Corpus of Electronic Texts Edition
Slúaigead so re síl Adaim (Author: Unknown)
p.194
Cummín cecinit
- 1] Slúaigead so re síl Adaim,
2] is monur ríg do-rálaig:
3] dá mbeith úaib neach ticsead ris,
4] ca baili a ngeib a forbais?
- 5] Fata itáthar ica thríall,
6] ragar, tiagar, do-cúas ríam,
7] bethear iga dul co bráth,
8] ó ré áenfhir can anfháth.
- 9] Indisfeat dóib, is eól dam,
10] in leath bearar in slúaigead:
11] do neoch fo-cheard doman de
12] a mbreith a ndúrthech n-úre.
- 13] Is hé do-tháed ar a cend,
14] atheach dúaibseach dub a drenn:
15] atchí cách ní fhaicend nech
16] a Dé, nírb inmain duibdrech.
- 17] Atchondarc anné 'ca thriall
18] óclach isa túaith sea thíar;
19] rob fhiú a chomthrom d'ór buidi
20] in t-óclach find foltbuide.
- 21] Dá mbeith 'ca chreic ar cach moig
22] gar bec re tocht in tlúagaid,
23] rob iú céd uingi d'ór cheart
24] in fer cróda claidemderg.
p.195
- 25] Ro baí ballán lán do lind
26] isan adart ós a chind:
27] atib dig re tocht ar fecht
28] nochar mó a íta ar n-imthecht.
- 29] Inmain les a macám búad,
30] inmain leis a ingen úag;
31] dúthracdar uili thocht lais,
32] fata leó beith 'na hégmais.
- 33] Ó ra bánaiged a bonn,
34] is rotaithmidead a mong,
35] is ra fhec a fheóil re cnáim,
36] robo móidi leó a mígráin.
- 37] Ó ro sheng a medón mas,
38] is ro sáeb a rosc rindglas,
39] is ro érig a bruindi,
40] do-bérdais hé ar énuingi.
- 41] Re siu ro gobad galar,
42] rob earr lé muintir anad,
43] rob ada leó do baí istaig,
44] ó do baí ac triall in tlúaigid.
- 45] Ingnad bearar in slúaiged,
46] ní do chreich bó ná búailead;
47] marcaigecht a ndiaid a bonn,
48] cethrar aca imfhulong.
- 49] Dá chrand cháela táeb re táeb,
50] sesin féin ar cleathcor cháel,
51] días 'na díaid, dias roime soir,
52] sesin can a n-agallaim.
- 53] Atá and ingnad aile,
54] ní berar each fa eri,
55] nocho berar bolc am lón
56] risin slúag rígda romór.
- 57] Nocho berar gaí ná scíath,
58] nocho berar brat ná bíad,
59] acht cubat do léinid lín
60] im chorpán cach duine díb.
p.196
- 61] Ropo maith damsa, a Mec Dé,
62] mathair andsa ochaine,
63] co faicinnsea thíar nó thair
64] a fail ag tríall in tlúagaig.S.
- 65] Cinead Ádaim is Eba,
66] cona ndaínib daithgela,
67] nocho n-uil díb tíar ná toir,
68] nach fuil ag tríall in tlúagaid.S.
- 69] Do neoch ro thecht beathaid mbí,
70] iter fhir is mac is mnaí,
71] dochum thalman, adbal ceal,
72] is gúr berar in slúaiged.S.
- 73] Robo maith leam, a Meic Dé,
74] co mberaind búaid n-ailithre,
75] ar térnom dam as cach graf,
76] comad hé m'ainm Slúaigedach.S.