Corpus of Electronic Texts Edition
Deacair suan ar chneidh gcarad (Author: Giolla Brighde Ó Heoghusa)

p.143

Giolla Brighde Ó Heoghusa cct.
  1. 1] Deacair suan ar chneidh gcarad:
    2] gar d'airdheanaibh easgarad
    3] an t-aos comtha nach geabh gráin
    4] re horchra gcneadh a gcompáin.
  2. 5] Gidh bé uaibh do fhéadfadh soin
    6] codladh ar chneadh a chomthaigh
    7] d'aos chomtha ní croidhe glan
    8] gan orchra ar-oile d'iomchar.
  3. 9] Aos comtha an chumainn dearbhtha,
    10] coitcheann cúis a mbuaidheartha,
    11] ionann orchra, ionann ceas
    12] ortha agus ionann áineas.
  4. 13] Mar sin damhsa, diochra an léan,
    14] fat' orchra a inghean Uáitéar
    15] neimh na cneidhe rod chreimse
    16] 'na cneidh eile ar m'intinnse.
  5. 17] Bíth h'osnadh do dhruim dheacra
    18] ag clódh chéadfadh mh'éisdeachta;
    19] bíth do dheór, a chnú chridhe,
    20] ag deól chrú as ar gcridhine.
  6. 21] Dá gcoisginn cion mo thuirse
    22] sunna dhíot dod dhoghuilse,
    23] ar ndoigh ní budh dimbríogh linn,
    24] ná a bhfoil d'imshníomh ar mh'intinn.
  7. 25] Ní fhuil, tar a n-abraim ribh,
    26] do chumha mar chúis t'imnidh;
    27] adhbhal truime do thuirse,
    28] uille a hadhbhar agaibhse.
  8. 29] Rugadh uaid, dia do dhoghra,
    30] do mhac, oighre th'athardha,
    31] do chosg bróin, th'aondalta ar n-éag,
    32] do ghlóir shaoghalta, a Shinéad.

  9. p.144

  10. 33] Oighre Sgríne na sgoth nglas,
    34] brath Dealbhna na ndionn solas
    35] glún uaislighthe an fhine ó bhfuil,
    36] cridhe an ghuaisbheithre i ngalaibh.
  11. 37] Bláth ógán Innse na bhFionn,
    38] foithne Rois, Risdeard Nuinnsionn,
    39] draig roighreanta, beithir borb,
    40] feithimh móirshleachta Marbhord.
  12. 41] Saor an sgoth do sgar ruibhse,
    42] ní hiongnadh t'fháth doghuilse:
    43] ba triall raith, ba gaoth i ngal,
    44] ba laoch, ba flaith, ba feallsamh.
  13. 45] Níor chlannaigh fa choim na neamh
    46] ní nach fuair fios a airrdhean,
    47] re hais gcearcaill na cruinne,
    48] ná a seantruim thais talmhaidhe.
  14. 49] Do thiomchuil, turas bladhach,
    50] ciorcla na gcorp n-uachtarach,
    51] an dá pholas tuaidh is teas,
    52] a bhforas fhuair gan aincheas.
  15. 53] Gidh eadh trá, dá dhoilghe dhuit,
    54] má taoi ar an tí ros tiodhluic,
    55] a ndeaghaidh na dtairtheadh tug,
    56] dleaghair a aithbhear orad.
  16. 57] Dia athar —ga huaisle ceard?
    58] dó féin do-rinne Risdeard:
    59] ní huaibhse rug an nglaic ngloin,
    60] is ní dait tug ó thosoigh.

  17. p.145

  18. 61] Dorus beathadh bás an fhir,
    62] ní cúis imshníomha a oighidh:
    63] cia an neach a gcás budh cuirthe,
    64] dá ndeach le bás mbeannaighthe?
  19. 65] Glan budh-easd th'aghaidh dtuirsigh,
    66] tiormaigh do ghruaidh ngrianluisnigh,
    67] an doigh do-chuaidh ad chridhe,
    68] ad-roigh uaibh ar mh'impidhe.