Corpus of Electronic Texts Edition
A dhuine chuirios an crann (Author: Giolla Brighde Ó Heoghusa)

p.138

An Brathair Bocht Giolla Brigde Alias Bonabhentura Ó Heodhasa cct.
  1. 1] A dhuine chuirios an crann,
    2] cía bhus beó ag búain a ubhall?
    3] ar bfás don chráoibh ghégaigh ghil,
    4] ré a fhégoin dáoibh an deimhin?
  2. 5] Gan t'fhuireach ré a bhláth do bhoing
    6] san lubhghort úaine áluinn
    7] smúain, a fhir na ccleath do chor,
    8] mo chreach! ag sin an sáoghal.
  3. 9] D'éis a aibchighthi as é ad láimh,
    10] an tú chaithfius, a chompáin,
    11] bláth garrdha na ngég solus?
    12] tarrla ón ég a n-amharus.
  4. 13] Ní críonna dhuit, a dhuine,
    14] ga mbí an choille chumhraidhe,
    15] th'aire ar fhás na n-abhall lag,
    16] 'sgan cás at anam agad.
  5. Ad.