Corpus of Electronic Texts Edition
An tú m'aithne, a fhalluing donn? (Author: Unknown)
- 1] An tú m'aithne, a fhalluing donn?
2] ataoi feadh th'aithne agam,
3] mithidh damh, gé tuar tuirrse,
4] do char uaim a fhalluing-se.
- 5] Nó gur lomais fam lámhaibh
6] id chiomhsaibh, a chompánaigh,
7] iomdha coinne 'nar chuir mé
8] na cruibh i gcoinne a chéile.
- 9] Tugas cuairt do chois Bearbha
10] móide id dhiaidh mo dhoimheanma
11] i gcionn gach faithche is-tír thoir
12] do bhínn d
[gap: extent: to end of line]
- 13] Do chuadhas leat lá oile
14] imeasg oireacht Osruighe:
15] a dhonn-bhrait ar dhath an tsróil,
16] ach! dob orrdhraic bhar n-onóir.
- 17] Ret fhoirfeacht, a fhalluing donn,
18] dá dtugadh amhghar orom
19] do thógbháil fán dtír amach,
20] bím ag ógmhnáibh dot fholach.
p.158
- 21] Mithidh damh dealughadh ruibh,
22] beag nár lom do leath íochtair:
23] tearc flaitheas nach fuighe cor
24] do chaitheas uile th'uachtar.
- 25] An lom uile, a fhalluing donn,
26] do sgaoil ó chéile ar gcumann:
27] a-nocht mo thruaighe thusa!
28] ruainne ort níor fhágbhusa.
- 29] Fa tú an meirge ba mó cion
30] agam i n-íochtar Laighean:
31] tús comhóil duit ó gach druing,
32] cuid dot onóir, a fhalluing.