Corpus of Electronic Texts Edition
Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh (Author: Eochaidh Ó hEoghusa)
Ó Heóghusa .i. Eochaidh cct.

  1. 1] Ní mé bhur n-aithne, a aos gráidh,

    2] ná sginnidh re sgáth seachráin:

    3] fúar dár seisi im ionad ionn,

    4] spiorad mheisi nach maireann.

  2. 5] An dóigh libh, a lucht m'fhéghtha,

    6] nach taidhbhsi a ttruaill aiértha,

    7] nó spiorad anma fhallsa,

    8] tarla im ionad agamsa?

  3. 9] A aithne as éidir dhamhsa,

    10] sibh gan fhíacha oramsa:

    11] dá mbeth cás fám ég oruibh

    12] mo bhás créd nach cúalabhair?

  4. p.134


    13] Trúagh sin, a dhaoine dona,

    14] do cláochlódh bhur ccédfadha;

    15] as eadh tharla am ainmsi ann,

    16] taidhbhsi anma gan anam.

  5. 17] Ní misi an duine as dóich libh,

    18] adhradh dhamh as díth creidimh:

    19] taidhbhsi buile gan aird inn,

    20] a Mhuire! as mairg do mhillfinn.

  6. 21] Dá bhféchtha fir na cruinne,

    22] annamh fúair dúil daonaidhe

    23] dá ré ar an saoghal acht sinn—

    24] do náomhadh mé má mhairim.

  7. 25] Gidh bé adéradh nach deachadh,

    26] ní fhuil ann acht aimseachadh:

    27] ní tráth damhsa a rádha rom,

    28] cára almsa rem anam.

  8. 29] Creidim féin go bfuaras bás,

    30] cumhain liom an lá theasdás,

    31] ar son an mhéda mharas,

    32] ag cor mh'éga a n-amharas.

  9. 33] Ní hanbhúain, ní hiomlat mbáis,

    34] rom mharbhsa, acht meisci shóláis:

    35] ní sgís meanma —ga mó broid?—

    36] ní ró teadhma ná treabhloid.

  10. 37] Más dúil do dhúilibh nimhe

    38] tug lé taibhreadh n-ainglidhi

    39] goid mh'anma gan iodhna báis,

    40] iongna damhna mo dhóláis.

  11. p.135


  12. 41] A radharc ó ránuig sinn,

    42] uch, a Chríost, créd fá mairfinn?—

    43] dúil do mharbh an uile fhear,

    44] as duine marbh nach muirbhfeadh.

  13. 45] Ní tonn líonmhar leanna duibh,

    46] ní neamhgrádh neith ar talmhain,

    47] ní hannsa duine —ga dás?

    48] rom dhallsa uile acht úathbhás.

  14. 49] Ar n-éirghe as an riocht reimhe—

    50] creididh sinn go simplidhe:

    51] do mharbh sé don úamhain inn—

    52] do-chualaidh mé go mairim.

  15. 53] A hégosg ní fhidir mé,

    54] ní fhéd súil silleadh uirrthi:

    55] a hamharc gin gur fhéd sinn,

    56] a radharc do fhég mh'intinn.

  16. 57] Ó's síabhradh meallta meisi,

    58] gan súil éirghe ón ainccisi,

    59] nár fhaice súil éinfhir í,

    60] an dúil chéillidh ad-chluintí.

  17. 61] Ar ttaithbheóadh suil tí dhi,

    62] Día dár n-anacal uirrthi:

    63] ní tharla cás roimhe rinn,

    64] an bás oile 'nar n-oirchill.

  18. 65] Cíall mh'anma an uair do mharas,

    66] tearc eólach 'na amharas:

    67] sadh gá mbí ciall agus cruth

    68] iar agus í gan fholach.