Corpus of Electronic Texts Edition
Tiar táinig tús na seanma (Author: Unknown)
  1. 1] Tiar táinig tús na seanma;
    2] gnáth dúil a ndiaigh oileamhna;
    3] críoch Mhumhan na saeadmhúr sídh
    4] bunadh na ccaeadghlún cciníl.
  2. 5] Cá beag d'fhiadhnaise air sin
    6] imreasuin dá mhac Mílidh,
    7] ag roinn fhóid bhláthchoille Breagh
    8] don dámhchoinne óig fhaeinneadh.
  3. 9] Tugsad go hÉirinn eidir
    10] fhilidh agus oirfididh,
    11] a slios Tuir bhratghloin Bhreoghain,
    12] tar muir n-atmhair n-ainbhtheanaigh.

  4. p.198

  5. 13] Onaoi dob ainm don fhior chiúil,
    14] Cior mac Cis ceann ar seiniúil;
    15] ní leanfam dá slonnadh sin,
    16] dá ollamh mearchlann Mílidh.
  6. 17] Ordaighis Éibhear amhra
    18] crannchor fa a n-aos ealadhna
    19] ar mbeith d'Éireamhón ón fhior
    20] ar leith glaeimheadhón Gaoidheal.
  7. 21] Do thaoibh Éibhir —gárbh fhearr caeim?
    22] tarla an t-oirfideach ainnsaein:
    23] re gnúis mbuig ngeilmhíolla ngloin
    24] fa neimhdhíogha an cuid crannchoir.
  8. 25] Ríoghdhacht na seanma ó so lat
    26] ag leanmhuin luirg na ríomhac:
    27] atá ag seinshliocht Éibhir Fhinn
    28] eighriocht re a n-aeirigh inntinn.
  9. 29] Dá mbeith fós nach raibh reimhe,
    30] atá an uairsi dh'áiridhe
    31] fraeamh an cheóil a muigh Mhumhan,
    32] sgeóil ar a bhfuil fíadhnughadh.
  10. 33] Atá aniugh ag Nioclás Dall,
    34] ar cheart ar chumas n-adhbhann,
    35] mír curadh cheóil na Banbha,
    36] bunadh eóil na healadhna.
  11. 37] Cumadóir na ccleas ndoilbhthe,
    38] gaduidhe na geamhoidhche,
    39] musgladh brón baoithchridhe ban,
    40] glór nach saoilfidhe a síothbhrugh.

  12. p.199

  13. 41] Adhbhar caomhnaidhe cumhadh,
    42] sás meanman do mhórughadh,
    43] siansa ón girre laoi leabhra,
    44] nach binne caoi Caeideamhna.
  14. 45] Colloid rae caoine a sheanma
    46] na beathadhaigh bhrúideamhla,
    47] ag aeisdeacht mharbhchor a mhaer mbras,
    48] do anfadh aen re a amas.
  15. 49] Líonmhaire 'ná an faer ag fás
    50] ar leath ó lámhuibh Nioclás,
    51] sreatha a ghaeag cceathbhraonach cciúin
    52] do ghealchaolach taead ttaighiúir.
  16. 53] Mar dheilbh a ndiaigh a rionnta,
    54] ní fios d'aos aigeanta,
    55] saeis marbhghlan a mheóir rathmhair
    56] d'adhnadh an cheóil chuimhrighthi.
  17. Tiar.