Corpus of Electronic Texts Edition
T'aire riomsa a rí ó nUidhir (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.
-
1] T'aire riomsa a rí ó nUidhir,
2] égnach cáigh ní cuirthi a suim,
3] an uair nach éisde ret fhilidh,
4] a éisge shluaigh chinidh Chuinn.
-
5] Iomdha agam, a fhir chumtha,
6] cás égnaigh, dá n-éisde rinn;
7] dá mbeinn dod ghnúis dreachnáir diomdhach,
8] is cúis neamhcháir t'innlach inn.
-
9] Fuarus, a rí fhréimhe hUidhir,
10] fearann Corráin na ccíoch ngorm
11] ód ghnúis tonnghlain ar lí lasrach,
12] gan ní ar tolmhain d'aslach orm.
-
13] Gidh eadh, atáid ar tí ar mbuana,
14] buidhne iomdha, a ua na ríogh,
15] ag cur um cheann d'aonghuth uile,
16] baoghlach leam gach duine dhíobh.
p.137
-
17] Ní bhíom lá idir laochraidh Corráin
18] gan crois chugam ón chaoir shluaigh,
19] dá bhfuilnge rí Gabhra a ghabháil,
20] ní tarbha ní d'fhagháil uaidh.
-
21] Do ghlór éinfhir as é adeirid
22] mar dhíoghuil orm, olc do-níd,
23] cnuic ané ba fearonn faolchon,
24] nach treabhonn mé ar aonchor iad.
-
25] Dá ccreideadh sliocht Aodha an einigh
26] m'fhearonn uaid, a abhra mall,
27] dá mbeinn gan tairmeasc ar talmhain,
28] dob aimhleasg leinn anmhain ann.
-
29] Cladh tórann la tíribh foghladh,
30] fód comhraic na cceithre rian,
31] ród ríogh a ccinnionn gach congháir,
32] imioll nár dhíol roghráidh riamh.
-
33] Dá tharbha fós ní fríth linne
34] leth ar chaillios re cion luircc,
35] ní bhí ráithe gan raon ccreachlorg,
36] snáithe caol re leathbhord Luirg.
-
37] Bíodh nach baoghlach bheith 'na bhfochair,
38] fine Conuill is clann Néill,
39] aicme Chorráin is daor dhamhsa
40] 's commbáidh bhur maor bhfallsa féin.
-
41] Fearonn oile a n-égmhais Chorráin,
42] ó's chuige atá ar tharruing mé,
43] ní mór dhamhsa, (is) Aodh 'na fhochair,
44] asna caol gan fhothain é.
-
45] Muna bhfaghthar fearonn oile
46] d'áit innill ót érla nocht,
47] dá ttí síon fhaobhrach an earraigh,
48] baoghlach díol an eallaigh ort.
p.138
-
49] Tusa chuirfios crodh 'na n-ionadh,
50] a ua Mhagnuis nár mhaoith guin;
51] munab olc leibhse a n-ég aguinn,
52] créd fá mbeinnsi ag cagaill chruidh?
-
53] Uaid fuarus a bhfuil um urláimh,
54] ort iarrfad a n-iarrfa sinn,
55] léig do chioth an cradh nó caomhnaidh
56] ní díoth dhamh gan aonbhoin inn.