Corpus of Electronic Texts Edition
Deithfridh am dháil, a leobhráin (Author: Unknown)
p.175
- 1] Deithfridh am dháil, a leobhráin,
2] a bhreac-sgríbhinn sgeólfholláin;
3] ná déin dealachudh riomsa,
4] ó táid cách dom thréigionnsa.
- 5] Tar, a dhuilleogach glanbhláith,
6] is fíordhaingean fuaighealtáith,
7] coisgidh mo chumha dá n-aithle,
8] an ghlanghasrudh ghruadhghairthe.
- 9] Ad chonchlonn tabhair ag tochd
10] mo fphennér ollomhglan éadtrochd,
11] líonta d'airmpheannaibh géara
12] leabhairreannach righin nuaighléasta.
- 13] Tabhair fós páipéar is peall
14] fám láimh ón sgagtha sgríbheann
15] eir rithleirg mín na duille,
16] mionleitir chiorrdhubh chóirethe.
- 17] Mo dhuanaire tabhair ret ais
18] don Ghaoidheilg fhíoruasail fhorais,
19] go bhfionnam fréamha gach sgeoil,
20] géaga goile agas glaineóil.
p.176
- 21] Go ngabhainn fíorlaoidhthe feasa
22] glainiuil na ccraobh ccoimhneasa,
23] géaga gionalaidh gach fir,
24] éachda iongantais is aisdir.
- 25] Tabhair leat mo leabhar glaice
26] d'airitmetig orduighthe,
27] go ríomhainn reanna nimhe,
28] is ca líon láithe ón dílinne.
- 29] Ná déin dearmod don chraoibh chiuil
30] deargchláruidh thirim thaighiuir
31] uallanach bhogghothach bhinn
32] is suanán codalta dh'intinn.
- 33] Dáilidh damh an liric loinneach,
34] eanghach éadtrochd ioghlannach,
35] niamhghreanta fadhairthe ar fod,
36] téidleabhair tochailte tiomchol.
- 37] An tan adchiú an chláirseach cheardach
38] donnsgáileach mhór mhínleargach
39] fa ghroidfheirg rithmhir mo mheoir
40] do bhrosduigh mh'intinn d'aimhdheoin.
- 41] Gur sinniodh linn crithre corphort
42] d'fírrinn mo mheór bhfrithirghrod,
43] go tirim tiuighdhéantach trom
44] sileach cruitmhéarach cothrom.
- 45] Tabhair mo lann go n-áille
46] am dhorn daithgheal deasláimhe
47] go ccuirinn treasfhaobhar teann
48] ar a glantaobhaibh timcheall.
- 49] Tabhair mo mhionn sgiamhdha sgine
50] ghormfhaobhrach ghlan ghéirrinne
51] go bhfaidhinn dlúiththilte a ttéid,
52] díol a cumhdaighthe an coiméd.
p.177
- 53] Minic riam budh roait liom
54] ficheall chorrfhleasgach chothrom,
55] ag loidhe fan éagáir uirthe,
56] ag pléasgáil fhoirne orduighthe.
- 57] Ag cur dhísle ón ghrian go roile
58] 'na rithing réim rodbhuinne
59] fa mhíonchlár thíthidh thslim
60] fíoráluinn aoibhinn éadtroim.
- 61] Iar tteachd um thimcheall dóibh seo
62] cuirid foluamhain fúmsa,
63] go siubhlaim re seal ngairid
64] fad an talmhan tromfhóduidh.
- 65] Móide is tugtha toil mar so
66] don ghlanchuideachduin chaoimhseo
67] nach déinid munbhar ar fhear
68] éigion iomurcuidh ná aithfear.
- 69] Aitchim a sídh, sléachduim dóibh,
70] an bhuighean bheannaighthe bhláthchóir;
71] gabhuim tar chách lem dheibhleán,
72] nár fhágaibh mé am aonarán.