Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)

Poem 2

Sgeala Craidhte

Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
  1. 1] Truagh do chor a chroidhe tim;
    2] beag an díoth t'olc no t'inghreim:
    3] ón mhéid toirbhire do thoil
    4] téid bhar n-oirbhire a n-asgoidh.
  2. 5] Urusa t'ionntódh ar ais,
    6] mór do-gheibh fios bhar bhforais;
    7] truagh do chor, ní cás do shíodh,
    8] gá ttás do dhol a ndeimbríogh.
  3. 9] Ná seachnadh dhuine ar domhan
    10] bhar ngríosadh, bhar ngortoghadh:
    11] as t'ucht ní hintinn meisi,
    12] gá dulc t'inntinn uaisleisi?
  4. 13] Gidhbé sgél do reacadh ruinn
    14] an tráth-sa a dtaobh I Dhomhnuill,
    15] mo náire 'na amhghar ort,
    16] ádhbhar gáire do ghluasacht.
  5. 17] Do-chím tar chenn gach diomdha
    18] uaim dár thuill mo thighiorna
    19] ar a chneidh nach coduil sibh,
    20] neimh bhar gcogaidh do-cíthir.

  6. p.72

  7. 21] Caidhe an chúis do chuiris róimh,
    22] caidhe an uaisle nó an onóir,
    23] caidhe an fhearg-gomh ané anois,
    24] más é do threaghdadh tárrois?
  8. 25] A ndíaigh a n-abruim oraibh
    26] a chroidhe bocht banamhail,
    27] fá fhlaith sriobhshrotha Sligigh,
    28] maith t'ionghotha im fhoighidin.
  9. 29] Lámh I Dhomhnuill Dúna ós Sáimh
    30] d'easgor más fhíor san Eadáill,
    31] cúis bhur n-amhluaigh ós sí soin,
    32] ní hí an anbhuain gan fhochain.
  10. 33] Gidh eadh, ní hí h'eagla féin
    34] budh cás libh, gér lór d'oilbhéim,
    35] acht don triall tarla roimhe,
    36] 's d'iath Bhanbha go mbeanfoidhe.
  11. 37] D'éis a ndearna go nua anois
    38] san easgor fuair flaith Bearnais,
    39] gá dtás robadh soiréidh sinn
    40] acht cás oiléin na hEirinn.
  12. 41] Gidhbé tá ar reacadh ruinn
    42] dá gcluineadh críoch chlann gConuill,
    43] do mheasfadh a míobhuaidh féin,
    44] an easghlan shíodhfhuar shoilléir.

  13. p.74

  14. 45] Dá gcluineadh sliocht Ghaoidhil Ghlais
    46] a gcuala ó mhac mheic Maghnais,
    47] budh mór bhfáth gcomhrúin fá a cheann
    48] ag bláth fhionn-mhúir na hEireann.
  15. 49] As sé adéara gach duine,
    50] da bhfillti réim Rughruidhe
    51] cia linn do laoidhfidhe anocht,
    52] ó saoilfidhe inn d'fhurtocht?
  16. 53] An Coimsidh do-chí bhar ndáil,
    54] a chríoch Mhac Míleadh Easbáinn,
    55] go bhfégha ort is oirne,
    56] sgéla ar olc nár fhaghaim-ne.
  17. 57] Bíodh nach cás ar dearbhadh dhúinn,
    58] bíodh nach budh filleadh fortúin,
    59] iomdha anoss fá dhoghruing de,
    60] 's ní a los I Dhomhnaill Daoile.
  18. 61] Easgor láimhe laoich Éirne
    62] tug ar chridhibh coimhéirghe:
    63] an teidhm tárra go dtí uadh,
    64] ní bhí acht námha léan neamhthruagh.

    Truagh.

  19. 65] Dá gcluineadh a gcuala mé
    66] inghean iarla fhóid Mháighe
    67] truagh an bedhgadh do bhéaradh,
    68] truagh an treaghdadh tairreaghadh.

  20. p.86