Corpus of Electronic Texts Edition
Eiséirgi do éirigh Dia (Author: Unknown)
p.178
- 1] Eiséirgi do éirigh Dia
2] a críchaibh áilli Aissia;
3] cuairt buadha ris a mbádhuim,
4] nocha cuala a comháluinn.
- 5] Crochait Idhuil gan falaidh
6] Críst amar do chualabhuir,
7] don fir cuil dobo cléguin,
8] bir isin fuil fírénaigh.
- 9] Do cloidheadh uadh dorcha dubh
10] d'Ísa Críst arna crochadh;
11] do ládh cró uimpi d'feraibh,
12] tuillte dhó, dar nDúilemain.
- 13] Da éirigh isin tres tráth,
14] do lái ar Idhaluibh anmfáth,
15] tosach rabhuidh rug a dealbh,
16] tuc a aghaidh ar ifearn.
- 17] Da chan tigerna in toigi:
18] "Cuguib, beg in brégoiri.
19] Mar do fuair a chalann crád,
20] a anam nárab imlán.
- 21] "Éirgidh, indlidh bar mbulga,
22] tógbhaidh suas bur seanurda;
23] ná déntar uabar oili
24] do bhualadh in brégoiri.
- 25] "Misi do aimsigh Eabha,
26] as a basuibh bairr-gheala,
27] 's as a derc ramhoill raglais,
28] fa abhoill in imarbais.
p.179
- 29] "Da rugus léim suas iar sin,
30] a richt nathrach dom naithribh,
31] gur brégus Eaba in mall mhór,
32] fa barr in feadha ar n-élód.
- 33] "Da ráidhius ria, rád fallsa,
34] 'Gab a Eba in t-uball-sa.
35] issiat ubla is millsi amuigh,
36] do cubra innsi Áduim.'
- 37] "Gabus Eba in t-ubull bán,
38] tig a cert-leath dá compán,
39] gur tuit a clann 's a cineadh
40] ann, agus nír inndligheadh.
- 41] "Do mheallus Ebha is Ádhamh
42] gu garg neimneach neamsádhal.
43] Buaidrim mar sein port parrghais
44] do neim olc an imarbais.
- 45] "Mé fuair fós, gid ferda a ghoim,
46] do ssíl Eba & Ádoim,
47] do cosc a raith eadh oili
48] fer braith ar in mbrégoiri.
- 49] "Mé dorad", ar deman dub,
50] "sanus d'Iudas, don easbul,
51] dom bheith cu saidbir sealba,
52] dar tairbir a tigerna.
- 53] "Mé do lá bir 'na bonnaib,
54] is deilg ina dernonnaib;
55] gur fágbus é a n-adbhaidh dis,
56] & cré a talmain tairis."
- 57] Gairit beag do bámar ann
58] fan comrádh sin do cansam,
59] ingnadh leisin ngrinne ngorm.
60] do-rinne finnmagh d'iforn.
p.180
- 61] "Créd in tsoillsi si atá istoigh",
62] ar clann imneadach Ádhoimh,
63] "nach facamur riamh roimhe,
64] acht gér cian ar comnoide?"
- 65] "In mbiadh Énmac Dé is dorus".
66] do chan Ádhumh ucht-ssolus,
67] "do thabairt as a fine,
68] mar atass ga tairngire?
- 69] "Lá do cuir misi mo mac",
70] do can Ádum an find-slat,
71] "gu parrgas nach faghann fer,
72] na n-aball mbarr-glas mbuin-geal.
- 73] "Gu bhfacaidh uaidh in crann crín,
74] ar tuit misi is mu mhóir-ssíl;
75] gu faca aeinlenabh ann,
76] data saeirleabhar súl-mall.
- 77] "Do bhí in lomán ón leanabh
78] gégach duilleach doisleabar.
79] a meoir leabra ag lúdh in croinn,
80] gu nderna úr don abhoill.
- 81] "Táinic Seth mu mac don mhuigh,
82] is misi ann re aguidh,
83] scéla in croinn 's an leanaibh leis,
84] do sloind tre medhair mhileis.
- 85] "In leanabh óg is sé soin",
86] ar Ádamh, 'atciam cucoibh.
87] Benfaid d'feruib crith is crádh,
88] rith in lenaib 'san lomán".
- 89] Gairit dún 'na degaid soin,
90] gur buail bas Críst in comlaid;
91] do bí ciall isin cogur,
92] in rí gur iarr oslogud.
p.181
- 93] Sámh lesin mbroid do bhí istigh
94] guth an carat do cluinsin.
95] A mbrughaidh nírsat brónuigh,
96] fa subhaig a senóraigh.
- 97] Do smuaineadar, aicned óg,
98] Dáibhíth, Abraham, Ísóg,
99] do smuain Máisi caemh 's a clann.
100] taem báisi risin mbas-crann.
- 101] "Cia doní in guth mór so a-muigh?"
102] ar muinter ifirn uathmhuir.
103] "Ciasa bas", ar gach fear fann
104] "do bean co bras in bas-crann?"
- 105] "Is misi atá", ar Dia, "is dorus;
106] ná déntar orm amorus;
107] slat na gloine 's na glóiri,
108] mac Moiri na mór-óigi."
- 109] Scibhit cách uile tar ais
110] le homhan Ísa folt-chais;
111] do scáin in comla 'na cend,
112] nír comga dáib a ndoicheall.
- 113] Do ling an Tigerna isteach,
114] Énmac Muiri, Dia dúileach,
115] ní raibhi ann-sin guth ná glór
116] is-tigh acht uch is ochón.
- 117] "Éirghidh suas in bhar suidhi",
118] ar Ísa, ar ar n-oeguiri.
119] "Maith do slánaigh Anna ibh;
120] a clanna Ádhaim, éirgid."
- 121] "Sín in láimh uait, a Áduim",
122] ar mac Dé, "gu deglámhaid".
123] Sínus Ádam in láim luinn,
124] gur báidh álad in ubhuill.
- 125] Gabus Ebha err Ádhuimh
126] gu daith is gu deglámaid;
127] gabhus cách uili Eabha;
128] nír tráth duini droichsseadha.
p.182
- 129] Tic leis a muindter amach
130] go sobrónach, go subach;
131] síl nÁdhuimh ar gach n-achad,
132] re sáluibh a senathar.
- 133] Atáit dáine ga rádh rind
134] d'feruibh lóghmhura in léghinn,
135] nach tuc as acht drong do dligh,
136] in cass donn dona dáinib.
- 137] Dáine ele rind gá rádh,
138] ag nach fuil credemh comhlán,
139] nach fuil duine, geal ná gorm,
140] nochar ben uile a hiforn.
- 141] Tuc i lláim Michil a-muigh
142] in imerci sin Ádhuimh,
143] téit budhéin ina degaid,
144] gan dréim gusan nDúilemain.
- 145] An Dúileam go a ndechus ann,
146] is in Mac sin ro molsam,
147] gu tuga buaidh 'nar mbél-ne
148] ón uaigh is ón eiséirghe.E.d.e.d.i.a.