Corpus of Electronic Texts Edition
Bríathra cogaidh con chath Laighnech (Author: Seithfín Mór)
p.154
Seithfín Mór cct.
- 1] Bríathra cogaidh con chath Laighnech,
2] cath lé ngorthoir gallchloch,
3] atá tríall ar nach téid toirmesc
4] con fhéin ó íath Almhan.
5] Tic in damhraidsi dá nderbadh
6] gallbailti gan ghalldacht.
7] Is gerr inn aga gan imthecht
8] a cenn chatha in Calbach.
9] Ar scibadh greg suaichnidh sibhlach
10] gluaisit gusin ngallchath,
11] ar scibadh a lúirech loindrech,
12] a crúisiuch 'se carbad,
13] 'sa sciath n-asnach do chlecht comrac,
14] 'sa scabal mbrec mballghlas,
15] ar ngormadh clogat corr coinnlech,
16] 'sar clochadh colg raghlas,
17] sibal con tshlógh fhíchmar Fhailghech.
p.155
18] ar límadh bróg mbarrlag.
19] Tógbhaid anocht ortha ac imthecht
20] cor gortha don ghalldacht.
21] Coinne in tshlúaighsi gá tá a tennguth
22] a Ráth Gúaire gabthur.
23] Áth Truimm ar dheóradhuib dergas
24] beóghasraidh fhuind Alman,
25] co leiget sein gaeith tre ghalltor,
26] láeich a leith a farchadh.
27] Sibal dána ón oirecht Fhailghech,
28] Droiched Átha d'adhnadh;
29] co hÁth Cliath, ní cúairt can chennseal.
30] do-sía cúairt ón Chalbhach.
31] Cin agon lethanchath Laighnech
32] a Cethurlach carntar.
33] Co Cill Coinnigh nochar chromsat,
34] in toisg-sin is tarbach.
35] Hí Fhailghi, is dá n-eiri ac immthecht
36] aighne is greidle gallchloch;
37] is imdha ón Fhailghech ar immchur
38] gaillcherc agus ganndal.
39] Sreth cabún ac techt 'na theghlach,
40] sreth bagún is brannrad.
41] A n-eiri ón echtra-sin Fhailghech
42] ar echlachuibh d'adhbras.
43] Géill fa shíthlaibh óir gá n-imchur
44] ac rígraidh fhóid Alman.
45] Fine Chonchubair a comruc
46] comlasaid fan Chalbhach.
47] Soighde lethna ón ágh ar imchur,
48] slegha ar áth mar aradh.
49] Anait súd ar losgadh longphort
50] re goradh chúl calbthad.
51] Ceilter a áladh con Fhailghech
52] bántor noco mbarrlass.
53] Do dherg Caisel do dherg Durlus_
54] aister is fherr anfadh.
55] Do-béra fóss lá do Luimnech,
56] in tráth bus mó in margadh.
p.156
57] Cill Dara gá lá nach lingfedh?
58] Nás aga do hadhnadh.
59] Atá tuilledh is ar thuirmes,
60] cuirther ar an Calbach.
61] Mac meic Muirchertaigh, bos barrghel,
62] rosg muinntremail mallghlas,
63] aithris con macsain ar Murchadh,
64] do fhalaigh gach annsmacht.
65] A gemhel ghlúinech ghlas ghailbech
66] ac snas chúiledh calpthadh.
67] Fer lé cumthar cís ar coblach,
68] dá tundtar fín Frangcach.
69] Scíath brec ina aici ar imchur,
70] fer scailti scíath n-amlach.
71] Fer do grís an t-áth gá imthecht,
72] lámh re sním na samhthach,
73] fer sleighi go dorn do dergadh,
74] tonn is treisi anfadh.
75] Fer le linged brugh a bidhbad,
76] dá tug inghen annsacht;
77] derc ar éndath is [in] t-ogradh,
78] fer lé mbrécthur banntracht.
79] Mac Gormlaithi, nár fhaem ainchert.
80] fraech borbthuinde balbus.
81] Do cuiredh súas don fhód Ultach
82] lé glór cúach ón Chalbhach.
83] Faemthar don bosfhada bronntach
84] Connachta fa chrandchur.
85] Do coisged leis medhair Muimnech,
86] freagraid sein in samhrad.
87] Is deredh d'ossadh na n-Ulltach:
88] in codladh don Chalbach?
89] In codladh don Chalbhach?
90] Clú Mairgréd ar cor a caemna,
91] failmgég nach blodh bríathra,
92] ben nár chuir eól ar an éra,
93] cnú beó d'fhuil na n-íarla;
94] cíab gégach dan hoide Íssa,
95] croidhe dércach díadha;
96] ar ól fledh nír thréig a trátha,
p.157
97] ben do réir a ríaghla;
98] atá sí ar an ceird gá caemna,
99] is leind bíd a bríathra.Bríathra .c.