Corpus of Electronic Texts Edition
Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird (Author: Eoghan Ruadh Mac an Bhaird)

p.64

Poem 1

Leabhran Gaedhilge

Eoghan Ruadh Mac An Bhaird cct.
  1. 1] A leabhráin ainmnighther d'Aodh,
    2] atá libh léighionn neamh-dhaor,
    3] go hInis bhfódghloin na bhFionn,
    4] bhus milis d'ógbhuidh Eirionn.
  2. 5] Atá i dteanguidh ar máthar
    6] sonn —ga saoire soláthar?—
    7] léighionn bhus cian ar cuimhne
    8] i bhfiadh Eirionn iath-ghuirme.
  3. 9] Atá ar na tionól sonna
    10] cnuasach glan déas ndíoghlioma,
    11] do thriath sluaghaidh Gulban Guirt,
    12] as cluanuidh ughdar n-ordhuirc.
  4. 13] Teagasc diadha ar a dhruim sin,
    14] eolus ealadhna an ghaisgidh,
    15] d'iath Eirionn agoibh anois,
    16] léighionn caguidh is cunntois.
  5. 17] Ag ceangal chairdeas a síodh,
    18] ag toirmeasg uilc is fairbríogh,
    19] nó ag triall caguidh gi-bé bheas,
    20] ní habuidh é acht led t-oideas.

  6. p.66

  7. 21] Meic eagailsi gidh iad ann,
    22] tarbhach don lucht ros-léaghann,
    23] 'san ord ghaisgidh gi-bé bheas,
    24] bhur bhfaigsin ní hé a aimhleas.
  8. 25] Aodh Ó Domhnaill, dóthchais cáigh,
    26] arnad—léaghadh, a leabhráin,
    27] a bhfuil leibh labhair iar soin,
    28] ná ceil ar dhaghfhuil nDálaigh.
  9. 29] Ar Shíol nEoghain, druim ar dhruim,
    30] nó ar laochraidh chinél gConuill,
    31] ná bíodh t'fhoilcheas, toill a dtoil,
    32] oircheas roinn ris an ríoghraidh.
  10. 33] Ná ar neach don chloinn charfus sibh,
    34] Ír, Éiriomhóin nó Éibhir,
    35] nó Luighdheach mheic Íotha Fhéil,
    36] ní bad sgíotha ód reic riúiséin.
  11. 37] Ní badh sgíotha dot sgéulaibh
    38] na Búrcaigh, na Builtéaruigh,
    39] na Gearoltuigh do thuill toil
    40] tar seanfholtaibh fhuinn Fhionntoin.
  12. 41] Ar neach do shliocht Ghaoidhil Ghlais
    42] ná ceil gach iúl dá bhfurais,
    43] ná ar Sheanghallaibh fóid na bhFionn,
    44] lér cheanglamair óig Eirionn.

  13. p.68

  14. 45] Meic ollamhan Innsi Fáil,
    46] beidh romhuibh lán do lúthgháir,
    47] god choimhreic ó bheól go budh bél,
    48] badh oirdhreic t'eól san oilén.
  15. 49] Tabhair ar gach n-aon umhla
    50] don aos eagnoidh ealadhna;
    51] connailbhe as dú ris an dreim,
    52] tú ar a ccomairghe cuireim.
  16. 53] Ar son go sealbhuighim sibh
    54] d'U Dhomhnaill tar fhonn bhFionntain,
    55] an fonn ar gach taobh tiomchuil,
    56] ronn ris gach n-aon d'Eirionnchaibh.
  17. 57] Ar nGaoidhil ar bFionn—Ghoill féin
    58] beannacht tré dhíograis dóibhséin
    59] beir mo bheannacht go fonn bhFáil
    60] beannacht sonn leibh, a leabhráin.

    A leabhráin.


  18. p.70