríoghan Mhodha Néid neimhnigh,
      'n-a hinnisin ro bhí brígh,
      indisidh í dhon airdrígh.

    28. 745]
    29. Tarfás don mhnaoisin Mhodha
      seacht mba binne bláthmhara
      da-chí an fionnchrodh soiléir seang
      a dtiomchol oiléin Éireann.
    30. Tarfás fós dí 'n-a dheaghaidh
      750] ón bhuar shuaithnidh shítheamhail
      gach magh fionn collbhán corcra
      lomlán do lionn leamhnochta.
    31. Tarfás dí a ndiaigh na tána
      seacht mba eile urghránna;
      755] adhbhur teadhma teacht orrtha
      na seacht seanbha siabhurrtha.
    32. Go bhfuighlibh goirte garbha
      go n-adhurcaibh iarnamhla
      fraoch orra mar ealtoin sgean
      760] go ndearcoibh tolla teineadh.
    33. Nír fagbhadh leadhb ar láthair
      don tánaigh óig iongnáthaigh
      ón tána cheinnmhir chalma
      ngránna neimhnigh nathardha.

    34. 765]
    35. Breath na haislinge ass é a fhíor,
      rug Dearg Damhsa, draoi an airdríogh
      an bhreath chathardha dar chreid
      a ratharbha asd-teach táinicc

    36. p.66

    37. A-dubhairt an draoi 'ar dtosaigh
      770] as siad na seacht gcédbhasoin
      seacht mbliadhna lomlán lachta
      comhlán riaghla is ríoghachta.'
    38. 'As iad bhós na ba oile
      seacht ndaoirbhliadhna docroidhe
      775] tír na ccuan mbailbhlindte mbind
      budh tuar aidmhillte dh'Éirinn.'
    39. 'Íosoidh bean a mac da muin
      sénfoidh an t-oighre an t-athoir
      fa chlár séimhsheang na sreabh nglas
      780] ar feadh Éiriond re hocras.'
    40. 'Déntar uaibh' ar Dearg Damhsa
      'oirichil mun adhbhursa
      na céidbhliadhna suil tí as-tteagh,
      a ri géigniamhdha Gaoidheal.'

    41. 785]
    42. 'Ná gabh ad chíos ná ad chánoigh
      ó Leith Mhogha mhórdháloigh
      fan gcrích móir mbraoincheinnfhinn mbuig
      aoinphinginn oir ná airgoid.'
    43. 'Ná gabh ó chách ad chíos ríogh'
      790] do ráigh ollumh an airdríogh,
      'a ghríobh fhial mhoighe Mumhan,
      acht biadh uile d'éanmhonadh.'
    44. Gach ní dhá ndubhairt an draoi
      re rígh Áine an fhuinn ghégnaoi
      795] do aontoigh é go humhal,
      sé d'aontoil an ollumhan.

    45. p.68

    46. Tiad Muimhnigh dá bhfógra féin
      do mhac an airdríogh d'éinmhéin
      'n-a mbróin chóirighthe um Chuan Dor
      800] do luadh fhóirithne a n-easbhadh.
    47. Tugsad umhla dh'Eoghan Mhór
      d'éis a dtírtheadh do thionól;
      don tslógh fa robhuidhe a riar
      Conoire Mór is Maicniadh.

    48. 805]
    49. Do bhí an Mhumha fa Mhodh Néid
      mar bhíos eadchrann ós fhoighéig
      fá cheandoighiocht bídh tre bhioth
      don tseangoireacht mhín Mhuimhnioch.
    50. Feirrde a shíol ó shin a-lle
      810] nar an re ham na daoirse,
      cneas taobhthondghlan dá ttráidh muir,
      saorchonnradh cháigh do cheandoigh.
    51. Aithris ar Modh Néid do-ní
      Cormac Ó hEadhra in t-airdrí,
      815] dias dar dual fochondmhadh Fáil
      fa shochonnradh uan d'fhagháil.
    52. Mac Céin nar chaomhain doibheart
      cóir a chor re ceannoigheacht;
      bláth fpóir sheangfhola Shadhbha
      820] ceandoighe óir ealaghna.
    53. Do ghrés glan fhileadh bhfromtha
      tarla sonn séan gconnortha
      dá shuil chuirr mhongfhabhruidh mhir
      ó ollamhnoibh fhuinn Éimhir.

    54. p.70


      825]
    55. Go lá an bhráich biaidh ar marthain
      'n-a bharr shéin is shobharthoin
      don tslógh ó bheannuibh Bladhma
      ar cheandoigh d'ór ealadhna.
    56. Feirdi an tráth tug dá aire
      830] riar éigeas Fhóid Laoghaire,
      cion gach aonduine ar ndol dí;
      crodh gan aodhuire an éigse.
    57. Peandocht éigeas innsi Fáil,
      beannocht naomh Éireann d'éanláimh
      835] luach a cheannoighthe as sé soin;
      beandoighthe an té le a ttuilltir.
    58. Ar mhac Céin cheannchas molta
      do thuit bail na beannochta
      ó thrácht mhaothbhuinn réidh rathmhair
      840] go céibh gcraobhthruim gcomharthaigh.
    59. Ní mó a-niodh ná 'n-a naoidhin
      dúil cháigh 'n-a chruth fhorbhfaoilidh;
      fuair sgath Luighne 'n-a leanabh
      rath nach oighbhi ar eileaghadh.

    60. 845]
    61. Do fagbhadh é a n-aois leanaibh
      ar mbuain a ghég ngeinioluigh
      gan aipdhioghadh dá ghruaidh ngil
      'n-a mhaicleanamh uair éigin.
    62. Ní raibhe caomh ná cara
      850] dílios don óg armthana
      sé a aonur a na n-aghuidh,
      sé a mbaoghal gá bhiodhbhadhaibh.

    63. p.72

    64. Do beanadh a dhúthchus de
      do beanadh bhós a bhráithre
      855] go raibhe saor Thighe Táil
      'n-a aon d'fhine ar n-a fhágbháil.
    65. Beantair seilbh Luighne as a láimh
      an tráthsoin truadh in diombáigh;
      tógoibhthear an té nar dhligh,
      860] fógairthear é re haimsir.
    66. Bliaghain ar fhichid don fhior
      nar shuigh sósar ná sinnsior
      do shíol gCéin 'n-a n-áitibh ann
      gur áitigh féin an fearand.

    67. 865]
    68. Táinig san senágh síol mBloid
      fíoch Cormoic in tan tánoig
      cland Chéin asd-teach ní tugadh
      a mbreath féin go bhfuarudar.
    69. Ésga lán an leithe theas,
      870] ní lughoide fuair flaitheas
      sé d'fhágbháil 'n-a aon d'fhine,
      an chraobh ógnáir oirnighe.
    70. Ní dheachaidh ag aoinneach air;
      dar leat as leis do bhádair
      875] a raibhe a n-aghaidh an fhir
      ag faghail fhola hÉimhir.
    71. Mó ná rath do rígh Luighne
      cáin an tíre tonnghuirme
      d'éis na bhfearchon ó Thigh Tháil
      880] do neamhthoil gach fhir d'fhagháil.

    72. p.74

    73. Nír thioghluic Dia roimhe riamh
      a bhus ná a Mumhoin Mhaicniadh
      rath an ríogh dh'aoinneach eile
      do shíol daoineach Dairine.

    74. 885]
    75. Tús ratha rogha dealbha
      fríth leis a lló a gheineamhna,
      sduaigh dhédnuaighe brodha Breagh,
      rogha cédbhuaidhe an Choimgheadh
    76. Fríth dealbh Chormoic ón Choimgheidh
      890] d'égcosg agus d'fhorfhuighlibh;
      ó run dil go dreich ngairthe
      do bhreith Fhir a n-ordoighthe.
    77. Ó thrácht puinn go céibh gcaisghil
      ní bhí ball dá bhalloibhsin,
      895] rí an tsluaigh ó Gháiridhe ghil,
      gan bhuaidh áiridhe éigin.
    78. Buaidh lúith ar an mbonn mbántais
      nach léamhoid lucht gabháltais,
      buaidh gach fheadhma ar an mbais mbáin
      900] dearna thais acht a tteagmháil.
    79. Buaidh mbreithre ar an mbél gcorcra,
      dá ttig buaidhreadh bantrochta;
      buaidh gcéille ar an gcroidhe mhear
      ag céile Mhoidhe Maisdean.

    80. 905]
    81. Tarrla dhó ó Dhia nimhe
      buaidh bhfírinne is bhfoisdine;
      fuair a ttighibh na togha
      buaidh n-einicch is n-eangnamha.
    82. Maith an


p.76

V

An Tadhg Dall Céadna .cc.

    1. Fiodhbhaidh a chéile clú deise,
      910] dáil a gcruidh ní choigill siad;
      dá chraoibh tharaidh dho choill chubhra,
      tamhoin do thoill umhla iad.
    2. Dá ré lána Leithe Modha,
      dá mhac Céin nar cheannoigh síodh,
      915] dá ghéig fpailme don fhréimh ríogha,
      raighni nach léir díogha díbh.
    3. Duasa an chéidfhir ger chuid mhaoidhimh,
      mó na toirbheirt tig 'n-a ndiaigh;
      maoine Chormuic go bhfuair ollamh
      920] dob ordhruic uaidh bronnudh Briain.
    4. Fada is chumhuin le crích Luighdheach
      nach lucht síodhchána síol gCéin;
      ní beag do thír é ar a haire
      gidh bé díbh nach raibhe réidh.

    5. 925]
    6. Gidh bé bruighean 'n-a mbí Cormac
      ní creidthior í a n-uathadh sluaigh;
      do-gheibh neach fan teagh a dtiaghair
      dá mbeath fear ar iarruidh uaidh.
    7. Dá mbeath file ag fágbháil Chormuic
      930] a gceann Briain do bhíagh ag tocht;
      cliar a-réir nar imthigh uaidhe
      fillfidh 'n-a cléir nuaidhe a-nocht.

    8. p.78

    9. Má tá go seachnoid síol Éimhir
      d'ógbhaidh toghtha ní thug béim;
      935] ní bhéarudh ar mnáibh dá moille
      tóir ar bhféaghoin chloinne Céin.
    10. Ar dteacht Cormuic le cloinn Luighdheach
      locadh Briain is beag do chroid;
      ar an ón treas da shíol Shadhbha
      940] ní feas don líon tarrla a ttroid.
    11. Do ghuais Chormuic fa choim oidhche
      d'eagla Briain do bheith 'n-a dheoigh
      —folchthar ar-aon le bais mbiodhbhadh—
      do chlaon tar ais fiodhradh feoir.

    12. 945]
    13. Do smuain Cormac um chreich mbiodhbhadh
      a mbí 'n-a láimh nach leis fein;
      nír chuir acht go faigsin bhfileadh
      taisgidh gcruidh ar chineadh Chéin.
    14. Bronnta Cormuic ar cionn ndeoradh
      950] fa dheoigh air ass iad do bhris;
      réidh an t-aoidhi a ndiaigh a dhoilghe
      maoine Bhriain do-roighne ris.
    15. Meinic riamh um ríoghacht Luighne
      a lár a shuain do shir ghó;
      955] do-ní doirse dearc do dhúnadh
      soillsi ar dteacht a dunadh dó.
    16. Ealta mhíleadh le mac Úna
      d'énoibh seabhcoidhe síl mBloid;
      fuilngidh Brian iomarcoigh orrtha
      960] d'fhionnochtoin fian Tolcha a ttroid.

    17. p.80

    18. Ní ghabh Cormuc acht cóir dh'fhagháil,
      ní heol do Bhrian beith le cóir,
      teid a leith na bhfiach nach bhfoghthor
      ar mbreith ar sgiath ar sgiath onchon n-óir.
    19. 965] Ní mór a chion ar cheart sindsir
      sibh, a Chormuic, gur char sí;
      fuilngidh cliar fa ól ar h-uillinn
      mór le Brian mar uirrim í.
    20. Maoidhtear fós na filidh cheadna
      970] um cheann uama na n-eang sróill;
      'deacair searg duilghe na dáimhe'—
      h'fhuighle re ceard fháinne n-óir.
    21. Tú, a Chormoic, dá chor ar dearmad
      dáil a seirce as sé do bhac;
      975] ní thiobhradh Brian ar fhear oile
      an bhean do iarr loighe lat.
    22. Lór le fear má fuair do bhriathar;
      beag 'n-a dheaghaidh do dhíol port;
      leac eidhrigh do bhí 'n-a bloghaibh
      980] do dheimhnigh sí an fhoghoil ort.
    23. Lucht adhbhuir tar éis a ndiomgha
      diongna in taobh dá tteagoid ruibh;
      ag sin a mbí ar hféin 'n-a h-omhuin
      a rí féin do thoghuil tuir.

    24. 985]
    25. Sibh, a Chormuic, ós cionn tíre
      tug ar Brian gan bheith dá léim;
      do mhaoirsi ag dol tar a ndligheadh
      ag cor shaoirsi a gciniodh Céin.

    26. p.82

    27. Cionntoch d'ógoibh indsi Banbha
      990] béasa h-arm narbh aithnidh dháibh;
      sleagh do bhí dot fhocchaibh orra
      do oghoin sí chronna cáigh.
    28. Fásoigh coill do chranngoil t'omhnadh
      tre fheart gcuradh a gcionn trill,
      995] do ghoin gurbh usa dot fhaghloidh
      do chuir tusa dh'armoibh ind.
    29. Tug a hannsa dh'éis a chéile
      do chloinn Chéin na gcraoisioch dte
      sibh 'n-a dhiaigh dho amhairc inghean
      1000] malairt Bhriain go ndingneadh dhe.
    30. Ar cornoibh móra mhúir eile
      nír fhuláir leo a lán do roinn
      beiridh geall bleidhe do bhrodha,
      ceand do shleighe ar gcora a croinn.

    31. 1005]
    32. Tarrla, a Chormuic, ar cionn éigeas
      oirchill doid as damhna clú;
      súil re fear énuaire d'fhaigsin
      sreabh fhéaruaine taisgidh tú.
    33. Ní feirde leision léim troda
      1010] tosach feadhma má fuair sibh;
      le Brian dámadh fhaide d'orchor
      grian troda ní ronnfadh ribh.
    34. Gan bheith dearg gan dol a gceardcha
      —cleas romaibh nach raibhe ag neach—
      1015] sínfidh tú nó biaidh 'na bloghaibh
      crú re ngliaidh nar fhoghain d'each.

    35. p.84

    36. Air féin ar tús téid a bhfiachaibh,
      fearr an bél do bheith a ttocht,
      séanaidh rí nach d'iarraidh éarca
      1020] do bhí ag liamhain h'éachta ort.
    37. Tú, a Chormuic, dod chor a n-iongnadh
      ó aoss tiomchoil na dtrí rann;
      ní chleacht sí do dhol a ndiamhair,
      ní bhí an sgol dot iarroidh and.

    38. 1025]
    39. Fuaighidh re teann teasbuch bhfaoilligh
      fioghruidh bile re bun bhfeoir;
      fágbhoidh cnuas d'ísle san fhiodhbhaidh
      nar dhísle thuas d'iomghaidh eoin.
    40. Feadha lúbtha, lindte tiorma,
      1030] tobuir mhillsi ós mhoighibh túir,
      mil fan gcongal re headh n-uaire
      ag donnadh sreabh n-uaine a húir.
    41. Tearc a leithéid re lind gCormuic
      acht clár Parrthois na bport sídh;
      1035] ar ibh do shreabhoibh learg Luighne
      beanoidh do leanb cuimhne chígh.
    42. An cíos trom do thabhoigh Cormuc
      críoch fhoghlaidh nír anaic sé;
      beag le Brian a chuid don chomhoidh,
      1040] do thuig re dtriall d'fhoghail é.
    43. Ní buan ór ag ógbhoidh Chaisil
      idir chrithribh na gcorm dte
      táinig d'anáil chuaigh fa Chormuc
      gabháil smuail a ndonnbhrat de.

    44. p.86


      1045]
    45. Coiléan leomhoin Leithe Mogha,
      maighre sénta sleachta Céin,
      ní beag a-nochd é dhá fhaire
      gidh bé port a raibhe a-réir.
    46. D'ógbhaidh toghtha ar tteacht 'n-a dheaghoidh
      1050] dol dá fhéghoin nírbh é a leas;
      ní fál gan bharrshlait síol Sadhbha;
      ar síodh Cormuic tharla a dtreas.
    47. Ruisg uaine 'n-a n-aoibhlibh corcra
      ceilt na toile nach tig lé,
      1055] bean dhá thaobh a dteirce codoil;
      craobh Dheirce do adoimh é.
    48. Ní guais do dhún dreagon Luighne
      lucht brogha do bhreith a ghill;
      lear gCormuicne ó ól do éirigh
      1060] clannmhaicne mhór Éimhir Fhinn.
    49. Fiodhbhoidh chraoisioch cloinne hÉimhir
      andamh toradh na tug siad;
      ní fédthor boing dhóibh a ndeaphaidh
      croinn do-chóidh ós fheadhaibh iad.
    50. Fiodhbhaidh


p.88

VI

Tadhg Mhac Giolla Brighde Meic Bhruaideagha .cc.


    1065]
  1. Ciondus fríth fearand Luighne
    ó rígh Fódla férghuirme?
    fir bhoga cathurrdha ó gCéin,
    foda ón athurrdha iaidséin.
  2. Ní fearand fríth gan fhachoin
    1070] ó mhaicne Cuinn Chédchathoigh,
    fuinn lánshocra do líon mil
    le síol árracha Éimhir.
  3. Mór do fhuilngiodur impe
    d'imshníomh uile is aidhmhillte,
    1075] d'anbhuain chatha, dho chogthoibh,
    sgatha in daghshluaigh dhíoghaltoigh.
  4. Tadhg mhac Céin céidfhear do ghlac
    Luighne a gcath Crionna ó Chormac
    ar son a eadrána air
    1080] ar ccor theagmhála um Theamraigh.
  5. Dála Laoi nar loc iomoidh,
    mac Cormaic ghil Ghaileangoigh,
    d'uaim a ghlainshlightheadh do ghabh;
    ainmnighthear uaidh an t-achadh.

  6. 1085]
  7. Ar chosg Í Ruairc fuair an fear
    Luighne ó Ruaidhrí rí Gaoidheal,
    flatha gan taithleach dtachair,
    Taithleach chatha Conachair.

  8. p.90

  9. Cairt ar Luighne na learg nglan
    1090] Ó Ching Risdeard rí Sagsan
    do réidhigh Aodh Ó hEadhra,
    an féinnidh saor soidhelbha.
  10. A Art Ó hEadhra a n-Áth na Ríogh
    rug Féilim—fada an t-imshníomh—
    1095] cóigiodh cairt an oirir fhinn
    ar n-oicchidh Airt fa Fhéilim.
  11. An seisiodh cairtse ag Cormac
    ar clár bhfionn na bhfochanbhrat,
    cairt as dísle san domhan,
    1100] an tírse a hairc dh'fhuasgoludh.
  12. Laoi mhac Cormaic, ciabh na sreath,
    Art is Aodh, Tadhg is Tailteach,
    ní leig a ngar Luighni a lot,
    ní mhar dá gcuimhni acht Cormac.

  13. 1105]
  14. Sé féin as mhó fhuair dá hulc,
    é bhus fearr seal dá sochrucht,
    sé ar maith as cheand dá chineadh;
    flaith 'n-a cheand ní cuirfidhear.
  15. Ó aois naoighean gus a-niogh
    1110] ag cosnamh críche a shinnsior
    a-tá taibhgheoir brúigh Bhearbha
    d'aimhdheoin tnúidh gach thighearna.
  16. Ní rug aonlá ar n-éirghe a-mach
    ó aois leinibh laoich Theamhruch
    1115] ní ar talumh bhudh leathtrom lais
    ar thamhan ndearccorr nDurlois.

  17. p.92

  18. Síol gCuind agus clanna Céin,
    mór lá do-rinni riuséin
    osadh síth comhdháil cogaidh
    1120] mun gcrích ttonnbháin dtiobradaigh.
  19. Mór lá nar choigil Cormac,
    gur shaor í ar a hothorlot,
    sgaoi sheancholg dtirmlígeal tte
    d'imdhídean leathbhord Luighne.

  20. 1125]
  21. Meinic do bhí a bhas leaphar
    fa cholg dtrom dá tuirseaghadh,
    dá mbeath gur fhada in adhaigh,
    's a each aige ar aradhuin.
  22. Meinic bhós do bhean chasnoidh
    1130] don bhais séghoinn solusghloin
    crann sean as neamhfhoirfe neimh
    ar feadh geamhoidhche geimhridh.
  23. Meinic do cheangoil cuisne
    an cneas nar chlaoi athtuirsi
    1135] re beirt bhfuair ngoirméidigh ngil
    fa sduaigh choirrghéigil Chaisil.
  24. Do ghabh Cormuc gu nua a-niodh
    dó féin coidhche is dá chineadh
    críoch Luighne ass í gan urraidh—
    1140] ní as duilghe dá ndubhramair.
  25. Fuair Luighne na lubhghort bhfionn,
    d'éis a dtorchoir 'n-a timchioll,
    lot cáich is coimhdhe a a chinidh
    'n-a sáith d'oighre ar éinshlighidh.

  26. p.94


    1145]
  27. An uair as dóthcha a ndol as
    ar shíol gCéin as ann fhásas
    pailm do mhórchrann trom thoroidh
    'n-a lóchrand lonn lasamhoin.
  28. Ní mór nach mac a samhla
    1150] Feniox an t-én allmhurdha
    don ríghealbha do chloind Chéin,
    na croind fhíneamhna a héinfhréimh.
  29. Ní mó ná aoinén uile
    iomthús na n-én neamhdhuidhe,
    1155] bhíos aca go bráth san bhioth
    slata gan bhláth gan bhisioch.
  30. Saoghal gach eoin don ealtoin
    go gcuirthir é a n-illreachtoibh
    —iomdha líne dh'fhiaghuin air—
    1160] míle bliaghain do bhliadhnoibh.
  31. Én soin le bhfaghthor gach fios;
    tionóilidh, an tan tuigeas
    a bheatha a ndeiriodh ag dol,
    sreatha teiniodh 'n-a thiomchol.

  32. 1165]
  33. Do-níthior ainnséin re headh
    luaithreadh beag dhe fa dheireadh,
    go dtéid sé a n-illreachtoibh as;
    mindleantair é as a eolass.
  34. An luaithreadh cédna a gcionn trill,
    1170] téid sé re haimsir aithghirr
    fa dheoigh 's na reachtoibh reimhe
    d'fheartoibh an eoin ainglidhe.

  35. p.96

  36. Ní bhí éinmhí gan an t-én,
    's ní bhí dhíbh ann acht éinén;
    1175] iongnadh gach cás don dá chor,
    fás is iondramh na healtan.
  37. Mar soin do chlannmhaicne Chéin;
    mar thiaghoid as go héinfhréimh
    tig an fhrémh bhós 'n-a bile
    1180] do nós na n-én n-ainglidhe.
  38. Uair is fiche fuair a lot
    ó Thadhg mhac Céin go Cormac
    gan aodhaireacht éinfhir air
    saoroireachd céillidh Clároigh.

  39. 1185]
  40. Ní fríth éanuair aca sin
    nar fhás díbh dh'éis a n-imnigh
    dá ndeirbhfhine féin dá bhfuil
    ceinnbhile ó gCéin do chabhuir.
  41. Fada do bhádur fa bhrut
    1190] go teacht chuca do Chormuc,
    gur shaor geilfhiodhuch clann gCéin
    an crann deireanuch díbhséin.
  42. Amloigh do bhí a bhél corcra
    'n-a naoidhin óig éadrochta
    1195] gan aithne ar achadh a shean
    a haithle a athar dh'oighiodh.
  43. Goirid d'aimsir dá éis soin
    go dol dó a ndígheann cogaidh,
    gruaidh fhinnmhíolla shuilbhir hseang,
    1200] fuilngidh imshníomha Éireann.

  44. p.98

  45. Mór dh'ulc fuair bhur bhfear suirghe
    fad cheannsa, a chríoch sheanLuighne;
    maith do chuir leis agus libh
    gan fhoil a chneis do choigil.

  46. 1205]
  47. Ó chéibh mbuig go bonn ttaisgheal
    ní fhoil ball dá bhallaibhsion
    —ní ró teasmholta ar thuir mBreadh—
    nach phfuil treasghonta ad thimcheal.
  48. Ní fhuair neach comhmaith an cheirt
    1210] a-tá ar Luighni ag laoch Deirgdheirc,
    críoch na gclaontamhan bhfiar bhfionn
    a n-aontalamh d'iadh Éirionn.
  49. Míle acht dá bhliadhoin a-bháin
    ceithri céad—ní cúis tseachráin—
    1215] don chrích ainghlidhe ag cloinn Chéin
    gan ainbhfine ag roinn riuséin.
  50. Andamh aoinneach riamh roimhe,
    dá bhféachthaoi in réim ríoghroidhe,
    gan cheart nua ar atharrdha in fhuinn
    1220] go hua gcatharrdha gCriomhthoinn.
  51. Do shliocht Taidhg mheic Céin chalma
    lór a fhad as atharrdha,
    clár óir na gcraobhleas gcorcra;
    dóibh ní haoibhnios iasochta.

  52. 1225]
  53. Fuair Cormac féin mar gach bhfior
    —maith do lean lorg a shinnsear;
    gá ní as domhaolta um barr mBreadh? —
    comhaonta Gall is Gaoidhil.

  54. p.100

  55. Cormac mac Céin nar chlaon breath,
    1230] far iadhsad ógbhoidh Luighneach,
    a gcosg foghla, a ndíon docra,
    gríobh comhdha na cródhachta.
  56. A ré lán, a lán mara,
    a ngrian tar éis fhearthana,
    1235] flaith as rodhaingne rún gnáth,
    as úr comhairrle, a gconách.
  57. A sgur feirge, a bhfraoch deabhtha,
    a dtinne dh'ór aithleaghtha,
    dar chaith an ríghe reimhi
    1240] a bhflaith fíre foirghlidhe
  58. A mír chruadha, a gceann uidhe,
    inghilt súla sochoidhe,
    tileadh clár na bhfiodhbhudh bhfionn,
    grádh na bhfionnbhan nach bhfaicionn.

  59. 1245]
  60. Ciondus fríth mar fuair Máire
    amladh óir ón amháille
    dá deirc gcuirr mongfhabhroidh mir
    ó ollamhnoibh fhuinn Éimhir.
  61. Gé fhuair inghean Mhaoil Mhuire
    1250] d'aonláimh uatha a n-ionmhoine;
    gidh bé dá dtabhroid a dtol
    ní thabhroid é gan adhbhor.
  62. A n-orrláimh dhuine ar domhan
    acht dúinne an t-aois ealoghan
    1255] ar chóir taisgeadha ní thig
    aisgeadha óir ná airgid.

  63. p.102

  64. A seoid bhuadha, a bruit chorcra,
    tug sí sealbh a n-iasochta
    don luchd taisgeadha do thogh
    1260] a huchd aisgeadha a n-ughdur.
  65. Searc na n-éigeas dá dreich ndil
    saoilim nach slad a n-aisgidh;
    fáth a n-ionmhoine ag dol di
    gan chrodh d'ionghaire aici.
  66. Cionnus

Aois an Tigherna an uair do-rinniodh an dánsa 1584 Aois an Tigherna an uair do cuireadh cath Crionna eadhón dhá chéd bliaghan[...]


p.104

VII

An Fear Cédna .cc.

    1. 1265] Anam gá chéile, a Chormuic;
      fada fola in otharluit
      —an fhala ná déna dhuid—
      do-bhéara cara ar charuid.
    2. Gach cara dhínn, a dhearc corr,
      1270] loiteas an cách nos carond,
      an chara gé thí ar taithlioch,
      bhudh í an chara chomhuightheach.
    3. Cairdios do cheangal re neach
      ní hé as docra, a dhealbh shoichleach,
      1275] —ná car séd acht molta a-mháin—
      docra fa chéd a chonnmháil.
    4. Fada a-rís go dtéid a dteas,
      don dá rann gidh bé bhriseas,
      an síodh cuirthior 'n-a chéile,
      1280] a ghríobh cruithgheal Coirrshléibhi.
    5. Gidh bé ionadh iarrus neach
      an chéduair, a chruth áiseach,
      as sé an té ionnarbthoir ass;
      ionnarbthoigh an té thiocfas.

    6. 1285]
    7. An cíos fhuilngthear as a uchd,
      gidh bé neach do-ní an umhlucht,
      mór luagh na heasumhla air
      freasabhra uadh dá bhfaghthoir.

    8. p.106

    9. Mó ná gach olc re a airdmheas,
      1290] acht go n-éirghe an t-easgcairdeas,
      sgur ní lamhud go luath dhe,
      fuath na gcarud dá chéile.
    10. Dá dhoimhne as-dteagh théid an grádh
      —truagh, a Dhé, cor na gcompán—
      1295] mór as dhoimhni ag tocht as-dteagh
      olc na foirne acht go bhfilltear.
    11. Do bhean díom déanamh ainchean,
      gidh bé cairdeas congoibhthear,
      acht seachna deabhtha Dé bhí;
      1300] as dearbhtha é um gach éinní.
    12. Ní mhaireann duine ar domhan
      céd bliaghoin re a bhreathnughadh
      do shíol gCréidhe thuaigh ná theas
      dar fhuaigh re chéile cairdeas.

    13. 1305]
    14. Mairidh cairdeas, a chruth glan,
      míle bliaghan gan bhádhudh
      ag druing d'fhineadhuibh gach fhuinn
      nar bhuing d'fhiliodhoibh urroim.
    15. Gach rann dá raibhe ag cloinn Chéin
      1310] san mhaith do dáileadh dóiphséin
      táir an mhaith is maroid sin
      do charoid, a fhlaith Luimnigh.
    16. Ná tréig do chara ar chaoi ar bioth
      's ná tréig sinni an sluagh Muimhneach,
      1315] acht déna in dál is bhuaine,
      a rélla ó chlár Craobhruaidhe.

    17. p.108

    18. Mar thugois druim don taoibh theas,
      tríd chuirim cugad cairdeas,
      beith amhairseach gur dual damh
      1320] ar shluadh ghlanaidhbhseach Gulban.
    19. Mo chédchairdeas red chéibh mbuig
      —ór seanoibh as seadh thánuig—
      as rann dá chéile an dá chloinn
      clann Chréidhe agas clann Chárrthoinn.

    20. 1325]
    21. A lámh chruaidh, a chroidhe bog,
      mo dhara cairdios chugad:
      má taoi umam dhá fhalach
      do bhaoi ar ccomand carthanach.
    22. Ribhsi dá rí sinn a leas
      1330] gá ní as teo iná an treas cairdeas?
      an cháil ón ceanamhla sind,
      báigh na healadhna at indtinn.
    23. Ní nochdubh coidhche dom chead
      do chairdios ní mó mhaoidhfead
      1335] ort, a fholt cladhsholus cam,
      's gan amharus ort agam.
    24. Ní mhaoidhfe meisi, a mheic Céin,
      dá mbeath go mbeimis aimhréidh
      ar olc dá ndearnamar duid,
      1340] tort nír cheanglamar caruid.
    25. Do ghabh leithéid eagla in fhir,
      Ó Maol Conaire céillidh,
      fad mhaoinibh giodh hé as usa
      mhé red dhaoinibh dúthchusa.

    26. p.110


      1345]
    27. Beag an turbhoigh dá dtig olc,
      urusa mh'fhearg do dhúsocht,
      bí ar hionggabháil madh áil libh,
      a fhionnbhranáin chláir Chaisil.
    28. Ní mhaithfinn doit, a dhearc mhall,
      1350] dod dheoin dá ndeachtha toram
      ná dot aimhdheoin uair oile,
      a thaibhgheoir bhruaigh Bhóroimhe.
    29. Ní dheachaidh tú romham riamh
      dá bhfaghoinn adhbhur dímhiadh,
      1355] a ghnúis ghlan chéillidh chonnla,
      tar tal éinfhir elodhna.
    30. Breathnuigh romhad, a rosg mear,
      féach ad dhiaigh, dearc ad thimcheal,
      gidh bé taobh dá ttiocfa ar ccion
      1360] ar ccionta ar-aon go n-aincthior.
    31. Déanam a gceann a chéili,
      coisgiom cúis ar n-aimhréidhe,
      is bí san riocht roimhe rum;
      ar iocht ar-oile anam.

    32. 1365]
    33. Ar h'athoir airdrí nimhe
      feirde oineach impidhe,
      ós tú as ghlórmhuire as-ttigh thall
      sir, a óghMhuire, mh'anam.
    34. Anam gá chéile, a Chormuic.


p.112

VIII

Fearghal Mór .cc. do Cormac Mhac Céin Ó hEadhra

    1. Táinig san chluiche ag Cormac,
      1370] gég nach uaisle an iubhurshlat,
      má tharrla beart ag dol de
      a neart ag cor san chluiche.
    2. Ní rugadh aonchluiche air
      le hiomud a bheart mbaoghoil,
      1375] críoch thiormaibhneach na ttrágh tte
      fa chlár lionnmhaighreach Luighne.
    3. Tairnig dhó—díochra in toirbheart—
      le hiomad a uasoilbheart,
      fear le bhfríoth fuighle filiodh,
      1380] críoch Luighne do léirthiliodh.
    4. Beart cluiche ní dheachaidh dhe
      gur tiliodh dh'éis ar-oile,
      clár bindealtach na mbrat ngeal
      le himeartach mhac Míleadh.

    5. 1385]
    6. Gnáth craobh ar díon a duille;
      do hsaor imirt éanduine
      síol ríghEadhra tar rún cáigh,
      súdh na fíneamhna a fionnMháigh.
    7. Ó aois leinibh—lór do rath! —
      1390] do bhí ag déanamh beart mbaodhluch,
      ceann an tslóigh nar mhuidh mionna,
      gur fhóir ar fhuil Oiliolla.

    8. p.114

    9. Ó hEadhra nar ob éinfhear,
      ní raibhe acht aois óigfhéinniodh
      1395] uaidh dhá dhaghathair ar ndul
      ag sduaigh glanachoidh Gulban.
    10. Suil do éirigh Ó hEadhra
      fóbroid cách—cúis doimheanma! —
      slat do mhín muighe Mumhan
      1400] a thír uile d'átucchadh.
    11. Ó aois leinb gus an lá a-niodh
      do éiridh d'aimhdheoin Gaoidhiol,
      damh na ríghealbha ó ráth Cuirc,
      fáth mímheanma do mhaluirt.

    12. 1405]
    13. Tar mhíorún cháigh um Chormac
      fríoth le folt na bhfochonnshlat
      ós chionn shlóigh fhola hEadhra
      a thogha mar thighearna.
    14. Cách ar ndéanamh dóithe dhe,
      1410] tulcha réidhe learg Luighne
      a-táid dá n-aimhdheoin uile
      fa thaibhgheoir fhóid Iughoine.
    15. Ar an gcorsa cian ó shin
      d'aimhdheoin gach aoin do éirigh,
      1415] samhoil Chormoic d'iadh Earca
      triath dob ordhroic n-aigionta.
    16. Do bhí ag Cnucha—fa cúis leoin;
      is dé a-tá tús an uirsgeoil—
      a ndán do ghéirreandoibh Guill
      1420] cládh do chéimeannoibh Cumhuill.

    17. p.116

    18. D'aithle an chatha do chor air
      Cumhall dá éis nír fhágoibh,
      bláth na saorshlat ó Bhóinn Bhreadh,
      acht aonmhac dar chóir creideamh.

    19. 1425]
    20. Ní raibhe dísle ag duine
      d'éis Chumhoill d'Fhionn Almhuine,
      craobh raichéillidh ón Bhóinn bhinn,
      flaithfhéinnidh do fhóir Éirind.
    21. Fios a eachtra as aithnidh damh;
      1430] rug Bodhmhonn dh'éis a athar
      an leanbh lé idir bhonnoibh beann,
      gur fholuidh é ós íseall.
    22. A ndiamhroibh a n-ochtoibh all
      dá chaomhna do bhí Bodhmhand
      1435] ón ghlionn fholuidh go ar-oile
      do fhoghoin d'Fhionn Almhoine.
    23. D'eagla aitheanta—as dál dearbh—
      beart allmhurdha fan óigleanbh
      do chuir a bhuime Bodhmhann
      1440] ler luigh uirre d'anbhforlann.
    24. Le huamhan a daltáin dil
      fead aonuaire dá haimsir
      ní thug faill a mac Mhuirne,
      slat nar chaill a comairghe.
    25. 1445] Mar sin dí ó ghlionn do ghlionn
      gá dhíothludh ar fhud Éirionn,
      géag cubhra do-chuaidh ós fhiodh
      nó go bhfuair umhla ar éigean.

    26. p.118

    27. Éirgheas in flaithfhéinnidh Fionn
      1450] dá éis so dh'aindeoin Éirionn,
      dá bhfuair rímheirgi bheann mBreagh
      geall díbheirge fa dheireadh.
    28. Dob éigean dó teacht fa a thoil;
      tug Goll a n-íoc a athor
      1455] a bhreath féin dó fa dheireadh;
      ag só in céim do cúitigheadh.
    29. Gá dám ris acht ráinig Fionn
      cuid a shean d'inis Éiriond;
      críoch a oirbhearta as sé sin
      1460] an té as oirrdhearca ag eolchaibh.
    30. Do fágbhudh eighre ó nEadhra
      'n-a ógmhacaomh oireaghdha
      mar do fágbhadh a fáidh Fionn
      ag clár fhádghlan na hÉirionn.

    31. 1465]
    32. Do nós Find d'éis a athor
      ní fríth—gá mó mearachadh?—
      neach san tírse cloinne Céin
      do-rinde dísle dhoiséin.
    33. Do éiridh d'aindeoin gach fhir;
      1470] ar ó nEadhra do imthigh
      dála flatha na Féine,
      brágha chatha Choirrshléibhe.
    34. Do éiridh an donn daithgheal
      le hiomud a ionnsaightheadh
      1475] 's le méd oirbhirt Í Eadhra,
      an ghéag oirrdheirc fhíneamhna.

    35. p.120

    36. 'N-a chédarmoibh ar ndol dó
      nír leig uaidh uiread aonbhó,
      an chraobh tharoidh ó thoigh Tháil,
      1480] gan bhoin 'n-a haghoidh d'fhagháil.
    37. Goin san ghoin is creach san chreich
      gur chuir an iomáin d'éinleith
      —nír bhean a ghníomh re gníomh tais!—
      do-níodh ag díon a dhúthchais.

    38. 1485]
    39. Feadh Luighne na learg nuadhonn
      mór do fuilngeadh d'éadtualong
      Cormac ar cách suil do chinn,
      bláth na ndonnshlat a Duibhlinn.
    40. Do bhíodh thrá—fa tuar docra!—
      1490] gan fhleidh gan cheol codolta
      acht sriobh caol a ngabhloibh gleann,
      craobh do tharrngair an Táilgeann.
    41. Do bhíoth gur éirigh d'fhoghoil
      lámh aige as an aradhuin,
      1495] 's lámh 'n-a armoibh uair oile
      ag faghluidh Chuain Challroidhe.
    42. Rí Luighne na gcuach gcorcra
      do bhíoth faoi feadh codulta
      folt donnghlúineach dan dual toil
      1500] gormlúireach fhuar mar iomghaidh.
    43. A cheannaghart gach n-oidhche
      dob í an cheinnbheart chlochfhoirfe;
      ar a cholbha dho chuireadh
      an t-omhna nar hionnsoighiodh.

    44. p.122


      1505]
    45. Do bhíoth idir bheannoibh sliabh
      ó Challroidhe go Coirrshliabh,
      súil re a dheirbhfhine dho dhíon,
      ceinnbhile dh'úir na n-airdríocch.
    46. Triath Luighne na dtoirbheart dtrom,
      1510] mór fhuair Ó hEadhra dh'fhorlonn
      fa chlár mín na magh sreaphghlas
      gur ghabh tír is tighearnas.
    47. Bruit chorcorrdha agus cuirn óir,
      fíon is ceol—ní cúis dobróin!—
      1515] ar faghoil, gérbh fhada dhó,
      aga i n-aghoidh a andró.
    48. Gnáth aigi a n-íoc a fhorloinn
      'n-a chuirt fhionnbhláith iobhardhuinn,
      gruadh nár do fógradh le Fionn,
      1520] gáir ógbhadh is fuaim fithchioll.
    49. Luach a easaonta dhó ag dol
      gnáth 'n-a thigh bráighde biodhbhadh,
      múr fonnbhán na bhfeadh gcubhra,
      is tromdhámh fhear n-ealadhna.

    50. 1525]
    51. Eighri Céin nar char cionta
      fuair sé ar son a oirbhearta
      aoibhmos fa mhian a mheanma
      san chaoimhlios fhial oireaghdha.
    52. Ní tugadh bhós—ní bréag sin—
      1530] a chuid d'aoibhneas fhóid Fhionntoin,
      críoch na sriobh ngoirmealtach nglan,
      acht d'fhior oirbheartach uasal.

    53. p.124

    54. D'iath Banbha na mbord n-oirrdhearc
      mór fhuair do bhrígh bhuanoirbheart
      1535] fa chrích ngloin na mbraoinlios mbláth
      a thoil d'aoibhneas is d'iomrádh.
    55. Tar churadhoibh fhuinn Earca
      tug iomad a oirbhearta,
      ré iomlán ó thoigh an Trír,
      1540] iomrádh ar Choin in Chleitín.
    56. Ó Chonn Céadchathach tar ceart
      fuair leath Éiriond a hoirbheart
      le neart deorudh go fiadh bhFáil
      ar dtriall d'Eoghan ón Easbáinn.

    57. 1545]
    58. Murchadh mhac Briain—ní beart nár!—
      fuair as a oirbheart iomrádh,
      na hórchroinn fa gloine gníomh,
      tar mórchloinn oili in airdríogh.
    59. Branán coimhghe chláir Lughaidh
      1550] Cú Rí fa rí dh'Iarmhumhain,
      ceann an tsluaigh dob iomlán iocht,
      fuair iomrádh as a oirbheart.
    60. A Magh Tuireadh—taom oirrdhearc—
      cian uadh do dhruim deaghoirbheart
      1555] —báidh linn a gcur fa chomhthaibh—
      do chinn Lugh ar Lochlonnchaibh.
    61. Dá nós súd—ní saobh in reacht—
      fuair tusa inmhe a hoirbheart,
      a bhláth craobh Thighe an Teampla,
      1560] a bhile saor soidheargtha.

    62. p.126

    63. Dá bhfaghtha a bhfuarudar sin
      ní thiobhartha, a thuir Uisnicch,
      geall ar oirbheart d'aon oile,
      a ghoirmdhearc shaor hseabhcoidhe.

    64. 1565]
    65. Ní dóith d'aonduini hoighriocht;
      ní déntar ód dheaghoirbheart
      dóith chogoidh do chloinn Eadhra,
      a chroinn abaidh fhíneamhna.
    66. Tugsad cách—ní claon in reacht! —
      1570] geall ar uaisle 's ar oirbheart
      doit, a chéile cláir Eamhna;
      cóir na tréidhe tighearna.
    67. Táinig dhíot díon do shleachta;
      fuair tusa a hucht t'oirbhearta
      1575] mar nar fhaláir, a bharr Breadh,
      anáir Ghall agos Gaoidheal.
    68. Sí fad mhaoroibh, a mheic Céin,
      críoch Luighne na magh mínréidh,
      a ghéag thoroidh ón Bhaoil bhuig,
      1580] a cobhair dod thaoibh thánuig.
    69. Bíodh Peadar eadrom is sibh
      laithe in bhrátha, a rí in ríchigh;
      cneadh ad chígh gidh doilidh dhoid
      bhur n-oighidh as trínn tánoig.

    70. 1585]
    71. A mheic Gráinne, a ghruaidh mar shuibh,
      nach marann tú, a thuir Aolmhuigh,
      uch mun-uar is fáth urchra
      truagh sa chách an comhorrtha.

    72. p.128

    73. Teisd inghine Maoil Mhuire
      1590] béim dhí ní fhuair aonduini;
      sí do chléir ní dóidh dhearoidh
      dá méin as cóir creideamhoin.
    74. Lorg a sleachta lé leantoir;
      fuair teisd as a toirbheartoibh,
      1595] bean do-chóidh tar crú Suibhne;
      clú cáigh ar a comairghe.
    75. Ní ceiltear maoine Máire,
      's í fa thoil gach thromdháimhe;
      a daghshamhoil as sí soin,
      1600] as baramhuil í d'Eimhir.
    76. Blagh 'n-a áit aice ag anmoin,
      téid sé uile dh'ollamhnoibh,
      cuid dá crodh rú ní rannfa;
      cor a clú 's dá comharrtha.
    77. Táinig san


p.130

IX

An Fearghal Óg Céadna .cc.


    1605]
  1. Sona sin, a chlanda Cuind;
    a-tá oirbhsi a gclár Criomhthoinn,
    fon solus na ngéigfhiodh ngeal
    sonus nach éidir d'áireamh.
  2. Sona dhaoibh mar táid thalloin,
    1610] a chlanda Cuinn chréachtlannoigh,
    sluagh ríoMhumhan ag roinn ribh,
    croinn dob fhíorumhal d'éigsibh.
  3. Nach cuid dá bhur sonus sin?
    táinig Tadhg ma Céin chugaibh
    1615] a hIarmhumhain na séd sean,
    gég ó ghrianbhrodhoibh Gaoidheal.
  4. Ó bhur ngaol re Tadhg Teamhra,
    a shíol gCuinn chláir sheinEamhna,
    nír fhéd líne ridhe ruibh
    1620] fa ríghe thighe Tuathuil.
  5. Tadhg mhac Céin an chúil sgathoigh
    Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathuigh
    a sheanmháthair as sí sin,
    rí ó eangráthaibh Uisnigh.

  6. 1625]
  7. Táinig Tadhg do thaoibh a ghaoil
    ó thuathaibh Caisil chollchlaoin
    a-niar go Cormac Cláire
    dondshlat ó iadh fhiondMháidhi.

  8. p.132

  9. As sé Tadhg mhac Céin do chuir
    1630] fa cheann saoirmheic Airt éachdoigh
    coróin ríogh fionnmhoighe Fáil;
    díor an ionnmhuine dh'admháil.
  10. Ar son Chormaic cian ó shoin
    tug seacht n-éachdchatha dh'Ultoibh
    1635] Tadhg mhac Céin, tuir na Teamhra,
    slat réidh ó mhuigh mhínLeamhna.
  11. A shé meic dég—dearbh in dáil—
    's na trí Fearghois—feidmh neamhnáir—
    dáibh gá haird i narbh eagal
    1640] le láimh Thaidhg gur thuiteadar.
  12. Leis do cuireadh—céim bloidhe—
    cath Crionna ar chloinn Rudhroidhi
    ar sgáth rígheidhre beann mBreagh,
    ceann sírsheilbhe na sindsear.

  13. 1645]
  14. Do iar diombudh fhola hÍr,
    do-rinne Tadhg slios seingmhín,
    críoch gnéshlim na ngormshlat ngeal,
    Cormac ós Éirinn d'oirneadh.
  15. A námha riamh roimhe sin
    1650] sona do mhac Airt Éinfhir
    Tadhg dá oirneadh ós iath Fáil
    triath nar toirneadh a tteagmháil.
  16. Dá chéile ón lósoin a-lle
    fine Chuinn 's an chlann Chéinse
    1655] fa chrích móir bhformadaigh bhFáil
    dóigh gor chonnmhadair combáigh.

  17. p.134

  18. Síol gCéin dá chomhartha sin
    do an cuid díbh go deimhin
    ón Mháigh goirmghil duind dathaigh
    1660] fa oighribh Cuinn Chéadchathaigh.
  19. A rogha féin d'éis fhuirigh
    do mhínLeith Chuinn chraobhdhuilligh
    do thuill síol catharrdha Céin;
    díon dá n-atharrdha iaidséin.

  20. 1665]
  21. Dlighidh síol gCuinn chosnas troid
    —go deimhin as dó a-támoid—
    ealbha na laochlann leaphar,
    saorchlann Eadhra dh'uaisleaghadh.
  22. Mó as daor do tuilleadh le Tadhg
    1670] ó shíol Airt na n-each mbeannard,
    damhna ríogh mhoighe Mumhan,
    a shíol uile dh'ardughadh.
  23. Síol gCuinn na gcraoisioch bhfoirfi
    ua Taidhg Cormac créachdghoirthi,
    1675] mun sédachadh um Bóinn mBreadh
    a mhédachadh dóibh dlighthear.
  24. As beithti dhóibh—dia do bhágh!—
    dá eagla nó dá fhíorghrádh
    ar tí uaislighthe fhir Bhreadh
    1680] na guaisbheithre ó thigh Thailltean.
  25. Muna chonnmhoid clann Fhéilim
    báidh Taidhg dá bhais bhláithmhéirsheing
    a gcrích ghéiggil chuirmthigh Chuinn
    tuillfidh ar éigin urruim.

  26. p.136


    1685]
  27. Le sníomh colg, le corcradh ga,
    maith as aithnidh d'Ó Eadhra,
    tamhun cubhra ón ghormMáigh ghil
    umhla dh'fhodhbháil ar éigin.
  28. Tuilleadh umhlucht amhluidh sin;
    1690] meinig do chuir lúib luaimhnigh
    buachoil leargmhoighe bruaigh Bhreagh
    tre dheargdhoire chruaidh caoilshleadh.
  29. Frais d'armoibh fa áit a shean
    iomdha caithghleo nar caitheadh
    1695] ó Mhuaidh go sédphort Sionna
    re héchdchorp í Oiliolla.
  30. Sochar gan dochor ní dú;
    meinig do dhoirt a dhonnchrú,
    críoch bláth na dtiormdhoiri tte
    1700] ar sgáth liondmhoighe Luighne.
  31. 'N-a lúirigh do loigheadh sin,
    meinig do chleacht ól eighridh
    agas cruaidhshneachta dá chorp
    agos fuairleabtha gan adhart.

  32. 1705]
  33. Do-rinne Ó hEadhra ar éigin
    críoch Luighne in chláir chaoimhghéiggil
    díon a shíothmhuighe mar sin,
    fíocruinne na ngníomh ngaisgidh.
  34. Nír fhéach d'imshníomh ná d'ól sreabh,
    1710] nír fhéch anbhuain ná dh'éigean,
    cian do bhíoth a mbothaibh slat,
    a chríoch gur chothaigh Cormac.

  35. p.138

  36. Do shíol gCuinn dá gcreidiogh soin
    nach ffuigheadh uatha a hurdoil
    1715] do bhíoth ar cuimhne ag Cormac,
    críoch Luighne na leabharshlat.
  37. Olc do-rinde cineadh Cuinn
    buain re himlibh a fhearuinn;
    dá dhonnghlaic nar dháigh chogoidh;
    1720] báidh Chormaic nír chonnmhaduir.
  38. Do cheangoil Cormac ó Cuind
    —dá aicme ní hiul leathtruim—
    báidh go bráth re caoimhchloinn Chéin,
    na saorchroinn ó ráth ríNéill.

  39. 1725]
  40. Ón deighrigh dá dhearbhudh sin
    fuair Tadhg mhac Céin cuid chrandchoir
    don chrích mhínghil um Bóinn mBreadh;
    dá sgríbhnibh as cóir creideamh.
  41. Siobhul a eich re headh laoi
    1730] tug Cormac d'Éirinn fhéarnaoi
    don ré thuraidh Tadhgmhac Céin,
    ardshlat ón Mhumhoin mhínréigh.
  42. A chongnumh féin feadh a ré
    tug Tadhg—ní hiul gan fhínné—
    1735] tar chách do Chormac dhá chionn,
    donnghlac ar nar ghnáth géibhionn
  43. A ndiaigh a bháis—ní bréag sin—
    fa chur re síol Airt Éinfhir
    tug fógra choidhche dá chloinn
    1740] fa Fhódla gcoirmthe gCriomhthoinn.

  44. p.140

  45. Feirde síol gCuinn a chobhair,
    gríobh an aignidh éachtghonoigh;
    do rígh Luighne an tráigh thaisghil
    as cóir cuimhne an chadaighsin.

  46. 1745]
  47. Do shíol gCuinn ní ceilte a bháidh
    congnamh Í Eadhra d'fhagháil;
    as feirde Éire uile,
    céile leirge Liathmhuine.
  48. As fiu a eineach 's a oirbheart
    1750] as iomad a uasailbheart
    nach cóir gaolbháidh dh'éra air,
    an rélla ón chaolMháidh chréchdoigh.
  49. Feirde an fine gá bhfoil báidh
    re a ghruaidh ndrithleannoigh ndonnbháin,
    1755] bláth glainchleath muighe Meadhbha
    ruire caithmheach claoinTeamhra.
  50. Beithir chréchduch chleas ngoile,
    éigne eiteadh n-órrdhoidhe
    ó shruth úr míonchaol Máidhe,
    1760] ríochraobh dh'úr na hEasbáinne.
  51. Géag do choillidh chnuic Áine,
    damh dh'ealbhaidh fhóid fhionnGháille,
    bláth na bhfeadh ó leirg Luimnigh
    nar ghabh fheirg fa athchoinghidh.

  52. 1765]
  53. Cormac sgáthán gach sgoile,
    slat abhla chnuais chubhroidhe
    d'fhiodhbhaidh Fhéile is eang Luighne,
    don fhéile as ceann comuirghe.

  54. p.142

  55. Gnáth leis ag díol dámh ndoiligh,
    1770] le hiomad a fhíoroinigh,
    éd ar Caiteilín do chor,
    gég dhaighceiníl na ndeorudh.
  56. Achd re heineach Í Eadhra
    Caiteilín cruth soidhealbha,
    1775] géis ón Bhúill chuirmthe chleithghil,
    tnúidh uirrthe ní hairighthir.
  57. Deirdre na tíre thalluin,
    Eimhear fhréimhe Raghallaigh,
    inghion Toirrdhiolbhaigh, glac geal
    1780] slat do ghoirmfhiodhbhoidh Ghaoidheal.
  58. Mór Mhumhan a fréimhe féin,
    fagháil a deargtha ó daoirchléir
    dá gruaidh ní gar a-nosa;
    an bladh fhuair ní hurosa.
  59. 1785] Mág Aonghusa nar ér mhe,
    truadh don bhás a bhuain dínne,
    gég do-chuaidh tar chrú Rosa;
    an clú fhuair ní hurusa.
  60. Fa bhás Cuinn dreach nar donnadh
    1790] mór ríoghan as ríoghollamh
    mór n-oireacht do bhuail bhosa;
    toigheacht uaidh ní hurusa.
  61. Saoradh m'anma d'éis mo bháis
    go dtí do Pheadur príomhfháidh
    1795] 's do Mhuire is don chíoch corcra;
    ríomh mh'uilcse ní hurusa.
  62. Sona sin


p.144

X

An Fearghal C.na cct

    1. As fiacha ar neach an ní gheallas;
      gealladh daingean—dia do bhuaidh! —
      lámh as treisi ar fhud gach fheadhma,
      1800] tug meisi d'Ó Eadhra uaim.
    2. Do gheallus laoidh 'n-a laoidh cumuinn,
      craobh do lubhghort leasa Floinn,
      dom laodh dil, do Chormac Cabha,
      glanshlat do dhligh ragha is roinn.

    3. 1805]
    4. Cuige do chomhall mo gheallta,
      géag thoroidh as truime bláth,
      fear nar iarr acht a n-ágh urruim,
      triall lem dhán comuinn tar chách.
    5. A theachtoire théid go Cormac,
      1810] dá chneas lúthmhar lingeas tóir,
      fear do thabhoigh go hég m'annsa,
      tabhair an tréd rannsa róinn.
    6. Iomdha romham san raon díreach
      le druing dheaghrann dan dual toil
      1815] ón trian teas go Cormac Cláire,
      donnshlat ó Eas Mháighe a-moigh.
    7. Beir ón Mhumhain na múr ndaithgheal
      an drong rann do-rinne mé
      go bile Gréag tar gach Gaoidhiol;
      1820] séad fine na n-aoigheadh é.

    8. p.146

    9. Maith a chumann, caomh a aigneadh,
      aoibhinn doidse dol 'n-a cheand,
      fear nar aomh béim ar a bhiodhbhaidh,
      craobh réidh don fhiodhbhaidh as fhearr.

    10. 1825]
    11. Ní tuirsioch doit dol go Cormac;
      cuirfidh mo chéili, creid uaim,
      —laoidh nó duan ní háil a n-aisgidh—
      ad láimh luach bhur n-aisdir uaidh.
    12. Síos go seolchrann sleachta hEadhra
      1830] ní haithreach dhoit dul ar séad;
      laoidh riamh ná aonrann a n-aisgidh
      nír iarr saorbharr gaisgidh Ghréag.
    13. Dom chéile ar gcluinsin na rannsa
      reac uaim ris, is ní rádh clé,
      1835] mo bheith a ngioll ag géig Thaoidhean,
      's nar thréig sinn ar aoinfhear é.
    14. Cóir do ghrádhoigheas géag Mháighe;
      minic fhuaras san trian tuaidh
      a ghrádh, a uille ar cúl comhóil,
      1840] a rún uile, a onóir, uaidh.
    15. Gan fháth ní thugus toil doiséin;
      a ndiaigh na tarbha téid an grádh;
      fuaras uaidhe a each 's a eirreadh,
      an chleath nuaidhe neimhmion nár.

    16. p.148


      1845]
    17. A-tá sind ar son ar gceannoigh
      ag Cormac ó chroidhe thé
      budh buan go héag an toil tuilltir;
      ó shin as dá mhuindtir mhé.
    18. Beith ag Cormac na gcolg ngreanta,
      1850] gruaidh loinneardha dar las gríos,
      do neach dom thréad ní toil mheallta,
      géag ó Thoigh an Teampla thíos.
    19. Cormac Ó hEadhra ucht solus,
      seabhac éachtach na n-each mbras,
      1855] nír thuill diomdha um dháil a mhaoineadh
      iomdha idh na n-aoidheadh as.
    20. Do lean Máire mhéin na gcraobhsoin,
      na craobha ór chin ciabh na lúb;
      meinig ag cách a clú ar cuimhne,
      1860] as gnáth le crú Suibhne sútt.
    21. Na croinn fhíneamhna ór fhás Máire,
      'n-a maoinibh ní mór a gcás,
      do mhéadoigh sí a ccéim re chéile,
      sí do réir a fréimhe ag fás.

    22. 1865]
    23. Doirseoir Dé ná diultadh mheisi;
      míorbhul bhuan ar nach bíodh glas
      síodh biodhbhadh san Róimh do-ríne;
      ní hiongnadh dóidh fhíre as.
    24. Adhbhar bróin a bheith fan gcomhraidh,
      1870] Conn Aolmhuighe na n-each mbras;
      ní ghabhadh sin séad ó aoinfhear,
      géag do chin ó Ghaoidhiol Glas.
    25. As fiacha ar neach.


p.150

XI

An Fearghul Céadna cc

    1. Grádh mo chroidheisi Cormuc,
      rí Luighne na leapharghlac,
      1875] slat chraobhnár d'óigfhiodh na n-Art,
      mh'aonghrádh dho chóigeadh Connacht.
    2. Tugas grádh chon dá cuaini
      dá ghruaidh ghairthi ghríosnuaidhi,
      ré lán fa bhfeacthar an fiodh,
      1880] nó grádh ealtan dá hinbhear.
    3. Tugas grádh eoin dá énoibh
      dá bhais tseada tseingmhéraigh—
      do mhuin toile a-tám dá thaobh—
      nó grádh oighi dá hóglaodh.

    4. 1885]
    5. Nír charus é gan fhachoin
      Ó hEadhra in fhuilt fhionnsgothoigh;
      tearc a aithghein do chloind Chéin,
      dá aithribh nír thoill toibhéim.
    6. Ní thiocfa ní tháinig riamh,
      1890] a gcrích Chuinn na gcoll mbairrfhiar,
      gég tharuidh nar mhuidh mionna,
      a samhoil d'fhuil Oiliolla.
    7. Ar uiread righe ris féin
      ní chuala a aithghein ainnséin,
      1895] fonn trághfhoirfe na tTrí bhFear,
      rí sároighthe na sinnsear.

    8. p.152

    9. Ó hEadhra Buidhe, bas dil,
      fáth mo ghráidh dá ghruaidh chrithrigh
      —bíd do hsíor ag cleith Chabha
      1900] fíon is eich is ealagha.
    10. Ar sdéduibh uaisle, ar eallach,
      gnáth leis dán do dheighceannach,
      's fíon do dhaoircheannach mar dhigh,
      gríobh ó chaoimhtheallach Caisil.

    11. 1905]
    12. Cormac mhac Céin, cúl failgheach,
      triath éachtach na n-oghoinbhreath
      dreach craobhghoirthe ar nar chinn lámh,
      sinn taobhshnoighthe dá thromghrádh.
    13. Ar feadh Luighne na learg ndonn,
      1910] toibhéim uirre ní fhaghann,
      earla fiar na gcleath gceiníl,
      neach nach cian ó Chaiteilín.
    14. Nír thuill ó ollamhnoibh fheirg;
      nocha raibhe ó aois óigleinb
      1915] a n-aghoidh duine le dán,
      do thabhaigh uile a n-énghrádh.
    15. Ceand einigh innsi Logha
      Mág Aonghusa mh'fhíorchara,
      líonta a-nú dá thoil a-tám
      1920] a-tú ar n-am ghoin dá ghéarghrádh.
    16. Grádh mo chroidheisi.


p.154

XII

Irial O hUiginn .cc.

    1. Ceanglam re chéile, a Chormuic,
      a bhaisghil réidh ro-ordhruic;
      riamh, a ghruadh ghlainleaphur ghrinn,
      buan gach daingneaghadh díthchill.

    2. 1925]
    3. A ríoghfhlaith Thighe in Teampla,
      ceanglam cunnradh neamhmeallta;
      bíom ar-aon go hurrlamh air
      ná haomh acht condramh cosmhail.
    4. Re feadh ar mbeatha, a bhas tseang,
      1930] ar cconnradh ní heacht aithghearr,
      ceanglam ar-aon leath ar leath,
      a dhreach shaor neamhghann náireach.
    5. Nír mealludh tusa, a ghruaidh ghlan,
      ag so dhoit do dhíol d'ollamh,
      1935] deimhin liom nar mealladh mé,
      sionn ar gceangal re chéile.
    6. Budh leat díoghrais mo dhána
      tar chách, a chruth seangmhálla;
      a bhruinne seang, ní saoire
      1940] leam h'uille agas th'iolmhaoine.
    7. Ná bíodh, a leomhain Luighne,
      rún cogair ná comhairle,
      a-tá dod dheirc romhoill rinn,
      ar ceilt oroind at indtintt.

    8. p.156


      1945]
    9. Mar sin cheangloim mo chondradh
      riot go daingean deaghurrlamh;
      buan a chlú dod chéibh ttaissi
      as tú féin ar bhfiaghnoisi.
    10. Am dhiaigh bhudh anáir dh'ollamh
      1950] an cunnradh do cheanglomar,
      ag fine Chéin budh cuimhneach,
      a bhile réidh ríoMhuimhneach.
    11. D'éis gach thimchill dá ttug sind
      idir Alboin is Éirind
      1955] béin fad mhíonbhois as mithidh
      ler ndíoghrais féin fillfithir.
    12. A mheic Úna, a ucht solus,
      gé bheith oirn 'n-a fholtonus
      leat tol mo chroidhe, a Chormoic,
      1960] a bhile glan gégorrdhruic.
    13. Clár Luighne acht a loighead duit
      caith is cosoin, a Chormuic—
      tuig nach cleathrámh ar chan mé—
      's ná han ar leathchlár Luighne.

    14. 1965]
    15. Maicne Chéin toir agas tiar
      —moluim dhóibh 's ní dímhiadh
      tú dho thuill mar dhleaghar duit—
      treabhadh fad chuing, a Chormuic.
    16. Fuil ríoChuinn na mbronntadh mbog
      1970] is fuil Mhodha náir Nuadhad
      do teilgeadh fa thaobh th'aighthe,
      a chraobh dheirggeal duphghairthe.

    17. p.158

    18. Ní fríth dh'easbhoigh Í Eadhra
      céim do thréidhibh tighearna
      1975] feidhm nar dearbhudh leath ar leath
      do dheilbh dh'eangnamh is d'eineach.
    19. Meadh Chormaic a ttráth troda
      mílidh do chloinn Chearmada,
      nó mac mearghlan Modha Néid
      1980] nó eangnamh Logha a leithéid.
    20. Ó tá Luighne ar láimh Chormuic
      fríth lé liaigh a hothorluit,
      tarrla ar láimh a leadha a luibh,
      cóir a cneadha do chabhuir.

    21. 1985]
    22. Re mac Céin ceingeoloidh mé
      chundradh gan chead a sgaoilte;
      bíodh ar searc rer-oile and,
      ar n-eachd ó chroidhe ceanglam.
    23. Tréighe ríomhná a méin Mháire
      1990] d'einioch agas d'fhíornáire
      ar bladh 'n-a huchd do hanadh
      le lucht ban do bhreathnaghadh.
    24. Suas go hinghin Mhaoil Mhuire
      dá n-áirmhinn go haonduine
      1995] —a clú a gcuimhne dho cuireadh—
      crú Suibhne nír sáruigheadh.
    25. Do chin Máire ar mhodhaibh ban,
      céim mall is beagán briathar
      fuairsi modha do mhebhuir
      2000] d'uaisle fhola is d'airrgheanuibh.

    26. p.160

    27. A Eoin Baisde, beir mheisi
      libh fa thásg an tigheissi;
      badh réigh mh'fhala san tigh thall
      ribh, a chara, dhá gceanglam.
    28. Ceanglam


p.162

XIII

An t-Irial Céadna Ó hUiginn .cc.

    1. 2005] Creach ag Luighne ó Leith Mhodha
      cuimhne ar an chreichsi cheana,
      creach ríogh as mhó ar íbh Modha,
      rogha a ngníomh dhó fa deara.
    2. Creach dh'iath Luighdheach do lámhoigh;
      2010] Luighne leantar a n-iaroinn,
      trom an bhreath ar iadh n-Éimhir;
      déinimh chreach riamh 's dá riaghuil.
    3. An bhfuil dídean a ndligheadh
      ri creich ón mhuighsin Mhumhan?
      2015] sí dhíonn do bhreith nír beanudh,
      dleaghar díon ar chreich churadh.
    4. Fine Céin an chreach luaidhim,
      a gcéin ag teacht tar tóruinn;
      ar luidh d'fhoirind ar aoineing
      2020] maoidhim d'fhuil Oilill Óluim.
    5. Do bhreith Chairthe is a cluinsin,
      leibh, a Chaisil, an chreachsin,
      do chreach do-chí san orsain,
      an breath chosmhoil í at easbhoigh.

    6. 2025]
    7. Creach ríogh ar chuimhne cluintear,
      do dhíoth Muimhneach ní moltor,
      Luighne do-chím gur chiontoigh,
      tiocfaidh trínn cuimhne ar Chorcaibh.

    8. p.164

    9. Tóir ó Thráidh Lí 'n-a leanmhoin
      2030] gurbh áil cóir ón chrích Luighnigh
      creach shluaigh 's a fios gá foghlaidh
      connmhoidh Muaidh ó lios Luimnigh.
    10. Siad a gcéin d'anmhain uaidhe
      do ghlanMhogh Néid ní náire;
      2035] mas sé as toil dar gcloinn Chéinne
      ní boing bhéime ar mhoigh Mháidhe.
    11. Do Chormac dh'aithle a n-umhla,
      flaithbhile as oirdhearc n-anma,
      ar ghairm ríogh do fhréimh Eadhra
      2040] meanma réigh ag síol Sadhbha.
    12. Ró teasda ar eachtra uadha
      dá measdar ní meath dála;
      sgaoilidh dámh fa iadh Úna,
      lán súla riamh gá rádha.

    13. 2045]
    14. Ní gan fháth fhuair a n-umhla
      ó chách a n-uair an fheadhma;
      leis a mbeirn do bhí a bhiodhbha
      diongna in ní dh'fheidhm Í Eadhra.
    15. Ríoghfhlaith re roinntear maoine
      2050] dá díothludh ar bhoing mbéime,
      maith fa roinn acht roinn tíre,
      flaith fíre dhar ccloinn Chéinne.
    16. Ealta hseabhuc dh'fhuil Eadhra
      cuingidh le mbeantar biodhbha
      2055] fáth narbh áil síodh na Samhna
      tarrla dháibh díol a ndiomgha.

    17. p.166

    18. Cormac re hucht gach aoinfhir
      fa chonfadh a ngort ghábhaidh
      dá féin as am dá fhéaghadh,
      2060] dénadh clann Chéin ar chánoigh.
    19. Tadhg mhac Céin re cairt chloidhimh
      dá sdair as déanta deimhin
      gur dhearbh sé sén a chinidh;
      sgél dlighidh é dhá oighir.

    20. 2065]
    21. Lámh tharrla ós fheidhm gach aoinfhir
      Tadhg a mbeirn nó gur bhuadhaigh;
      tig le tréan ó iadh n-Éimhir
      triall dar éiridh séan sluaghaidh.
    22. Tadhg ar fhoghoil re n-ógoibh
      2070] sbairn 'n-a n-aghaidh narbh fhéidir,
      budh thuaidh ar dtriall an óigir
      trian cóigidh fhuair ar éigin.
    23. Fuair dhá shíol sochor suthoin,
      foda bríogh a n-a bhreathaibh;
      2075] tiad ós aird ar dtriall tochoir
      sochair Thaidhg ar iadh n-Eachaidh.
    24. Dual dá shíol cách fa a chomhaidh,
      gach críoch fa chánaidh cuiridh;
      mór n-aird do iadh 'n-a aghaidh
      2080] d'fhaghail Taidhg ar fiadh bhfuinidh.
    25. Nír chuir suirghe ar cheand gcumuinn
      tuir Luighne re léim glaineang,
      mac Céin 's dá fhiadhach dh'fhearann
      gealfhonn réidh grianach Gaileang.

    26. p.168


      2085]
    27. Gnáth airrghi ríogh 'n-a ríoghfhuil,
      síol an Taidhgsi 's dá ttréidhibh,
      maicne fa dhíol do dheoraibh
      síol leomhain d'aicmi Éimhir.
    28. Sé dá mheas le mac Úna
      2090] meadh chosmhoil mar do-chuala;
      lorg Taidhg ar ghníomh do-ghébha
      sgéla ríogh ós aird uadha.
    29. Beith dána a deaghbhloidh dlighidh
      Ó hEadhra tar chách cuiridh,
      2095] teisd cháigh ós aird do fhoiligh
      oighir Taidhg re ndáimh nduiligh.
    30. Gasroidh órbh anta a n-iorghoil
      fa Thadhg don mhacraidh Mhuimhnigh;
      sgéla a theasd libh dhá leanmhain
      2100] dearbhaidh sibh, a fhleasg Luimnigh.
    31. Ró teisde ar ndul a ndaoirsi
      nach roichid cur red chéimsi,
      do chlú dá gcora i n-uaisle
      fuairsi rogha ón chrú Chéinse.

    32. 2105]
    33. Do shirthe ag rochtain rompa,
      a Osgair Thighe an Teampla,
      lór uaibh ar chách mar chionnta
      buain iompa a ttráth na teannta.
    34. Toil ag fear linn nach ludha
      2110] do shreibh mhir fa mhadh Modha
      sé ón teas n-a thráigh thana
      Eas Dara ios táin dá thogha.

    35. p.170

    36. Tug fáidh aithne ar a airghibh,
      tairthe fa thráidh gach innbhir
      2115] searg an chuain 's an ghoil gheamhroidh;
      dearbhaidh soin Muaidh 'n-a minshreibh.
    37. An ríoghfhuil ó mhuidh Mhumhan,
      gá bhfuil ríoghdhacht 'n-a roghar,
      sealbh in chlú dá druim dleaghar
      2120] bearar crú Cuinn 'n-a gcomhar.
    38. As fiu a ndáilid ó dheaghthoil
      clú 'n-a gcároid nach cuirthir,
      téid a mhéin re muir ttorchoir;
      fuil Dhonnchaidh a gcéill cuirfidh.

    39. 2125]
    40. Cách ag tnúdh le díol dáimhi
      nír shín a gclú re chéile;
      téid an clú dháibh a ndaoire
      daoine láimh ler gcrú Céinne.
    41. Fiodh dar lia bile is barrshlat
      2130] tearc triath dá ttig a thromlot,
      muna guais Goill dá n-iomlat,
      coill fhionnshlat chnuais fa Chormac.
    42. Arm cruaidh neimhmeirbh an naomhchroch
      uaimh Ifrinn nó gur fhírchreach,
      2135] sleadh do bhí ad chíoch mar chaomhthach;
      saothruch fríth, a rí, an ríchreach.
    43. Creach ag Luighne.


p.172

XIV

An t-Irial Céadna Mhac Aonghusa Í Uiginn .cc.

    1. Ag so chugad, a Chormuic,
      drud le fasgadh fochanbhruit;
      2140] roimhe ad cheann do-chuaidh meise,
      bhudh fearr an uair eileisi
      Asam tuirsioch aniudh.
    2. Ag so mhé dhuit, a dhreach ghlan,
      gabh rinn a-rís mar ollamh
      2145] lámh a láimh is cneas re cneas;
      gan teas ní cóir an cairdeas.
    3. Córuide réidhioghadh rind
      —ní hé a-bháin, a bhas tséghoinn—
      neach nach ordhruic gan ollamh,
      2150] a Chormuic, do-chualamar.
    4. Gidh maith damhsa, a dhreach mhálla,
      do bhronnta is barr th'anára,
      feirde thú ollamh agoibh,
      a chnú ollamh fhíorabuigh.

    5. 2155]
    6. A ghnúis ríomhálla, a rosg mall,
      cubhoigh ribhsi é dh'fhulang
      dá mbeath ainmhéin at ollamh,
      a dhreach glainréidh, gan athollamh.
    7. Rí Midhe agus Mac Coise
      2160] —sgél foirfe go bhfiadhnoisi—
      tiad, a Chormoic, ó chéile,
      dob ordhruic a n-aimhréighe.

    8. p.174

    9. Dob é a-rís críoch a gcogoidh
      a ndíoghrais go ndeachodair
      2165] Maoil Eachloind ios a ollamh;
      ní leathroind ar labhromar.
    10. Do bhí Fíthiol fada a bhfeirg
      le Cormac mac Airt airmdheirg;
      do-ní a mheanma do mheasgadh
      2170] rí Teamhra do thréigeasdar.
    11. Ar an ollamh as sé a bhrígh,
      do-chuaidh iarruidh ón airdrígh;
      síodh cheandoigh ór mhaith meanma
      do cheannoigh flaith finnTeamhra.

    12. 2175]
    13. Giolla Brighde ó Bhaile Í Néill
      fa fheirg go Cruachoin gclaidhréigh
      gor bronnadh réir tar riaghoil
      d'ollamh í Néill Naoighialloigh.
    14. Murchadh mac Briain eacht oile
      2180] 's Mac Liag lán do chorroighe
      tugsad annsacht darr-oile
      gan fhallsacht 'n-a n-ionmhoine.
    15. Ní bhiam réidh red rosg rionnghlan
      a gcaidreamh ná a gceiliobhradh
      2185] go bhfaghthar, a chleath Choradh,
      breath Chathfaidh ó Chonchobhar.
    16. Mar dho-rinne gach rí dhíobh
      ó a-tá tú ar airrcchibh innríogh,
      tú dhúinn bhus cuisle chroidhe
      2190] cuirsi ar gcúl ar gcorroighe.

    17. p.176

    18. Sé ar ghníomh do chor 'n-a chomhaidh
      gach rí dhíobh dhá ndubhromar
      dar leat do fhaomh Ó hEadhra;
      nír ghlac acht taom tighearna.

    19. 2195]
    20. Ríoghradh Éireann leath ar leath
      ler gceirdni ag iomchor ainbhreath;
      gár chóra dháibh iná doit?
      fam rádha as cóir, a Chormoic.
    21. Gabh meisi, a Mhuire, ar hionchuibh,
      2200] a ghnúis dhiagha deighiomchuir,
      a chroidhe ar nach feas formod,
      a chneas lile leabharlag.
    22. Ag so chugad.


p.178

XV

An t-Irial Céadna Mac Aonghusa Í Uiginn .cc.

    1. Cionnaim a-nois cia ar gcara
      a n-aimsir na heasbhadha
      2205] dá mbeath mh'anocoil and
      each 'n-a hanshocair oram.
    2. Cia a-nos ó bhfuighinn an t-each
      idir chlár Luighne is Luimneach,
      ar meas tslóigh Ghaoidhiol is Ghall
      2210] acht dóigh a haoinfhear agam.
    3. Go dol go síol Néill a-nonn
      —go dtí Dia dh'fhéachoin oram—
      bead feasda choidhche dom chois;
      toirnfe deasga mo dhíomois.

    4. 2215]
    5. Ar n-aonchara a-bháin a-bhus
      —ní thig duini gan dúthchus—
      gé leam ríoghradh Teamhra thall
      Ó hEadhra d'fhíorbhun accam.
    6. A Í Eadhra, aigneadh fial,
      2220] a chroinn do mhórchoill Mhaicniadh,
      ná diult damh fan méidsi a-mháin,
      éisdsi agus gabh mo ghearáin.
    7. Ní héidir dhúinn dol a bhfad
      ag so mhé dom chois cugad,
      2225] a ghnúis tsliommall ghairthi ghlan,
      fiondam haithne fat ollamh

    8. p.180

    9. Do-bhér duit díol ar a hson
      fa molfoid cách do chonnradh;
      feirdi ar mbreath, a bhoisghil bhuig,
      2230] nach each a n-aisgidh iarrmoid.
    10. Ní hadhnáir dhoidsi, a dhreach sheang,
      meas féin h'each agus h'inneall;
      biaidh gan easbhoigh a luach libh
      an t-eachsoin má luath láidir.

    11. 2235]
    12. Do-bhér uaim ar an eachsoin,
      ó tá orm d'uireasbhoigh,
      do bhreith ghealghruadh gan ghoradh,
      teannluagh a eich dh'adhmholadh.
    13. Do-ghéan dán díoghraiseach dhoit;
      2240] mairfidh so choidhche, a Chormoic,
      dom chur suas, a chleath Chaisil,
      each as duas don díoghraissin.
    14. Girre ná sin saoghul h'eich
      buaini an laoidh 's ní mar leithbhreith;
      2245] cóir iarruidh séad ar a son
      dá chéad bliaghoin do-bhéradh.
    15. Ní móide go mairfeadh heach
      a gcionn bhliadhna, a bhláth Muimhneach;
      ós dó a-tám, a ghruadh ghairthi,
      2250] dán na suadh ní sochaimhthe.
    16. Dá dteagmhadh dhí dealg 'n-a cois
      ar a rioth do dhruim dhíomois
      creid dúnn, a dhreach mar lile,
      heach ar ccúl do cuirfidhe.

    17. p.182


      2255]
    18. Abuir riom, a rosg nuaidhe,
      beir an rogha is robhuaine,
      each dhuid agus deaghdhán damh;
      neamhnár do chuid don chondradh.
    19. Iomdha uaid go hÉimhear bhFionn
      2260] do toghadh ar chlú a gcéimionn,
      dual dh'fhilidh athtogha ort,
      dlighidh deaghcara dúthracht.
    20. Gan dul a gcath dá chionnsa
      maith cheanchuim each Í Eadhra;
      2265] fearr dá ghruadh gealmhálla grinn
      a luagh deaghdhána díchill.
    21. Maith an malartach mac Céin;
      clú ar mhaoinibh—gá mó deighcéim?—
      do gealladh dá ghnúis corcra,
      2270] cúis nach mealladh malorta.
    22. Inghean Toirrdhealphoigh, taobh slim,
      bíodh liom ag déanumh díthchill;
      a taoibh as dolta dhisi
      mo laoidh mholta mhilisse.

    23. 2275]
    24. Mar sin mhéadoighthear an mhaith
      impidhe ríoghna ar ríoghfhlaith;
      ordhruic an dá chéim cheiníl,
      méin Chormuic ag Caiteilín.
    25. Bíoth liom ar leithsgél mo ghníomh
      2280] Eoin Baisde, bráthair mh'airdríogh;
      do shíorthogha in eoil 'n-a am
      Eoin ar bhfíorchara fionnam.
    26. Fionnam.


p.184

XVI

Domhnall Óg Mhac Aodha Meic Dhomhnoll Chaim Í Uiginn .cc.

    1. Frémh na fíoruaisle fuil Chéin,
      ní cuid don fhíoruaisle fhuair;
      2285] cia in fhuil—agus féaghadh féin—
      ar fhuil Chéin do-bhéarudh buaidh?
    2. Geall ó uaisle adhbha hÍr
      tarrla ar a nduasaibh do dháil;
      ní bhí acht trom a bhfileadh féin
      2290] ag ciniodh Chéin ar fonn bhFáil.
    3. Láimh re tráigh ar gcor a chuart
      do-chóidh ar nbloghadh a bhárc;
      d'uaisle an anma fhuair ós écht
      do hslécht don uaidh tharrla a ttrácht.

    4. 2295]
    5. Échta ríogh ios ceana cáigh
      díol a n-éarca dleaghar dhóibh;
      iomdha biodhbha ag ciniodh Céin,
      a dtiomna ghéill ighiodh n-óir.
    6. Tréd féinniodh dan fuilngeach rí,
      2300] ní fhuilngid ar n-éirghe laoi
      do luaighil Í Eadhra é;
      do bhuaidhir sé a meanma ar mnaoi.
    7. Meic ríogh ar a rádha féin
      ag díol a chána gan chóir;
      2305] fios fiach í Oirill mar fhuair
      do-chuaidh triath ós fhoirind óir.

    8. p.186

    9. Líon troda um Chormac a ccuan
      nar obtha dh'fhoghluidh re n-ádh,
      do bhí ar ógaibh na gcleath ccaol
      2310] saor do thógoibh teach ós trágh.
    10. Líon ádha in mhílidh ón Mhuaidh
      ní bhí a námha dílios dóibh;
      tír biodhbhudh do chineadh Chéin
      ag ionnramh ghéill igheadh n-óir.

    11. 2315]
    12. Slat do lubhghort Thealcha Té,
      mac Úna nach doirbh fa draoi,
      rí dhar chuibhghe treabh Dhá Thí,
      ní hí Luighne a mheadh dho mhnaoi.
    13. Géill fhoghloidh ag dol 'n-a dháil
      2320] tar Éirne ag torchor ghleoidh;
      leabhair fhoirfe chinidh Chéin
      d'fhilidh géill as coirche ceoil.
    14. Líon ádha fa oighir Céin,
      nach táinig go soighin sídh
      2325] iomdha deighfhear dornchla óir;
      deiriodh slóigh tholcha a dtír.
    15. Ní fhúigfe fa oirear n-Ír
      cúirte gan doighir 'n-a dhiaigh;
      a-táid fiaghain fhoghla ar hféin
      2330] géill ios fiaghoil Bhanbha Briain.
    16. Tug a chrích 's a oighre uadh,
      ar a dhíoth do-roighne rún;
      ní hé an síodh uile dho iarr
      giall ríogh dod ghuidhe ar a ghlún.

    17. p.188


      2335]
    18. D'éis a chríche d'fhoghoil uaibh,
      a dhícheall do chora a gcéill,
      foigse a shean dod ghabhloibh gaoil
      do mhaoidh fear adhbhair ar hféin.
    19. Fiu a dtarrla do dhochar a ndáimh
      2340] nach gabhthar a gcomhaidh gcóir;
      lór féghadh filiodh ar hféin
      do théghudh géill igheadh n-óir.
    20. D'iarroidh fhírshreabh bhfoirfe bhfionn
      do líon cliachdha um ochtoibh all,
      2345] buinne caol am bhonnaibh beann,
      raon 'n-a cheann ón choraidh chrann.
    21. Iomdha rí umhal dot fhéin
      budh díon do thuloigh an Trír;
      meic ríogh ag luidhe fad láimh,
      2350] díon cáigh a ngach dhuine dhíbh.
    22. Feadh do dhiomdha um n-oirear n-Ír
      ní loighfeadh a bhfiodhbhaidh féin
      gérbh fhada fear adhbhair uaibh
      ar adhbhuidh fhuair nír bhean béim.

    23. 2355]
    24. Bró fhéinniodh narbh obthach n-áigh
      dá féaghoin nír dholta dhóibh,
      nír bheag do chor anma ar hféin,
      ar a son féin tarrla tóir.
    25. Omhan do dhonnadh fa dheoigh
      2360] le bhfoghthar don ollamh uaibh;
      deargfoidh file agus fuil Chéin
      a bhfuil do mhéin ghile ad ghruaidh.

    26. p.190

    27. Uatha ní tigthear le tóir
      do n-uagha le dtiltear tír;
      2365] leig dod dheithfir ar fheadh n-áigh,
      beirthir ar dháil na sleadh sídh.
    28. Rí dá ndleaghair inis Ír
      do bhí a deabhaidh libhse a láimh;
      do shaoil giall na n-idheadh n-óir
      2370] gur chóir dhá chineadh fiadh Fáil.
    29. A mheic Úna nar ér sgoil,
      a ndúthchus gé léigthear libh,
      cuirid sin a míne an mhuir,
      fir nar chuir fan ríghe ribh.

    30. 2375]
    31. An fhearthoin nach bhfaicthear fóibh
      do haithneadh ar thealchaibh túir;
      néll ceatha fan madh ós Mhuaidh
      do an 'n-a bhuaidh eatha ar úir.
    32. Feadh taisdil na sroth mun Sídh
      2380] ní fhacoigh acht clocha cuaigh;
      d'éis tiomchoil na learg mun Léim
      ceard féin ní iomchair a bhfuair.
    33. Ioth a dtalamh, teas a ngréin,
      na tairthe ag meabhsain fan Muaidh;
      2385] fiu ar chuir dho thoradh a dtír
      muir mhín do bhlodhadh a bruaigh.
    34. Ua Oiliolla in earrla naoi
      ní soigheaphtha in bhearna a mbí;
      fear fine dhon fholoidh é
      2390] sé ag foghoil tighe Dhá Thí.

    35. p.192

    36. D'éis a bhfoghla ar fionnmhuigh n-Ír
      gan adhbhar diomgha 'n-a ndeoigh
      gár bheag dh'ionnramh chean ó gCéin
      sreabh nach éir tar fiodhradh bhfeoir.

    37. 2395]
    38. Teacht a-niu le comhaidh gcóir
      fiu a cheart ar tholaigh in Trír;
      tabhairt theannál tre theagh tTáil
      náir do leannán na sleadh sídh.
    39. Croinn dhírghi—is doighirthe dhe—
      2400] a sgríbhni ar tholaigh Dá Thí;
      sleadh chaol ler toghladh in Traoi
      le saor an chraoi omnadh í.
    40. Méin Chormuic 's gach dhuine dhíbh
      ar thoirbheart ndoiligh do dháil;
      2405] iomdha orrudh cruidh do chléir
      d'fhuil Chéin ag donnadh re ndáimh.
    41. D'fhonn ágha ar fhéinnidh ó nDuach
      do éimhidh a chána ar chách;
      re héara nach bhfuair ó iath
      2410] do-chuaidh triath ó nÉanna ar áth.
    42. Buighne cléire ag dol 'n-a dháil
      ag cor chuimhghe ar réidhi an raoin;
      beiridh do sgoil ar chloinn Chéin
      a-moigh féin nar thoill re a ttaoibh.

    43. 2415]
    44. Ar tteacht roimhe um cholbha cuain
      a gcoinne Cormuic do-chóidh
      do mhaoidh bean go raibhe a-réir
      ag faire ghéill na n-eadh n-óir.

    45. p.194

    46. Oighre Céin nach donnfa draoi
      2420] d'éis choimhghe tholchadh Dá Thí
      nírbh é a thráth dh'Ó Eadhra é
      sé re gcách san bhearna a mbí.
    47. Caor shlóigh nach bhfoghar gan fhíoch,
      nach taobh comha na gcóig n-iath,
      2425] laoich dob ordhruic n-anma ar áth,
      ar sgáth Chormuic tharrla a dtriath.
    48. Géill fhaghludh le heighir Céin
      d'éis a fhaghla um oirear mBriain;
      iomdha bráighe a mbeirtigh sróill
      2430] leigtheir le fóir Gháille ón ghliaidh.
    49. Síol gCéin as orrdhruic um ól
      —gá céim don oirbheart nar fhéagh?
      fir dhan tréidhe dámh do dhíol,
      ní nár dhá síol féine a bhfrémh.

    50. 2435]
    51. Béin ón ainnirmhín dob áil
      céim tar Chaiteilín do-chuaidh,
      suil fhuair file aithne a heoil,
      neoil ghairthe tre ghile an ghruaidh.
    52. Bean don fhréimh Raghollaigh riamh
      2440] um réir daghollaimh gan díon,
      gé bheith sí a n-éigion bha n-iarr,
      nír léigiodh cliar dhí gan díol.
    53. Inghean Toirrdhealphaigh, taobh seang,
      ó a sgoithleaphraibh gach craobh chorr
      2445] eala neamhdhoirche as bhláith barr,
      an mhall thláith dhealbhghoirthe dhonn.

    54. p.196

    55. Bean le bronnadh fhailgheadh n-óir,
      ler haingheadh goradh a gruaidh
      a gceand chléire suil do-chóidh,
      2450] geall ó mhnáibh a fréimhe fuair.
    56. Frémh.


p.198

XVII

Diarmoid Dall Mac in Fhir Léighinn .cc.

    1. Fada re huaisle cland Chéin;
      a-táid re hathoidh n-imchéin
      ag cathochodh thiar is toir
      bha sgathachadh bhfial bhFionntoin.

    2. 2455]
    3. Ó dho chuirsead cath Crionna,
      leomhoin go gcruas gcoimhlionga,
      laoich fhromhtha ar nar cinneadh cath,
      nír filliodh orrtha i n-énrath.
    4. Gérbh iomdha cath is cogadh
      2460] go fóill riamh a rabhadar,
      croinn ós fheadhoibh tholcha Táil,
      nír mheabhoidh orrtha i n-éancháil.
    5. A-tá cogadh nuaidhe a-niodh
      ar hsíol gCéin—cóir a mhaoidhiomh—
      2465] nar iomchrodoir roimhe riamh
      fiondphobal mhoighe Maicniadh.
    6. A gclú gé do-chóidh a bhfad,
      as sé an cogadh nar chleachtsad,
      sluadh ogal céillidh connla,
      2470] cogadh éinfhir ealadhna.
    7. Gin go ccoisgeadh clanda Cuind
      síol gCéin mheic Oilill Óluim,
      coisgfidh mé iad um aonur,
      siad re a ré gan robhaodhul.

    8. p.200


      2475]
    9. Do cuiriodh oroind, más fhíor,
      beagán d'fhuighlibh tre fhairbríogh
      do rádh re caithbhile ó gCéin;
      aithrighe dhob ál aindséin.
    10. Tarrla dhúinn 'n-a dheaghoidh sin
      2480] bha cheand gcorma uair éigin
      bha dhán bhadh céillidh gcomhráidh
      glór bhar éirigh iomorbháidh.
    11. Do labhros, gér bhorb an bhreath,
      mar do bhí mh'indtinn uaibhreach,
      2485] gan oirrim cháigh dá chéile
      re coindil Cláir Choirrshléibhe.
    12. Fine Chonoill is cland Néill,
      tairrngeartoigh Éiriond iaidséin,
      fir chumoind fa cruaidh gcogoidh,
      2490] urroim uaim ní fhuarodair.
    13. Ní um gabh eagla rompa riamh,
      síol gConchobhoir, cland Uilliam,
      ná síol lond toirbheartoch Táil,
      drong fa hoirbheartach n-iomráidh.

    14. 2495]
    15. Síol na gColla gidh iad and,
      cland Charrthoigh chríche Frémhann,
      nó Gearaltoigh grádh gach fhir,
      deaghaltroimh na ndámh nduillidh.
    16. Cath oirbheartoch Aodha Finn
      2500] do-ghéabhoind uathoibh uirrim,
      's ó amhsoibh Éiriond uile,
      gasruidh mhéirsheang Mhaonmhuighe.

    17. p.202

    18. Nír éisdios le hÓ nEadhra,
      bím teand ar gach dtighearna,
      2505] fear do ghabh le cabhoir gcáigh
      cor 'n-a aghoidh dob éagcáir.
    19. Do-rinde mé is mac Úna
      troid dob fhachoin iomthnúdha
      far éirigh fearg na flatha
      2510] dar cheard déinimh deaghratha.
    20. A-tá sind ó sin a-le
      a ngoil chogoidh re chéile;
      biaidh a-rís róinn gan ghábhodh
      grís as chóir do chombádhadh.

    21. 2515]
    22. Guais as mhó le clandoibh Céin
      gidh lán Leath Cuinn dá ccaithréim
      tachor ruind do rígh Luighne;
      bím fa chuing a ccomuirghe.
    23. Beith mar do bhámar roimhe
      2520] réidh a haithle ar n-oirbheire;
      mó as fhondmhar in geall do ghlac,
      fearr an condrodh do Chormac.
    24. Muna mhaithe gríobh Gailiong
      damh a ndearnas d'uraidheall
      2525] gidh fiu ar n-agra ar Ó nEadhra,
      ní bhiu ag tagra as tighearna.
    25. Dá ndearnoinn, mar nar dleacht damh
      trom ar oide na n-ándradh
      bím féin um fhaghail gun fhior,
      2530] céim 'n-a aghoidh ní héidior.

    26. p.204

    27. Gus a-niu as tráth dá thuigsin—
      dá gcreidiodh an Cormoicsin—
      a thoil gen go dtabhoir dhamh
      cor um aghoidh ní fhédfadh.
    28. Fada.


p.206

XVIII

Madhnus Óg Mhac Aodha Meic Dhomhnoill Chaim Í Uiginn .cc.


    2535]
  1. Beiriodh easaonta d'fhuil Chéin;
    d'easaonta ní fhuil 'n-a ndiaigh
    nach bí a ndíon 'n-a bhfoltoibh féin;
    síol gCéin ní gontoir a ngliaidh.
  2. Síol gCéin gan fhaloidh gan fhíoch
    2540] gá réir nar thabhaigh dá ttriath?
    díol sein 'n-a ndearna dhá ndíoth
    do-gheiph síoth Í Eadhra dh'iath.
  3. Mór ndaoirchean ndoilidh 'n-a dhiaigh
    nar saoileadh do shoighin shídh,
    2545] rí 'n-a cheann gan chabhair hslóigh,
    tóir as fhearr ler thabhoigh thír.
  4. Laoich ag géarughadh chleath gcaol
    gach treabh fa éanomhan uadh;
    do-rinne toil na tTrí tTriar
    2550] an chliar do bhí ag goin a ghruadh.
  5. Fiu an aisgidh do chuir le cléir
    a ghoin a n-aisgidh nach bhfuair,
    díol a érca dh'ighibh óir
    do-chóidh dh'fhilidh échta uaidh.

  6. 2555]
  7. D'éis a échta um fhionnmhagh n-Ír
    dob iomdha déra gá ndáil;
    cuirid laoich ós línibh cuaigh
    maoith fa uaigh mhílidh ar mnáibh.

  8. p.208

  9. Go cneadhoibh ní léigthear liaidh
    2560] a n-éigean go mbearar buaidh;
    do dheithfir fheadhma ar fhuil Táil
    narbh áil goin Í Eadhra dh'uaim.
  10. Ní adoimh deaghdhath re ndáimh,
    ní casmhoil is Cormac féin;
    2565] ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh,
    goil a ngruaidh fhoghladh ní éir.
  11. Cáin ríogh gach talaimh dhar tháith
    mar dhíol a sgoltaibh a sgéith;
    do caoineadh uaidh an t-éacht laoich
    2570] le bhfuair ghaoith dá chréacht a gcléith.
  12. Rí dob eighir ar iath n-Ír
    'n-a gheimhil nó gur dhiall dáibh,
    go díol fhiach a fhileadh féin
    triath ag féin Lighean a láimh

  13. 2575]
  14. A gcumhoil ó othar fhuair
    a thochmharc le tuloigh mBriain;
    beith ba fhleigh an bhrogha ós Bhóinn
    do fhóir neimh a ghona ón ghliaidh.
  15. Mór n-eachtra nach adhbhur rúin
    2580] ar Chormac fa cheantoibh cáigh
    sgeoil naoidhi dá gcleith ag cléir
    go breith ar fhéin Daoile dhóibh.
  16. Dob fhiu in cleachtadh faghla fuair
    nach beantar le hadhbhaidh n-Ír;
    2585] sirthear le fear ceart í Chéin
    do bhean chéill do theacht a dtír.

  17. p.210

  18. D'fhoghoil a gcleachtadh do chuir
    don eachtra go ttabhair toil;
    nó gur sireadh triall do thoigh
    2590] nír loigh riar an fhileadh air.
  19. Aoidhe ní fhuidhe 'n-a ndiaigh,
    na maoine chuirid le cléir;
    doilidh boing fa dhuais do dháil
    is guais re ndáimh ar chloinn gCéin.

  20. 2595]
  21. Ná bí feasda dh'adhbhuidh fhuair;
    do neartsa tharrla ar gach taoibh;
    do cuireadh fear h'adhbhair uaibh
    do bhuain chean dá gabhloibh gaoil.
  22. Tiltear le neart Inis Ír,
    2600] as a cheart do dhlighis dóidh;
    ní bhéarudh sein bhreith le báidh
    fáidh a-deir do bheith ós Bhóinn.
  23. Mór bhfoghluidh 'n-a orroidh uaibh,
    a Chormaic, le gceangoil tír;
    2605] tarraidh triath dot fhaloidh n-óir
    gur thabhoigh chóir ar fhiath n-Ír.
  24. Sgeoil t'fhoghla ag gach duine dhíbh
    ar shuidhe san adhbhaidh fheoir,
    suan ón bheirn san oidhche ar hféin,
    2610] a bhfeidhm féin ag coirche cheoil.
  25. Goin budh roibheag ar áth n-áidh
    a hoiread gan táth dá thír,
    gan tarbha a ngoin t'fhoghluidh dh'uaim,
    mar soin dar fhuaidh d'adhbhaidh Ír.

  26. p.212


    2615]
  27. A nguais t'adhnoidh ní tearc tír,
    a Chormuic nach cleachtann chlúimh,
    uaimh hsídh do fholoigh ar hféin
    ní léir tír ó dhoighir dhúinn.
  28. Lucht eolois mar thriallae a ttráigh
    2620] 'n-a ndeoraibh fa chliathmhadh Céin
    ag so a bhfoil gan adhnadh uaidh
    goil a ngruaidh fhaghladh ní éir.
  29. Iomdha airrghe foghla fúibh,
    a Chormuic ler toibhgheadh thír,
    2625] ní leigeadh daoibh h'aphra dh'uaim
    na saoir do fhuaidh adhbha Ír.
  30. Roinn choinnmhe ar thobroibh ós thráigh
    dot obair, a oighre Céin;
    iongnadh le mílidh airm óir,
    2630] gairm óil bha fhírshreibh ar h'fhéin.
  31. Dóibh ar-aon as ionann méin,
    a ngaol ris an sriobhmhall sídh
    cosmhail í ret ealta shlóigh,
    ní bhí Bóinn re teachta a dtír.

  32. 2635]
  33. Cleachtthor an t-éagnuch ar h'fhéin,
    gach énshruth a n-easbhoigh lúidh;
    maoidhidh fear tar aisgidh n-óir
    an tsreabh fóibh d'fhaigsin a húir.
  34. Gan chomhlot oirir dhar fhuaidh
    2640] do Chormuc as soighin sídh;
    srotha tiorma ag triall ó thráigh
    do bháidh do dhiomdha ar fhiadh n-Ír.

  35. p.214

  36. Tar fionnshruth feacthar a mbarr
    do cleachtadh na bhfiodhbhadh pfionn;
    2645] ar ndol tre chíghibh cíogh gcorr
    braon trom 'n-a línibh ós lionn.
  37. Faoidh bhionnshruth a ccomhar chiuil
    le foghar iongnadh gach eoin
    geall re haisgidh na sreabh sídh,
    2650] fear lín ag claisdin a gceoil.
  38. Maoir thobhaigh ar hsealbha a hsean
    d'Ó Eadhra nach cogoil crodh,
    aithreach ar fhiar d'fhéigibh feadh;
    rian na sreabh ní héidir dh'or.

  39. 2655]
  40. Siad ar ceilt um oirear n-Ír
    na hoirimh ar mbreith a mbuaidh;
    nuall treaphthoigh ag cosg a gceoil,
    eoin n-a ttosd ós thealchaibh tuair.
  41. Caithfid dola a n-aisgidh uaidh
    2660] na srotha a ngaisdibh ag gréin,
    ar áitibh sreabh achaidh Ír
    fear lín do dhathoigh a dhéoir.
  42. Croinn toraidh an mhuighe ós Mhuaidh
    do chobhair mar chuirid súil,
    2665] ní dhligh guidhe re cloinn Chéin,
    coill nach éir a huille dh'úir.
  43. Do íoc mar soin comhlot cáigh
    ag sgoil ar Cormac do-chóidh;
    gonoidh file grian in ghruaidh
    2670] tar bhuaidh ngliadh na hidhe óir.

  44. p.216

  45. Mall ghabhoid bha échtmhuigh Ír,
    ní sgaroid re sgéloibh cuain,
    ealbha i ngach éineing dá fhéin
    béim Í Eadhra ar Éirintt d'uaim.

  46. 2675]
  47. Inghean Toirrdhealphaigh triall mall
    a riar do oirbheartoigh fhonn;
    as a fíonfhuil a-tá a teann,
    geall mhná re ríoghoin ní ronn.
  48. Le mbí orra d'ainbhreith dhruagh
    2680] cairdi do dhola ar a ndíol
    d'fhuil Raghollaigh nír chleacht cliar,
    tearc riamh acht daghurroidh díobh.
  49. Cliar nuaidhe do dhéine a duas
    ní théighfe a gruaidhe mar ghrís;
    2685] sgol ar Caitilín ní cás
    fás daighceiníl gá bladh bhíos.
  50. Beir.


p.218

XIX

An Fear Céadna .cc.

    1. Ná bíodh athtuirsi ar fhuil Chéin
      go brách ná braithtear iaidséin
      na laochraidhe dhar chóir cion;
      2690] maothchroidhe dhóibh ní dlighthior.
    2. Ná bíodh orrtha, aithnim díobh,
      ró athtoirsi nó iomshníomh,
      ar gcuimhne ar a ndeacroibh dáibh,
      tre bheartoibh duilghe an domhnáin.

    3. 2695]
    4. Dámadh hé bhudh fhachoin dáibh
      dúthchus a n-aithreadh d'fhágbháil,
      laoich ghoimheamhla ar nar ghnáth béim,
      nírbh fháth doimheanma dhóibhséin.
    5. Ní cás dóibh dol ó a ndúthaigh;
      2700] dénoid dál in mhurrdhúchoin,
      laoich as rodhocra a rinn áidh,
      re linn anshocra dh'fhadháil.
    6. Murrdhúchoin an mhara gloin,
      bí faoilidh fead an gheamhroidh;
      2705] fraoch doininne a gcás ní chuir
      go fás shoininde samhroidh.
    7. Mar mheasas cabhair chuga
      re dteacht síne samhrada,
      ar bheochroidhe 's ar mhéid mir
      2710] téid a eolchoire aignitth

    8. p.220

    9. Cuid oile dá airrghibh soin,
      bí fós ar feadh an tsamhraidh
      doimheanma do ghnáth dhá ghoin,
      do sgáth ghoimheamhla an gheamhroidh.

    10. 2715]
    11. Do mhac Céin as samhoil soin,
      én ceannsa in chroidhe shuilbhir,
      críoch d'athardha fan seang sriobh,
      um cheann atharrdha a aithriotth.
    12. Do fuilngeadh leis—lór do phéin—
      2720] ainbhreath chniochtGhall chláir riNéill
      mun gcrích gcoirmthe do fhóir Art
      a ndóith go bhfoighthe furtacht.
    13. Le Cormac do cuirthi a mbríogh
      a bhfaghbhadh d'urchra is d'imshníomh,
      2725] an faghlaidh far mhín an mhuir,
      ag anmhoin le sín samhroidh.
    14. Do caitheadh re ciniodh Céin
      an geimhreadh uathmhar aigmhéil;
      'gearr uainn an téarma tuirsi
      2730] ní huair dhéanmha doghuilsi.'
    15. Rug orra adhbhur meadhra,
      tréigthe dóibh an doimheanma,
      laoich nach doimheallta ag díon chruidh,
      an tsíon tsoineannta hsamhruidh.

    16. 2735]
    17. Ag so a-rís a n-a riocht féin,
      móide as ionghotha iaidséin,
      bha bhile suaimhneach Sionna
      fine uaibhreach Oiliolla.

    18. p.222

    19. Dá bhríogh sin nar dhénta dháibh
      2740] run a n-athtuirsi dh'admháil,
      roshlóigh gan fhear a n-obtha,
      ar feadh anhsóigh iasachda.
    20. Ní fhuair riamh Gaoidhiol ná Gall
      —córoide anbhuain d'fhulang—
      2745] fachoin roimheadhra um ráth Breadh
      nach fáth doimheanma a dheireadh.
    21. Gá beag sin dá chor a gcéill?
      meadhair Ghall um ghort ríNéill
      téid dáibh ar neamhghlóir a-niodh;
      2750] as seanmhóir dar cóir creidiomh.
    22. Do bhídis féin riamh roimhe,
      fian Ghall um ghort Laoghaire,
      críoch armruadh na sídheas sean,
      ag dímheas glanshluadh Ghaoidheal.

    23. 2755]
    24. Na breatha do-bheirdis Goill
      ar Ghaoidhiolaibh chláir Chriomhthoinn,
      faolchoin ris a dteith gach tonn,
      dá breith ar laochroidh Lonnantt.
    25. Cóir a fhala ar oighir Céin
      2760] mar táid Goill na ngníomh n-aigmhéil,
      méinni saoirfhear far cóir Colt,
      ó fhóir Ghaoidhiol a nguasacht.
    26. Ceilt diomgha, taibhgheoir toile,
      inghreim sreibhi siobhloighe,
      2765] teagar gach tíre a mbearna,
      dreagon sídhe seinEamhna.

    27. p.224

    28. Ná braithtear maoith 'n-a meanmain,
      inghean taoibhgheal Toirrdhealphoigh,
      an ghég chruithgheal nar char locht;
      2770] ní gar nach bhfoighthear furtocht.
    29. Cosg fuatha, fadógh goimhe,
      díochor sriobh, súr iorghoile,
      dídean cean téchtmhagh tTeamhra,
      bean échtmhar nach infheadhma.


p.226

XX

Maol Muire Ón Cháinte .cc.


    2775]
  1. Dia do chongnamh le Cormuc,
    fear nach clos do chogarlot,
    gég do shlógh mhearrdha Mhumhan,
    sógh meanma do mhédughadh.
  2. Dóchoide deighrí nimhe
    2780] do chungnamh ler gceinnphile
    neamhthoil Dé nach dearnadh leis
    sé gur dearbhudh 'n-a dhíoghrais.
  3. Ó aois naoighean gus a-nois
    dé thárroigh tréan a dhúthchois,
    2785] grás Dé dá choimhghe ar cheanoibh,
    sé don Choimdhe ag creideamhoin.
  4. Mac mheic Oilill nar char crodh,
    creideamh dhó dho Dhia athor
    damhna a luaidh tar chaomhchloinn cCéin,
    2790] na saorchroinn nar thuair toibhéim.
  5. Ós do Dhia tárruigh treisi
    codhnach an chláir Luighneise,
    tréigion Dé dhó ní dlighthir,
    an té as mhó as a muinighthir.

  6. 2795]
  7. Tuigthe (dh'airghibh oighre) Chéin
    go dtarrla Dia dá dheighréir;
    rath Dé do dheaghbhronnadh dhó
    's nír neamhphronnadh é uadha.

  8. p.228

  9. An flaitheas fhuair Ó hEadhra
    2800] —do chách ní cúis dhoimheanma—
    a huchd chodhnoigh cláir nimhe
    foghnaidh dháibh mar dheirbhfhine.
  10. Gé a-tá ar breith dh'oighre Úna
    cur as dá aos iomthnúdha,
    2805] go mbeid soin is sé dh'éantoil
    acht toil Dé ní dingéntoir.
  11. Tig ann d'airrgheanoibh flatha
    nach díoghoil a dheacracha
    le féin gcrannruaidh cláir Luighne
    2810] d'anbhuain cháigh dho chomairghe
  12. Mar tá cuingidh chláir Shligigh
    ionmholta as a fhoighidin
    clú ar thoirbheartoibh do thoill sin
    tar chloinn oirbheartoigh Éimhir.

  13. 2815]
  14. Tuilltear leis a láibh feadhma
    —gen gur thréidhe tighearna—
    clú teagmhála fa chlár Cuinn
    lámh eadrána gach anbhfaintt.
  15. Gé bheith dóith gá dénamh dhe
    2820] fa chuid don chríchsi Luighne
    nírbh iongnudh dá chéibh gcladhoigh
    fionnmhagh Céin fa a chomhadhoibh.
  16. Mar dhírgheas claon na córa
    an macsa mheic Onóra,
    2825] do roimhéadoigh fiar na bhfeadh
    coimhédoigh giall na nGaoidheal.

  17. p.230

  18. Do laghdoigh sé na sreapha,
    do mhéadoigh na maighreadha,
    do-ní mionshrotha don mhuir
    2830] rí Fionnlocha dá fhéaghoin.
  19. Ní hiad a-mháin do mhédoigh,
    tairthe an talmhan troimthrédoigh,
    do-ní an flaith gá mbí ar mbunadh
    gach ní maith do mhédughadh.

  20. 2835]
  21. Cóir do Dhia gan chor 'n-a cheann
    bha bheagán d'aoibhneas Éireand;
    sduagh fhionnardghlan ó thigh Tháil
    nír dhligh ionnarbadh dh'fhagháil.
  22. Mac Úna nar eitigh fhear,
    2840] dóchoide Dia dá dhídean
    nar thúir sé fholoidh dh'fhadháil;
    omhan gan é dh'ionggabháil.
  23. As sé as aonghuth dhá fholt slim,
    rath Dé nach cóir dho choigill;
    2845] riar sgol dá aithle aigi
    toil an chaithmhe as córuide.
  24. Dia do.


p.232

XXI

An Fear Céadna .cc.

    1. Mithidh déanamh cuairte ag Cormac
      cuingidh Luighne na learg mín,
      crann ós fhiodhbhaidh d'fhine Eadhra,
      2850] bile dh'iobhraibh Teamhra in Trír.
    2. Seachna codhnaigh chinidh Mhodha
      meisdi an tí re dteagfodh sé;
      dóith as fhearr ní fhuidhi aoinfhear,
      ceann uidhe na n-aoidhiodh é.

    3. 2855]
    4. Fad na treimhsi a-tú 'n-a fhéagmhois,
      éanbhrath céile chríche Fáil,
      lór do thúr fhaludh dom aithghein,
      tamhan a húir thairthigh Tháil.
    5. Ní hurusa dh'éis a chleachtaidh
      2860] a gcéin uaidh go n-anfadh fear,
      bile coirmthe mórchlann Modha,
      lóchrand oidhche bhrodha Breadh.
    6. Deacroide dhuinn déanamh thairis,
      tearc a chomhmaith dho chleacht sinn,
      2865] meic ríogh nach cuirthear re chéimibh
      do shíol cruithgheal Éimhir Fhinn.
    7. Gé a-tá mé re hathoigh d'aimsir
      a n-éagmhois Cormuic mheic Céin,
      a ghrádh um chridhe do caomhnadh,
      2870] an bile nár saorghlan séimh.

    8. p.234

    9. Dob fhiu ar ndúthchos re dhreich maorrdha,
      mac mheic Oilill airgeas tír,
      gan bheith do shíor uaidh ag anmhoin
      an ghríobh ón Mhuaidh mhallghloin mhín.

    10. 2875]
    11. Tuigeadh féin an fáth fa bhfoilim
      feadh treimhsi gan triall dá fhios,
      ar mbuain ó chomhghar a chéile,
      gruadh donnghlan as séimhi slios.
    12. Ní thréigfinn ar adhbhur oile
      2880] earrla clannúr dan cóir toil,
      beantor sind le sluaghoibh Danar
      gur uamhan linn aghoidh air.
    13. Do-chuala gur cuireadh eision
      d'imlibh corra críche a shean
      2885] —gá ní bhudh doilghe do dhéinimh?—
      rí Luighne nar éimhigh fhear.
    14. Dá bhrídh so do seachnadh linne
      leannán éigeas innsi hÍr;
      go mbiadh dar n-égnuch dob easbhuch
      2890] ciabh na ngéagbhoth seasmhoch sídh.
    15. Ó a-táid Gaoidhil do ghuth éinfhir
      ag athchor Ghall nguirt na bhFionn,
      's na slóigh ó lios Eamhna d'fhéagsoin,
      d'fhios Í Eadhra as éasgaidh ind.

    16. 2895]
    17. Dóibh a-rís ní racha Cormac
      céim do dhruim a dhúthchois féin,
      fian Ghall 'n-a aghaidh fa aonchuing,
      croinn toraidh do chaomhchloinn Chéin.

    18. p.236

    19. Dá dtí dhínne dol in uairse
      2900] fa iath Muaidhe na madh nglan,
      fonn maoithréidh as uaine oirir,
      aoinchéim uaidhe as doilidh dhamh.
    20. Dá roisiom a radharc Cormuic
      clódh uaidhe ní fhéadfa sind,
      2905] fear as treisi ar ghníomhradh glaisreann
      seisi síodhbhrudh bhfairseang bhfionn.
    21. Leomhan éachtach d'fhíonfhuil Mhodha,
      múr doileagtha as daingni rún,
      fear as roiréidh bha riar bhfileadh,
      2910] ciabh chloidhshéimh na n-igheadh n-úr.
    22. A aircctheoir cniochtGhall, cosg a bhfoghla,
      feithmheoir baoghoil Bhanbha Cuinn,
      caor bhuaidh ar chéimibh a gcathaibh,
      féinnidh go ngruaidh ndathaigh nduinn.

    23. 2915]
    24. Fear as mhaorrdha a measg a theaghlaigh,
      triath Luighne re lingthear sluadh,
      béim foladh ó aon ní foghar,
      raghaidh saor ó ghorudh gruadh.
    25. Ar chaoineas, ar chomhrádh dtaighiuir,
      2920] tearc aoinfhear a aithghein sin;
      dá mhéad dáileas um cheann gcomhráidh
      fearr áineas an donnbháin dil
    26. A ua Oilill mhóir mheic Mhadhnois,
      méad h'anma ní hiongnadh dhuid
      2925] 's a dtig uadha thríbh do thonnoibh,
      a mhír chruadha an bhronnuidh bhuig.

    27. p.238

    28. Más cúis mhórrtha dod mhac samhla
      seachna béime, a bhruinne seang,
      's gan teacht re haoinfhear bha bhfuighthe,
      2930] tearc Gaoidhiol badh cuirthe ad cheann.
    29. Fuarois céile as chosmhoil doitsi
      díth maoine ní mhothuigh sí;
      cóir teacht le a tréidhibh a-nalloin
      searc gach éinfhir annaimh í.

    30. 2935]
    31. Dual do bhanua Briain mheic Eoghain
      éigsi Banbha do bheith lé;
      tarrla ar gach taobh d'fhíonnchloinn Fhearghna
      craobh do ríoghchoill Teamhra Té.
    32. Mithidh déanamh.


p.240

XXII

Do Cormac Mhac Céin Ó hEadhra

    1. Gabh mo chosaoid, a Chormuic,
      2940] a ua na ríogh ro-orrdhruic,
      a shlat amra do chlár Chéin,
      a lámh tarrla gan toibhéim.
    2. Dom chosaoid dá-ríribh ribh
      táinicc meisi ar cuairt chugaibh,
      2945] a bheangáin do chineadh Chuirc,
      a leannáin fhileadh n-orrdhuirc.
    3. Tugsad uaisle cláir Chonnla
      cúl rinn in t-aois ealodhna;
      a chaor bhuaidh ar chách a gcath
      2950] in tráth nó in uair dá égnach.
    4. Clann nDálaigh is daghfhuil Néill
      do-chuadar uile dh'éinmhéin,
      a ghéag nach bhfaghair folamh,
      a n-aghaidh na healadhan.

    5. 2955]
    6. A thriath laochraidhi Luighni,
      doid as cóir ar ccobhairni,
      a shlat théagair ón Mháidh mhoill
      ní cóir gan fhéagain oroinn.
    7. A shlat réidh ó Luimneach Luirc,
      2960] a bhile do lár lubhghuirt,
      a ré lán in taoibh thalloin,
      ní dán daoibh do dhearphamoir.

    8. p.242

    9. Cuimhneach uaisli chloinne Céin,
      a lámh nach toilleann toibhéim;
      2965] cuimhneach tú do mhuigh Mhodha,
      ní fhoil red chlú comhrogha.
    10. A dearmad nír mhéaduigh mé
      an ingheansoin Maoil Mhuire;
      éasga glan finntighe Floinn,
      2970] gabh a himpidhi oroinn.
    11. Gabh mo chosaoid

Isam sgítheach aniu a nGleann Fhiadha a mBaoidhiollchaibh. Ag sin doid a Chormuic Í Eadhra ogus sgoth leis ód chaomh ód charoid Tuathal O hUigintt, & ní fheadar cia do-ríne an dán beagsa ro sgríobhus daoibhsi go fóill.


p.244

XXIII

Tuathol O hUiginn .cc.

    1. Díoghruis chomainn ar Chormac,
      earrla fiar na bhfochanshlat,
      re a dhreich náir dtroighfhearrdha dtais
      budh báidh doidheaghla ar ndíoghrais.

    2. 2975]
    3. A dhíoghrais do dhruim thoile
      ceanglais a hucht ionmhoine;
      re a bhais gcorrshaoir ndéadla nduinn,
      's an chomaoin chéadna ceangluim.
    4. Briocht seirce as iomthnúdh dh'ainnribh
      2980] 'n-a ghruaidh línigh leaphairghil,
      's re gcuirthear teannál fam thoil
      ó leannán chruithgheal Chlároigh.
    5. Fáth ar gcumoinn re a chúl bhfann
      —ní thigim ní thig thoram—
      2985] dob é ar gcédannsa a ghruaidh gheal;
      ní fhédabhsa uaidh m'aigneadh.
    6. Dá mbeith gan adhbhar oile
      agam dh'fhadógh m'ionmhoine,
      d'fhine Gaoidhil bhrogha Breadh
      2990] rogha gach aoinfhir eisean.
    7. Mar so charoid a chiabh lag,
      buidhne neimhneacha námhad,
      's ní ró ceana é acht omhan;
      sé fa-deara a dheonaghudh.

    8. p.246


      2995]
    9. Do ghuais reann a rinn feadhma,
      d'iolfhaobhraibh lann loinnearrdha,
      mór n-uair as taibhgheoir toili
      fuair d'aimhdheoin an ionmhoine.
    10. Do thabhoigh Cormac mhac Céin
      3000] ar foghloidhibh fuinn tsaoirNéill
      barr ionmhoine nach iarr sin
      a ngrian iorghoile is éigin.
    11. Más ar tharbha téid an grádh
      ar mhuirn nó ar chion nó ar chomhrádh,
      3005] filidh cláir naomhthabhuig Néill,
      is cóir aoncharuid eiséin.
    12. no ar teasdaibh nó ar tréidhibh ríogh
      nó ar díochor uilc nó ainbhfíor
      nó ar cléir nduasoirrdhreic do dhíol
      3010] —as céim uasoilmheic airdríogh—
    13. nó ar bhriathraibh tearca tromdha,
      nó ar mhaith nó ar mhéd mbaromhla,
      nó ar buaidh ndealbha mar dhleaghar,
      fuair Ó hEadhra a uaisleaghadh,

    14. 3015]
    15. nó ar clú nó ar uaisle a fhola
      a-táid cách dhá chomhthogha,
      nó ar chor gcliachdha um chrích a shean
      nar iartha a díth do dhéineamh,
    16. ionann charoid a chruth nár
      3020] an chaor charud nó an compán,
      nó mná seangleabhra gruadh nglan,
      nó sluadh feidhmfhearrdha foghludh.

    17. p.248

    18. Caroimse ar an ngcor ccéadna
      mar chách a chruth fíréanda,
      3025] ua saoirÉimhir dá bhfhiar fiodh,
      aoinfhéinnidh gliadh na nGaoidhiol.
    19. Luach ar n-annsa dh'Ó Eadhra
      fríth uaidh dh'aoibhneas oireaghdha;
      díol luaidh an bronnadh do-bheir
      3030] nach fuair ollamh a aithghein.
    20. Muna cumhachta cloch mbuadh
      nó ilcheol n-iomdha n-ionnfhuar
      tar shlógh mBanbha na dtreabh dtais
      ceadh as damhna don díoghrais.
    21. Díoghrais.


p.250

XXIV

Fearghal Mhac An Bhaird Do-Roighne An Dánso ar cclos Í Eadhra .i. Cormac Mhac Céin do bheith tinn


    3035]
  1. Fáth cumhadh ag crích Luighne
    an ghuais fuair, fáth rodhoilghe;
    do bhí ag tuar dérchumhadh dhí,
    néllphudhar mo-nuar uaisdi.
  2. Ógbhadh Luighne lán do ghoimh
    3040] tre ghuais bháis bhiodhbhadh Forbhuir,
    lán an deorchuire ó Dhún Cuirc;
    as túr eolchuire d'aghaint.
  3. Guais bháis do bheith ar Chormac
    mhac Céin barr na mbogroshlat
    3045] tuar mímheanma druim ar dhruim
    do chloinn ríEadhra ó Fhréamhuinn.
  4. Bheith lán do ghuasacht ma a ghoimh
    fiu an chomaoin do chur orthoibh,
    clanna úirEadhra ó iath Bhreadh
    3050] fan fiar clúimhearla coillteadh.
  5. Tre lár sluaigh ar son na nGréag
    meinic do cuireadh croimshdéad
    uile tar a sursainn siar
    le hursoinn muidhe Maicniadh.

  6. p.252


    3055]
  7. Ag díon a oighreachda ar oil
    meinic do dhearg a ndebhthoibh
    lann chruaidh as goirméidiodh glas;
    fuair doirbhéigion fan dúthchas.
  8. Tadhg Buidhe le mbiathtaoi broin
    3060] an tan do thuit a bhráthair,
    planda saor dóidleabhar dil
    dob óigleanabh craobh Chaisil.
  9. Iar tTadhg mBuidhe barr Clochair
    do shuidh síol cCuinn Chéadchathaigh
    3065] a ccleathLuidhne na ccuach tte
    na creachbhuidhne ó bhruach Búille.
  10. D'éis Taidhg Bhuidhe do bhuain de
    is sé trá a ttús a aoise,
    an bheochnú ar n-a crádh d'íbh Cuinn
    3070] tár a fheolchrú nír fhuluing.
  11. Tug ann sin ar sén uaire
    d'fhóiridhin a anbhuaine
    ruaga leabhra do chrú Chuinn
    Ó hEadhra an chnú ós chrobhuing.

  12. 3075]
  13. D'eagla Í Eadhra na n-arm nocht
    an uairsi a n-íochdar Connacht
    ní bhíodh creach achd creach fa choill,
    's ní bhíodh each acht 'n-a hughoim.
  14. Ní bhíodh colg acht ar colbha,
    3080] ní bhíodh fós fiu an énomhna
    tiar tre chliathghaoith cláir na bhFionn
    gan láimh triathlaoich 'n-a thimchioll.

  15. p.254

  16. Ní bhíodh mér achd mér ar sleidh,
    ní bhíodh ard gan fhear bhfeithimh
    3085] thiar do sgáth a ghníomh ngoile
    's ní bhíodh áth gan fhoroire.
  17. Ní bhíodh lúireach achd lán d'fhuil,
    ní bhíodh bearn acht bearn ghábhaidh,
    is ní bhíodh teach acht teach nocht,
    3090] creach ní bhíodh acht dá bhárdocht.
  18. Treall dó mar so ag biathadh badhbh,
    agus ag corcradh catharm,
    's ag síorchogadh fa sógh fhliuch,
    's ag ól fhíorthobar n-uaignioch.

  19. 3095]
  20. Do bhean Cormac—céim sochair—
    as láimh shíl Chuinn Chédchathaigh
    —cóir a chor a ccuimhne dhi—
    Luighne ar an ccor ad-chluinti.
  21. Críoch Luighne na linntiodh ngeal
    3100] nó gur chosain ar éigean
    fleasg Lí nír chagoil a chorp;
    dí do adoimh a annsocht.
  22. Dámadh baoghlach dá bharr nocht
    nírbh iongnadh d'éis a ndubhort
    3105] bheith do shíor tuirsioch dá thréd;
    do bhíodh coisfhliuch dá ccoimhéd.
  23. Dlighidh Luighne na learg bhfionn
    tre a ndearna dhí do dhíchioll
    guidhe le Cormac Cearmna,
    3110] donnshlat muighe mínLeamhna.

  24. p.256

  25. Dlighimsi féin tar gach fear
    guidhe le Cormac cneisgheal,
    searc druadhollamh na nduan mbinn,
    tre bhfuaramar uadh d'uirrim.

  26. 3115]
  27. Dlighim guidhe le géig Rois
    dá dhuais dána tre dhíoghrois
    's run is fíon damhsa do dháil
    is díor an annsa d'admh áil.
  28. Síol Eadhra nar éar duine
    3120] 's iad riamh ó ré an chéadduine
    —ní dóigh achd as deimhin linn—
    'n-a róimh einigh a nÉirinn.
  29. Cormac mhac Céin cleath Eachtgha
    ag ionghaire a oighreachta,
    3125] re a dheabhaidh do ba díor sgáth,
    do bhíodh 'n-a dheaghaidh deargáth.
  30. Cnuas a láimhe a láthair gliadh,
    Mág Aonghusa na n-óirsgiath,
    nír shaor ceann Bladhma ar an mbás;
    3130] do dhearg a arm ar éachtáth.
  31. Mac Í Ruairc nar char conách,
    Conn a n-uaidh 'n-a aonarán
    ní beag do chrádh tinn mar tá
    lámh nachar fhill ó eachtáth.

  32. 3135]
  33. Nír char eachradha ná ór,
    Peadar do fhuilngeadh annró,
    ná cuach ailtgheal go bhfuair bás,
    ní fhuair flaitheas le fuarfháth.
  34. Fáth.


p.258

XXV

Maol Muire Ó hUiginn .cc. D'Oilill Mhac Cormuic Óig

    1. Malairt chrotha ar chrích Luighne;
      3140] do-chuaidh uaithe ar éaccuimhne
      a hanchruth ó 'né go 'niodh;
      do sgé a n-amhlach a hinnriomh.
    2. Do theilg dhí a deilbh mbrónaidh,
      do dhiult dá dúil n-ochónaidh,
      3145] do reac uaidh a dreich ndubhaidh,
      do theith gruaim ón ghealtulaigh.
    3. Deallradh corcra chnoc nuaidhe,
      briocht seirce síoth bhféaruaine,
      meas órdhuighe re a ccrom coill,
      3150] is coll chnóbhuidhe i ccrobhuing.
    4. Duille glasa ag gormadh fiodh,
      caora donna a ndath doiriodh,
      tír fholtsholuis na n-eas nocht,
      boltonuis leas is lubhghort.

    5. 3155]
    6. T'aire riot, a ráith Ghráinne,
      cuir fad ochtaibh úráille
      ba ccaoir ndeirg ndoinnfhéoir ndathaidh
      fan leirg moingréoidh minsgathaidh.
    7. Coimhéid coimheid, a mhadh Marr,
      3160] nimh fhormuid d'inghreim t'fhearainn;
      ná faiceadh fear iomthnúidh ibh,
      a bhean an fhionnchúil fhailghigh.

    8. p.260

    9. Déana an ccéadna, a chríoch Ceara;
      cuir fad chéibh coillgheala,
      3165] a bhean na mbláth n-iongnadh n-úr,
      sgáth dod ionnramh ar iomthnúdh
    10. A-tá timcholl do thaobh nglan
      briocht gach sgéimhe dod sgiamhadh,
      do bhrotha loinneardha lil,
      3170] sgotha doinndealbhdha druimnibh.
    11. Barr comhchorcra ciomhas learg,
      gile choille craobh ndoinndearg,
      srotha meadha is foighreadh fair
      doinnbhleadh na meala muchaidh.

    12. 3175]
    13. Do breithfidhe, a bhean sgiamhach,
      ar nochtadh t'fholt n-óirsgiamhach,
      go mbí, a dhealbhdha ghéigil ghrinn,
      meanma éigin fat inntinn.
    14. Ciodh nach náireach dod chéibh ccais
      3180] sgeith antola agus álghais
      tar an ccuid oile dh'iadh mBreadh,
      mian do thoile nó an dtuigthear?
    15. Tuigim, tuigim, a ndearnais,
      a chríoch an fhuinn oirearghlais,
      3185] tar magh Meadhbha an bhrogha binn,
      meanma do thola tuigim.
    16. Do-chuala thusa, a ghnúis gheal,
      Oilill Ó hEadhra d'fhilleadh
      is do dhreach gheal dh'innioll ort,
      3190] a bhean na n-innioll n-éattrocht.

    17. p.262

    18. As dó tuguis trillsi sreath
      ar t cholbhudh do chiabh ffáinneach,
      a ráth na n-aoillearg n-amhra,
      fan bhláth ccaoindearg ccorcardha.

    19. 3195]
    20. Dámadh sochar a rádh ruibh
      as náireach dod chéibh ccochluidh
      bheith ag síorfhosgladh chíogh ccorr
      do ghríobh fhíorrosglan eachtronn.
    21. An cleas céadna cian ó shin,
      3200] do nocht tusa, a threabh Thailtigh;
      do riuga slóigh Shléibhe Muire
      an glóir fa n-éir h'ionmhuine.
    22. Do bhádhais dá bhliaghain déag
      an uairsi ag flaith na bhfinnghéag,
      3205] 's do bheith ní as sia toil ar toil
      gidh toil le Dia bhur ndeadhail.
    23. Nó an measfá, a shuirgheach shaor,
      go roichfeá muirnn don mhacaomh
      as na hiomráitibh fhuair sibh
      3210] fa sduaigh n-iomráitigh n-Imligh?
    24. Fuarais uime an Fionn físeach;
      náire, a mheirdreach mhailíseach,
      gidh daithbhéasa as dú dod chruth,
      an t-aithghléasa 'nú as nárach.

    25. 3215]
    26. Bíodh nach náireach red dhreich nduinn
      bheith baoth fad chéile cumuinn,
      do sduaigh chúilte na ccladh ttais
      nocha múinte an tol thugais.

    27. p.264

    28. An tráth do thaisbéain tusa
      3220] don Oilill Ó Eadhrasa,
      a ainnir nar aomh acht leis,
      sgainnir dá thaobh do thuillis.
    29. Gur nocht tusa roimhe a-rís
      le meirdreachas le mailís
      3225] adhbhar gotha dod ghruaigh ghloin,
      a stuidh an chrotha chonchoir.
    30. Ar céill, ar cruth, ar iongnamh,
      ar airghibh th'iath n-inniolghlan,
      do-bhér Philis d'ainm oraibh,
      3230] a phailm mhilis mhiodhamhail.
    31. Ag so an éainbhean dob fhearr toil
      dá fear féin ar feadh domhuin,
      's as tú a-bháin, a bhean Cheara,
      fat fhear lenb áil t'ailgheana.

    32. 3235]
    33. Ar Philis aithréasad sgéal:
      tug Demophon, prionnsa Aitéan,
      tonna tol dá taobhréidh ttais
      d'aoinmhéin ria ndul 'n-a díoghrais.
    34. Searc a croidhe mur an ccéadna
      3240] tug sí don donn dreichdhéadla;
      grádh a meanma—mór an cion,
      clódh a dealbha iar a dhéiniomh.
    35. Seal mur sin dósan is di
      's iad i cconchlonn a chéile
      3245] go rug umhlucht ó a iath féin
      ar thriath ughnocht na n-Aithéin.

    36. p.266

    37. Do ghléas rí na rosg mbarrghlan
      cabhlach luchtmhar longadhbhal
      ler thriall an sliomfholtach séimh
      3250] go fiadh iongontach Aitéin.
    38. Nach beith sé acht mís a-muigh
      do gheall don ainnir ionmhuin;
      mo-nuar nír choimhlíon ar chan,
      as truagh doighníomh re dhéanamh.

    39. 3255]
    40. Do bhíodh a súil leis gach lá
      an t-am tairsi gur théarná;
      ní bhíodh ar aire a gruadh nglan
      acht faire chuan is caladh.
    41. Tuitidh sisi i seirg ndubhaidh,
      3260] i tteinniss 's a ttromchubhaidh
      sduaigh na ndonnlámh ttirmgheal ttais,
      lomnán d'imneadh is d'achais.
    42. Do-chuaidh ass re crádh croidhe,
      do ghabh d'uch is d'eolchuire;
      3265] do bhí an mheirbh i mian ceasa
      's a pian ag deilbh dhoilgheasa.
    43. Táinic d'fheartoibh Dé na ndúl
      a corpán criadh do chlaochlúdh,
      crann lomáin go ndearnadh de
      3270] don leannglan bhfolláin bhfinnse.
    44. Tig Demophon—olc an t-am—
      dá éisse le sluagh n-éttrom
      tar mhuir ri géigneadhaigh ngil
      go tuir ttréidshleamhain tTraisigh.

    45. p.268


      3275]
    46. Iar ttocht dó ós chionn an chrainn,
      do ling crobhuing chaoin bhalsaim,
      as cíoghuibh a cceas a-mach,
      tre ríoghain na ccleas ccruthach.
    47. Tig as na craobhoibh céadna
      3280] duille gorm—gníomh uaithbhéalda!
      lingidh doinnghreas caol ccorcra
      tre ghoirmeas craobh ccorcordha.
    48. Do dhoirt sé déara millse
      do bhláth craobh a croicinnse,
      3285] 's do chéibh na ccladh mbraointe mbán
      d'fhaoilte da cur ria a compán.
    49. 'S é ua n-Oilill an fearsa;
      's í críoch Ceara an ainnearsa,
      ler sgeth doirneimh ccaoimh ccorcra
      3290] do chraoibh móirShléibh Mhucholta.
    50. Do phós tusa ar ttosach ruibh
      na trí Luighne, a fhlaith Conghair,
      mun ttolaigh saoir ttaoibhfhinn ttais;
      dob aoibhinn daoibh 'n-a díoghrais.

    51. 3295]
    52. Táinic treimhse 'n-a dheaghaidh
      umhlocht ort ón ccinneamhain,
      ón ríoghdhacht saoir ngéigil nglain
      gurbh éigin daoibh bhur ndeaghail.
    53. Dod easbhaidh gur éag sisi
      3300] —créd sin fearacht Filisse—
      le maothbhrón a magh ndoireach
      do ghabh claochlódh comhoidheach.

    54. p.270

    55. Iar bhfilleadh duit 'n-a dhiaigh so,
      a Dhemophon cláir Cheara,
      3305] do cheil sí a héccruth ort,
      ní bhí ag éagnach ar th' amharc.
    56. A ndíl na tola tug dhaoibh
      fuirighsi feasda, a mhacaoibh,
      mar luach 'n-a daighmhéin disi
      3310] an tuath lainréidh Luighnisi.
    57. Fuiridh aici, oir dhisi,
      má tá an t-anam intisi;
      beir meas ar a méin mbádhaigh,
      téigh sé cneas do chompánaigh.

    58. 3315]
    59. Leag do chíos, cuir do chánaigh,
      bóruimhe n-uill n-éadálaigh
      mun ttír mbratghlain ngléishlim ngloin;
      glantar géibhinn red ghiallaibh.
    60. Don chuid eile d'iath Banbha
      3320] dealuigh uile th'athardha,
      a fhlaith fial ó iathmhoigh Bhreagh,
      ná fiafruigh triall 'n-a thimcheall.
    61. I ccrích Éirionn an fheoir bhuig
      ná lean acht lorg an charbaid
      3325] do thír athardha budh-éin,
      a chathardha shídh shoiléir.
    62. Ná hiarr roinn ar fhréimh Éimhir,
      Dál cCais, síol cCuirc ccaithréimigh
      sluagh na síodh ccorrbhroghach ccuir,
      3330] ná ar síol ccomhraghach Carrthaigh.

    63. p.272

    64. Ná leig dhíot ar Chaisiol Chuirc
      trácht Muaighe an inbhir orrdhuirc,
      ná Eas Dara an ghoirmfhéoir ghlais
      ar ana dhoinnréoidh Durlais.

    65. 3335]
    66. Ná leig dhíot ar Dhún na Sgiath,
      ar chuid ranna ó fhréimh bhfinnChliach,
      fad do bhuinn d'fhearann Acla,
      ná seanfhonn fuinn Fiogharta.
    67. Ná tréig coidhche, crosaim ort,
      3340] do chuid féin i ccrích Connacht,
      a bhreac Eithne go moing mheir,
      ná roinn do leithe i Laighneibh.
    68. Bíodh go ndleaghair dod dreich ndil
      roinn d'fhagháil ó fhuil n-Éimhir,
      3345] ag so an roinn as dísle dhuit
      don tírse Chuinn is Cormuic.
    69. Le deich ccéad bliadhain go beacht
      a-tá sí agaibh d'oighreacht,
      luach t'fhola ó chath Crionna,
      3350] a fhlath fhola an Oiliolla.
    70. A chosc 's a choimhdheargadh gleoidh,
      a chúis iomluit an ai-eoir,
      a tháth síodh, a chonmháil cheall,
      dá spíon orghráin na n-airdreann.

    71. 3355]
    72. A dhíon cléire, a chuing crábhaidh,
      a cheann an uird iollánaigh,
      a mheabhoir gá mbí a bun,
      a leabhoir na ttrí tteangan.

    73. p.274

    74. A fhuaradh ar theas ttreasa,
      3360] a theas ar fhuacht bhfuairthreasa,
      a dhál dá ndéntar turadh,
      a lámh éachtmhar easumhal. Malairt
    75. Fad ghrádhsa don dúin deighshíl
      ná bíodh éad ar Eibhilín,
      3365] a ua na ríogh ngéagghlan gan gheis
      ná bíodh éadmhar let Fhileis.
    76. Ó thug mé malairt uirthe,
      sdíomh na ccamóg ccochluichthe,
      ó as í mo sheisi a n-iath Airt
      3370] ní bhiath meisi dá malairt.
    77. Malairt.


p.276

XXVI

Páttruig Óg Mac An Bhaird .cc. do Ruaidhrí Ó Eadhra Mhac Cormuic Óig Mheic Cormuic Mheic Céin

    1. Clú gach fheadhma ar fhuil Chéin,
      a-tá ortha i n-iath n-imchéin,
      cinn tsluaigh ó eachtra nar fhan,
      's cruaigh gach gleacra dá ngoradh.

    2. 3375]
    3. Ag imbeirt beartán mbaoghuil
      gnáth iad idir iolfhaobhraibh
      tar roineart lámh is laoch lonn
      gan a ccládh re fraoch forlann.
    4. Ríoghradh nar aomh a n-obadh,
      3380] fuair foighreadh a ccruadhchogadh,
      na sailghe ar nar sraoineadh
      le a ndaingne re a ndíosgaoileadh.
    5. Aontroigh nír cuireadh ar gcúl
      don ógbhaidh dob fhearr furtún
      3385] 's nír thearc a mbuaigh gan bhuige
      le neart sluaigh ná sochruide.
    6. A mbuaigh ní rugadh a-riamh
      ógbhadh réidh na ruag n-imchian
      le sluagh mórdhálach ar muigh
      3390] fa chuan comhdhálach Cobhthuigh.

    7. p.278

    8. Ac gleic ar ghalaibh aoinfhir
      a ccosg ar n-a ccomhmaoidhimh,
      a maoidhiomh as meabhair liom,
      le haoinfhear d'fhearaibh Éirionn.

    9. 3395]
    10. A-tá orthaibh ceann 'n-a cceann
      séala ar a cclú go coitcheann,
      na sluaigh ler snadhmadh an t-ágh,
      a mbuaidh adhbhal ar iomrádh.
    11. Clú einigh agus eangnaimh
      3400] ortha agus clú i ccaithbhearnaibh
      na slata fa cruaidh i ccath
      an bhuaidh aca gan fholach.
    12. Na laithe fa lugha a neart
      's a saoilfidhe iadsan d'imtheacht
      3405] don droing ógnáir gidh sia sin
      Dia dá ttógbhail do thairngir.
    13. Do fhaguibh éigsi innsi Fáil
      a tteisd a maitheas re a mórdháil,
      an fhian armghlan ó Bhóinn Bhreadh
      3410] glóir as adhbhal re n-áireamh.
    14. Aicme Eadhra na n-arm nglas,
      ó sloinntear an séimh solus,
      leomhain taisdil Bhanbha Breagh
      gabhla gaisgidh na nGaoidheal.

    15. 3415]
    16. Do mhac Cormuic nach claon cuing
      's dó do labhras a labhruim,
      tug briocht seirce 'n-a ghnúis ghloin
      cúis nach ceilte do chliaroibh.

    17. p.280

    18. Giodh fáth tnúith togha dealbha,
      3420] tug Dia dá dhreich loineardha
      deilbh aobhdha gheanamhail ghrinn
      mhaordha ffearamhail inghill.
    19. Ruaidhrí laoch an aignidh fhéil
      i n-aonchúis nar thuill toibhéim,
      3425] féinnidh armghlan gaoth glantais,
      laoch nach adhbhar iongantais.
    20. Óg ghuthaibh sgagtha na sgol
      fuair sé eolas na n-ughdor;
      do mheabhruigh go snasta sin
      3430] as leabhruibh gasda an ghaisgidh.
    21. Do bhí seal ag Ionghus Óg
      i síth mhaisigh na míonrod;
      cuingidh bean nach cleasach cuing
      seal go feasach ag foghluim.

    22. 3435]
    23. Fuair eolas séimhidhe seal
      ó Bhoghmhuin buime am ghaisgeadh,
      mhílidh díon ar dhiombuaidh 's ar dhacraibh
      's a síoth fhionfhuar Abhartoigh.
    24. A Sídh Aodha ós Éirne brais
      3440] i cceardcha cliste an chumais
      fuair liamhadh is gaibhneacht glan
      glainshliocht gan fhiaradh orthaibh.
    25. A tréighe luith is lámhaigh
      's a ilcheasa Iollánuigh
      3445] lann chruaidh fíorchabhair ar bhfuinn
      a síothbhroghaibh fuair foghluim.

    26. p.282

    27. Nós a chinidh leis leantair
      le deighgníomh 's le deighbheartoibh;
      mór ffear 'n-a cceann le comhaidh,
      3450] nírbh fhearr seal a síothbhroghaibh.
    28. Dá ttuguinn geall na nGaoidheal
      dá uaisle ó iul seanlaoidheadh,
      gnúis nár nar donnadh le droing,
      re rádh ollamh do fhéadfuinn.

    29. 3455]
    30. Iomdha rí roimhe san raon
      uadh go hÉimhear neamhchlaon,
      croinn chumhra na cceann tais,
      dob fhearr umhla don eaglais.
    31. Leantar leis lorg a athar
      3460] ar ghaisdeadhaibh gleothachar,
      an séimh gan doghra a ndocraibh,
      's a mhéin thromgha thábhochtuigh.
    32. Téid le n-a béasaibh bunaidh,
      aicme Chéin chomhramhaigh,
      3465] croinn réidhe na cnuas nar chas
      ar fhéile ar chruas ar cheannas.
    33. Ua hÍ Fhlaithbheartaigh gan cheist,
      deaghua í Chéin re caoimhtheist,
      tarbh tána ar nar ceileadh cion,
      3470] do-gheibheadh cána coguidh.
    34. Bradán Sligigh na sruth ffann,
      maighre Easa dá Éagann,
      eo Muaidhe an tiomratha te,
      Guaire fionnLocha Finne.

    35. p.284


      3475]
    36. Fear cosnumha clú gach uair,
      an t-Iollánach re hiolbhuaigh
      fos flatha, féile gan on,
      tréighe an ratha dá rochtain.
    37. Mac Máire nach cleasach cuing
      3480] dá dháimh as díon ar dhoghruing
      le neart gan tár gan time
      le ceart 's le fál fírinne.
    38. Óg a aois, arsaidh a fhos,
      cliste i cclaidheadh a chomas,
      3485] díochur forlann an soirbh sáimh,
      doirbh a chomhlann i ccomhdháil.
    39. Sás na cléire do chealgadh
      le áinios gan imdheargadh,
      féinnidh séimh as bheobhras bladh
      3490] le céill is le heolas ughdar.
    40. A-tá orrtha ó am go ham
      clú cinidh is clú comhlann,
      gan shéana ar a neart a-nú
      séala ceart ar a chéadchlú
    41. Clú


p.286

XXVII

Maol Muire O hUiginn .cc.


    3495]
  1. Inghean tSearluis nach claon cuing
    Brighid iathghlan inghill
    dá haobhacht nochar bhean béim,
    bean gan aonlocht i n-aoinchéim.
  2. Deallramh seirce 'n-a haghaidh óig,
    3500] gnúis áluinn nar thuill conspóid,
    bean shéimhidhe ghrinn ghasda
    chéillidhe bhinn bhéalbhlasda.
  3. Gliocas tábhocht is tromdhacht,
    féile mhór is measardhocht,
    3505] gan tnúth ná caidreamh re col
    fa rún 'n-a haigneadh uasal.
  4. Fuil Bhúrcach ní cóir a ceilt
    a-tá innte go hoirdheirc,
    treoin rer ffearr a cclú do chur,
    3510] fa teann ar brú gach bearnadh.
  5. Síol cCunchabhair fa a corp slim,
    móide a hurruim go hinghill
    'n-a cneas úr go cinnte ceart;
    a lúdh innte dá huaisleacht.

  6. 3515]
  7. Ní huaisle an fíon iná a fuil
    banua Í Ruairc bhuig bhronntaigh,
    deaghua Í Néill 's Í Bhriain Bhreagh
    gan bhéim gan chiaidh 'n-a caidreamh.

  8. p.288

  9. Ciall agus fos is féile
    3520] innte ó dúthchus deaghfhréimhe;
    do tógbhadh le cách i ccion,
    bláth na n-ógbhan an inghion.
  10. Inghean


p.290

XXVIII

Tadhg Dall Ó hUiginn .cc. do Bhrian Mhac Céin Mheic Oilill Mheic Mhadhnuis Mheic Ruaidhrí Mheic Sheaáin (agus do) Dhomhnall Mhac Taidhg Bhuidhe Mheic Céin Mheic Oilill Mheic Mhadhnois Í Eadhra


    1. [...]

      atuirse d'éigsibh Éireann
      3525] buain na gceannsa dá gcorpaibh

      [...]
      cheannsa chumhachtoigh.

    2. [...]

      (a) chinn daonnachtoigh Domhnoill
      teasgadh bhur gcorp, a dhá cheand,
      3530] ní measdur re holc Éireand.
    3. Easgur (a t)táthaoi as truagh leam,
      a chúpla sochruidh saoircheann,
      bhur n-aighthe dho
      [...]

      nach dóidh a n-aithne (dh').

    4. 3535]

    5. [...]
      beoil chorcra
      do chlaochlóidh cruth éadrochta
      na rosg málla na ngruadh ngeal;
      truagh a ndála fa dheireadh.
    6. (Ní fhagh)ann duine ar domhan,
      3540] do mhnaoi ná dh'fhior ealadhan
      —dál as iongnadh don dá fhear—
      rádh na bhfionnbhan 's na bhfileadh.

    7. p.292

    8. Brian mhac Céin far chorrach tonn,
      mac a dhearbhráthar Domhnall,
      3545] diombáidh mar táid re treimhsi
      leannain an fhóid Fhéilimse.
    9. (A) mbeith mar táid, truagh an cor,
      do fágbhadh iad 'n-a n-aonar,
      cinn fa daoinidhe don dreim
      3550] (do) shaoirfhine fhinn Oilill.

    10. [...]
      cruth a bhfaghthaoi
      don druing mhíolla mhalachnaoi,
      fir nar chodoil cneas re cneas
      ag sin agoibh a n-uaigneas.

    11. 3555]
    12. (Fáth) atuirsi dhíbh is dúinn
      do-ghébhtha, a fhir an iomthnúidh,
      (anuain) a n-aisgidh a-niodh,
      (anuaill) ghaisgidh na nGaoidhiol.

    13. [...]
      a énghrádh mh'anma,
      3560] nír chóir dhon aois ealadhna,
      's nír chóir d'ógmhnáibh Insi Modh
      sibhsi dh'fhágbháil at énor.

    14. [...]
      (sin) riamh roimhe
      (mar so) a n-ait dá huaignighe
      3565] sibh a anam dá hanma

      [...]
      (ar aghall) fhir ealadhna.
    15. A chinn Bhriain, a bhláth Luighne,
      a chinn dédla ar nDomhnoillne,
      gur dalladh cruth bhur dhá gcneas
      3570] uch dob annamh a n-uaigneas

    16. p.294

    17. Marthoin ler séan, as sé a hsuim,
      dot éis choidhche, a chinn Domhnuill,
      a chinn Bhriain gan charthoin gcruidh,
      marthoin ad dhiaigh ler ndúthuigh.

    18. 3575]
    19. (Truagh) leam olcas bhur n-iomchuir,
      cinn dob uaisle dh'Éirionnchaibh,
      sibh ar dhá chuailli do chor;
      mo thruaighe ag sin an saoghal.
    20. Fa meinig riamh roimhe sin
      3580] na cinn do-chiu ar na cuaillibh,
      cinn ler imthigh fódmhagh Floinn,
      ar righthibh ógbhan n-áloinn.
    21. A dhá cheannsa ós mo chionn,
      nír nár le hurmhór Éirionn
      3585] bheith ós chách dhaoibhsi bhur ndís
      faoibhsi go bráth dhá mbeimís.
    22. Sibhse do chor ós cionn cháigh,
      a chind Bhriain—dia do dhiombáidh—
      nír nár libh gus an lá a-niodh;
      3590] 's ní mar tá sibh do saoiliodh.
    23. A chinn Domhnoill díochra an crádh
      sibh ós chomhair do chompán
      do theasgadh le cách, a chinn;
      go bráth budh easgar dh'Éirind.

    24. 3595]
    25. (Ní shaoilf)eadh duine ar domhan
      sibh bhur ndís do dhonaghadh,
      a chinn Bhriain, a chneas mar chailc,
      gan ghliaidh gan treas do thabhairt.

    26. p.296


    27. [...]
      sibh
      3600] do bhás onórach éigin,
      a ghlac nach dúnta um cheann gcruidh,
      a chúpla ceann ó chianoibh.

    28. [...]
      eagh
      gidh mór an crádh ler gcineadh,
      3605] an tréad ó thiormtholaigh Tháil
      éag nar iomchubhaigh dh'fhagháil.
    29. Do crochadh sibh a Sligioch,
      a rún faoilidh foighideach,
      nír bheag (do bhreith)
      [...]

      3610] a bheith a ndán, a Dhomhnaill.
    30. A mheic Thaidhg—gá truaidhe dál!—
      an ceannsa a n-aisgidh dh'fhadháil

      [...]
      samhail
      a seanróimh (chláir)
      [...]

    31. 3615]
    32. Milltear a measg do charud
      tú, a Bhriain, a bhas thanabhog,
      sgél (tinn ler)
      [...]
      muir
      a seanGhaillimh fhinn uasoil.
    33. Éinneach a-bháin dod bhuain dínn
      3620] gan imreasoin gan eisídh
      gan léim
      [...]
      foda
      is béim
      [...]
    34. Uch as truagh nach tarrla sibh
      a meadhón t'arm is t'éidigh,
      3625] a cheann síthealta ó Mhuaidh mhoill,
      uair do dhícheannta, a Dhomhnoill.

    35. p.298

    36. Uch as truagh nach tarrla dhoid
      bheith, a Bhriain, ad bheirt chomhruig,
      a ghnúis ghlan
      [...]
      bhog
      3630] is ilmhillte
      [...]
    37. Truagh nach iad Gaoidhil is Goill
      rug oruibh ar áth comhloind,
      a chúpla sénta
      [...]

      suil fríth bhur n-échta a n-aisgidh.

    38. 3635]
    39. Na cinnse do-chiu ar h'aghaidh,
      a chompánoigh charthanoigh,
      dul dá gciorrbhadh (gan chlódh) uilc
      dob iongnadh mór an mhalairt.
    40. Anba in t-olc dhóibh fa-deara
      3640] nar fhéd fear a bhfaigseana
      buain a gceann ó n-a gcolloibh,
      saor an dream a-dubhromair.
    41. Doilidh leam, doilidh dhamhsa,
      bheith 'n-a ndiaigh san domhansa,
      3645] cinn édrochta dar (fhill)
      [...]

      cind mo chédlochta comainn.
    42. Rugsad mo chiall 's mo chuimhne,
      rugsad mh'aithne is mh'fhorfhuighle,
      rugsad dá dtrian m'aisdir uam;
      3650] a bhfaisgin riamh as rothruagh.
    43. Truagh mo dháil re deich laithibh


p.300

XXIX

An Tadhg Dall Ó hUiginn Cédna do Sheaán Bhuidhe Mhac Eoghoin Í Eadhra

    1. Anos bhréagnoighthear Bricne,
      síol gCuirc na gcolg n-innilte;
      an dream dhar (comhfhaire) Corc
      do mheall comhnoidhe Connachd.
    2. 3655] Comhnoidhe chríche Meidhbhe
      gan dol éisde ar imirghe
      do chan Bricne gidh bé leis;
      ní hé gur thigthe thaireis.
    3. Do Thadhg mhac Céin na dtreas dte
      3660] olc do-chuaidh ar chan Bricne,
      an buachoil do bhaoi ar Mhumhain
      fa Chruachoin Aoi ar n-anamhoin.
    4. (Do ansad fa) chlannoibh Cuinn
      sliocht Céin mheic Oilill Óluim,
      3665] an duine a ndiaigh ar-oile,
      ó ghliaidh Mhuighe Muchroimhe.
    5. (Anoise bhus) aithreach dháibh,
      na slóigh ó Chorcoigh cladhbháin,
      bha shíol gCuinn fhionnMhuighe hAoi
      3670] do dhruim fhionghuile énlaoi.
    6. Beag dteasda gaoil dá ghoire
      tre shíol gCuinn Chláir Iughoine
      's mar tharrla do chaomhchoill Chéin
      na saorchroind abhla ó éinfhréimh.

    7. p.302

    8. 3675] (Moch) do thairg airdrí Aine
      dol ós cionn gach combáidhe
      re fréimh (ghléighealdha ghloin Chuinn)
      doimh na réidhealbha ó Fréamhainn.
    9. Rug Oilill an fhuilt sgathoigh
      3680] Sadhbh inghean Chuinn Chéadchathoigh
      nír fhéad
      [...]
      mis mór
      an céadadhbhur
      [...]
    10. Rug Sadhbh (shámh) ó Mhuidh Mháidhe
      —maith an cédthús combáidhe—
      3685] ocht maca do hsaorchloinn hséimh,
      's ocht slata ó aonchroind iadséin
    11. Ó hsoin allé 'n-a gcloinn Chuinn
      a-táid sliocht Oilill Óluim
      gég don fpailm ghobhlánaigh ghil
      3690] ó Shaidhbh hsoghrádhuigh (hsoilbhir)
    12. (Ar) Art mhac Cuinn na gcorn bhfiar
      fógrais Mac Con mac Maicniadh,
      sgath na ríoghraidhi (roimhe),
      cath míonmhuidhe Muchroimhe.
    13. 3695] (Ocht meic) Saidhbhe—'s as sé a shuim—
      tiaghoid cland Oilill Óluim
      san ghleic acht (gan) dhainimh dol
      a n-aighidh mheic a máthar.
    14. (Do thuit) timchiol Airt Aoinfhir
      3700] seacht meic Oilill fhorbhfaoilidh
      le Lughaidh a ló in chatha;
      nír phudhair dhó a dheacracha.

    15. p.304

    16. (Ní dheachadar) 'n-a dhiaigh sin
      clanna Cuinn ná Airt Aoinfhir
      3705] fan gcrích dtoinnghil bhféaraigh bhfinn
      gan fhéaghain d'oighribh Oilill.
    17. (Ann sin) do chosoin Cormac
      ar neimh arm dhá othorlot—
      sgél innreactha—a gcath Chrionna
      3710] sgath fhinnshleachta Oiliolla.
    18. Tadhg mhac Céin an chrotha naoi
      tug seacht gcatha dh'fheidhm énlaoi,
      féinnidh Sionna leo ar n-a lot,
      a ngleo Chrionda fa Chormac.
    19. 3715]
      [...]
      as nach raibhe
      cath Crionna cath Muchroimhe
      laoich na mbrudh slaitshleamhain slim
      (nach an) d'aicmeadhaibh Oilill.
    20. (Ar dteachta do) mhuigh Mhumhan
      3720] do bhí an aicme ag átughadh,
      na curuidh as clann do Chian,
      in rann do Mhumhain Mhaicniadh.
    21. (Do-chua)dar clanna Céin
      —móide as iontaobha iaidséin
      3725] torruchtain do thír a sean—
      Connachtaigh díbh ar ndéineamh.
    22. (Gidh) nach ionand aicme Chuinn

      [...]
      Oilill Óluim
      ar ghaol ar chombáidh chogoidh
      3730] 's gach taom forráin fuarodair.

    23. p.306


    24. [...]
      uirrdheirc eile
      ag síol Oilill d'áiridhe,
      slógh Uisnigh an fhuind sgathoigh

      [...]
      Chuinn Chédchathoigh.
    25. 3735]
      [...]
      éinfheacht ar foghoil
      re ordnadh chlann gConchobhuir
      na trí Luighne a moidh Mheadhbha
      buighne
      [...]

    26. [...]
      re hucht a gcean
      3740] drong mhór do Ghalloibh Gaoidhiol
      an tóir ar tteagmháil orra,
      (ní dóidh) eadráin eatorra.

    27. [...]

      gér lia an laochroidh allmharrdha
      3745] re síol gCuinn re clandoibh Céin
      ar Ghalloibh nar thuill toibhéim.
    28. (sé féin) Ó hEadhra

      [...]

      do-rinde sé geall 'n-a ghoin
      3750] ní fearr an té le dtorchoir.

    29. [...]
      laithibh comhloinn
      ag iomchur an anbhforloind;
      mór do bhuing dhíonn dar ndaoinibh
      síol gCuind ós dá chomhmaoidhibh.
    30. 3755]
      [...]
      as doidhíola dháibh
      seacht meic Oiliolla dh'fhágbháil
      ar gclódh dhá n-eangnamh uile
      ar seanMhagh mór Muchroimhe.

    31. p.308


    32. [...]
      riamh roimhe
      3760] foraois Droma Damhghoire
      nó an lá a Moigh chaillréidh Chrionda
      le fuil airmghéir Oiliolla.

    33. [...]
      (aidh) siad ó so a-mach
      bás chodhnoigh chloinne Lughdhach
      3765] slat doishníomha acht ar díol dámh;
      ní gníomh soidhíola Sea-án.
    34. (Nachar)
      [...]
      (lleadar) clann Chéin
      re síol gCuirc na gcolg soilléir
      do fholuigh ég Í Eadhra;
      3770] omhain tréad gan tighearna.

    35. [...]
      (ein dhúinn) bhudh doilghe
      fuarudh ar sluagh seanLuighne
      ég uile dh'ég an aoinfhir
      (oile) dh'ég ní hionmhaoidhimh.
    36. 3775] (Doiligh leam) ar n-ég éinfhir
      roighni sleachta seinÉimhir
      a seacht dtroighibh don talamh,
      beart doilidh re a deonaghadh.
    37. (Athtuirse) bhan is bhrughadh
      3780] fáth eolchoire ollamhan
      bás Í ríghEadhra ó Ráth Breadh,
      budh fáth mímheanma Míleadh.
    38. Lán do laochoibh lán do sgoil
      do bhí Luighni an lá torchoir
      3785] críoch tonnbhán
      [...]

      lomnán d'ól is d'aonoighibh.

    39. p.310

    40. Gan ghníomh greadh gan ghorudh reann,
      gan cheol gan imeirt fhithcheall,
      beag do saoiliodh síol Sadhbha
      3790] gan díol d'aoinfhear ealadhna.
    41. Tiad a ngníomhartha goili
      leis on uaidnibh iorghoile;
      téid leis Ó n-Eadhra d'oighidh
      a méid mheanma ó a macroidhibh.
    42. 3795] An díobh féin a bhfacaidh sinn
      do hsochroide um shíol Oilill,
      nó an díbh na mná nó an mhacruidh
      do-chínn lá 'n-a longphortoibh!
    43. Beag as aithnidh dh'fhearoibh Fáil
      3800] dá mbíodh a mbruighin tSea-áin
      acht cath saorLuighne síl gCéin
      gér líon aonbhruighne iadséin.
    44. A Luighnibh na learg síthe
      do bhíodh cóir gach coigcríche;
      3805] do thaibhgheadar ar chách a gcor
      gnáth an t-airleagadh d'fhaomhadh.
    45. Na breatha do-bheirdis sin
      gasraidh Luighne lá éigin
      orra a-rís as-dteagh tugadh;
      3810] ceadh acht fís a bhfacodar?
    46. Tugsad cách cúl do threabhadh
      ó chnuas na bhfiodh bhfailtleabhar,
      tír na bhfinntreabh dtéiglidh dte,
      's ó éignibh linntiodh Luighne.

    47. p.312

    48. 3815] Rug leis an lá do imthigh
      iasg an tráchta tirimghil
      bláth na gcleath ngoirthe
      [...]

      do mheath foithne 'n-a (bhfarradh)
    49. Gan ioth ag teacht a talamh
      3820] gan theas gréine ag gabhlaghadh
      (meabhsain) sriobh d'aithle Í Eadhra
      gan tairthe a bhfiodh fíneamhna.
    50. Anois


p.314

XXX

Diarmoid Mac An Bhacoigh Í Chlumhain .cc. do Ruaidhrí Mhac Seaáin Bhuidhe Mheic Thaidhg Mheic Fearghoil Mhóir Mheic Domhnoill Cléirigh Mheic Airt Na Gcapull Mheic Diarmuda Riabhaigh Mheic Aodha (Í Eadhra)

    1. Bráidhe ón éigsi a n-Eas Dara
      na héigsi ag meas ó Mhodha;
      3825] a-tá uainn a n-Eas Dara
      (ra)gha in tsluaigh theas re a dtogha.
    2. Fear féin ag togha a thighe,
      Eas Dara mo léim loighe;
      mo thriall do bhí ar mo bhaile
      3830] do bhí ar mh'aire riamh roimhe
    3. Cána ó gCéin go fear bhForbhair
      as céim budh mheadh dá mheanmoin;
      ar seacht dtroighibh do thalmhoin
      reacht anmhoin d'oighir Fhearghoil.
    4. 3835] Fuarus ón rígh seal sochair
      an feadh do bhí 'n-a bheathoigh;
      laoch a n-éag é gan fhachoin,
      rachoidh mé ar n-eg í Eachaidh.
    5. Mo dhearc ní dhuin a comhla
      3840] re dteacht dúinn nocha dearna;
      ní tráth d'uaill é dom abhra
      tarrla mé ar uaigh Í Eadhra

    6. p.316

    7. Leath a bhfuair mé dhá mheadhair
      ar uaigh í Chéin ní cumhain—
      3845] iongna a coimhge ('s sé) ar samhail—
      gabhuidh mé cairde ón chumhaidh.
    8. Gnaoi dhá bhás biaidh ar bhuannoibh
      gan chás 'n-a dhiaigh a ndeoroibh;
      créad um nar chuir ar dhaoinibh,
      3850] caoinidh muir ég í Eoghain.
    9. Do ló an fhearta ní hanta,
      ar marthoin gá mó fiorta,
      ón aird thuaigh le sín sneachta
      ealta an chuain a dtír tiocfa.
    10. 3855] Críoch nuaidhmhín nach dubh droighean
      do Ruaidhrí tug a torudh;
      as fiodh réidh (go mbior) bhileadh
      cineadh Céin ó fhior Aghar.
    11. Coill dá bhás biaidh gan bhlodhadh
      3860] gach bláth 'n-a dhiaigh ar ndubhadh
      gidh é tug an fiodh folamh
      (rug) a thorudh dh'fhior Uladh.
    12. Rí Luighne na land dtana
      ní ham dhá chuimhni cheana;
      3865] gan ar súil re síol Modha
      dola (in síodh dúinn) fa-deara
    13. ('S é) Ruaidhrí rug do roghain,
      rug a bhuainlí do bhrudhoigh;
      do bhí a ndán, a Dhé, ar ndeaghoil
      3870] beanaidh sé clár dhom chumhoigh

    14. p.318

    15. Leac Ruaidhrí an feadh nach bhfuarus
      ar fhuairlí ar ndearc do dhíolus;
      rug mé ar a uaigh eolus
      hseolus uaim, a Dhé, ar ndíomus.
    16. 3875] (An déar le) fear ar bhfeithmhe
      ar lén ceadh ar nach cuirfe;
      folchoidh uir thríbh a tairthe
      aithne an tsíl fuinn ní fuighthe.
    17. (An) ghean feasda ní fuighthe
      3880] ó theasda fear ar bhfeithmhe;
      folchthar ar uair ar n-aithne
      aighthe shluaigh onchon Eithne.
    18. Biaidh ón thí theasda ar n-éinrí
      gach mí feasda 'n-a fuairmhí;
      3885] cland Chéin mar bhudh chlann d'énmhnaoi
      go ham énlaoi ag réir Ruaidhrí.
    19. Bliaghain mharbhtha (ua n-) Eoghain
      a hamhghar go buan béruidh;
      tug sí gan chás a gcliaroibh
      3890] ní bliaghoin ghrás í ar fhéghoin.
    20. Fáth neamháidh ar chách cuiridh
      mac Sea-áin tráth a thoruidh;
      cuan Innse tre fhear bhFeimhin
      (deimhin) teagh Innsi ó fhoghail.
    21. 3895] Críoch Luighne ar n-ég Í Eadhra,
      a Choimdhe, créd a chomhdha?
      ar dteacht ón ádh dh'fhéin Andla
      tarrla clár Céin gan chomhla.

    22. p.320


    23. [...]
      (acht) gan fhál iompa
      3900] ag dáimh gan toisg 'n-a dteandta;
      ní fhuair file riamh rompa
      brondta cliar Thighe an Theampla.
    24. (Is é ar n-áireamh as) neamhnár
      gan mhé ag áiriomh a fheilghníomh;
      3905] flaith Luain is ind gan iomrádh
      iomlán lind uadha ar n-imshníomh.


p.322

XXXI

Tomás Ó hUiginn .cc. d'Oilill M(h)ac Cormuic Óig M(h)eic Cormuic M(h)eic Céin.

    1. Damh féin do choigleas Oilill,
      gá bhfios nach oirchill mhaoine?
      ní theagbhann cnuic ná sléibhte
      3910] dá chéile is teagmhuid daoine.
    2. Giodh táid an t-ord dá bhfuilim,
      mar do-chluinim, dá chaitheamh,
      cia a-deir nach meisi as bhuaine?
      geal gach nuaidhe nach bhfaicthear.
    3. 3915] Ní léire luas ná moille,
      fáth mo thoile gan choimhling;
      níor chuireas cúl re a chleachtadh
      ar son gur sheachnas Oilill.
    4. Dá mbeind re críonnacht éda
      3920] damh féin ag déanamh ciste
      uaisle éirghe ná leagadh
      fo dheireadh sheasfas mise. Io xmb 1653
    5. An seanfhocal ní fédthar
      do bheith brégach an tansa;
      3925] do-chí súil ní nach sillionn
      más fíor grinnioll na hannsa.

    6. p.324

    7. Mac Cormuic aigneadh aireach
      —fear le taithmheach an fhíorrath—
      a beith agam ná ceileadh;
      3930] as gnáth deireadh ag díoghruis.
    8. Ag saoithibh dealbhtha ar n-oige
      gé tá 'n-a choigle an tráthsa
      a leigean dóibh as ionmhall
      acht go ndiongnann sealbh sásadh.
    9. 3935] Más oircheas an cion táirthear
      ar dhán nó ar áineas bhfáthrúin
      dúinn ní féidir gan dortadh
      éigin nochtadh don nádúir.
    10. Oirill Ó hEaghra ar shaoidheacht
      3940] breo re sgaoileadh na bhfoichleas
      ar gus ar aipcheacht seanta;
      dual gach ealta mar oiltear.
    11. A cceann gach oirbheirt iomláin
      tús m'iomráidh do-bhér dósan
      3945] mar aon is sgaith ar cceirde;
      feirrde gach maith a móradh.
    12. Ar fhéile, ar iocht, ar eangnamh,
      ar rath dearbhtha gan bhaoghal,
      tuigidh Oirill an uairse
      3950] gur buaine bladh ná saoghal.
    13. Ní beag nod do na heolchaibh;
      más deoraidh mé coimhling;
      giodh eadh mh'annsa ní haisling
      as damh féin chaiglim Oilill.
    14. Damh féin.


p.326

XXXII

Fhearghol Mhór Mhac Domhnoill Chléirigh Mheic Airt Na gCapoll

    1. 3955] Comhla ratha run Fearghoil;
      rún ratha rún an Luighnigh,
      sreabha cróigh ó fheirg Fhearghoil
      re seamroibh sróill deirg druimnigh
    2. Budh coimseoir ar bhuaidh Bhanbha
      3960] a doirseoir a n-uair fhoghla,
      comhla re rún ríogh Teamhra,
      síol Eadhra ar cúl na comhla.
    3. Dún nach dúintear re comhloidh
      an múr fa múintear mearghroidh;
      3965] tomhus mhúir Fhinn a n-Almhoin
      a ngabhloibh dhúin fhind Fhearghoil.
    4. Mac Domhnoill ó fhiadh Adhar
      mar Chian ar chomhroinn churadh;
      soillse soir go slógh Laighean
      3970] smól bhaileadh ar mhoidh Mhumhan.
    5. Fuair a fhoireann fa inbhear,
      fuair a bhfuair Oilill d'eangnamh;
      cearchoill shuain a dtigh thalmhan
      fa dhigh mhallbhan fuair Fearghal.
    6. 3975] A shlóigh throma ó Thráigh mBaile
      sluaidh orra ag dáil a ndighe;
      fear rabhaidh dhóibh gach duine
      Danair mhuidhe móir Mhidhe.

    7. p.328

    8. Muir Ghréag do bhean ar bhiodhbhuigh
      3980] 's gan fhear Grég ar an gormmuir;
      cách san Luan ní bhía ar bhearnoigh
      ó shluadh Fhearghoil dia Domhnoigh.
    9. Lór dá bhrath a ghlún gléigheal
      gach cath 'n-a mhúr dá mhaoidheamh,
      3985] cuach óir fa dhigh ag dáileamh
      ag áireamh shlóigh ghil Ghaoidheal.
    10. An rí aonar a n-iomghoin
      baoghal dá mbí ar an mbearnuigh;
      fosdoigh sin aga a fhoghloidh
      3990] idh shlabhruidh fhada Fhearghoil.
    11. Flaith Breagh go mbí 'n-a leagbhrudh
      bean mhaitlh do-chí 'n-a codludh;
      d'aithle shlóigh Chua do chaidreamh
      aigniodh nua don bhróin bheagbhan.
    12. 3995] Marcoch mór mhoidhe Cliodhna
      sróll roimhe ar glaclach gallgha;
      ar son Fhearghoil Í Eadhra
      crodh Eamhna a dTeamhroigh tarrla.
    13. Ba seach bhíos rath is ríghe
      4000] cíos na gcath ag cath Bhuille;
      teisd a chion tar cheann dáimhe
      fa fháinne ó fhior sheang Shúire.
    14. Mac Éadaoine ó hSúir hsiobhloigh
      ní cédaoidhe um Búill bhaillghill;
      4005] clocha a bais fhearta Fhearghoil
      bearnoidh ealta ar Ghlais Ghainmhigh.

    15. p.330

    16. Doirr an fhir tug a thagha,
      do roinn sin is rug rogha;
      giolla séimh a sídh Dumha
      4010] Mumha hsíl gCéin a chomha.
    17. Tug romhainn caithréim Conghoil,
      rug glainchéim Conaill Chearnoigh,
      tug a chreach ar cionn tsamhraidh
      faghlaidh a dteach fhiond Fhearghoil.
    18. 4015] Gaoi ag mac deaghlámhach Domhnoill
      ar ghabhlánoibh ghlac mbairrshlim
      giolla geal donn a Duibhlinn,
      far thuirrling tonn mhear mhaillbhinn.
    19. Teithmhi siar ó bharr Beirbhe,
      4020] feithmhe Gall um fhiadh n-Aidhne;
      téid Fearghal do lár Luighne
      lán bruighne um ghealmhagh nGaillmhe.
    20. Ag só a rádh re rígh Mumhan:
      lámh re tír dhó fa dheireadh,
      4025] dol ód chion, a fhir Adhar,
      anadh dh'fhior a dtigh theineadh.
    21. Fíon ón Mháidh aoibhinn easmhoill
      ad laoidhing láimh re Glaislinn;
      da bhrudh chorr ós linn luschoirr,
      4030] long n-a hursoinn fhinn fhairsing.
    22. Goill libh at aighidh dh'iomghoin,
      Laighin libh agas Luighnigh;
      Goill thall at iath, a Fhearghoil,
      a leanmhain Ghall Chliach cuimhnigh.

    23. p.332

    24. 4035] Ar lámhachadh lann gclochdhonn,
      ar sárachadh Ghall nguthmhall,
      a glún cuire tre a chathbharr
      fachlann úr bhuidhe bhuncham.
    25. Sgiath go n-ór ndluigh a ndeabhaidh
      4040] ar thriath mhór mhuighe Fuinidh,
      gidh bé a-nocht do-ní dh'fhadhail
      lochd faluidh dhá mbí a mbruighin.
    26. Biaidh a shíoth mar ghréin gheimhridh
      ót fhíoch ag béin re bearnaidh;
      4045] mar shruth gan tocht a dtalmhoin
      guth faghloidh ort, a Fhearghoil.
    27. Slógh dathta fa chleith Chliodhna
      lón reimhe aca dh'ealbha
      fiadhach shléibhe buig Banbha
      4050] cuid fhaghla fhéine Í Eadhra.
    28. Feadha croidhearga ós cheochuan,
      sreabha soineannda a síothúdh,
      braon trom dhá chor um Chruachán
      do nuathál adh gcorr gcíochúr
    29. 4055] Nús dearg a cíghibh cédagh,
      drúcht do línibh learg ndíggeal,
      grian ar cul na gcoll ngéiggeal,
      éidiodh chlúmh ndonn dá ndídion.
    30. Fál gég gan unacht iompa
      4060] le lubhghort séd fa sompla,
      fiodh claon um Theach an Teampla,
      deargcna cleath go caol gcolptha.

    31. p.334

    32. Guais d'fhionnmhoine Ghall nglúnghlan
      barr fiodhbhaidhe go fíorbhun;
      4065] doinne ar cúl na gcoll mbáingheal
      ó shúdh áirneadh gcorr ccíorrdhubh.
    33. Mionn ríogh go dáimh fa dhoinnmhiodh,
      fíon fionn dáibh ar n-a dhearbhadh;
      a chroinn mheala is Muaidh mhallghlan
      4070] adhbhur meadha fuair Fearghal.
    34. Flaith Macha ag léim a loingidh
      ar léim an chatha cinnidh;
      sagh an laoich a loing ceandoigh
      dá sgaoith bheannduibh luim lingidh.
    35. 4075] Rí gealMhacha a múr mhallbhan,
      súdh ceannbhracha 's dá choinnmheadh;
      ceannchaidh bean 'n-a fhonn d'Fhearghal
      treabhradh geal donn um dhoinnmhiodh.
    36. A dtimchiol chuirn mheic Mhorna
      4080] cuirn Cheit fa chuirm Í Eadhra;
      Aifreann luath do bharr Banbha
      a n-am fhadhla a mbruach Bhearbha.
    37. Ó Céin um Chruachoin gcloidhmhigh
      fa réim Thuathoil a dTeamhraigh;
      4085] sluadh an ríogh go lind Luimnigh
      Muimhnigh fa fhíon fionn Fearghoil.
    38. An fear eile as é an t-aoinfhear
      's ní hé fear Éithne ó aomhadh
      troid ag rígh ir rí Taoighean
      4090] aoinfhear dhíbh do bhí a mbaoghal.

    39. p.336

    40. Seol ós luing acht dia Domhnaigh
      ar tuinn ní bhia gá bhiodhbhoidh;
      uaigneas a dtoigh fhinn Fhearghoil
      ó leanmhoin doimh hsing hsiobhloigh.
    41. 4095] Dá dheigheach bhreagh bhróiggeal
      cleath Eamhna is sé san éigean
      féachfaidh craobh Dhor a dhídean
      tor díggeal d'aol dá éideagh.
    42. Ní fhuair tóir acht tóir chabhloigh,
      4100] ní luaidh cóir re cóir Luighnigh;
      ríoghna troma dh'fhios Fhearghoil
      leanmhoin orra ó lios Luimnigh.
    43. Ó a chíos a mbliadhna ar Bhreadhoibh
      cíos Iarla bhíos go brughaidh;
      4105] rachoidh sí cró tar comhaidh
      ní fhoghoin dó an ní a-nuroidh.
    44. Rag créachdthaobh a gceann coirrshleagh,
      éntaom as fhearr dhon eangnamh,
      leath dhó dho bhuaibh a bhiodhbhudh;
      4110] iongnudh nach mó fuair Fearghal.
    45. Gasroidh mhór mhílidh Coruinn
      ag síneadh re slógh Cumhoill;
      léir sin ar síoth 's ar soininn
      fíoch ar fhoirind fhir Umhoill.
    46. 4115] Le heachroidhibh fhuinn Fhorbhair
      go luing leanfoidhir faghloidh;
      eathar seang fada Fearghoil
      leanmhoin aga ar cheand gcabhloigh.

    47. p.338

    48. Le Fearghal a n-uaimh fholaidh
      4120] do dearbhudh cruaidh a chloidhimh;
      fear slabhraidh truim tar teinidh
      beiridh faghluidh fhuinn Oiligh.
    49. San earruch fhuair an samhradh,
      go hearruch fuair an fadhmhor;
      4125] ar dhruim cuain ghloin fan geamhradh
      fuair Fearghal soir an samhradh.
    50. Fa dheireadh dhó a n-ucht fheorann
      mó sa mhó lucht a lámhonn;
      tosach eoil fa fhíon nuadhonn
      4130] ag buabhall ríogh mór Málonn.
    51. Rí Luighne na lann mbadhbha
      mar Ó Dhuibhne a n-am fhoghla;
      bas bhán Fhearghoil Í Eadhra
      dearbhoidh gealgha ar clár comhla.
    52. Comhla


p.340

XXXIII


[...]
do Chloinn Í Eadhra .i. Oilill Ó hEadhra Mhac Madhnois Mheic Ruaidhrí Meic Seaáin Buidhe Do-Rinniodh An Duanas .i. Domhnnll Ó hEadhra Agas Onóra Inghean Í Eadhra

    1. 4135] Tuile rabharta rath deise
      dáil a gcruidh cuirid a gnás;
      is ál don fholachta féine
      lán robharta a bhféile ag fás.
    2. Do-bheir súd ar son a theisde
      4140] tuile bleidhiogh is bhrat sróill

      [...]
      cíoghaibh
      a-niu ag ríoghoin icchiodh n-óir.
    3. Tuile nach tráigheann teas béime
      bladh a-tá 'n-a thuile liag
      4145]
      [...]

      dá thuinn fhéile a haonshruth iad.
    4. Tonna líonmhara as lia torchor
      (dá thuinn) d'fhíonfhuil Eoghain Mhóir
      sí (dóidh)
      [...]
      dáimhe
      4150] do-chóidh fa
      [...]
    5. Táin deighfhear is díorma ríoghan
      go ráth Caisil
      [...]
      (cruaidh)

      [...]
      ríoghoin
      le ceol eachdra a gcíoghoibh cuain.

    6. p.342

    7. 4155] A heineach mar eineach Guaire,
      do ghaos Aillbhe do bhean barr;
      tainig bean (a gcléith)
      [...]

      go fear sgéith is
      [...]
      re crann.
    8. Bean táinig mar thorchor mara
      4160] go mac Oilill dar fheac dair;
      (da-ní caor fhuinnse don in) ghein
      soillsi re taobh inbheir air.
    9. Tír bhiodhbhudh do bhí ar a hionchoibh
      Onóra do iarr (a fíor);
      4165] rádh Domhnoill (re hfiadh a) fhaghladh
      nar fhoghlaim riamh snadhmadh (síodh).
    10. Ar bhuain ghréasa do-gheibh iomrádh
      iomdha fáth fa bhfaghann (bladh)

      [...]
      (d'u)aim fa énoibh
      4170] lá do-chuaidh ar bhéloibh ban.
    11. Mac Onóra re hucht gcomhloinn
      a ceardcha ríogh ('n-a rug gó)

      [...]

      (más bean chobhra)
      [...]
    12. 4175] Beiridh bann tar bhladh a sinnsear
      ag so an bhean nach (béra) lón
      fáth
      [...]

      díol Onóra a n-éindigh dh'ól.
    13. As feis chuil do Chruachoin Mheidhbhe,
      4180] do mhnaoi Luighnigh tarrla a thol,

      [...]
      (d'fhear) d'fhearaibh Luighne
      Teamhoir Bhreadh gan chuimhne ar chol.

    14. p.344

    15. Mionn sleidhe dá sileid caora
      créd an baoghal breith a ghill
      4185] (crann sean an) mhoin
      darbh fhear ó (thóir) fhaghloidh Find.
    16. Grés annamh ag inghin Oilill
      nír fhiu an gréassoin goin a méar:
      cuirthear (eo)
      [...]

      4190] do fhuair gleo idir iongnuibh én.
    17. Na duasa cruidh re a gcoisg tromdháimh
      do Thír fa Thuinn (tárraidh) sé

      [...]
      Oilill
      doilghe do chlár Oilill é.
    18. 4195] Éigean d' Onóra ón fhuil Mhuimhnigh
      méd a deithfire ag díol sgol;
      do-chuaidh moille na mná a ndéine
      lá coinne na cléire um chrodh.
    19. Ealbha churadh ó chrích Luighne
      4200] leo do buaidhreadh Tír Dá Thí

      [...]

      do chuir sein ó a hadhnadh í.
    20. Tú, a Onóra, re hucht n-éigeas
      aimsear na dtráth go dtéid tort
      4205] do cheird
      [...]
      (foghoil)
      doghruing sgol na
      [...]
    21. Do thréig tú na tíre (re Caiseal)
      ar crích Luighne na learg mín;
      sibh dá luadh (a ndiamhair dhoire)
      4210] fuar an iarraidh Thoighe an Trír.

    22. p.346

    23. Sibh
      [...]
      Oilill
      a n-easbhoigh bhrat is bheartadh sróill;
      sibh ar-aon ó dheibheadh dáimhe
      daor re deireadh hfháinne óir.
    24. 4215] Ar dteacht tar muir, a mhic Oilill,
      ésgaidh an triall
      [...]
      fad

      [...]


      [...]

    25. [...]
      (ríobhan rug) an cáinte
      4220] creach bhleidheadh ar bheagán slóigh
      nír shaor sibh ar fhéaghoin (bhfileadh)
      (sibh ar bélaibh) igheadh n-óir.
    26. (Libh do-rinneadh aisling fhíri)
      ag imtheacht ó phort go port
      4225] bró long tre amhra dhá n-iomramh
      go dtarrla fonn iongnadh ort.
    27. (Ag súd, a Onóra, ót) fhéchoin
      an fhiodhbhaidh acht a éanbharr cnó;
      call claon ar a uille ót fhabhra
      4230] (is) braon uile as damhna dhó.

    28. [...]
      thuill táthaoir
      a dtír bhiodhbhadh ag buain ghort;
      do-rinne hfian a n-uair fhodhmhair
      buain nachar iarr hfoghloidh ort.
    29. 4235]
      [...]
      theasmhaidh
      truime a mbarr ag bloghadh cleath
      cuirthear a bhfiodh ceoil a chéile

      [...]
      heach

    30. p.348


    31. [...]
      in fhodhmhair
      4240] aibhne tiorma tug an ghrian
      do shín a héill fa Eas Dara
      teas a gréin nach rabha riamh.
    32. Gráinne an chnuais fa choilltibh Luighne
      a láibh ciuine ag claonadh chall;
      4245] do neartoigh cioth le claon doire
      gan rioth ag laodh oighe ann.
    33. Ag cuartughadh críche Luighne
      an lá fada an feadh do mhair
      do an beach a-muigh fan mallMhuaidh
      4250] asd-teach ní fhuil anbhuain air

    34. [...]
      dána
      (ios) dhídean dóibh dul ar theas
      do athroigh eo le gaoibh goile

      [...]
      taeibh oile an t-eas.
    35. 4255]
      [...]
      breith na Banbha
      gidh bé hiad an fheaghan úd
      gidh bé heile nach fáidh fíre
      teine dhá ngáibh sídhe súd.

    36. [...]
      Domhnall
      4260] ag dáil chaoilshleagh ar cheann slóigh
      d'éis chomhóla ar dáimh as dáileamh

      [...]
      (fh)áinneadh n-óir.
    37. Nocha raibhe ar
      [...]
      bhFódla
      fada ó chéile
      [...]
      líon
      4265] cruit cheoil a fhéarbhoithe ar eachtra
      geoin énlaithe ag teachta a dtír.

    38. p.350


    39. [...]
      ealbha
      ag ingheanoibh earrudh n-óir
      (mar) theas sgáth a n-uaim na hoighe
      4270] (fuar)
      [...]
      (sgáth) na soidhe sróill.

    40. [...]
      fheirge a n-aimsir thachair
      tonn rabharta gan réim sguir;
      ní théid trágh (nach till) meanma
      fa chlár
      [...]
      Teamhra do thuil.
    41. Tuile


p.352

XXXIV

Domhnall Óg M(h)ac Aodha Meic Domhnoill Chaim Í Uiginn .cc. do Thadhg Buidhe M(h)ac Cormuic Mheic Céin M(h)eic Oilill M(h)eic Mhadhnois M(h)eic Ruaidhrí M(h)eic Sheaáin Bhuidhe Í Eadhra

    1. 4275] Ní baodhal feasda fian Luighne;
      luibh a gcabhra dá gcriaidh féin
      ar dearbhudh a bhfáth 's a bhfileadh
      fáth meanman do chiniodh Chéin.
    2. Luibh chobhartha chloinne Féilim,
      4280] fáidh dhá ghealladh do ghuth ard
      creidthear le cách é as a airrghibh,
      gidh bé fáth dho thairrngir Tadhg.
    3. Go díol a bhfiach le fuil Éimhir
      ní iarr cead a chríche féin:
      4285] do chuirfiodh rí a gcóir n-a gcoinne
      nach bí do chóir chloinne Céin.
    4. Geall re comhthoibh chríche biodhbhadh
      blodhadh na sleadh, sníomh na gcolg;
      an chuid nach bí ar chách dá chomhoidh
      4290] as sí a ráth do thobhoigh Tadhg.
    5. Caomhnoigh iath ar eighre Cormaic
      clann airdríogh a n-uair nar mhair;
      leigthear do rígh uaidh gan oighidh
      do bhrígh nach bhfuair oighir air.

    6. p.354

    7. 4295] Áth troda 'n-a thíthibh corcra
      ó chuairt mhílidh Mhoighe Cró;
      teacht re sgéloibh uaidh ní fhaghar
      ar bhféghoin tsluaidh Dhanar dhó.
    8. Do laghduigh Tadhg teisd a chinidh,
      4300] clú a mhaicne do mhédaigh sé;
      gé rug féin a gclú ar a gcomhair,
      ar chrú Céin do fholuigh é.
    9. Ar fhuil Chéin nír chuirthe a ndiongnadh
      gan dáil cruidh do chor ós aird;
      4305] do-gheibh cliar gan fhios dar-oile
      a n-iarr ar slios toighe Taidhg.
    10. Daoine 'n-a chúirt nar chleacht anóir
      don fhuil ríogh ní raibhe a mbarr;
      gairid uaidh san tigh a dtiaghair
      4310] fir nach bhfuair a n-iarroidh ann.
    11. Gá brígh dhóibh gan dol a n-éigean?
      d'fhéin ar dTaidhgne tánoig súd,
      cáin ríogh a n-aghaidh gach éinfhir,
      raghaidh don tsíol Éimhir úd.
    12. 4315] Go gcaithtear crodh chríche Danar
      ní dó as doilghe díol dá bhfuair;
      cliar agos í ag anmhoin aige
      faghloidh don tí as fhaide uaidh.
    13. Fine Chéin go chor an fheadhma
      4320] aincidh iad ar fhaobhroibh colg;
      go sgur dháibh ní iarr na harma
      a ngrian áidh gé tharrla Tadhg.

    14. p.356

    15. Feitheamh air nír fhada léise
      a láibh samhruidh, a sín fhuair;
      4325] ní bhí deibhiodh ar mhnaoi mhílidh
      a ndeireadh laoi a cíghibh cuain.
    16. Do theisd tar chách a gclú mholta,
      a mheic Cormaic, cuiridh tú;
      do-bhéra barr dh'fhine Éimhir
      4330] file an t-am nar réidhigh rú.
    17. Caithtear libhse laochruidh Chaisil,
      a gclocha buadha, a mbruit tsróill,
      ní airigh sgol ar fhuil Éimhir
      nach bhfuil crodh dá dhéinimh dóibh.
    18. 4335] Buadha h'arm dob aithnidh dhósan,
      díoghrais eoil an uair do nocht,
      do neimh ghona a ndiaigh a dhéanta
      liaigh ag cora an échda ort.
    19. Tug h'amharc, a oighre Máire,
      4340] malairt datha ar dheilbh a gruaidh,
      bann asd-teach at orchor aga,
      fear le bhfoghthor aga uaibh.
    20. Dod lucht othair a n-am deabhtha
      daingean dóibh fa dhíon do chrann;
      4345] laoich ar dho sgáth re headh n-éigin
      táth a gcneadh gurb éidir and.
    21. D'éis chumhdoighthe a chúirte bláithe
      bheith innte ní hé gur shaoil;
      ceandchor do hsíodh le fear bhfaghla
      4350] gur bhean a díon d'adhbha aoil.

    22. p.358

    23. Gan ghuais ghliadh gan ghealladh chomhadh
      ceann cóigidh ad choinne thug
      leigthior le cách é dot araidh
      gidh bé a ráth dho raghain rug.
    24. 4355] Slighthe cumhga ó chornoibh buadha
      ón bhais go chéile ag cloinn ríogh;
      cuid do chaoroibh bruaigh do bhleidhe
      ar craobhoibh chuaigh eile um fhíon.
    25. Ní mór mhaireas, a mheic Cormaic,
      4360] don cholg bhaodhluch bhuaileas troid;
      tairnig deiriodh na sleadh sénta
      deibheadh cean gur dhénta dhoitt.
    26. Fríth tre chraobhoibh do chuach n-órtha
      iul go síodhbhrugh na séd mbuaidh;
      4365] tig d'fhéaghoin ar bruach do bhleidhe
      déanaimh ar chuach eile a n-uaimh.
    27. Do bhac anmhoin re hucht tuile
      tairthe ag éirghe dh'áitibh sriobh;
      do chuir roimhe a dtrágh do thoradh
      4370] lán mara nar omhan d'fhior.
    28. D'éis chuartoighthe chríche Meidhbhe
      do mhadh Luighne leanoidh sí;
      nír shaoil adh a cor ó a céidghein
      gail an tan do éignigh í.
    29. 4375] Ní léir eas ó h'éignibh corcra,
      'n-a gcnuas féin ní faicthear croinn;
      dob fhiu a foghail ó gháibh gréine,
      gonoidh táin a chéile a gcoill.

    30. p.360

    31. A ndeoigh cliachdha cloinne Sadhbha
      4380] sleachta feadhma a bhfhaobhroibh colg;
      tig do ghleodh na seanlann sídhe
      mearbhall fa eol tíre ar Thadhg.
    32. Ní mór gur mhothuigh mac Cormaic
      ar chuir dh'fheidhm ar fhaobhroibh bas;
      4385] nír leig braon tar bruach a bleidhi
      is fuath dhon taobh eile as.
    33. Tug a arma ar iomlaoid datha,
      deargais cathbharr, corcrois gó,
      deargthor colg gan chora a gceardcha;
      4390] Tadhg as gobha deargtha dhó.
    34. Go dtug a ainm go hiath bhFódla,
      fonn toirtheach na dtoluch n-ard,
      tearc le bhfaghar fios a anma
      slios caloidh a dtarrla Tadhg.
    35. 4395] Meinig aincid eighre Máire
      mná sídhe re seodoibh buaidh;
      do-gheibhthear lá a dtoloidh throda
      cobhair mhná dob fhoda uaidh.
    36. Ní guais áidh, ní heagla bhiodhbhadh,
      4400] do bheanfodh dhe dol ar ard;
      do-chíthear tolcha bheann mBanbha
      san ghleand dorcha a dtarrla Tadhg.
    37. Mar sin chaithid cuid dá n-aimsir
      d'oighre Cormaic san chrú sleadh;
      4405] cuirid oidhche tar fhéin Luighne
      a ngéill fhoirfe ag cuimhne a gcean.

    38. p.362

    39. Orrtha chodoil chríche faghladh
      fiadha í Chéin do chor ar aird;
      mall do réidhigh re rígh oile
      4410] tír ar ndéinimh thoile Taidhg.
    40. A ghlés troda ar dteacht a n-iorghoil
      do ísligh síos a seol ard,
      saoilidh tóir dho iarr a harma
      do chóir ghliadh nach dtarrla Tadhg.
    41. 4415] D'éis a loitfe fa leith Modha
      do mhac Cormaic creidfidh sí;
      urradh críche Céin do chabhoir
      tríthe féin do aghoin í. .N.B.F.F.L.
    42. Go riar éigeas d'inghein Chathoil
      4420] ní char bleidhe ná brat sróill;
      ní bheir an chliar ar a chéile,
      's do-gheibh riar fa a ndéine dóibh.
    43. Suil do-chí é—as cuid dá ceardoibh—
      Caiteilín gá aithne uaidh,
      4425] 's an éara nach bhfuair an file,
      do bhuail séla a ngile an ghruaidh.
    44. Beag a maoidhimh, mór a bronnta,
      a bláth tar chách cuiridh sí;
      ní chuir seadh 'n-a mair dá maoinibh,
      4430] bean ar toil gach aoinfhir í.
    45. A Chaitilín, a chneas mínsheang,
      gidh mór taobh a dtigthear thort
      —acht do mhaorrdhacht re dáimh ndoilidh—
      ní dóidh aonlocht oinigh ort.
    46. Ní baoghal.


p.364

XXXV

An Domhnall Céadna .cc. Don Fhior Chéadna

    1. 4435] A Thaidhg, cuimhnigh an comann
      gan cheilg, a chiabh fhochonndonn,
      go breith dhamhsa ar do ghruaidh ngil
      gach uair fat annsa as éidir.
    2. Cuimhnigh a-rís, a rosg mall,
      4440] an cairdeas is an comand,
      a chraobh Éile na gcladh gcam
      ar dtol dá chéile condbham.
    3. Ná tréigidh mheisi, a chiabh chlaon,
      a Thaidhg Bhuidhe, a bhas bharrchaol,
      4445] mar bhudh neach aonuaire ionn,
      a dhreach bhraonuaine bhoigfhionn.
    4. Nír thréigeas, ní thréigeamh soin,
      madh fada bhead um beathaidh
      is ná féadtoir, a ghruaidh gheal,
      4450] mo chédtoil uaibh as t'aigneadh.
    5. Ní thréigfe meisi an chiabh chas
      ná an troigheach seada solas,
      ná an rosg glan, ná an mbrághoid mháin,
      do ghabh re námhoid neamhbáidh.
    6. 4455] Ní thréigiobh an thaobh mar ghréin
      ná in déd sneachtoighe soiléir
      ná in t-abhra réidh craobhnocht corr
      ar nach léir aonlocht agom.

    7. p.366

    8. An comann do cheanglois linn,
      4460] a mheic Mháire, a ghlac géigshlim,
      a ghrádh mh'anma ar gcúl ná cuir
      ó tharrla dhúnn a dhénaimh.
    9. Taisgthear dhamhsa, a fhleasg Luighne,
      do chogar, do chomhuirle,
      4465] go mbreith oroibh, a thaobh thais;
      ná foghoibh aon am fhégmhais.
    10. Taisgthear libh, don leith oile,
      a rosg suaimhneach seabhcaidhe,
      h'ionnmhoine mar as dual damh,
      4470] a sduagh fhionnMhoighe hAghar.
    11. Gach cairdeas dar cheanglas féin
      riot, a Thaidhg, a thaobh soiléir,
      cóir a choimhdhe dod chéibh chais,
      béim oirne muna fhuarais.
    12. 4475] An grés nuasa dhealbhaim dhoit
      tuig uaim, a oighre Cormaic,
      nach dleaghar gan a dhíol damh,
      mar dhleaghar dhíom a dhénamh.
    13. Ná roinnsi do-rinne mé
      4480] tabhair uaim dh'oighre Máire
      mar shéd suirghe dá dhreich nduinn
      gan chleith do chuimhne an chomoind.
    14. Ní dolta dhoidsi iná damh
      tar a chéile, a chneas iodhan,
      4485] a shlat hsaor an chúil chorcra
      duinn ar-aon ní hionndolta.
    15. A Thaidhg


p.368

XXXVI

Iar Ttabhairt Cath Crionna A-Dubhradh An Duainsi

    1. Sgítheach sin, a chlanna Cuinn,
      is a shíol Oilill Óluim;
      leigidh feasda ar ndoghra dhíbh;
      4490] córa dh'Ulltachoibh imshníomh.
    2. Créd fa ndénmoisne doghra
      síol Mogha is síol gCuinn chalma
      choidhche ar-ís nach eagoil linn
      teacht 'n-ar n-aghaidh fa Éirintt.
    3. 4495] Ó do chuirsiom cath Crionna
      ó dho gháirsiom ar ngriolla
      ní bhia ar ar n-aire ó só a-mach
      acht cluichthe is fian is fiadhach.
    4. Ná háirmheamaoid ar gcréchta
      4500] is ná maoidhid ar n-ainnéachta
      an ní ro thionnsgnamar thrá
      ro chríochnoighsiomb é a n-aonlá.
    5. Do marbhadh na trí Fearghois,
      do loiteadh laoich thighearnois;
      4505] do beanadh Éirind uile
      do shaorchloinn réidh Rudhroidhe.
    6. Do marbhadh le Lúdh Lá
      na trí Fearghois—feidhm dána;
      ro mharbh Tadhg mhac Céin go ngus
      4510] sé meic dhég na dtrí bhFearghus.

    7. p.370

    8. Do chuir Tadhg mhac Céin cródha
      seacht ruadhchatha romhóra
      ar chlannoibh Rúdhraidhe réil
      i ccath Crionna go hardchréid
    9. 4515] Do ríoghsamar comhthrom cóir
      ós chionn Éireamhoin fholtmhóir
      do ghabhsam Fódla na bhflath
      ná bímid feasda sgíothach.
    10. Sgítheach.


p.372

XXVII

(Uilliam) Mhac Ruaidhrí Í Uiginn .cc. d'Oilill Mhac Cormuic Óig Mheic
[...]

    1. (C)óir aitreabhadh ar iath Gaileang
      4520] geis go ttiltear an tír uadh
      beanaidh fian
      [...]
      'n-a treabhaibh
      a bhfiadh Luighne treabhair tuar
    2. Tionóilid
      [...]
      fiadh Muaighe

      [...]
      do thogha síodh
      4525] (síodh an tsrotha)
      [...]
    3. Codlaidh
      [...]
      cumhga
      cuire moghmhar Muighe Marr

      [...]


      [...]
      a ccranghail chrann
    4. 4530] (Deargth
      [...]
      ) minleirg muighe
      (mo char nuaidhe
      [...]
      fiadh)
      d'aithle (bhuadh ar fiach na healta)

      [...]
    5. A
      [...]
      (teinidh)
      4535] treoin len gnáth greamughadh sdoc

      [...]
      ar ionramh

      [...]
      cnoc

    6. [...]


      [...]
      d'aindeoin Ghall
      4540]
      [...]


      [...]
      eachtronn

    7. p.373


    8. [...]


      [...]
      re hucht gcáigh
      gríobh dhoinnmhear
      4545]
      [...]

    9. [...]


      [...]

      do-bhér oirneadh oighre
      [...]


      [...]
    10. 4550]
      [...]
      críche Gaileang
      grádh a ríogh ó ráinig sé
      gá dtám d'oirneadh an chroinn chumhra

      [...]
      umhla
      [...]

    11. [...]
      Éirne
      4555] as aghnadh goimhe a ngliaidh the
      gidh (sithcháin) ( í) d'fhéin ó n-Éimhir
      rí ó cCéin do dhéinimh dhe.

    12. [...]
      fuair sleachta hEadhra
      d'ualach air—gá orchra as mhó?—
      4560] má tugadh gairm do (ghéig) Luighne
      (as ainm) téid ar duilghe dhó.

    13. [...]
      Éimhir Chaisil
      cách dá mbuaidhreadh beanaidh sí
      gan dul a ndáil biodhbhagh mbearta
      4565] ionramh dáibh ar eachtra í.

    14. [...]
      (umhla)
      aitighidh iath go hÁth Liag
      laochraidh chobhsuigh Muighe Ma(ine)

      [...]
      ( baile ar anbhuain) iad

    15. p.374

    16. 4570]
      [...]
      a fhearainn

      [...]
      ar ceol caismeart mbinn
      ní cuirthear é fa chlár Cnodhbhdha
      an lámh chlé ag comhdha cinn.

    17. [...]
      do chrú n-Eadhra
      4575] ua an Raghallaigh nar riadh dáil
      d'oirneadh a-moigh (Luighne)

      [...]
      ar duilghe dháibh
    18. (aidh leo re linn a ríoghtha)
      rángadar de déunadh síodh
      4580] 's gan leigean fhoghladh fa a n-oirear
      's teugar adhbhagh roigheal ríogh.

    19. [...]
      Muighe Tuireagh
      thogbhas longphort fa Loch Cé
      maighre finngheal do thrá(igh thoraigh)
      4585] sirreamh dáibh ar fhoghoil é

    20. [...]
      (uaidh) leo re linn a ríoghtha
      rángadar de dénadh síodh
      gan leigean fhoghladh fa a n-oirear
      's teugar adhbhagh roigheal ríogh.
    21. 4590]
      [...]
      longphuirt fa Loch n-Oirbhsean
      fa Eas Dara sreathoidh saoir
      fleadhmhagh ( leagglas Luighne)
      (tearmon) eaglas buighne Bhaoill

    22. [...]
      Teagh Teampla
      4595] tionól d'éigsibh iatha
      [...]

      (re hucht) ealadhna dh'ú Éimhir
      's lucht leanamhna an fhéinnidh
      [...]

    23. p.375


    24. [...]
      a ccrích Thailtigh
      go teagh
      [...]

      4600]
      [...]
      curadh na seanlann sídhe

      [...]
      tearmonn
      [...]

    25. [...]
      a aos grádha
      do ghleodh fátha (feirge Finn)

      [...]
      bhforfhuighle an fhinn mheardha
      4605]
      [...]
      comhairle Í Eadhra inn

    26. [...]
      don nós reimhe
      ó rígh (thoghtha)
      [...]


      [...]


      [...]
    27. 4610] Meinic (tilis da taobh leachta)
      a lucht eachtra uime a ccló
      deocha d'ó Chéin (is cas a n-áireamh)
      's a bhas féin 'n-a dháiliomh dhó.
    28. Meinic
      [...]
      (duassoin Donnchaidh)
      4615] do dhíon shruithlearg Sléibhe Gaimh
      sleadha (gairthe i bhfál bhfiodhraidh)
      saighde lámh a n-iorghoil air.
    29. Meinic (
      [...]
      fa fod Gaileang)
      (gliocas ceardcha
      [...]
      )