Corpus of Electronic Texts Edition
Tomhais cia mise, a Mhurchaidh (Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh)

p.108

Muireadhach Albanach cct.
  1. 1] Tomhais cia mise, a Mhurchaidh;
    2] maith do dhúthchas deaghurchair;
    3] do chinn t'athair ar aithne
    4] ar na cathaibh córaighthe.
  2. 5] Cá healadha fhoghnas damh?
    6] tomhais, mása thú Murchadh;
    7] eirg is iarfaigh d'Ú Dhálaigh,
    8] a dheirg lianchair leannánaigh.
  3. 9] Tomhais damh cá baile i mbím,
    10] a fhir nach uis re hairdrígh;
    11] tomhais a dtúirim i dtigh,
    12] a sholais chúilfhinn chneisghil.
  4. 13] Tomhais cá hainm fhuil ormsa,
    14] a chuilén saor súlghormsa;
    15] a ghille mhín sholais sheing,
    16] tomhais cá tír as dtigim.

  5. p.109

  6. 17] Tigim, a fholt fleasgach fiar,
    18] tar Muir dtaobhsholas dToirrian;
    19] atú ag tiomcholl an domhain,
    20] a chnú d'fhionncholl fhoghamhair.
  7. 21] Muireadhach Albanach mh'ainm,
    22] a ghille náraigh neamhghairbh;
    23] gairid Clann Bhloid inn ré n-ais,
    24] dar linn, gidh goid do-ghénmais.
  8. 25] Falmaire agus fear dána
    26] labhras réd ghnúis ghealmhálla;
    27] tabhair ní dhamhsa ar mo dhuain,
    28] is almsa í i n-énuair.
  9. 29] Donnchadh Cairbreach is Clann Táil
    30] do-ní ar dtarmann 's ar dtógbháil;
    31] tusa mac athar is fhearr,
    32] a shlat d'achadh na hÉireann.
  10. 33] Ní fhaca riamh a rosg corr,
    34] níor cheanglamar ar gcomann:
    35] a Mhurchaidh, a mhinn na súl,
    36] budh cumthaigh inn ag iompúdh.
  11. 37] Suidhfe i Mumhain, a Mhurchaidh,
    38] sgothaigh fhéraigh fhionntulchaigh;
    39] suidhfe, a Mhurchaidh, sa Mumhain,
    40] ar a tulchaibh tiobradhaigh.
  12. 41] Urthain t'einigh nochan fhuil
    42] ar maigh Mhumhan, a Mhurchaidh;
    43] ní shaoilim t'urthain d'eachaibh,
    44] a Mhurchaidh, ag Muimhneachaibh.
  13. 45] Do-bhér anmanna oile
    46] ortsa, a í Bhriain Bhóroimhe;
    47] dot ainm baiste atáim re treall,
    48] a ghaiste áigh na hÉireann.

  14. p.110

  15. 49] A Chú Chulainn ar chleasaibh,
    50] a Osgair ar imreasain,
    51] a í Dhuibhne an táidhe theinn,
    52] ar áille ar shuirghe ar shoicheill.
  16. 53] A Chearmaid ar chaoine nglóir,
    54] a mheirge dhualach dhonnshróill,
    55] a Ábhartaigh, a shaoir sheing,
    56] a chaoimh ábhachtaigh fhoirteill.
  17. 57] A Bhuidhbh Dheirg ar dheirge ngruadh,
    58] a Mhanannáin ar mharcshluagh,
    59] a chiabh fholláin ar fhighe,
    60] a Mhongáin ar mhaisighe.
  18. 61] A Mhidhir mheic an Daghdha
    62] ar ábhacht, ar urlabhra;
    63] id chéibh fhighigh nochan uil
    64] acht réim Mhidhir, a Mhurchaidh.
  19. 65] A Mhurchaidh, a mhala dhonn,
    66] do-bhér do chédainm chugam;
    67] cóir fuilleadh mór dod mholadh,
    68] ní bruinneadh d'ór aonghoradh.
  20. 69] Gorm do shúil, bán do bhráighe,
    70] a rí Sionna sreabháille,
    71] geal do ghlac, tana do throigh,
    72] ragha na mac 'gud mháthair.
  21. 73] Gile do thaobh ioná an tonn,
    74] buidhe th'urla ioná an t-ubhall,
    75] caise t'urla ioná an snas slán,
    76] blas an chumhra ar do chomhrádh.
  22. 77] Fraoch an earraigh ar th'armaibh,
    78] ar h'innsgne 's ar h'urlabhraibh;
    79] fraoch gríbhe id cholainn i gcath,
    80] míne cholaim red chumthach.

  23. p.111

  24. 81] Beirse leat uaim it ainm féin
    82] a Mhurchaidh mheic Bhriain bhuinnréidh,
    83] beir go daith athdroing oile,
    84] maith an acmhaing fhalmaire.
  25. 85] Do-bhér do dhearbh, a dhéd glan,
    86] aor agus í 'na moladh,
    87] a shlat chuanna na gciabh dtrom,
    88] nocha gcuala riamh romham.
  26. 89] Oineach Ghuaire, a ghnúis leabhar,
    90] rét éigsibh, rét fhileadhaibh;
    91] time Chonaill chaoimh Chearnaigh
    92] id cholainn shaoir shoidhealbhaigh.
  27. 93] Mineas Chonchubhair na gcath,
    94] is Con Raoi na rosg mongach,
    95] is Con Culainn na gceardadh,
    96] nár fhulaing a imdheargadh.
  28. 97] Ainm iarmhaoi Almhaine ort,
    98] míndealbh Oisín dá adhart,
    99] is anáir an fhir Osgair,
    100] a bhranáin ghil ghormrosgaigh.
  29. 101] Mineas Meic Lughach na lann,
    102] a rí Cliach, ar do chumann,
    103] is meic Lir do luaidh greagha,
    104] mo chin fhuair na haisgeadha.
  30. 105] Béra aisgeadha áille,
    106] nós is cruth is comhláine;
    107] mac brughadh nocha bhí it toigh,
    108] acht rí Mumhan, a Mhurchaidh.
  31. 109] A Mhurchaidh mheic Bhriain í Bhriain,
    110] a chrann fíneamhna a finnChliaigh,
    111] a gcuire d'armaibh tar ais,
    112] duine ar talmhain ní thomhais.

  32. p.112

  33. 113] Ceadaigh dhamhsa dul dom thír,
    114] a Dhonnchaidh Chairbrigh chneismhín,
    115] i nAlbain bhfeadhaigh bhféraigh
    116] bhfleadhaigh n-ardaigh n-oilénaigh,
    117] mo ruaig i nÉirinn tar mh'ais,
    118] ní huaid téighim, is tomhais.

    Tomhais.