Corpus of Electronic Texts Edition
Eiderchomhrádh sunn ag Donnchad mac Briain et Mac Coisi (Author: Unknown)

p.187

Eiderchomhrádh Sunn Ag Donnchad Mac Briain Et Mac Coisi
  1. 1] Freccair meisi, a Meic Coisi—
    2] Cia as eolcha anáid anoisi?—
    3] innis, a Ioraird nach uis,
    4] cia rí as fhírferr dá n-úarais.
  2. 5] Coiscc díom, a gille, a meic Briain.
    6] ná cuir mesi so móirghliaidh
    7] ní bhér breth dá ccuire im chenn
    8] eidir ardfhlathaibh Érend.
  3. 9] Do fhiarfaigh díomsa an flaith féin
    10] mar do fhiarfaighis, a fhir fhéil,
    11] ca hédáil, ca maith as mó
    12] dá bfuair ollamh i n-énló.
  4. 13] As edh do ráidhesa ris,
    14] re Maíl Sechlainn Sléibhe Mis,
    15] gurb í édáil Torna thiar
    16] ó Chorc mac Luigdech láimhfhial.
  5. 17] Tucc míle bó dona búaibh,
    18] is an céd each as fherr fhuair,
    19] is cúicc tríocha céd dá ccrodh,
    20] eidir fhér ocus arbhor.
  6. 21] Do-radadh dó trian Temhra
    22] ó bile láomdha Lemhna;
    23] do-rad dó, 's nír chomha cert,
    24] cisde a athar i n-éinfhecht.
  7. 25] Ná háirimh ar Chorc na ccliar,
    26] gé do-bheradh toir is tiar,
    27] giodh hí Banba na broide
    28] no dháiledh dá dheghoide.
  8. 29] Gen gur tú rom thóccaib féin,
    30] a Meic Coisi, a ollaimh fhél,
    31] ag súd Banbha re bliadhain
    32] duit, ar ó Néill Noíghiallaigh.
  9. 33] Éiricch co Temhraigh na ttréd,
    34] mar a tá mo shelbadh sét:
    35] caith bliadhain ón oidhche anocht
    36] i ccennus Érenn na n-ardphort.
  10. 37] Tair chuccam i ccend bliadhna
    38] co hÁth Cliath, do réir riaghla,
    39] co n-órdaigher, ní lescc lem,
    40] duit th'ollamhnacht is t'ferann.
  11. 41] Ní hé sin do-rindes ris,
    42] re Maoil Sechlainn Slébhe Mis:
    43] tuccus cath, gér chláon céille,
    44] do fhlaith Temhra táoibhréidhe.
  12. 45] Tarla mé aghaid i n-acchaid
    46] isin cath is flaith Feabhail:
    47] sáithim sleigh, is nír chiall chruind,
    48] i Máol sográdhach Sechluinn.
  13. 49] Do impó an áitheheis nár mín,
    50] is tumais a herluinn rem tháoibh
    51] rob é sin, gan chor 'na chend,
    52] féicce heinicch na hÉirenn.
  14. 53] Acc sin, a Donnchad meic Briain
    54] an sccél do chuir mé i moirchiaigh
    55] oinech mar sin tall it toigh
    56] má tá agatt féin, freccoir.

    Freccair.