Corpus of Electronic Texts Edition
Sgían mo charad ar mo chliú (Author: Unknown)
p.192
- 1] Sgían mo charad ar mo chliú,
2] nírsum ralag mían na mná,
3] ní racha ar ngrádh dhí gach día,
4] go ría slán an tí gá ttá.
- 5] Ní holc í, ní dáor a dealbh,
6] gé cáomh a lí, ní lí gharbh:
7] an tí do sgeach an sgían ghorm,
8] fíal um chorn um each 's um arm.
- 9] Atá a sáith uirre don ór,
10] agus buinni bláith ré a bél:
11] tug an ghég dhonnmhailghioch dhúnn
12] an séd úr gormfhaighnioch gér.
- 13] Áith agus leabhar a los,
14] bláith agus sleamhan a slios:
15] do-rad úaidh an cíabhfhann cas
16] íarann glas crúaidh ar mo chrios.
p.193
- 17] Faighin dúalach agá díon,
18] go húallach agus go húr,
19] órchluidhe trom ina táobh,
20] cráobh lom chróchbhuidhi 'na cúl.
- 21] Bean do mhnáibh an tíre theas,
22] go gcnáimh sídhe mar an snas,
23] banMhuimhnioch cháomh ar mo chrios,
24] go slios cháomh ghlandruimnioch ghlas.
- 25] Donnchadh Cairbrioch na gcon gcáomh,
26] ní hairgthioch ar chrodh na gclíar,
27] trilis roimhín fhionn mar ór,
28] lór liom fám sgloimhín a sgían.
- 29] Máol Rúanaidh, rannaire an ríogh,
30] go ndúalaigh cambuidhi a chíabh,
31] gnúis cháidh mar fhuil nó mar fhíon,
32] go díol cáigh ní sguir, a sgían.