Corpus of Electronic Texts Edition
M'anam do sgar riomsa a-raoir (Author: Muireadhach Albanach Ó Dálaigh)

p.101

Muireadhach Albanach cct.
  1. 1] M'anam do sgar riomsa a-raoir,
    2] calann ghlan dob ionnsa i n-uaigh;
    3] rugadh bruinne maordha mín
    4] is aonbhla lín uime uainn.
  2. 5] Do tógbhadh sgath aobhdha fhionn
    6] a-mach ar an bhfaongha bhfann:
    7] laogh mo chridhise do chrom,
    8] craobh throm an tighise thall.
  3. 9] M'aonar a-nocht damhsa, a Dhé,
    10] olc an saoghal camsa ad-chí;
    11] dob álainn trom an taoibh naoi
    12] do bhaoi sonn a-raoir, a Rí.
  4. 13] Truagh leam an leabasa thiar,
    14] mo pheall seadasa dhá snámh;
    15] tárramair corp seada saor
    16] is folt claon, a leaba, id lár.
  5. 17] Do bhí duine go ndreich moill
    18] ina luighe ar leith mo phill;
    19] gan bharamhail acht bláth cuill
    20] don sgáth duinn bhanamhail bhinn.

  6. p.102

  7. 21] Maol Mheadha na malach ndonn
    22] mo dhabhach mheadha a-raon rom;
    23] mo chridhe an sgáth do sgar riom,
    24] bláth mhionn arna car do chrom.
  8. 25] Táinig an chlí as ar gcuing,
    26] agus dí ráinig mar roinn:
    27] corp idir dá aisil inn
    28] ar dtocht don fhinn mhaisigh mhoill.
  9. 29] Leath mo throigheadh, leath mo thaobh,
    30] a dreach mar an droighean bán,
    31] níor dhísle neach dhí ní dhún,
    32] leath mo shúl í, leath mo lámh.
  10. 33] Leath mo chuirp an choinneal naoi;
    34] 's guirt riom do roinneadh, a Rí;
    35] agá labhra is meirtneach mé—
    36] dob é ceirtleath m'anma í.
  11. 37] Mo chéadghrádh a dearc mhall mhór,
    38] déadbhán agus cam a cliabh:
    39] nochar bhean a colann caomh
    40] ná a taobh ré fear romham riamh.
  12. 41] Fiche bliadhna inne ar-aon,
    42] fá binne gach bliadhna ar nglór,
    43] go rug éinleanabh déag dhún,
    44] an ghéag úr mhéirleabhar mhór.
  13. 45] Gé tú, nocha n-oilim ann,
    46] ó do thoirinn ar gcnú chorr;
    47] ar sgaradh dár roghrádh rom,
    48] falamh lom an domhnán donn.

  14. p.103

  15. 49] Ón ló do sáidheadh cleath corr
    50] im theach nochar ráidheadh rum—
    51] ní thug aoighe d'ortha ann
    52] dá barr naoidhe dhorcha dhunn.
  16. 53] A dhaoine, ná coisgidh damh;
    54] faoidhe ré cloistin ní col;
    55] táinig luinnchreach lom 'nar dteagh—
    56] an bhruithneach gheal donn ar ndol.
  17. 57] Is é rug uan í 'na ghrúg,
    58] Rí na sluagh is Rí na ród;
    59] beag an cion do chúl na ngéag
    60] a héag ó a fior go húr óg.
  18. 61] Ionmhain lámh bhog do bhí sonn,
    62] a Rí na gclog is na gceall:
    63] ach! an lámh nachar logh mionn,
    64] crádh liom gan a cor fám cheann.