Corpus of Electronic Texts Edition
Mithigh sin, a ráith na ríogh (Author: Eochaidh Ó Heóghusa)

p.129

Ó Heóghusa cct.
  1. 1] Mithigh sin, a ráith na ríogh,
    2] lór dhuit ar fhuilngis d'imshníomh;
    3] a chúirt ghéagthláith thirmgheal tais,
    4] ní himneadh éntráith fhuarais.

  2. p.130

  3. 5] Ní fheidir mé an mithigh dheit,
    6] mithigh dhúin agháil th'aiseic:
    7] fada a n-aonmhúich sibhsi is sionn,
    8] a Inis chraobhdhlúith Cheithleann.
  4. 9] Ráithe is bliadhain gidh bé leis,
    10] do bhádhbhair, beag do shaoileis,
    11] re hucht laochradh bruaigh Banbha,
    12] at uaimh fhaolchon allmhardha.
  5. 13] Gá ttám ní tuigthí an fadsa
    14] comhrádh aithnidh umadsa:
    15] ort féin ní fhacadhais fhear
    16] do fhréimh ghlacsholais Ghaoidheal.
  6. 17] Níor léig graifne greagh síthe,
    18] níor chlaon lorg creach ccoiccríche,
    19] a phuirt úir thiormaoibhinn te,
    20] clúimh ar fhionnmhaoilinn t'fhaithche.
  7. 21] Dob annamh riamh roimhe sin
    22] tú aonlá ag Aodh Mág Uidhir,
    23] gan congháir, gan claisdin sdoc,
    24] gan comhdháil d'fhaigsin iomot.
  8. 25] Gidh eadh, ní hionchaointe dhuit,
    26] ránuic tú an tí rod fhuasluic,
    27] a ráith pheallghlan na bport ttais,
    28] neamhghar na n-olc do fhuarais.
  9. 29] Fáth orchra ní heagal libh,
    30] ó thug Dia d'Aodh Mhág Uidhir,
    31] a mhionn, a ghormáras fear bhFáil,
    32] seal dot orlámhas d'fhagháil.

  10. p.131

  11. 33] Ní glór tadhuill tarla ribh,
    34] meadhair ríogh fhréimhe hUidhir,
    35] ní aithréagha í acht re seal,
    36] ná sní d'aithmhéala th'aigneadh.
  12. 37] 'San chruth chédna ad-chífe sibh
    38] a mbíodh d'aoibhnius uair éigin
    39] san fhaithche ghégórthais ghil
    40] d'aithle t'éadóthchais aignidh.
  13. 41] Do-chífe dearg druim tar ais,
    42] mar an chéduair do chleachtais,
    43] gach leath dot ghormfhaithche ghloin,
    44] ó chomhghraifne each n-éasccoidh
  14. 45] Ó shliocht bonn mbuidhne fileadh,
    46] ó inghilt chreach ccoillidheadh,
    47] do-chífe ceinndearg a ccruth,
    48] cíche do gheillearg ngrianach.
  15. 49] Do-chífe um chiomhsaibh do learg
    50] coimhling eachradh 's chon cceinndearg,
    51] iomramh laoidheang láimh réd phort,
    52] 's gach maoileann lán fád longphort.
  16. 53] Do-bhéara deallradh dornchladh,
    54] lí sgiamhdha sgiath n-óronchon,
    55] solus meirge ngairthe nglan,
    56] aighthe do leirge ar lasadh.
  17. 57] Cuirfid aoibhle h'arm leabhar,
    58] cuirfidh grís gruadh ndáileamhan,
    59] 's loinnear bleidheadh ndealbhghlan ndonn,
    60] deallradh teineadh ad thiomcholl.

  18. p.132

  19. 61] Mar do bhídís uair oile,
    62] éigse Innsi Laoghaire,
    63] beid ag congháir ar leirg lis,
    64] gobhláin sa ceird do chaithis.
  20. 65] Mar do chleachtais do-chífe
    66] lucht sgaoilte sgél ccoigcríche,
    67] foghar téadchaoin ceóla crot,
    68] deóra as gach éntaoibh ionnot.
  21. 69] Do-chífe, mo chean tárruidh,
    70] ar tteacht ón tuinn iombádhaidh,
    71] th'aos comtha ar-ís ar th'aghuidh,
    72] fís gach orchra fhuarabhair.
  22. 73] Mo chean aghuidh fhuil oruibh,
    74] mo ghéanor d'éis fhuasgalaidh,
    75] a ráith úr na n-aibhneadh tte,
    76] lér taidhleadh ar úr h'innse.
  23. 77] A dhorus caomhna an chóigidh,
    78] d'éis a n-uarais d'urchóidibh,
    79] lucht th'aithne ar chaoimheing do chnuic,
    80] aoibhinn a haithle a n-iomluit.
  24. 81] Má fríoth orat iasacht ghearr,
    82] a aolráith Innsi Ceithleann,
    83] ó ghríbh chláir fhonnbháin Fhinne.
    84] táir orghráin na haislinge.
  25. 85] A longphort ríogh fhréimhe Duinn,
    86] má fhuarais orchra thadhaill,
    87] fa bhrón ní saoilfidhe sibh,
    88] clódh do mhaoithchridhe as mithigh.

    Mithigh.