Corpus of Electronic Texts Edition
Gluais a litir go Lunndain (Author: Fear Feasa ón Cháinti)

p.151

Fear Feasa ón Cháinti cct.
  1. 1] Gluais a litir go Lunndain,
    2] ó'd-chí aidhbhle mh'fhíorchumhgaigh:
    3] reic mh'inmhidh, nárab leasg libh,
    4] imdhigh bhú-dheasd is deibhthrigh.
  2. 5] Tuig mh'urchóid re hathaidh,
    6] luathaidh féin fear h'iomachair;
    7] ná bí a bhfad, dá bhféadair libh,
    8] ná stad go féagain bhFínghin.
  3. 9] Aoibhinn duit dul dá fhéaghain,
    10] a bhille bhig bhoirbsgéalaigh,
    11] is é do bhreith oirbh as mh'uchd,
    12] is bheith ar th'fhoirm ag amharc.
  4. 13] Truagh nach roichimsi a riocht eóin,
    14] nó a ccruth airdreannaigh aieóir,
    15] tar muir mbraitfhinn dtaobhfhuair tréin,
    16] go bhfaicinn aonuair eiséin.
  5. 17] Ó's críoch duitsi dul 'na cheann,
    18] d'éis t'oslaigthe go haithghearr
    19] rem rann d'fholaibh na n-oireacht
    20] labhair thall mo theachtoireacht.

  6. p.152

  7. 21] Dot osgladh an uair bheithir,
    22] cuimhnigh dona céidneithibh
    23] ar mbeannaichtne do dháil dó,
    24] 'sar mbáidh ceangailte ón chéadló.
  8. 25] An dara ní is nochta dhuid
    26] do Mhág Carrthaigh, dom charuid,
    27] an cás searbhso a bhfoilim féin,
    28] gidh doibhinn leamsa is leiséin.
  9. 29] Reac a ttrice mar tá mé
    30] ón chomharsain go chéile,
    31] mar ubhall ó thuinn go tuinn,
    32] ag fulang luim is leattruim.
  10. 33] Innis dó, diochra an siobhal,
    34] nach faghaim a n-éinionadh
    35] a ngar don bhliadhain a mbáidh (?)
    36] ní ciallaidh damh mar díoghbháil.
  11. 37] Ní bhraithim a ndúthracht damh,
    38] Clann Charrthaigh dar chóir móradh;
    39] siad na ndaoinibh mar gach ndreim,
    40] más Gaoidhil iad ní aithnim.
  12. 41] Re cheannach nó gan cheannach,
    42] aonfhód, anba an t-aithearrach,
    43] ní fhaghmaid ó dhuine dhíobh,
    44] tarnaig ar n-uile fhairbhríogh.
  13. 45] Má tá-san mar atáid damh,
    46] measaim nach maith mo thorchar;
    47] do chaill mé an sáirfhine sonn,
    48] 'sgan é d'áirithe agam.
  14. 49] Re mac Donnchaidh mhic Domhnoill
    50] reac, a bhille bhriatharmhaill,
    51] gur thréig mé Éireanncha air,
    52] gidh é is déidheancha dearbhthair.
  15. 53] Má tá ag Fínghean, muna bhfuil,
    54] áit éintighe d'iath Fhionntain,
    55] fóireadh m'fhorraoin, madh áil leis,
    56] ar bháidh nó ar chommaoin ccairdis.

  16. p.153

  17. 57] Nó ar mo bheith air ag oirchill,
    58] nó ar an éigsi iomairchim,
    59] nó ar ar ndualas sonn go se,
    60] nó ar an dtrom fhuarus uime.
  18. 61] Ná cuireadh d'fhiachuibh ormsa
    62] triall sonn a sín chodarsna
    63] tar ardmhuir cciachdhuibh 'na cheann
    64] ó arduibh iarthuir Éireann.
  19. 65] Lór dom fhuireach ó eachtra,
    66] dá mbeinn éasgaidh n-aigeanta,
    67] dom pearsain más pudhair leis,
    68] easbaidh culaidh is costtais.
  20. 69] Cách thoir ní tuigfidhe liom,
    70] 's ní thuigfidís uaim mh'fhuighioll;
    71] gidh beag leam a ndéinim dhi,
    72] a nÉirinn is fhearr mh'éigsi.
  21. 73] Cia is iontaobhtha d'fhearaibh Breagh
    74] díomsa dá ndeachadh Fínghean?
    75] dá ndiúlta meisi, um láimh liom,
    76] báidh ar sheisi ní shirfiom.
  22. 77] Fágbhaim an t-adhbhar faoi féin,
    78] ní beag nod d'fhior mur eiséin:
    79] fíoradh mo dhóigh druim ar dhruim,
    80] sgríobhadh mar as cóir chuguinn.
  23. 81] A liteir láimhe Fínghin,
    82] tú an luibh fhóirfeas m'fhairbríghneimh,
    83] dearbh do bhuantoil le barr luais,
    84] tar dom ruachtain is roghluais.