Corpus of Electronic Texts Edition
Labhair linn, a Mhuire Mháthar (Author: Unknown)
- 1] Labhair linn, a Mhuire Mháthar,
2] suidhigh sinn sa rícheadh,
3] ná tar am aghaidh lem fhéichemh,
4] labhair damh fad dícheal.
- 5] Léig an freagra as fhearr red t'fagháil
6] leam ar eagla an ainiúil;
7] sinn ar n-ég dhuit nábadh doiléir,
8] a chruit na ttéd ttaidhiúir.
- 9] Do bhaoi do dhaonnacht fam Dhia-sa
10] ad naomhchorp naoi míosa;
11] as tú an t-ionadh fhuair na grása,
12] a thruaill iodhan Úosa.
- 13] Beir m'anam, a àgh, ó shechrán,
14] ná labhair glór guthchlaon;
15] saor mé mar nach dual óm dhrochrún,
16] a ghruadh ar ghné subhchraobh.
- 17] Saor mo mhóid agus mo mhionna,
18] a Ógh gan bhaos mbanna;
19] cuid dod thréd gan innremh orra,
20] fég, a inghen Anna.
p.190
- 21] Ná léig mo locht d'agra ar m'anmain,
22] olc tagra gan torbhaidh,
23] a ghruaidh mar ghréin, a ghnúis suilbhir,
24] mo chúis féin go bfolchair.
- 25] Acht an té do dhealbh na dúile,
26] dearbh lem chéill nach cuala
27] leth do mhíorbhal a ndúil daonna,
28] a úir bhríoghmhar bhúadha.
- 29] Bí dom dhíon ar áis no ar éigin
30] ar cháir Chríosd má fhédair;
31] bíom ar do sgáth, a sgiath dídin,
32] a ttráth a fhiach d'fhégain.
- 33] Ós egail lem Luan an chíosa
34] um chenn, cruaidh an cása,
35] an chroch dherg agus ég Úosa,
36] do Leanb brég an lása.
- 37] Ar ndódh leis an saoghal sédmhar,
38] mór baoghal na mbréigfhleadh,
39] mairg chleachtas an t-ól, a aigbhean,
40] a Ógh dhearcghlas dhéidgheal.
- 41] A chruth fial, a ghnúis as gile,
42] rug tú Dia 'na dhuine,
43] fagh mo dhírgheadh uadh as m'fhaire,
44] th'Uan míngheal, a Mhuire.
- 45] Fuair an àgh oiread na páisi,
46] Moire ger mór sgíosa,
47] is Mac Dé san úaidh dá héisi,
48] sa gruaidh mar ghné gríosa.
p.191
- 49] A mhaoir Úosa, a aingil iodhain,
50] sgaoil m'ainimh san fhalaidh,
51] saor sinn ó dhíchéill an domhain,
52] a Mhíchéil, linn labhair. Labhair.