Corpus of Electronic Texts Edition
Beannacht ar anmain Éireann (Author: Fear Flatha Ó Gnímh)
p.115
Fear Flatha Ó Gnímh cc.
-
1] Beannacht ar anmain Éireann,
2] inis na gcéimeann gcorrach:
3] atá Treabh Briain na mbogglór
4] dom dhóigh ar dhobrón torrach.
-
5] Ionann is éag na Fódla
6] ceilt a córa 's a creidimh,
7] táire a saormhac 's a saoithe,
8] más fíor laoithe ná leitir.
-
9] Deacair nach bás don Bhanbha
10] d'éis an tréid chalma churadh
11] do thriall ar toisg don Easbáin
12] mo thruaighe beangáin Uladh.
-
13] Ní leigeann eagla an ghallsmaicht
14] damh a hanstaid do nochtadh:
15] atá an chríoch réidhse ríNéill
16] do chrú fíréin dá folcadh.
-
17] Ni fhuil cion innte ar fhéiltibh,
18] ní fhuil ná ar chléircibh caingean,
19] ní mhaireann greann a dáimhe,
20] ní mhaireann náire a hainnear.
p.116
-
21] Atáid gan lúth gan lámhach,
22] mór an t-árach ar Éirinn,
23] gan ágh gan innmhe ógán
24] i n-Inis fhódbhán Fhéilim.
-
25] Dursan milleadh na macaomh,
26] díorma ghlacshaor chleas ngoile:
27] craosól ag clódh a gcéille,
28] ag sin a dtréidhe oile.
-
29] Ní mhaireann aicme Chonaill,
30] dream budh rothoil i n-iomrádh,
31] no síol Eoghain na mbéimeann
32] d'fhearaibh Éireann is iomnár.
-
33] Ní mhaireann acht a n-iarmhar
34] crú na n-iarladh ó Sheanaid
35] laochraidh Máighe agus Méinne
36] mo thruaighe gléire Gearailt.
-
37] Clann Charthaigh gan cheann feadhna,
38] mór na teadhma ré n-aithris:
39] ag so na síona saobha
40] dobudh baoghal teacht tairis.
-
41] Dobudh mór an meall dearmaid
42] gan saoirshliocht seanBhloid d'fhaisnéis
43] caor rathmhar gan rún cionnta
44] gion go bhfuil ionnta aithspéis.
-
45] Ó Ruairc agus Mág Uidhir,
46] laoich nár fhuirigh ó ghábhadh;
47] is cealgach croidhe an chriothshluagh,
48] mo bhraon diombuan a mbádhadh.
-
49] Síol gConchubair, rádh rodhocht,
50] ríoghraidh Connacht annallód,
51] giodh saithe saor na slata,
52] gan ríghe aca acht anshódh.
p.117
-
53] Sliocht Murchadha is Ó Mórdha,
54] féinnidh fá cródha i ngliathaibh,
55] tearc aoinneach don tsíol shaoróg
56] 'gá bhfuil aonfhód dá n-iathaibh.
-
57] Síol na saorchlann ó Bhéarra,
58] laochraidh gan éara i ndeabhaidh,
59] do chuir mé ar caoi mearbhaill,
60] Ó Cearbhaill is Ó Ceallaigh.
-
61] D'éag a huaisle 's a hoireacht
62] gan toidheacht aice ón oilbhéim,
63] dá lamhadh sinn a mhaoidheamh,
64] d'fhine Gaoidheal is oilchéim.
-
65] Atá ó bhéim súl Balair
66] i dteidhm galair a gealghort
67] a hioth gan bhláth i dtalmhain
68] bíodh ar a hanmain beannacht. Beannacht.